Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Ionad taispeántais Experience Europe

Radharc ar leith ar an Eoraip

Tabhair cuairt ar Experience Europe, taispeántas idirghníomhach an Choimisiúin Eorpaigh atá lonnaithe i gcroílár cheantar an Aontais sa Bhruiséil. Faigh eolas faoin mbealach a n-oibríonn an Coimisiún, faoi luachanna an Aontais, buail leis an Uachtarán (go fíorúil!) agus bain sult as cluichí oideachasúla a oireann d’óg agus aosta.»

Tá fáilte roimh chách – teaghlaigh, turasóirí agus grúpaí scoile ina measc. Glac páirt i ngníomhaíochtaí oideachasúla atá ceaptha le haghaidh mic léinn agus grúpaí meánscoile. Tá an cead isteach saor in aisce agus tá an t-ábhar ar fáil i suas le 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Cuairt a thabhairt ar Experience Europe

Ní gá do chuairteoirí aonair ná do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná 10 nduine clárú roimh ré. 

Ba cheart do ghrúpaí ina bhfuil deichniúr nó níos mó a gcuairt a chur in áirithe roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig EC-experienceeurope [dot] brusselsatec [dot] europa [dot] eu nó trí ghlaoch a chur ar (+32 2 29 65555) le linn uaireanta oscailte.

Seol ríomhphost chugainn ag EC-experienceeurope [dot] brusselsatec [dot] europa [dot] eu mura bhfuil tú in ann d’áirithint a choinneáil agus beimid in ann do chuairt a athsceidealú.

Do chuairt a phleanáil

Beidh Experience Europe dúnta ar na laethanta seo a leanas:

1 Eanáir / 1 Bealtaine / 1 Samhain / 24-25 Nollaig / 31 Nollaig

Páirceáil Rothar gar do Experience Europe

Le haghaidh cuairteoirí a thagann ar rothar, tá roinnt roghanna páirceála áisiúla timpeall thimpeallán Schuman agus gar do stáisiún meitreo Schuman. Tá racaí rothar ar fáil freisin feadh Rue de la Loi/Wetstraat agus Boulevard Charlemagne/Karel de Grotelaan.

Saoráidí

Tá Wi-Fi ar fáil san ionad

Inrochtaineacht

Is féidir Experience Europe a rochtain i gcathaoir rothaí.

Saothar ealaíne – Aontaithe san éagsúlacht

Teagmháil

Seoladh ríomhphoist
EC-experienceeurope [dot] brusselsatec [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
(+32) 2 296 5555

Eolas praiticiúil

Cead isteach saor in aisce

The Experience Europe brochure
Aibhsithe
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 27 Márta 2023
Experience Europe leaflet

Want to know more about the European Commission? It's easy! Download the leaflet and visit Experience Europe.

Illustrated floor plan of the Experience Europe exhibition space, showing different interactive zones including ‘Forum’, ‘We Are Europe’, ‘360 Europe’, ‘Play Europe’, ‘Smile Europe’, ‘Inside Europe’, ‘Meet the President’, and ‘Follow Europe’.
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 25 Aibreán 2025
Plan of Experience Europe

Discover the different activities at the Experience Europe exhibition centre.

 

  • 16 MEÁN FÓMHAIR 2024
Data protection notice for visitors to the European Commission