![ursula von der leyen](/sites/default/files/styles/blockquote_image/public/2020-03/ursula.png?itok=ma3hEXw4)
I gcás mo chlainne féin de, an chéad ghlúin eile, tá cuspóir ar leith i gceist leis an Eoraip. Maireachtáil ar mhór-roinn a bheidh folláin nádúrtha - sin agaibh an cuspóir úd. An saol a chaitheamh i sochaí ina bhféadfaidh duine a bheith dílis dó féin, cónaí ina rogha áit, grá a thabhairt don té is ansa leis, agus dréim leis an gcraobh is airde. An dréim seo atá ann, is dréim é le saol a bhfuil a chion féin den teicneolaíocht nua ann, sin agus luachanna atá seanbhunaithe. An dréim seo atá ann, is dréim leis an Eoraip é, an Eoraip agus í ag taispeáint an bhealaigh don domhan mór i leith dhúshláin mhóra na linne.