Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cosaint Eorpach atá níos láidre

I dtreo chreat AE le haghaidh soláthar comhpháirteach cosanta

An 18 Bealtaine 2022 chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí i láthair anailís ar bhearnaí infheistíochta sa chosaint ag Cruinniú Mullaigh Versailles. Mhol siad freisin bearta agus gníomhaíochtaí breise is gá chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a neartú.

An 19 Iúil 2022 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le Tionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Ghníomh um Sholáthar Comhoibríoch lena bhféachtar le gníomhú mar ionstraim airgeadais ghearrthéarmach ar fiú €500 milliún í chun soláthar coiteann cosanta i measc na mBallstát a dhreasú.

Leanann sé seo ionsaí gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a raibh impleachtaí suntasacha aige ar chosaint na hEorpa, agus tá méadú tagtha ar chaiteachas míleata na mBallstát mar thoradh air. Tugtar freagairt leis freisin ar ghlao a rinneadh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa go mbeadh gníomhaíocht an Aontais níos láidre i réimse na cosanta.

Bearta chun dul i ngleic leis na bearnaí

a drone operating

Chun cabhrú leis na bearnaí atá ann faoi láthair san infheistíocht i réimse na cosanta a dhúnadh, leag an Coimisiún agus an tArdionadaí amach sraith de bhearta nithiúla. Ceapadh iad sin chun éileamh cosanta na hEorpa a neartú trí sholáthar comhpháirteach agus chun an soláthar a threisiú trí bhearta lena ndírítear ar an tacaíocht a thugtar d’acmhainneachtaí monaraíochta tionsclaíche.

An Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta

Mar chéim láithreach, bunaíodh Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta chun oibriú leis na Ballstáit. Déantar sin chun cur chuige comhordaithe a áirithiú agus deireadh a chur le coinbhleachtaí sna riachtanais soláthair an-ghearrthéarmacha atá acu chun aghaidh a thabhairt ar an staid slándála nua. Déanfaidh an Tascfhórsa comhordú maidir le cúnamh míleata don Úcráin a éascú freisin.

Ionstraim an Aontais chun cumais thionsclaíocha cosanta a threisiú

I mí Iúil 2022 mhol an Coimisiún ionstraim ghearrthéarmach de chuid an Aontais chun cumais thionsclaíocha cosanta a threisiú trí sholáthar coiteann. Tacóidh sé sin leis na Ballstáit na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh ar bhealach comhoibríoch, bunaithe ar obair an Tascfhórsa. Tá an Coimisiún réidh chun €500m de bhuiséad an Aontais a ghealladh thar thréimhse dhá bhliain chun dreasacht a thabhairt do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin ar bhealach comhoibríoch. 

Creat AE maidir le soláthar comhpháirteach cosanta

Réiteoidh an ionstraim ghearrthéarmach sin an bealach i dtreo creat de chuid an Aontais le haghaidh soláthar comhpháirteach cosanta: sa tríú ráithe de 2022, molfaidh an Coimisiún rialachán maidir leis an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint, lena gcuirfear ar chumas na mBallstát Cuibhreannais don Chumas Cosanta Eorpach a chur le chéile. Tríd an gCuibhreannas don Chumas Cosanta Eorpach, déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha cumais chosanta a fháil go comhpháirteach ar cinn iad a fhorbraítear ar bhealach comhoibríoch laistigh den Aontas agus a bhainfidh tairbhe as díolúine CBL. Chomh maith leis sin, féadfar maoiniú gaolmhar ón Aontas a chur ar fáil do thionscadail a bhfuil leas mór AE ag baint leo.

Ina theannta sin, chun na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta le díriú orthu a shainiú ar bhealach níos fearr, molann an Coimisiún agus an tArdionadaí bogadh de réir a chéile i dtreo feidhm chomhpháirteach an Aontais maidir le clársceidealú agus soláthar comhpháirteach i réimse na cosanta.

Comhar feabhsaithe i réimse na cosanta Eorpaí

Ar deireadh, le go mbeidh comhar feabhsaithe i réimse na cosanta Eorpaí ann teastaíonn plean gníomhaíochta láidir chun an acmhainneacht thionsclaíoch chosanta Eorpach a threisiú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • mapáil dhomhain a dhéanamh, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, ar chumais reatha thionsclaíocha déantúsaíochta an Aontais agus ar chinn bhreise atá riachtanach;
  • tionscnamh maidir le hAmhábhair Chriticiúla a mholadh, lena n-áirítear bearta reachtacha, chun rochtain an tionscail chosanta ar Amhábhair Chriticiúla a éascú, inter alia, rud a neartóidh teacht aniar an Aontais agus slándáil an tsoláthair;
  • obair a dhéanamh ar bhearta breise chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh scileanna sonracha cosanta ar fáil don bhorradh ar an gcumas tionsclaíoch;
  • leasuithe féideartha ar an gcreat le haghaidh taighde agus nuálaíocht dé-úsáide a mheas chun sineirgí idir ionstraimí sibhialta agus ionstraimí cosanta a fheabhsú;
  • obair a dhéanamh ar bhearta breise (glaonna comhordaithe i measc ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus iasachtaí BEI, cuir i gcás) chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt;
  • laistigh den athbhreithniú foriomlán ar thosaíochtaí san athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais, neartú ar bhuiséid an Chiste Eorpaigh Cosanta agus na soghluaisteachta míleata a mheas tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
  • bunú an CASSINI ar son na cosanta a bhrostú chun iontrálaithe nua a mhealladh agus tacú le nuálaíocht i réimse na cosanta.

Ba cheart do BEI measúnú a dhéanamh freisin ar cibé ar cheart dó an tacaíocht a thugann sé don tionscal cosanta Eorpach agus don soláthar comhpháirteach a fheabhsú sa bhreis an tacaíocht leanúnach a thugann sé don dé-úsáid.

Leis na bearta atá molta, déanfar comhpháirtí idirnáisiúnta níos láidre den Aontas Eorpach, agus laistigh de ECAT freisin, atá fós mar bhunshraith don chosaint chomhpháirteach dá ballstáit.

Comhfhís straitéiseach maidir le cosaint an Aontais

An 15 Feabhra 2022, thíolaic an Coimisiún a rannchuidiú breise chun cosaint na hEorpa a neartú. Cuimsítear leis sin roinnt tionscnamh i réimsí atá ríthábhachtach d’earnáil na cosanta agus don tslándáil laistigh den Aontas Eorpach, chomh maith le treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint. Dá réir sin, tá tograí nua á dtabhairt isteach ag an gCoimisiún i dtreo margadh cosanta Eorpach atá níos comhtháite agus níos iomaíche, go háirithe trí chomhar leis an Aontas agus laistigh de a spreagadh tuilleadh.

D’aithin an Coimisiún, go háirithe, na príomhréimsí nua seo a leanas chun iomaíochas mhargadh cosanta na hEorpa a neartú tuilleadh:

  • féachaint ar an gcaoi ar féidir infheistíochtaí na mBallstát a spreagadh a thuilleadh i bpríomhchumais straitéiseacha agus i gcumasóirí ríthábhachtacha a fhorbraítear agus/nó a sholáthraítear i gcreataí comhair de chuid an Aontais
  • soláthar comhpháirteach cumas cosanta a dhreasú tuilleadh a fhorbraítear ar bhealach comhoibríoch laistigh den Aontas
  • iarraidh ar na Ballstáit leanúint ar aghaidh i dtreo cleachtais rialaithe onnmhairí arm atá cuíchóirithe agus níos cóineasaithe, go háirithe i gcás cumais chosanta a fhorbraítear i gcreat comhoibritheach de chuid an Aontais

Faoi dheireadh 2022, beidh €1.9 billiún infheistithe ag an gCiste Eorpach Cosanta i dtionscadail taighde agus forbartha cumais chosanta. Cuirfidh sé tús le príomhthionscadail forbartha cumais ar mhórscála agus spreagfar nuálaíocht ag an am céanna. Féachfaidh an Coimisiún ar dhreasachtaí breise chun infheistíochtaí comhoibríocha na mBallstát a spreagadh i gcumais cosanta straitéiseacha a fhorbraítear agus/nó a sholáthraítear go comhpháirteach i gcreataí comhoibritheacha an Aontais.

Borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht san Eoraip agus spleáchais straitéiseacha a laghdú

Déanfaidh an Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla, atá á bunú faoi láthair ag an gCoimisiún, an méid seo a leanas:

  • teicneolaíochtaí criticiúla a shainaithint, faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu le haghaidh na n-earnálacha spáis, cosanta agus sibhialta gaolmhara
  • bearnaí teicneolaíochta, bunchúiseanna le spleáchais straitéiseacha agus leochaileachtaí a shainaithint
  • treochláir de bhearta maolaithe a chruthú agus bonn eolais a chur faoi shásraí cinnteoireachta agus maoinithe

Thairis sin, maidir le teicneolaíochtaí criticiúla, taighde agus nuálaíocht, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • leanúint d’fheabhas a chur ar shineirgíochtaí idir cláir agus ionstraimí an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht. Go háirithe, in 2023, tíolacfaidh an Coimisiún cur chuige chun taighde agus nuálaíocht dé-úsáide a spreagadh ar leibhéal an Aontais, lena ndíreofar ar earraí, ar theicneolaíocht agus ar bhogearraí is féidir úsáid a bhaint astu chun críocha sibhialta agus míleata araon.
  • iarraidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt go bhforbróidh siad cur chuige comhordaithe i leith teicneolaíochtaí criticiúla i gcomhthéacs an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint.
  • tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht i réimse na slándála agus na cosanta trí roinnt uirlisí (e.g. gorlann, saoráid mheasctha infheistíochta, etc.), agus trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais a chruthú lena dtabharfar na hiarrachtaí sin faoi scáth amháin.
  • measúnú níos córasaí a dhéanamh ar chúrsaí slándála agus cosanta agus ionstraimí tionsclaíochta agus trádála an Aontais atá ann cheana á gcur chun feidhme agus á n-athbhreithniú nó nuair a bheidh ionstraimí nua á ndearadh.

Soláthar comhpháirteach na gcumas cosanta a dhreasú

A military person and binoculars

Le soláthar comhpháirteach cumas cosanta Eorpach ó Bhallstáit an Aontais, méadaítear idir-inoibritheacht fhórsaí armtha náisiúnta na hEorpa go suntasach. Tacaíonn sé freisin le hiomaíochas bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch chosaint an Aontais, go háirithe trí bharainneachtaí scála níos fearr.

Sna blianta atá le teacht, féachfaidh an Coimisiún ar roinnt ionstraimí chun soláthar comhpháirteach na gcumas cosanta arna fhorbairt ar bhealach comhoibríoch laistigh den Aontas a dhreasú, ina measc tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tarscaoileadh Cánach Breisluacha (CBL) a mholadh go luath in 2023
  • réitigh nua maoiniúcháin a chur ar bun faoi lár 2023, agus
  • athbhreithniú féideartha ar shásraí bónais an Chiste Eorpaigh Cosanta.

Rialuithe onnmhairithe simplithe agus níos comhordaithe

Cé go n-aithníonn an Coimisiún gur inniúlacht náisiúnta é rialú ar onnmhairiú arm, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit féachaint ar bhealaí chun a rialacha agus a gcleachtais rialaithe maidir le heaspórtáil arm agus aistrithe arm a chuíchóiriú agus a chóineasú de réir a chéile, go háirithe i gcás na gcumas cosanta sin a fhorbraítear go comhpháirteach.

Faoi dheireadh 2022 oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun aistriú táirgí cosanta arna gcistiú ag an Aontas laistigh den mhargadh inmheánach a éascú tuilleadh.

Athléimneacht na hEorpa a fheabhsú

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála an lae inniu, ní mór athléimneacht na hEorpa a fheabhsú. Tá sé d’aidhm ag an togra nua ón gCoimisiún é sin a dhéanamh trí phríomhthionscnaimh chumasúcháin, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

alt=""

bagairtí hibrideacha a chomhrac

alt=""

cibearshlándáil agus cibearchosaint a neartú

alt=""

borradh a chur faoi shoghluaisteacht mhíleata

alt=""

aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide a bhaineann le cúrsaí cosanta

Amlíne

  1. 3 Bealtaine 2023

    An Gníomh um Thacaíocht do Tháirgeadh Armlón (ASAP) glactha ag an gCoimisiún chun armlón agus diúracáin a sheachadadh go práinneach chuig Úcráin agus chun cabhrú leis na Ballstáit a gcuid stoc a athlíonadh.

  2. 19 Iúil 2022

    Togra le haghaidh Rialacháin ghlactha ag an gCoimisiún maidir le hAtreisiú thionscal Cosanta na hEorpa a bhunú tríd an nGníomh Soláthair Choitinn (EDIRPA) le haghaidh soláthar cosanta coiteann gearrthéarmach.

  3. 18 Bealtaine 2022

    Teachtaireacht maidir le Bearnaí Infheistíochta Cosanta agus bearta chun aghaidh a thabhairt orthu

  4. 24-25 Márta 2022

    An Chomhairle Eorpach agus an Compás Straitéiseach formhuinithe

  5. 11 Márta 2022

    Cinn Stáit agus Rialtais tagtha le chéile in Versailles

  6. 15 Feabhra 2022

    Teachtaireacht maidir le Cosaint Eorpach

  7. 30 Meitheamh 2021

    Ciste Eorpach Cosanta seolta

Doiciméid

Communication on contributing to European defence and related documents (including press releases, Q&As and factsheets)