Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Conas sárú ar do chearta a thuairisciú

Do ghearán a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha, an rialtas, na cúirteanna náisiúnta nó comhlacht ar leith a mbíonn ag plé le cearta an duine.

Cathain a bhfuil feidhm ag an gCairt um Chearta Bunúsacha?

Tá forálacha na Cairte dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin.

Leis an gCairt, tugtar cosaint do dhaoine aonair agus eintitis dhlíthiúla i gcoinne gníomhaíochtaí de chuid institiúidí an Aontais lena sáraítear cearta bunúsacha. Má tharlaíonn a leithéid, tá an chumhacht ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh.

Má sháraíonn údarás náisiúnta an Chairt agus dlí an Aontais á chur chun feidhme aige, tá an chumhacht ag breithimh náisiúnta (faoi threoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais) a chinntiú go ndéantar an Chairt a urramú.

Cairt an Aontais um Chearta Bunúsacha, déanann sí comhlánú ar chórais náisiúnta bhunreachtúla nó ar an gcóras cosanta cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ach ní chuirtear í ina n-ionad.

Má cheapann tú gur sáraíodh do chearta i gcomhthéacs nach gclúdaítear le dlí an Aontais, beidh ort do ghearán a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha, bíodh sin an rialtas, na cúirteanna náisiúnta nó comhlacht ar leith a bhíonn ag plé le cearta an duine.

Conas sárú ar do chearta a thuairisciú

Comhlachtaí comhionannais náisiúnta

Ní mór do na Ballstáit go léir comhlacht comhionannais náisiúnta a ainmniú atá freagrach as an gcóir chomhionann a chur chun cinn.

Ní mór do na comhlachtaí sin na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • cúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe
  • suirbhéanna agus staidéir a dhéanamh
  • tuarascálacha neamhspleácha agus moltaí a fhoilsiú

Má cheapann tú gur sáraíodh do chearta, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gcomhlacht comhionannais náisiúnta i do thír féin.

Liosta na gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta

Faigh tuilleadh eolais maidir le gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta.

Cineálacha sáruithe

Sárú ag údarás náisiúnta

Má sháraíonn údarás náisiúnta an Chairt agus dlí an Aontais á chur chun feidhme aige, tá an chumhacht ag breithimh náisiúnta (faoi threoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais) a chinntiú go ndéantar an Chairt a urramú.

Sárú ag institiúid de chuid an Aontais

Leis an gCairt, tugtar cosaint do dhaoine aonair agus eintitis dhlíthiúla i gcoinne gníomhaíochtaí de chuid institiúidí an Aontais lena sáraítear cearta bunúsacha. Má tharlaíonn a leithéid, tá an chumhacht ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh.

An Coimisiún Eorpach ag gníomhú in aghaidh údarás náisiúnta

Féadfaidh an Coimisiún Ballstát a thabhairt chun na cúirte má sháraíonn sé cearta bunúsacha agus dlí an Aontais á chur chun feidhme aige. Ach ní féidir leis sin a dhéanamh nuair a bhaineann an sárú leis an dlí náisiúnta amháin.

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine 

Neamhspleách ar a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, tá gealltanais tugtha ag na Ballstáit faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Is éard a chiallaíonn sin gur féidir leat, mar rogha dheireanach tar éis duit triail a bhaint as gach réiteach eile atá ar fáil duit i do thír féin, cás a thabhairt chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg más rud é gur sháraigh Ballstát ceart bunúsach a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Le fáil amach an bhfuil do ghearán inghlactha, féadfaidh tú féachaint ar sheicliosta inghlacthachta na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Ch@rter Click! Uirlisí

Is tionscadal é “Ch@rter Click!” atá á mhaoiniú ag an Aontas. Mar chuid den tionscadal sin, cruthaíodh uirlisí praiticiúla, seicliosta agus rang teagaisc a bhfuil sé d’aidhm acu cuidiú le híospartaigh sáruithe ar chearta bunúsacha, dlíodóirí, breithimh náisiúnta, oifigí ombudsman, comhlachtaí comhionannais agus institiúidí náisiúnta eile um chearta an duine chun a chinneadh an féidir leis an gCairt cosaint a chur ar fáil i gcás sonrach.

Cairt an Aontais um Chearta Bunúsacha, déanann sí comhlánú ar chórais náisiúnta bhunreachtúla nó ar an gcóras cosanta cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ach ní chuirtear í ina n-ionad.

Documents

4 BEALTAINE 2017
EU Charter of Fundamental Rights infograph - where to go in case of breach?