Oifigí áitiúla san Aontas Eorpach
Tá ‘ionadaíochtaí’ ag an gCoimisiún i ngach Ballstát, agus cuireann siad eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil trí imeachtaí éagsúla agus trí bhróisiúir, bileoga eolais agus ábhair eile.
Oifigí áitiúla i mballstáit an Aontais Eorpaigh
Oifigí áitiúla lasmuigh den Aontas Eorpach
Déantar ionadaíocht ar an Aontas Eorpach trí 140 Toscaireacht agus Oifig de chuid an Aontais ar fud an domhain.
Oifigí áitiúla lasmuigh den Aontas Eorpach
Imeachtaí
Is féidir imeachtaí a chuardach i do thír féin de réir ábhair, suímh, eagraí nó dáta, nó an liosta a scagadh trí úsáid a bhaint as eochairfhocail. Tá imeachtaí ar líne ar fáil freisin. Tuilleadh eolais faoi imeachtaí i do cheantarsa.
Laethanta oscailte
Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine agus déantar ceiliúradh ar an tsíocháin agus ar an aontacht san Eoraip ar an lá sin. Is ar an dáta sin a tugadh
‘Dearbhú Schuman’.
Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh fáilte roimh an bpobal sa Bhruiséil agus in Strasbourg. Eagraíonn oifigí áitiúla an Aontais san Eoraip agus ar fud an domhain gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla, agus cuairteanna, díospóireachtaí agus ceolchoirmeacha do gach aois san áireamh.