Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ard-stiúrthóireachtCLIMA

Gníomhaíocht ar son na hAeráide

Is í an roinn seo a stiúrann iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an athrú aeráide a chomhrac ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

An scéala is déanaí

Nuacht ón Ard-Stiúrthóireacht seo

Imeachtaí de chuid na hArd-Stiúrthóireachta seo

Freagrachtaí

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide (AS CLIMA) a stiúrann iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an athrú aeráide a chomhrac ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Is é a príomh-mhisean beartais agus straitéisí an Aontais i leith na haeráide a cheapadh agus a chur chun feidhme, ionas go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus aeráid-díonach ar domhan faoi 2050.

Tá ról stiúrthóireachta ag AS CLIMA ó thaobh cur chun feidhme na mbeartas costéifeachtach agus na reachtaíochta costéifeachtaí a fhorbairt agus a éascú chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. Cuireann an AS teicneolaíochtaí décharbónaithe nuálacha chun cinn le dul i ngleic leis an téamh domhanda. Díríonn sí ar an rath agus ar an bhfolláine a chinntiú, cultúr aeráide nua a chothú san Eoraip agus an t-iompar a athrú ar fud na sochaí seo againne. Cothaíonn sí ceannaireacht dhomhanda uaillmhianach ó thaobh an ghníomhaithe ar son na haeráide de, rud a chosnaíonn an ciseal ózóin agus a fheabhsaíonn an margadh carbóin idirnáisiúnta agus inmheánach. Cuireann sí le maoiniú glas, lena gcinntítear go ndéantar an gníomhú ar son na haeráide a chur i dtosaíocht i mbuiséad an Aontais agus i mbeartais an Aontais agus na mBallstát.

Réimsí beartais gaolmhara

Fuinneamh

Pleananna agus tuarascálacha

Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha

An plean straitéiseach – straitéis agus cuspóirí na roinne don tréimhse 2020-2024

An plean bainistíochta – réamhaisnéis i leith aschuir, ghníomhaíochtaí, agus acmhainní na roinne sa bhliain reatha

An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – an méid atá bainte amach ag an roinn agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe

Ceannaireacht agus eagrúchán

19 NOLLAIG 2023
Climate action - Organisation chart

Teagmháil

An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide

Ainm
An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide
Uimhir ghutháin
+32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
Seoladh poist
Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Coimisiún Eorpach, 1049 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta