Cinntí maidir le sáruithe a fhoilsiú
Tá eolas ar fáil ar líne faoi Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le sáruithe. Is féidir cinntí a chuardach de réir Ballstáit, réimse beartais nó dáta.
Déanann an Coimisiún Eorpach tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú freisin ina ndéantar athbhreithniú ar ghnéithe lárnacha de chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh agus ina gcuirtear i láthair de réir réimse beartais nó tíre aon sáruithe a rinneadh.