Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Bord Fioscach Eorpach (BFE)

Is comhlacht comhairleach neamhspleách de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an Bord Fioscach Eorpach.

Sainordú

Cuireadh an Bord ar bun faoi Thuarascáil an Chúigear Uachtarán maidir le ‘Comhlánú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’, d’fhonn an creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a neartú.

Is iad seo a leanas na príomhfhreagrachtaí atá ar an mBord:

  • meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chreat fioscach an Aontais agus a oiriúnaí atá an staid fhioscach iarbhír ar leibhéal an limistéir euro agus ar an leibhéal náisiúnta, agus sa chomhthéacs sin moltaí a dhéanamh maidir le forbairt chreat fioscach an Aontais amach anseo
  • measúnú a dhéanamh ar an staid fhioscach ionchasach is cuí don limistéar euro ina iomláine bunaithe ar bhreithiúnas eacnamaíoch, chomh maith le seasamh fioscach cuí na mBallstát, faoi réir rialacha an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Fáis
  • comhoibriú leis na Comhairlí Fioscacha Neamhspleácha Náisiúnta
  • comhairle ad hoc a sholáthar d’Uachtarán an Choimisiúin

Comhdhéanamh

I mí Aibreáin 2019, chinn an Coimisiún Eorpach an Bord Fioscach Eorpach a athnuachan den dara huair ar feadh tréimhse trí bliana, lena ngabhfaidh éifeacht an 20 Deireadh Fómhair 2019.

An 9 Meán Fómhair 2020, cheap an Coimisiún Eorpach an tUasal Xavier DEBRUN ina chomhalta nua den Bhord Fioscach Eorpach le haghaidh téarma trí bliana.

An 18 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún Eorpach síneadh eisceachtúil a chur le sainordú ceathrar comhaltaí den Bhord: Niels Thygesen, Roel Beetsma, Massimo Bordignon agus Mateusz Szczurek.

An 3 Deireadh Fómhair 2023, chinn an Coimisiún Eorpach síneadh eisceachtúil a chur le sainordú ceathrar comhaltaí den Bhord – Niels Thygesen, Roel Beetsma, Massimo Bordignon agus Mateusz Szczurek – le haghaidh an dara bliain. Rinne sé Xavier Debrun a athcheapadh freisin. Tá sé beartaithe anois go dtiocfaidh deireadh le sainordú cúigear comhaltaí den Bhord an 19 Deireadh Fómhair 2024.

THYGESEN Niels

Cathaoirleach
THYGESEN Niels

Ollamh Emeritus san Eacnamaíocht Idirnáisiúnta in Ollscoil Chóbanhávan agus iar-chomhairleoir do rialtais agus institiúidí idirnáisiúnta, an Danmhairg.

12 MEITHEAMH 2017
CV - Niels Thygesen

 

BEETSMA Roel

Comhalta
Roel Beetsma

Ollamh in Ollscoil Amstardam agus Déan Dhámh na hEacnamaíochta agus an Ghnó, an Ísiltír.

25 DEIREADH FÓMHAIR 2022
CV - Roel Beetsma

 

BORDIGNON Massimo

Comhalta
BORDIGNON Massimo

Ollamh agus iar-Stiúrthóir Roinn na hEacnamaíochta agus an Airgeadais ag Ollscoil Chaitliceach Milano, an Iodáil.

25 DEIREADH FÓMHAIR 2022
CV - Massimo Bordignon

 

DEBRUN Xavier

Comhalta
DEBRUN Xavier

Ceann Roinn Eacnamaíochta agus Taighde Bhanc Náisiúnta na Beilge.                                          

25 DEIREADH FÓMHAIR 2022
CV - Xavier Debrun

 

SZCZUREK Mateusz

Comhalta
Szczurek Mateusz

Iar-Aire Airgeadais, múinteoir ag Ollscoil Vársá, agus Príomh-eacnamaí sa Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Pholainn.  

25 DEIREADH FÓMHAIR 2022
CV - Mateusz Szczurek

An Rúnaíocht

LARCH Martin

Ceann na Rúnaíochta
LARCH Martin

Bainistíocht ar rúnaíocht an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh.

Cuimsítear sa rúnaíocht Ceann na Rúnaíochta agus baill foirne tacaíochta thiomnaithe. Tá freagracht uirthi as na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  1. Cuidíonn sí le próiseas cinnteoireachta an Bhoird trí chruinnithe an Bhoird a ullmhú;
  2. Soláthraíonn sí tacaíocht ardchaighdeáin anailíse, staidrimh, riaracháin agus lóistíochta don Bhord faoi threoir an Chathaoirligh;
  3. Féachann sí chuige go mbítear ag comhoibriú leis na comhairlí fioscacha náisiúnta.

Tuarascálacha agus foilseacháin

Taighde

Rianaire comhlíontachta

Ó 2019 i leith, tugann rúnaíocht an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh eolas cothrom le dáta go rialta maidir le beartais bhuiséadacha i mBallstáit an Aontais Eorpaigh i leith rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF). Déantar na torthaí a achoimriú agus a chur i láthair le huirlis atá éasca a úsáid, an RIANAIRE COMHLÍONTACHTA. Déantar doiciméadú sa bhunachar sonraí ar chomhlíonadh uimhriúil, seachas ar chomhlíonadh dlíthiúil. Meastar leis an bhfuil, i dtéarmaí cainníochtúla amháin, na comhiomláin fhioscacha ábhartha – an t-iarmhéid buiséadach, an cóimheas fiachais-OTI nó caiteachas an rialtais – tar éis teacht chun cinn i gcomhréir leis an bpríomhbheart a thuigtear leis na rialacha. Ní hionann comhlíonadh uimhriúil agus comhlíonadh dlíthiúil, ós léirmhínithe dlíthiúla nó corrlaigh lánroghnacha a cheadaítear le fuarlitir nó le spiorad CCF a bhaineann leis an gcomhlíonadh sin.

Doiciméid

13 SAMHAIN 2017
Factsheet: the European Fiscal Board

Tuarascáil na gCúig Uachtarán

Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach

Cinneadh (AE) 2016/221 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2016 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1937 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach

Cinneadh (AE) 2022/1946 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1937 a mhéid a bhaineann le fad shainordú chomhaltaí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh

Rialacha Leasaithe Nós Imeachta an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh

An Bord Fioscach Eorpach: Ceisteanna agus Freagraí

Imeachtaí

Imeachtaí BFE

IMEACHT | 3 Deireadh Fómhair 2023

Prof. Niels Thygesen presents the seventh annual report of the EFB to the College of Commissioners in Strasbourg.

An seachtú tuarascáil bhliantúil ó BFE á cur ag an Ollamh Niels Thygesen i láthair Choláiste na gCoimisinéirí in Strasbourg.

IMEACHT | 28 Meitheamh 2023

Cuireann an tOllamh Niels Thygesen an tuarascáil is déanaí ó BFE faoi bhráid Choláiste na gCoimisinéirí, tuarascáil ina ndéantar measúnú ar staid fhioscach an limistéir euro.

2023 06 28 Niels at college

IMEACHT | 11 Bealtaine 2023

Lárú i gcoinne dílárú maidir le creat fioscach an Aontais Eorpaigh. An Cúigiú Comhdháil Bhliantúil den Bhord Fioscach Eorpach

EFB Event 11 May 2023

Tá taifeadadh an chúigiú comhdháil bhliantúil de chuid BFE, dar teideal ‘Lárú i gcoinne dílárú maidir le creat fioscach an Aontais Eorpaigh’, ar fáil anseo. Tá an clár deiridh le fáil anseo.

Tá teachtaireachtaí físe, páipéir agus cuir i láthair le fáil anseo.

IMEACHT | 13 Aibreán 2023

Ghlac Martin Larch, Ceann Rúnaíocht BFE, páirt sa 15ú comhdháil bhliantúil ECFE de chuid Mheitheal na nOifigeach Buiséid Parlaiminteach agus na nInstitiúidí Fioscacha Neamhspleácha.

Martin Larch the Head of Secretariat of the EFB

IMEACHT | 30 Samhain 2022

EFB-meeting-01112022

An 30 Samhain, bhuail Cathaoirleach agus Comhaltaí Boird BFE le CAI mar chuid de chuairt 2022 na foirne ar an limistéar euro.

IMEACHT | 1 Meán Fómhair 2022

EFB-meeting-01092022

An 1 Meán Fómhair, bhuail Cathaoirleach BFE le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis chun an t-athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch a phlé.

IMEACHT | 11 Iúil 2022

Event 11 July EFB

An 11 Iúil, phléigh Cathaoirleach BFE an tuarascáil mheasúnaithe is déanaí le hairí airgeadais an limistéir euro ag cruinniú an Ghrúpa Euro.

IMEACHT | 22 Meitheamh 2022

An 22 Meitheamh, chuir cathaoirleach BFE an tuarascáil mheasúnaithe is déanaí i láthair maidir leis an staid fhioscach iomchuí don limistéar euro i láthair Choláiste na gCoimisinéirí sa Bhruiséil.

Niels at College

IMEACHT | 20 Meitheamh 2022

An 20 Meitheamh thug Cathaoirleach BFE eochairóráid ag an gcomhdháil ‘Deich mBliana de Chomhairle Airgeadais Phoiblí na Portaingéile’. Rinne Comhairle Airgeadais Phoiblí na Portaingéile ceiliúradh ar 10 mbliana de cheapachán an Bhoird Shinsearaigh.

Niels Lisbon

(Grianghraf le Rafael G. Antunes / Comhairle Airgeadais Phoiblí na Portaingéile)

IMEACHT | 20 Meitheamh 2022

Bhuail an Bord Fioscach Eorpach le CAI mar chuid de chuairt 2022 na foirne ar an limistéar euro.

IMF visit

IMEACHT | 19 Bealtaine 2022

EFB 19 May event

An 19 Bealtaine bhuail comhaltaí BFE le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis chun tuairimí a mhalartú maidir le treoshuímh an bheartais fhioscaigh.

IMEACHT | 12 Bealtaine 2022

An 12 Bealtaine bhuail Cathaoirleach agus comhaltaí Boird BFE leis an gCoimisinéir Gentiloni chun tuairimí a mhalartú maidir le tacar leathan saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas fioscach.

Airgeadas Poiblí agus an tAthrú Aeráide sa Ré iar-Phaindéime | An Ceathrú Comhdháil Bhliantúil den Bhord Fioscach Eorpach | 25 Feabhra 2022

EFB 25 February event

Tá an taifeadadh de Chomhdháil Bhliantúil an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh ar ‘Airgeadas Poiblí agus an tAthrú Aeráide sa Ré Iar-Phaindéime’ le fáil anseo. Tá an clár deiridh le fáil anseo.

Tá teachtaireachtaí físe, páipéir agus cuir i láthair le fáil anseo.

IMEACHT | 25 Eanáir 2022

25 January 2022 EFB event

An 25 Eanáir 2022, bhuail comhaltaí BFE leis an gCoimisinéir Paolo Gentiloni chun tuairimí a mhalartú maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch.

IMEACHT | 11 Eanáir 2022

meeting EVP Dombrovskis

An 11 Eanáir bhuail Cathaoirleach BFE, Niels Thygesen, agus comhaltaí an Bhoird le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis chun clár oibre BFE do 2022 a phlé agus chun tuairimí a mhalartú maidir le hathbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.

IMEACHT | 18 Samhain 2021

EFB event Nov 18

Neil Thygesen, Cathaoirleach BFE agus é ag cur tuarascáil 2021 faoi bhráid choiste ECON de Pharlaimint na hEorpa. 

IMEACHT | 10 Samhain 2021

Event fifth report presentation

An 10 Samhain, chuir cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh an tuarascáil bhliantúil is déanaí de chuid an Bhoird i láthair Choláiste na gCoimisinéirí sa Bhruiséil.

IMEACHT | 25 Deireadh Fómhair 2021

EFB 25 october event

Mhalartaigh an Bord Fioscach Eorpach tuairimí faoi bheartas fioscach an Aontais Eorpaigh le CAI mar chuid de chuairt na foirne ar an limistéar euro

IMEACHT | 19 Bealtaine 2021

EFB meeting 19 May 2021

Bhuail an Bord Fioscach Eorpach le CAI mar chuid de chuairt 2021 na foirne ar an limistéar euro. Is ar fhorbairtí fioscacha agus ar an ionchas fioscach a dhírigh an plé

IMEACHT | 23 Aibreán 2021

EFB 23 April event

Ag cruinniú comhchéime ardleibhéil idir CSEP agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, rinne Niels Thygesen machnamh ar stair agus ar fheidhmiú chreat fioscach an Aontais Eorpaigh: Roimh an gcruinniú | Maoiniú inbhuanaithe agus creataí fioscacha meántéarmacha a chinntiú: Taithí agus ábharthacht idirnáisiúnta i gcás na hIndia – CSEP

IMEACHT | 21 Aibreán 2021

EFB 21 April Event

Le linn seimineár ardleibhéil de chuid an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh maidir leis an Inbhuanaitheacht Fiachais, thug Xavier Debrun – comhalta den BFE – rabhadh nár cheart neamhaird a thabhairt ar fhorbairtí fiachais i dtráthanna a mbíonn rátaí ísle úis ann.

IMEACHT | 11 Márta 2021

eunifi 4

Phléigh Cathaoirleach BFE an fhorbairt atá i ndán don Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis amach anseo i bhfianaise na taithí a fuarthas le tamall anuas ag cruinniú líonraithe Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha an Aontais Eorpaigh.

oecd 18

Rinne an BFE a thuairimí a mhalartú leis an ECFE maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

IMEACHT | 26 Feabhra 2021

EFB 26 February event

Comhdháil de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh maidir le ‘Fiachas Ard, Rátaí Ísle agus Earrtheagmhais: Creata Fioscacha Riailbhunaithe faoi Strus’. Tá an clár iomlán le fáil anseo.

NUA – Tá óráidí, páipéir agus cuir i láthair iomlána ar fáil anseo.

IMEACHT | 28 Eanáir 2021

EFB event 21Jan

Bhí Cathaoirleach BFE ar phainéal beartais iomráiteach ag seimineár gréasáin ECFIN na bliana seo maidir le beartas fioscach, seimineár ar ar fhreastail beagnach 400 rannpháirtí.

IMEACHT | 1 Iúil 2020

Imeacht BFE an 1 Iúil

Bhí Cathaoirleach BFE sa Bhruiséil chun an tuarascáil is déanaí ar an mbeartas fioscach sa limistéar euro a chur i láthair. Chas sé leis an Uachtarán von der Leyen agus le coláiste na gCoimisinéirí chun príomhtheachtaireachtaí na hanailíse nua a phlé.

IMEACHT | 2 Márta 2020

Ghlac cathaoirleach an BFE páirt i bpainéal ardleibhéil in oifigí an BCE faoi na dúshláin atá le sárú faoi láthair i ndáil le beartais fhioscacha

Ghlac Cathaoirleach BFE páirt i bpainéal ardleibhéil in oifigí an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi na dúshláin atá le sárú faoi láthair i ndáil le beartais fhioscacha. Ag an imeacht tháinig saineolaithe airgeadais phoiblí de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus institiúidí neamhspleácha fioscacha le chéile.

IMEACHT | 28 Feabhra 2020

EFB Conference 28 February 2020

Comhdháil de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh faoi ‘Athmhachnamh ar an gCreat Fioscach Eorpach”, comhdháil a eagraíodh i gcomhar leis an Ionad um Thaighde ar Bheartas Eacnamaíoch agus le hIonad Amstardam um Staidéar Eorpach. Tá an clár iomlán le fáil anseo.

Níor éirigh ach go measartha leis an gcreat fioscach Eorpach atá ann faoi láthair, faoi mar a léirigh an Bord Fioscach Eorpach sa tuarascáil mheastóireachta ar rialacha fioscacha an Aontais Eorpaigh le déanaí. Go deimhin, tá plé nach beag ann faoi conas ab fhearr a d’fhéadfaí iad a leasú. Déanfar athbhreithniú ar rialacha fioscacha an Aontais le linn na comhdhála. Más ea, caithfear súil níos leithne inti ar shocruithe an Aontais, pléifear an cás ar son láracmhainn fhioscach agus “socruithe na spéire goirme” atá bunaithe ar athchóiriú ó bhonn a dhéanamh ar an gcreat fioscach atá ann faoi láthair.

NUA – Tá taifid, páipéir agus cuir i láthair iomlána ar fáil anseo.

IMEACHT | 28 Eanáir 2020

EFB ECFIN

Chomh maith le hionadaithe ardleibhéil ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus ón mBanc Ceannais Eorpach, chuir an Bord Fioscach Eorpach le díospóireacht faoi “Rialacha Fioscacha san Eoraip: Ceapadh agus Forfheidhmiú”, a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil. 

 

IMEACHT | 15 Eanáir 2020

Deilbhín EFB

Tá folúntas amháin ann do Chomhalta ar an mBord Fioscach Eorpach. Foilsíodh an glao ar léiriú spéise san Iris Oifigiúil: 2020/C 13/08

IMEACHT | 17 Eanáir 2020

IMEACHT EFB 17012020

Bhí an deis ag Martin Larch, Ceannaire Rúnaíocht an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, teagmháil a dhéanamh le hionadaithe na bParlaimintí náisiúnta ag imeacht a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

IMEACHT | 11 Nollaig 2019

Ceardlann choiste ECON Pharlaimint na hEorpa

© An tAontas Eorpach 2019 – EP/grianghrafadóir

Bhí Niels Thysgesen ina chuid de ghrúpa saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh chuig ceardlann de chuid choiste ECON Pharlaimint na hEorpa inar pléadh bealaí chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis a shimpliú: http://www.europarl.europa.eu/cmsdata/192044/Draft_programme_WS_on_SGP_simplification-original.pdf

IMEACHT | 18 Samhain 2019

Imeacht BFE 18 Samhain

Bhí Mateusz Szczurek agus Martin Larch i bPrág chun bualadh leis an institiúid fhioscach náisiúnta neamhspleách is óige san Aontas Eorpach, mar atá comhairle fhioscach na Seice. Bhí an cruinniú á urrú ag ionadaíocht an Aontais agus ba mhór an tairbhe a baineadh as an deis chun tuairimí agus taithí a mhalartú.

IMEACHT | 15 Samhain 2019

Imeacht BFE 15 Samhain 2018

An 15 Samhain 2019, tugadh cuireadh don Ollamh Roel Beetsma, Comhalta de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, chun plé a dhéanamh ar pháipéar le Olivier Blanchard faoi bheartas fioscach i dtimpeallacht ina bhfuil rátaí ísle úis ag an gComhdháil Bhliantúil Taighde a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh.  

IMEACHT | 24 Meán Fómhair 2019

Imeacht 24 09 2019

Ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, Dé Máirt an 24 Meán Fómhair, chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh (BFE), an tOllamh Niels Thygesen, i láthair measúnú BFE ar chur chuige ginearálta an bheartais fhioscaigh i limistéar an euro do 2020.

IMEACHT | 14 Meán Fómhair 2019

Imeacht BFE 14092019

Dé Sathairn an 14 Meán Fómhair 2019, bhí Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Niels Thygesen, ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) i Heilsincí chun an tuarascáil is déanaí ón mBord maidir le héifeachtacht rialacha fioscacha an Aontais Eorpaigh a chur i láthair.

IMEACHT | 8 Iúil 2019

Imeacht BFE 09 Iúil 2019

Dé Luain 8 Iúil, d’fhreastail Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh (BFE), an tOllamh Niels Thygesen, ar an gcruinniú a bhí ag airí airgeadais an limistéir euro sa Bhruiséil. Chuir sé i láthair measúnú BFE ar chur chuige ginearálta an bheartais fhioscaigh i limistéar an euro do 2020 agus rinne sé plé air. Roimh an gcruinniú, labhair an tOllamh Thygesen le hUachtarán an Ghrúpa Euro, Mario Centeno.

IMEACHT BFE | 25 Meitheamh 2019

250620119 imeacht bfe

Dé Máirt an 25 Meitheamh 2019, d’fhoilsigh an Bord Fioscach Eorpach a mheasúnú ar chur chuige ginearálta an bheartais fhioscaigh sa limistéar euro do 2020. Is é conclúid an Bhoird go bhfuil seasamh fioscach atá neodrach iomchuí don limistéar euro trí chéile in 2020, ós rud é go meastar go mbeidh an geilleagar ag feidhmiú de réir a phoitéinsil nó gar dó sin.

IMEACHT BFE | 28 Feabhra 2019​

An Chéad Cheardlann de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh

Bhí an chéad cheardlann de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh ar siúl sa Bhruiséil, Déardaoin an 28 Feabhra 2019. Ba é cuspóir na ceardlainne dea-chleachtas a mhalartú chun éifeachtacht na n-institiúidí fioscacha neamhspleácha a neartú ar bhonn fadmharthanach.

Imeachtaí Seachtracha

IMEACHT | 4-5 Feabhra 2019

Cruinniú MS Liospóin Líonra OECD
Cóipcheart OECD

An 4-5 Feabhra 2019, ghlac an tUasal Mateusz Szczurek, Comhalta den Bhord Fioscach Eorpach (BFE), páirt sa 11ú Cruinniú Bliantúil de Líonra na nOifigeach Buiséid Parlaiminteach agus na nInstitiúidí Fioscacha Neamhspleácha (PBO-IFI) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) i Liospóin. Ba dheis iontach é an cruinniú obair BFE a chur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta agus dea-chleachtas a mhalartú le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha eile.

IMEACHT | 28 Samhain 2018

Imeacht BFE 28 Samhain 2018

Déardaoin an 28 Samhain, chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, an tOllamh Niels Thygesen, Tuarascáil Bhliantúil 2018 an Bhoird i láthair ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) i Lucsamburg.

IMEACHT | 22 Samhain 2018

efb-bruegel.png

Déardaoin an 22 Samhain, chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, an tOllamh Niels Thygesen, Tuarascáil Bhliantúil 2018 an Bhoird i láthair ag Bruegel, meitheal machnaimh eacnamaíoch atá lonnaithe sa Bhruiséil. Tá taifeadadh físeáin den imeacht ar fáil ar shuíomh gréasáin Bruegel.

IMEACHT | 22 Samhain 2018

eff-ep.jpg

Déardaoin an 22 Samhain, chuir Eloïse Orseau ó Rúnaíocht BFE Tuarascáil Bhliantúil 2018 i láthair i bParlaimint na hEorpa, ag cruinniú le riaracháin na bparlaimintí náisiúnta. Ba é cuspóir na ceardlainne comhar agus tuiscint níos fearr a chothú idir riaracháin pharlaimintí náisiúnta an Aontais Eorpaigh i dtaca le príomhchéimeanna agus príomhuirlisí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, trí eolas a roinnt agus dea-chleachtas a mhalartú.

IMEACHT | 3-4 Iúil 2018

Imeacht - 3-4 Iúil 2018 - Súl

An 3-4 Iúil 2018, ghlac an tUasal Mateusz Szczurek, Comhalta den Bhord Fioscach Eorpach (BFE), páirt sa 10ú Cruinniú Bliantúil de Líonra na nOifigeach Buiséid Parlaiminteach agus na nInstitiúidí Fioscacha Neamhspleácha (PBO-IFI) de chuid OECD i Súl. Ba dheis iontach é an cruinniú obair BFE a chur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta agus dea-chleachtas a mhalartú le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha eile.

IMEACHT | 2 Iúil 2018

Imeacht BFE 2 Iúil 2018

Dé Luain an 2 Iúil, chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, an tOllamh Niels Thygesen, an tuarascáil is déanaí ón mBord i láthair ag Bruegel, meitheal machnaimh eacnamaíoch atá lonnaithe sa Bhruiséil.

IMEACHT | 18 Meitheamh 2018

Imeacht BFE 18 Meitheamh 2018

Dé Luain an 18 Meitheamh, chuir an Bord Fioscach Eorpach an tuarascáil is déanaí uaidh i láthair na meán. Sa tuarascáil sin déantar measúnú ar an staid mhaicreacnamaíochta agus réamhaisnéis ar an limistéar euro, agus cuirtear comhairle neamhspleách ar fáil maidir le cur chuige ginearálta an bheartais fhioscaigh i limistéar an airgeadra aonair. Déantar plé ann freisin faoi conas ailtireacht fhioscach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú.

IMEACHT | 10 Bealtaine 2018

Roel Beetsma

An 10 Bealtaine 2018 ghlac an Bord Fioscach Eorpach páirt sa chomhdháil deiridh den thionscadal taighde ADEMU, in Institiúid na hOllscoile Eorpaí i bhFlórans. Is é an cuspóir atá ag ADEMU athmheasúnú a dhéanamh ar chreat foriomlán fioscach agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh, an limistéar euro go háirithe. Tugadh cuireadh do Roel Beetsma, do chomhalta den Bhord Fioscach Eorpach agus Ollamh le hEacnamaíocht ag Ollscoil Amstardam, labhairt ar phainéal beartais dar téama Creat nua Fioscach agus Airgeadaíochta don AEA? The EU Presidents’ roadmap in 2018.

IMEACHT | 12 Aibreán 2018

Imeacht BFE 12 Aibreán

12 Aibreán 2018 – Bhuail an tOllamh Niels Thygesen, Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, le hUachtarán an Ghrúpa Euro, Aire Airgeadais na Portaingéile, le Mário Centeno, i Liospóin. An lá céanna bhuail sé le comhaltaí den Chomhairle Fhioscach Phortaingéalach neamhspleách.

IMEACHT | 22 Márta 2018

Imeacht BFE 22 Márta 2018

An 22 Márta 2018, ghlac an Bord Fioscach Eorpach páirt sa 20ú Ceardlann um Airgeadas Poiblí de chuid Banca d’Italia, dar teideal ‘Fiscal challenges for the Euro area: institutional and policy fixes’ [Dúshláin fhioscacha don limistéar Euro: réitigh institiúideacha agus beartais]. Tugadh cuireadh don Uas. Roel Beetsma, comhalta den Bhord, bheith ar phainéal saineolaithe a reáchtáladh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chreat fioscach reatha an Aontais Eorpaigh. Cuireadh Tuarascáil Bhliantúil 2017 an Bhoird i láthair ag an ócáid freisin.

Teagmháil

  • EFB-SECRETARIATatec [dot] europa [dot] eu (RÚNAÍOCHT-BFE)