An scéala is déanaí
Nuacht ón Ard-Stiúrthóireacht seo
Freagrachtaí
Déanann an Coimisiún Eorpach, in éineacht leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, rialacha iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú go díreach, Airteagail 101-106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun margaí an Aontais a dhéanamh níos fearr, trína chinntiú go mbeidh gach cuideachta in iomaíocht le chéile go cothrom ar bhonn a mbuanna. Téann sé sin chun tairbhe do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus do gheilleagar na hEorpa ina iomláine.
Laistigh den Choimisiún, is í Ard-Stiúrthóireacht (AS) na hIomaíochta atá freagrach go príomha as na cumhachtaí díreacha forfheidhmithe sin. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin an Bheartais Iomaíochta...
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
An plean straitéiseach – straitéis agus cuspóirí na hArd-Stiúrthóireachta don tréimhse 2020-2024
An plean bainistíochta – réamhaisnéis i leith aschuir, gníomhaíochtaí agus acmhainní na hArd-Stiúrthóireachta sa bhliain reatha
An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – an méid atá bainte amach ag an Ard-Stiúrthóireacht agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe
An Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an mBeartas Iomaíochta - Tugtar sa tuarascáil seo forléargas ar na tionscnaimh bheartais agus reachtacha is tábhachtaí agus ar na cinntí is tábhachtaí a ghlac an Coimisiún Eorpach ar mhaithe le dlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm.
Ceannaireacht agus eagrúchán
- Íoslódáilfrançais