
Agus an lámh in uachtar á fháil againn ar an bpaindéim, agus na hathchóirithe riachtanacha á n-ullmhú againn agus luas á chur againn leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, creidim go bhfuil sé in am freisin chun an leabhar rialacha sóisialta a chur in oiriúint. Leabhar rialacha lena gcinnteofar dlúthpháirtíocht idir na glúnta. Leabhar rialacha lena dtugtar luach saothair d’fhiontraithe a thugann aire dá bhfostaithe. Ceann a dhíríonn ar phoist agus a chuireann deiseanna ar fáil. Agus lena gcuirtear scileanna, nuálaíocht agus an chosaint shóisialta ar chomhchéim.
An tUachtarán Ursula von der Leyen, 20 Eanáir 2021
Dearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha molta ag an gCoimisiún

Leis an dréachtdearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha a mhol an Coimisiún an 26 Eanáir, féachtar le pointe tagartha soiléir a thabhairt do shaoránaigh san Aontas faoin gcineál claochlaithe dhigitigh atá á chur chun cinn agus á chosaint ag an Eoraip. Is treoir a bheidh ann freisin do lucht ceaptha beartas agus do chuideachtaí agus iad ag plé le teicneolaíochtaí nua.