Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe

Cuspóirí na comhpháirtíochta

An Séú Cruinniú Airí (4-5 Aibreán 2024)

Chruinnigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe le chéile i Lováin (an Bheilg) an 4-5 Aibreán 2024 don séú cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta ar leibhéal na n-airí. Tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na nithe seo a leanas:

1. An comhar trasatlantach a chur chun cinn maidir leis an intleacht shaorga, 6G, teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn

  • An Intleacht Shaorga: d’athdhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta do chur chuige rioscabhunaithe maidir leis an intleacht shaorga agus do thacú le teicneolaíochtaí intleachta saorga sábháilte agus iontaofa a chuideoidh teacht ar réitigh ar dhúshláin dhomhanda, agus d’fhógair siad Idirphlé nua idir Oifig IS an Aontais agus Institiúid Sábháilteachta IS na Stát Aontaithe
  • 6G: ghlac siad Fís 6G choiteann ina bhfuil treoirphrionsabail i leith na teicneolaíochta sin leagtha amach agus shínigh siad socrú riaracháin le haghaidh comhar taighde
  • Leathsheoltóirí: chuir siad síneadh 3 bliana leis an dá shocrú riaracháin lenar féidir slabhraí soláthair leathsheoltóirí athléimneacha a thógáil
  • Caighdeáin maidir le teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn: d’eisigh siad Tuarascáil ar Mhapáil na Céannachta Digití chun deiseanna a shainaithint maidir le hidir-inoibritheacht thrasatlantach agus úsáid trasteorann céannachtaí digiteacha

2. Trádáil níos éasca, níos inbhuanaithe agus níos sláine ar an margadh trasatlantach a chur chun cinn

  • Trádáil inbhuanaithe: d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá an Tionscnamh Trasatlantach maidir le Trádáil Inbhuanaithe agus chomhaontaigh siad catalóg chomhpháirteach dea-chleachtas a fhoilsiú maidir le Soláthar Poiblí Glas, chun dlús a chur le cur in úsáid tionscadal inbhuanaitheachta a mhaoinítear go poiblí
  • Trádáil níos éasca: chomhaontaigh siad uirlisí digiteacha sa trádáil a éascú, comhordú agus ailíniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla le haghaidh córais ríomhshonrascaithe
  • Fuinneamh glan: ba dhíol sásaimh dóibh gur foilsíodh moltaí maidir le comhoiriúnacht thrasatlantach níos fearr sa bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha
  • Mianraí criticiúla: chuir siad caibidlíocht chun cinn le haghaidh Comhaontú maidir le Mianraí Criticiúla chun slabhraí soláthair idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a neartú i mianraí ríthábhachtacha le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha, agus ba dhíol sásaimh dóibh seoladh Fhóram na Comhpháirtíochta maidir le Slándáil Mianraí
  • Slándáil eacnamaíoch: d’athdhearbhaigh siad go bhfuil ábhair imní acu araon faoi na dúshláin a bhaineann le comhéigean eacnamaíoch agus le cleachtais neamh-mhargaidh a úsáideann tríú tíortha; chinn siad leanúint dá n-iarrachtaí ar a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a mhaolú agus a éagsúlú, agus leanúint den obair chun trádáil ardteicneolaíochta a éascú

3. Cearta an duine agus luachanna daonna a chosaint i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhigiteach atá ag athrú

Ráiteas Comhpháirteach Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe, an 5 Aibreán 2024

Réimsí comhair

Sa chéad chruinniú den Chomhairle an 29 Meán Fómhair 2021 in Pittsburgh na Stát Aontaithe, tháinig sí ar chomhaontú maidir le cúig phríomhréimse comhair:

  • Rialuithe ar easpórtálacha
  • Scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche
  • Slabhraí soláthair slána (go háirithe maidir le leathsheoltóirí)
  • Caighdeáin teicneolaíochta, an comhar maidir leis an intleacht shaorga san áireamh
  • Dúshláin trádála dhomhanda

Tuilleadh eolais

Modhanna oibre

Tá an Chomhairle déanta de mheithleacha atá faoi stiúir ceann amháin nó níos mó de na ranna, seirbhísí nó gníomhaireachtaí ábhartha, sa chaoi go gcuirfear na cinntí polaitiúla i ngníomh agus go ndéanfar comhordú ar an obair theicniúil.

Deich meitheal a bhí ag an gComhairle ar dtús:

1. Comhar maidir le caighdeáin teicneolaíochta
2. An aeráid agus teicneolaíocht ghlan
3. Slabhraí soláthair slána
4. Slándáil agus iomaíochas TFCanna
5. Rialachas sonraí agus ardáin teicneolaíochta
6. Mí-úsáid teicneolaíochta atá ina bagairt ar an tslándáil agus ar chearta an duine
7. Comhar maidir le rialuithe ar easpórtálacha 
8. Comhar maidir le scagadh ar infheistíochtaí     
9. Rochtain agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide
10. Dúshláin trádála dhomhanda

Cúlra

Sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta an Aontas Eorpaigh agus na Stát Aontaithe ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa Bhruiséil an 15 Meitheamh 2021.

Bíonn cruinnithe tréimhsiúla ag an gComhairle ar an leibhéal polaitiúil chun an comhar a stiúradh. Is iad comhchathaoirligh na gcruinnithe sin ó thaobh an Aontais Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach agus an Coimisinéir um Iomaíocht, agus Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach agus an Coimisinéir um Thrádáil; agus Rúnaí Stáit na Stáit Aontaithe, Antony Blinken, Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, Gina Raimondo, agus Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, Katherine Tai, ar thaobh na Stát Aontaithe.

An tráth céanna, tá Idirphlé Comhpháirteach maidir leis an mBeartas Iomaíochta Teicneolaíochta bunaithe ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe a bheidh dírithe ar chur chuige coiteann a fhorbairt agus ar an gcomhar a neartú maidir leis an mbeartas iomaíochta agus an forfheidhmiú in earnálacha na teicneolaíochta.

Amlíne

  1. 4-5 Aibreán 2024

    Tionóladh an séú cruinniú ar leibhéal na n‑airí i Lováin na Beilge

  2. 30-31 Eanáir 2024

    Tionóladh an cúigiú cruinniú ar leibhéal na n-airí in Washington DC sna Stáit Aontaithe 

  3. 30-31 Bealtaine 2023

    Tionóladh an ceathrú cruinniú ar leibhéal na n-airí in Luleå na Sualainne 

  4. 5 Nollaig 2022

    Tionóladh an tríú cruinniú ar leibhéal na n-airí in College Park, Maryland (na Stáit Aontaithe)

  5. 15-16 Bealtaine 2022
  6. 18 Deireadh Fómhair 2021

    Sheol an Coimisiún ardán comhairliúcháin le haghaidh rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara i múnlú an chomhair thrasatlantaigh

  7. 29 Meán Fómhair 2021

    Tionóladh an chéad chruinniú ar leibhéal na n-airí in Pittsburgh na Stát Aontaithe

  8. 15 Meitheamh 2021

    Bunaíodh an Chomhairle ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa Bhruiséil

Doiciméid

 

5 AIBREÁN 2024
Factsheet: EU-US Trade and Technology Council (2021-2024)
31 BEALTAINE 2023
Factsheet - Fourth ministerial meeting: Key outcomes
4 NOLLAIG 2022
Factsheet - Technology outcomes of the TTC of December 2022
5 NOLLAIG 2022
EU-US Trade and Technology Council: 3rd Ministerial meeting - Trade outcomes
12 BEALTAINE 2022
Factsheet: EU-US Trade and Technology Council - Second Ministerial Meeting