Catalóg ar líne
Cuireann Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh catalóg ar líne ar fáil atá oscailte don phobal agus ina bhfuil bailiúcháin de chuid Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh.
Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh
Leabharlanna fisiceacha
Bíonn Seomraí léitheoireachta na Leabharlainne sa Bhruiséil agus i Lucsamburg oscailte do bhaill foirne an Aontais agus, má dhéanann siad coinne, do chuairteoirí seachtracha atá ag déanamh staidéar speisialaithe ar chúrsaí an Aontais.
Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh
An chartlann stairiúil
Bainistíonn Seirbhís na Cartlainne Stairiúla cartlanna an Choimisiúin Eorpaigh agus na n-eagraíochtaí a tháinig roimhe. Is féidir le daoine den phobal miontuairiscí cruinnithe, aithisc agus ábhair eile a léamh i seomra léitheoireachta na cartlainne sa Bhruiséil.
Ionad faisnéise Lucsamburg
Féadann cuairteoirí ar an Ionad foghlaim faoi institiúidí agus beartais an Aontais Eorpaigh, agus faoi comhtháthú na hEorpa.
Ionad faisnéise Lucsamburg (is i bhFraincis amháin atá an suíomh gréasáin)
Leabharlanna agus cartlanna eile de chuid an Aontais Eorpaigh
Tá cineálacha éagsúla leabharlann agus cartlann, idir fhisiceacha agus digiteacha, ag na hinstitiúidí AE eile.