Freagrachtaí
Is í an Ard-Stiúrthóireacht seo a fhorbraíonn agus a chuireann i gcrích beartais an Choimisiúin maidir le:
Tá na rudaí seo a leanas i measc na bhfreagrachtaí atá ar an Ard-Stiúrthóireacht:
- Deimhin a dhéanamh de go mbeidh buiséad an Aontais mar bhonn agus mar thaca chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach
- Tograí buiséid an Choimisiúin a ullmhú, gníomhú mar bhróicéir macánta sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
- Cistí a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil chun tacú le cláir éagsúla de chuid an Aontais
- Obair a dhéanamh chun a chinntiú go gcaithfear buiséad an Aontais go héifeachtach agus go mbainfear amach cuspóirí an bhuiséid ar mhaithe leis na saoránaigh den Aontas
- Deimhin a dhéanamh de go bhfuil na sásraí cearta i bhfeidhm chun an buiséad a chosaint agus chun a ráthú go rachaidh gach euro chuig na háiteanna ina bhfuil na riachtanais
- An t-ioncam do bhuiséad an Aontais a bhailiú. Aon fhoinsí nua ioncaim a mholadh agus idirbheartaíocht a dhéanamh ina leith
- Na rialacha maidir le cistí ón Aontas a chaitheamh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
- Caiteachas an Aontais a bhainistiú, lena n-áirítear íocaíochtaí chun an téarnamh faoi NextGenerationEU a mhaoiniú agus chun tacú leis an Úcráin faoi chláir éagsúla um Chúnamh Macrairgeadais
- Feidhm an chiste a bhainistiú, tríd an ioncam go léir a ghlacadh agus na híocaíochtaí go léir ó bhuiséad an Aontais a chur i gcrích
- Córas airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin a bhainistiú, cuntais bhliantúla an Aontais a ullmhú agus a fhoilsiú
- An nós imeachta urscaoilte a chomhordú ó thús go deireadh
- Tuarascáil faoi chur chun feidhme agus feidhmíocht bhuiséad an Aontais a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an gCóras Trédhearcachta Airgeadais a fheidhmiú le haghaidh íocaíochtaí an Aontais a reáchtáil
- Tacú le straitéis bhuiséadach fhoriomlán an Aontais agus gníomhaíochtaí beartais an Aontais trí chumarsáid éifeachtach a dhéanamh, lena n-áirítear caidreamh leis an gcomhphobal airgeadais agus le hinstitiúidí eile
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
An plean straitéiseach – straitéis agus cuspóirí na roinne don tréimhse 2020-2024
An plean bainistíochta – réamhaisnéis i leith aschuir, gníomhaíochtaí agus acmhainní na roinne sa bhliain reatha
An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – an méid atá bainte amach ag an roinn agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe
Ceannaireacht agus eagrúchán
Teagmháil
Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
- Ainm
- Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
- Uimhir ghutháin
- +32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
- Seoladh poist
- Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, An Coimisiún Eorpach, Avenue d'Auderghem 19/Oudergemselaan 19, 1049 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg