Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
alt=""
Le chéile ar son mhuintir na Tuirce agus na Siria

Comhdháil Deontóirí arb é is aidhm di cistí a thiomsú, acmhainní a shlógadh agus an fhreagairt téarnaimh agus fóirithinte a chomhordú tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Tuircis | türkçe | Araibis | العربية

Comhdháil Deontóirí chun cistí a thiomsú

Lá an-mhaith don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta is ea an lá inniu. In éineacht lenár gcomhpháirtithe, tá €7 mbilliún ar an iomlán tiomsaithe againn chun tacú le muintir na Tuirce agus na Siria tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha. Is ó Team Europe a thagann breis agus leath den ghealltanas sin. Tá sé léirithe againn don domhan go bhfuilimid ag tacú le daoine in am an ghátair. Agus seasaimid lenár gcomhpháirtithe i gcónaí.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Bhí sprioc thábhachtach amháin ag cruinniú an lae inniu: gníomh a dhéanamh dár gcomhbhrón agus dár ndlúthpháirtíocht. Agus freagairt láidir éifeachtúil chomhordaithe a chur ar fáil chun cabhrú leis na daoine atá thíos leis na creathanna talún tubaisteacha. Ó thaobh Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach de, táimid buíoch as an dea-chomhar atá againn leis an gCoimisiún, lenar eagraíomar comhdháil an lae inniu. Chuaigh toradh suntasach an lae go mór i bhfeidhm orainn agus is go humhal a thugaimid faoin obair thábhachtach atá romhainn.

Ulf Kristersson, Príomh-Aire na Sualainne

Méid iomlán na ngealltanas

alt=""
€7 mbilliún

an méid airgid a tiomsaíodh

€7 mbilliún atá sa ghealltanas iomlán ón gComhdháil Deontóirí Idirnáisiúnta seo – is deontais agus iasachtaí don Tuirc atá i €6.05 billiún de sin agus is deontais don tSiria atá i €911 mhilliún de. Is ón gCoimisiún Eorpach agus ó Bhallstáit an Aontais, agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, a thagann €3.6 billiún mar chuid de Team Europe, líon ar mó é ná 50% den ghealltanas iomlán deontas sin. Rinne Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa ranníocaíocht thábhachtach €500 milliún in iasachtaí agus €3 mhilliún breise i ndeontais.

Úsáidfear na cistí le haghaidh na Tuirce chun na riachtanais dhaonnúla a chlúdach agus chun cabhrú le hatógáil na réigiún atá buailte. Léiríonn an réamh-mheasúnú ar an damáiste sa Tuirc go bhfuil riachtanais an-mhór os cionn USD 100 billiún ann, agus go leor damáiste déanta don bhonneagar poiblí agus d’fhoirgnimh chónaithe. Na caighdeáin idirnáisiúnta uile maidir le foirgnimh a thógáil i réigiúin sheismeacha agus tosaíochtaí Chomhaontú Glas na Tuirce, cinnteoidh na hiarrachtaí atógála go gcuirfear iad sin san áireamh. Úsáidfear na cistí le haghaidh na Siria chun freastal ar na riachtanais dhaonnúla agus chun tacú leis an téarnamh luath agus leis an athléimneacht.

* Is éard atá i gceist le Team Europe an tAontas Eorpach agus Ballstáit an Aontais – lena n-áirítear a ngníomhaireachtaí cur chun feidhme agus a mbainc forbartha phoiblí – mar aon leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF).

Gealltanais a d’fhógair tíortha agus eagraíochtaí

Deontais do dhaoine sa tSiria agus sa Tuirc

Iasachtaí arna ngealladh ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ag deontóirí déthaobhacha don atógáil sa Tuirc

Chomh maith le deontais, gheall bainc forbartha iltaobhacha, agus deontóir déthaobhach €4.3 billiún in iasachtaí don atógáil sa Tuirc. Tá téarmaí na n-iasachtaí sin fós le comhaontú.

Freagairt chuimsitheach ón Aontas

Tá an tAontas Eorpach cheana féin ag tacú leis an Tuirc agus leis an tSiria trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, a cuireadh i ngníomh gan mhoill go díreach i ndiaidh na tubaiste nádúrtha. 

21
Bhallstát + an Albáin, Montainéagró, an Iorua agus an tSeirbia
tá cúnamh curtha ar fáil acu don tSiria agus don Tuirc
32
fhoireann chuardaigh agus tarrthála
sa Tuirc
6
fhoireann leighis lena n-áirítear 5 ospidéal allamuigh
tá cóireáil curtha acu ar níos mó ná 15,000 duine go dtí seo sa Tuirc

Thairis sin, tá a chúltacaí straitéiseacha rescEU slógtha ag an Aontas chun 500 aonad cóiríochta sealadaí, 2,000 puball, agus 8,000 leaba a sheachadadh chuig an Tuirc óna stoc-chairn éigeandála atá á n-óstáil ag an tSualainn agus ag an Rómáin. 

San iomlán, leithdháileadh beagnach € 8.6 mhilliún de chabhair dhaonnúil ón Aontas chun freagairt do riachtanais láithreacha mhuintir na Tuirce, agus cuireadh thart ar €10 milliún ar fáil láithreach chun freagairt d’iarmhairtí práinneacha an chreatha talún sa tSiria.

Doiciméid

Social media kit for together for the people in Türkiye and Syria

24 MÁRTA 2023
Pledging Statement of the International Donors’ Conference for the people in Türkiye and Syria
20 MÁRTA 2023
Bileog eolais: Tacaíocht ón Aontas do dhaoine sa Tuirc agus sa tSiria tar éis na gcreathanna talún
16 MÁRTA 2023
Agenda: International Donors’ Conference
20 MÁRTA 2023
List of participants from the Donors' Conference
15 MÁRTA 2023
Media advisory: Donors' Conference

An nuacht is déanaí