Cúraimí
Is é misean na roinne um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) éigeandálaí sláinte a chosc agus a bhrath agus freagairt go pras orthu.
Cruthaíodh HERA i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus déanfaidh sé bagairtí agus géarchéimeanna sláinte féideartha a thuar, trí fhaisnéis a bhailiú agus na cumais freagartha riachtanacha a fhorbairt.
Nuair a tharlaíonn éigeandáil, cinnteoidh HERA go bhforbrófar, go dtáirgfear agus go ndáilfear cógais leighis, vacsaíní agus frithbhearta leighis eile – lámhainní agus maisc, cuir i gcás – a bhí go minic in easnamh le linn na chéad chéime den fhreagairt ar an gcoróinvíreas.
Príomhcholún de chuid Aontas Sláinte na hEorpa is ea HERA. D’fhógair an tUachtarán von der Leyen go mbeidh ann d’Aontas Sláinte san aitheasc ar Staid an Aontais 2021 chun an bhearna a líonadh i bhfreagairt agus in ullmhacht an Aontais i dtaca le héigeandálaí sláinte.
Seoladh HERA mar Ard-Stiúrthóireacht nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an 16 Meán Fómhair 2021.
Cuireann HERA beartais an Choimisiúin chun feidhme a bhaineann le:
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
Teagmháil
An tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA)
- Ainm
- An tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA)
- Uimhir ghutháin
- +32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
- Seoladh poist
an Coimisiún Eorpach
1049 Bruxelles/An Bhruiséil
An Bheilg