Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Infheistíocht a mhaoiniú

Tá an infheistíocht ar cheann de thrí cholún atá ag an Aontas Eorpach i dtaca lena thosaíochtaí beartais eacnamaíoch de, mar aon leis an bhfreagracht fhioscach agus athchóirithe struchtúracha. Cuireann an Coimisiún Eorpach maoiniú na hinfheistíochta chun cinn a bhuí le raon leathan de chláir airgeadais agus d’ionstraimí airgeadais. Is éard is aidhm don Phlean Infheistíochta don Eoraip borradh a chur faoi na hearnálacha eacnamaíocha sin ina gcruthaítear poist agus ina gcothaítear breis fáis. I mí Mheán Fómhair 2016 mhol an Coimisiún síneadh a chur le saolré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS).