
Is leis an 20 croíphrionsabal i gColún na gCeart Sóisialta a leagtar amach an bealach i dtreo Eoraip láidir shóisialta atá cothrom, ionchuimsitheach, lán deiseanna.
Tá roinnt gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an gCoimisiún cheana féin atá bunaithe ar phrionsabail an Cholúin, agus tá gníomhaíochtaí breise beartaithe chun cearta sóisialta a neartú a thuilleadh san Aontas.
Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá tionscnaimh nithiúla leagtha amach ag an gCoimisiún chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhíorú. Is obair chomhroinnte de chuid Institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta é fíorú an Cholúin.
Léigh an leagan soléite den 20 prionsabal.
Caibidil I: Comhdheiseanna agus rochtain chomhionann ar an margadh saothair
![]() 1. Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoilTá an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Clár oibre scileanna don Eoraip, Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, an Comhshocrú um Scileanna, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027), Cuntais Foghlama Aonair agus Creat Micridhintiúr , an Pacáiste um Scileanna agus Tallanna ![]() 2. Comhionannas inscneNí mór deimhin a dhéanamh de go gcaitear go comhionann le mná agus le fir agus go mbeidh comhdheiseanna acu agus an méid sin a chothú i ngach réimse, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim. Tá an ceart ag mná agus fir ar phá comhionann a fháil as obair ar luach comhionann. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Straitéis Eorpach um Chomhionannas Inscne, Trédhearcacht pá ![]() 3. ComhdheiseannaBeag beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, tá an ceart ag cách ar chóir chomhionann agus ar chomhdheiseanna i ndáil leis an bhfostaíocht, cosaint shóisialta, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal. Cothófar comhdheiseanna do na ngrúpaí a bhfuil gannionadaíocht acu. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025, Creat Straitéiseach an Aontais maidir le Comhionannas, Ionchuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach, Moladh ón gComhairle maidir le Comhionannas, Ionchuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach, an Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Ionchuimsiú, an Straitéis um Chomhionannas LADTIA ![]() 4. Tacaíocht ghníomhach don fhostaíochtTá an ceart ag cách ar chúnamh tráthúil saincheaptha chun deiseanna ionchasacha fostaíochta nó féinfhostaíochta a fheabhsú. Cuimsíonn sin an ceart chun tacaíocht a fháil don chuardach fostaíochta, don oiliúint agus chun cáilíochtaí nua a bhaint amach. Tá an ceart ag cách teidlíochtaí cosanta sóisialta agus teidlíochtaí oiliúna a aistriú agus agus iad a aistriú ó phost amháin go post eile. Tá an ceart ag daoine óg ar oideachas leanúnach, printíseacht, tréimhse oiliúna nó tairiscint fhiúntach poist a fháil faoi cheann 4 mhí ó bheith dífhostaithe nó ón oideachas a fhágáil. Tá an ceart ag daoine atá dífhostaithe tacaíocht phearsanaithe leanúnach chomhsheasmhach a fháil. Tá an ceart ag daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach measúnú pearsanta mionsonraithe a fháil faoi cheann 18 mí ar a mhéad ó bheith dífhostaithe. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Tacaíocht Fostaíochta don Aos Óg , an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg. , Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht, an Plean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, Meastóireacht ar an gCreat Cáilíochta do Thréimhsí Oiliúna |
Caibidil II: Coinníollacha córa oibre
![]() 5. Fostaíocht sheasmhach inoiriúnaitheBeag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, tá an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. Cothófar athrú de réir a chéile i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo. I gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe comhchoiteanna, déanfar deimhin de go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag fostóirí chun dul in oiriúint go tapa d'athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch. Cothófar cineálacha nuálacha oibre faoina ndéantar dálaí oibre d'ardchaighdeán a chinntiú. Déanfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht a spreagadh. Déanfar soghluaisteacht sa ghairm bheatha a éascú. Cuirfear cosc ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena n-áirítear trí chosc a chur le mí-úsáid conarthaí neamhghnácha. Is tréimhse réasúnta a bheidh sna tréimhsí promhaidh. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Treoir atá beartaithe maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin ![]() 6. PánnaTá an ceart ag oibrithe pá cothrom a fháil a fhágann gur féidir leo caighdeán maith maireachtála a bheith acu. Déanfar íosphá leordhóthanach a chinntiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus cosnófar rochtain ar fhostaíocht agus dreasachtaí chun obair a lorg ag an am céanna. Cuirfear cosc ar an mbochtaineacht ina measc siúd atá ag obair. Socrófar gach tuarastal ar bhealach trédhearcach intuartha i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta, agus déanfar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Treoir maidir le híosphá leordhóthanach ![]() 7. Eolas maidir le dálaí fostaíochta agus cosaint i gcás dífhostuitheTá an ceart ag oibrithe eolas a fháil i scríbhinn ag tús na tréimhse fosaíochta faoi na cearta agus faoi na hoibleagáidí atá acu faoin gcaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear sa tréimhse phromhaidh. Sula ndéanfar oibrithe a dhífhostú, tá an ceart acu eolas a fháil faoi na cúiseanna atá leis agus tréimhse fógra réasúnta a bheith tugtha dóibh. Tá an ceart acu rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, tá an ceart acu ar shásamh, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach. ![]() 8. Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibritheRachfar i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta. Tabharfar spreagadh dóibh comhaontuithe coiteanna a chaibidliú agus a chur i gcrích ar chúrsaí atá ábhartha dóibh, ach déanfar a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht choiteann a dhéanamh a urramú ag an am céanna. Nuair is iomchuí, cuirfear comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir na comhpháirtithe sóisialta chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Tá an ceart ag oibrithe nó ag a n-ionadaithe eolas a fháil agus go rachfaí i gcomhairle leo go tráthúil ar chúrsaí atá ábhartha dóibh, go háirithe maidir le gnóthais a aistriú, a athstruchtúrú nó a chumaisc agus maidir le comhiomarcaíochtaí. Tabharfar tacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta páirt níos mó a ghlacadh i gcur chun cinn an idirphlé shóisialta. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Teachtaireacht agus Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, Tionscnamh maidir le cómhargáil le haghaidh daoine féinfhostaithe ![]() 9. Cothromaíocht oibre agus saoilTá an ceart ag tuismitheoirí agus ag daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar laethanta saoire oiriúnacha, ar shocruithe oibre solúbtha agus ar rochtain ar sheirbhísí cúraim. Beidh comhrochtain ag mná agus fir ar laethanta saoire speisialta chun na freagrachtaí cúraim atá orthu a chomhlíonadh agus spreagfar iad chun úsáid a bhaint astu ar bhealach cothromaithe. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil ![]() 10. Timpeallacht oibre shláintiúil shábháilte atá curtha in oiriúint i gceart don oibrí agus cosaint sonraíTá an ceart ag oibrithe leibhéal ard cosanta ar a sláinte agus ar a sábháilteacht a fháil san obair. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Creat straitéiseach an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027, Tograí dlíthiúla chun laghdú a dhéanamh ar nochtadh oibrithe do cheimiceáin ghuaiseacha, lena n-áirítear aispeist |
Caibidil III: Cosaint shóisialta agus ionchuimsiú sóisialta
![]() 11. Cúram leanaí agus tacaíocht do leanaíTá an ceart ag leanaí oideachas agus cúram luath-óige inacmhainne ar ardchaighdeán a fháil. Tá an ceart ag leanaí cosaint a fháil ar an mbochtaineacht. Tá an ceart ag leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste go ndéanfar bearta ar leith dóibh chun comhdheiseanna a fheabhsú. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Straitéis um Chearta an Linbh, an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, Athbhreithniú ar spriocanna Barcelona ![]() 12. Cosaint shóisialtaBeag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, tá an ceart ag oibrithe agus, faoi dhálaí inchomparáide, ag daoine féinfhostaithe, ar chosaint shóisialta leordhóthanach. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta, Teachtaireacht maidir le hObair Chuibhiúil ar fud an Domhain, Tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le hAm Oibre, Treoraíocht maidir le measúnuithe ex-ante ar thionchar dáileach ![]() 13. Sochair dhífhostaíochtaTá an ceart ag daoine dífhostaithe tacaíocht ghníomhachtúcháin leordhóthanach a fháil ó sheirbhísí fostaíochta poiblí chun iad a (ath)lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta a fháil ar feadh tréimhse réasúnta, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus le rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Ní fheidhmeoidh sochair den sórt sin mar dhídhreasacht i dtaca le filleadh go tapa ar an obair. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ![]() 14. Ioncam íostaTá an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol, agus ar rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin. I gcás daoine atá in ann obair a dhéanamh, ba cheart na sochair ioncaim íosta a chur le dreasachtaí chun iad a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta ![]() 15. Ioncam seanaoise agus pinsinTá an ceart ag oibrithe agus daoine féinfhostaithe atá ar scor pinsean a fháil atá i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus a chinntíonn ioncam leordhóthanach dóibh. Beidh comhdheiseanna ag mná agus ag fir cearta pinsin a fháil. Tá an ceart ag cách atá ag dul anonn in aois acmhainní a fháil a chinntíonn gur féidir leo saol faoi dhínit a chaitheamh. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Páipéar Uaine maidir leis an Aosú ![]() 16. Cúram sláinteTá an ceart ag cách rochtain thráthúil a fháil ar chúram sláinte coisctheach leigheasach inacmhainne ar ardchaighdeán. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: Plean Sáraithe Ailse na hEorpa ![]() 17. Ionchuimsiú na ndaoine faoi mhíchumasTá an ceart ag daoine faoi mhíchumas ar thacaíocht ioncaim a chinntíonn gur féidir leo saol faoi dhínit a chaitheamh, ar sheirbhísí a chuireann ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, agus ar thimpeallacht oibre atá curtha in oiriúint dá gcuid riachtanais. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 ![]() 18. Cúram fadtéarmachTá an ceart ag cách ar sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh inacmhainne ar ardchaighdeán, go háirithe cúram sa bhaile agus seirbhísí pobalbhunaithe. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An Straitéis Eorpach um Chúram ![]() 19. Tithíocht agus cabhair do dhaoine gan dídeana. Déanfar rochtain ar thithíocht shóisialta nó cúnamh tithíochta ar dhea-chaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar. b. Tá an ceart ag daoine leochaileacha ar chúnamh agus cosaint oiriúnach i gcoinne díbirt d'éigean. c. Cuirfear dídean agus seirbhísí leordhóthanacha ar fáil do dhaoine gan dídean chun chun cuidiú lena gcuimsiú sa tsochaí. Gníomhaíocht ghaolmhar an Choimisiúin: An tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac ![]() 20. Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanachaTá an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán; cuimsíonn sin seirbhísí uisce, sláintíochta, fuinnimh, iompair, airgeadais agus cumarsáide digití. Cuirfear tacaíocht don rochtain ar sheirbhísí den sórt sin ar fail dóibh siúd atá ina ngátar. |
Doiciméid
- Íoslódáilбългарски(368.13 KB - PDF)
- Íoslódáilespañol(372.18 KB - PDF)
- Íoslódáilčeština(371.71 KB - PDF)
- Íoslódáildansk(374.57 KB - PDF)
- ÍoslódáilDeutsch(466.42 KB - PDF)
- Íoslódáileesti(347.37 KB - PDF)
- Íoslódáilελληνικά(350.83 KB - PDF)
- Íoslódáilfrançais(435.32 KB - PDF)
- Íoslódáilhrvatski(381.38 KB - PDF)
- Íoslódáilitaliano(378.4 KB - PDF)
- Íoslódáillatviešu(354.22 KB - PDF)
- Íoslódáillietuvių(381.09 KB - PDF)
- Íoslódáilmagyar(397.84 KB - PDF)
- ÍoslódáilMalti(403.95 KB - PDF)
- ÍoslódáilNederlands(382.84 KB - PDF)
- Íoslódáilpolski(386.48 KB - PDF)
- Íoslódáilportuguês(392 KB - PDF)
- Íoslódáilromână(292.9 KB - PDF)
- Íoslódáilslovenčina(402.43 KB - PDF)
- Íoslódáilslovenščina(388.53 KB - PDF)
- Íoslódáilsuomi(333.32 KB - PDF)
- Íoslódáilsvenska(375.65 KB - PDF)