Rialacha nua maidir le slándáil faisnéise
Togra le haghaidh Rialachán maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais
Cúlra
Ós rud é go mbíonn méadú ag teacht de shíor ar na méideanna faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (‘FRAE’) nach mór d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chomhroinnt eatarthu féin, agus i bhfianaise fhorbairt shuntasach thimpeallacht na bagartha, tá an riarachán Eorpach gan cosaint ar ionsaí ina réimsí gníomhaíochta go léir. Tá luach ard ar an bhfaisnéis a bhíonn á láimhseáil ag ár n-institiúidí, ár gcomhlachtaí, ár n-oifigí agus ár ngníomhaireachtaí do go leor gníomhaithe bagartha agus tá gá le cosaint iomchuí uirthi.
Tá iarrtha cheana féin ag na Ballstáit ar ár n-institiúidí gníomhú chuige sin. Príomhghné den Chlár Oibre Straitéiseach le haghaidh 2019-2024 a ghlac an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019 is ea ár sochaithe a chosaint ar na bagairtí lena ndírítear ar an bhfaisnéis a bhíonn á láimhseáil ag an riarachán Eorpach. I gconclúidí na Comhairle Eorpaí, d’iarr sí ar ‘institiúidí an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, obair a dhéanamh ar bhearta chun athléimneacht an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus feabhas a chur ar chultúr slándála an Aontais Eorpaigh i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha ó áiteanna lasmuigh den Aontas, agus cosaint níos fearr a thabhairt do líonraí faisnéise agus cumarsáide an Aontais, agus dá phróisis chinnteoireachta, ar ghníomhaíochtaí mailíseacha de gach cineál’
I mí Iúil 2020, ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála, lenar gheall sé na hiarrachtaí náisiúnta i réimse na slándála a chomhlánú. Cuid den rannpháirtíocht sin is ea an tionscnamh chun na creataí dlíthiúla inmheánacha le haghaidh slándála faisnéise a chomhchuibhiú in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais.
Cuspóirí
Is é cuspóir ginearálta an togra sin sraith chaighdeánach rialacha ardleibhéil a chruthú maidir le slándáil faisnéise d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais chun leibhéal feabhsaithe comhsheasmhach cosanta a chinntiú in aghaidh na mbagairtí atá ag teacht chun cinn ar a gcuid faisnéise.
Déantar ceithre chuspóir shonracha den chuspóir ginearálta:
- Catagóirí faisnéise comhchuibhithe agus cuimsitheacha a bhunú bunaithe ar an leibhéal rúndachta;
- Bearnaí slándála a shainaithint agus na bearta is gá a chur chun feidhme;
- Fóram éifeachtúil a bhunú le haghaidh comhar maidir le slándáil faisnéise idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;
- Na beartais slándála faisnéise a nua-aoisiú, agus na treochtaí reatha amhail an t-aistriú digiteach agus an chianobair á gcur san áireamh.
Ceisteanna agus Freagraí
Cén fáth a bhfuil an Coimisiún ag beartú Rialachán maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais?
Tá a rialacha slándála faisnéise féin ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais faoi láthair, sin nó nach bhfuil rialacha den sórt sin glactha acu in aon chor. Tá difríochtaí suntasacha sna leibhéil slándála is féidir leis na heagraíochtaí sin a chinntiú le haghaidh an fhaisnéis a láimhseálann siad mar thoradh ar ilroinnt an chreata dhlíthiúil is infheidhme. Cuireann an staid sin leis an mbaol a bhíonn ann go gcruthódh ionsaitheoirí sárú slándála sa lúb is laige agus go n-úsáidfí é sin mar thúsphointe chun ionsaithe breise a dhéanamh ar institiúidí nó ar chomhlachtaí eile.
Trí shraith aonair rialacha a chruthú maidir le slándáil faisnéise ar fud institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, tá an Coimisiún ag moladh bonnlíne choiteann ardchaighdeán chun an fhaisnéis a láimhseáiltear a chosaint. Ina theannta sin, leis na rialacha comhchuibhithe éascófar an chomhroinnt faisnéise idir na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, agus leis na Ballstáit freisin.
Cé leis a mbeidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe?
Leagtar síos leis an togra sin na rialacha is infheidhme maidir le riarachán an Aontais (institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí). Féadfaidh sé oibleagáidí a fhorchur go hindíreach ar na daoine atá i mbun cúraimí thar ceann an riaracháin sin nó ar bhonn conarthach (seachas na Coimisinéirí, Ionadaithe na mBallstát atá ag gníomhú dóibh sa Chomhairle, Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, Breithiúna Chúirteanna an Aontais nó Comhaltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa).
Níl feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir leis na Ballstáit.
Cé na catagóirí faisnéise a chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe?
Cumhdaítear leis an togra sin faisnéis neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais agus tá feidhm aige maidir leis na leibhéil rúndachta seo a leanas:
- trí leibhéal den fhaisnéis neamh-rúnaicmithe: úsáid phoiblí, gnáth-rúnaicmiú agus neamh-rúnaicmithe íogair;
- ceithre leibhéal FRAE: RESTREINT UE/EU RESTRICTED, CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL, SECRET UE/EU SECRET, TRES SECRET UE/EU TOP SECRET.
An ndéanfar athbhreithniú ar na rialacha atá beartaithe?
Gach 5 bliana tar éis dháta tosaigh an chuir i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí iarbhír a bhíonn aige agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.
Thairis sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go rialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin sin.
Cad iad na chéad chéimeanna eile?
Leanfaidh an togra ón gCoimisiún an gnáthphróiseas reachtach i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle chun go nglacfar é.
Ag Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí Teileachumarsáide in Nevers an 9 Márta 2022 iarradh ar ‘Institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh a gcibearshlándáil agus a slándáil faisnéise a neartú tuilleadh toisc go bhfuil an tAontas anois ina phríomhghníomhaí straitéiseach nach mór dó a shonraí agus a líonraí a chosaint ar chibearbhagairtí mar gheall ar a ról ar an leibhéal idirnáisiúnta.”
Doiciméid
Impact analysis accompanying the proposal
JRC study on information security in the age of EU institutions digitalisation
Naisc ghaolmhara
The EU Security Union Strategy: European Security Union
Cinntí ón gCoimisiún
Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála: An tAontas Slándála Eorpach | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
Is é an cuspóir slándála sa Choimisiún é a chur ar chumas an Choimisiúin oibriú i dtimpeallacht shábháilte shlán. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún slándáil daoine, sócmhainní agus faisnéise a chur ar fáil sa Choimisiún ar bhonn Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún maidir le Slándáil sa Choimisiún agus ar bhonn Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint. Áirítear leis sin go háirithe sláine fhisiceach daoine agus sócmhainní, agus sláine, rúndacht agus infhaighteacht faisnéise agus cumarsáide agus chórais faisnéise, chomh maith le feidhmiú oibríochtaí an Choimisiúin gan bhac.
Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil. Le haon cheann de na gníomhaíochtaí próiseála sin, comhlíontar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE).
Tá na ráitis phríobháideachais maidir le nósanna imeachta a bhaineann leis an tslándáil ar fáil thíos:
Documents
- 19 AIBREÁN 2022
- Íoslódáilfrançais(731.92 KB - PDF)
- 6 BEALTAINE 2020
- Íoslódáilfrançais(495.62 KB - PDF)
- 19 AIBREÁN 2022
- 2 BEALTAINE 2020
- 7 AIBREÁN 2022