Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta

Le Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit uile.

Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

Le Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, cuirtear tuarascáil sintéise i láthair maidir le staid an smachta reachta san Aontas, agus i gcaibidlí na dtíortha, a bhfuil 27 acu ann, cuirtear measúnuithe sonracha i láthair ó na Ballstáit i dtaca le forbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta. Clúdaítear ceithre cholún inti, is iad sin: an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Braitheann caibidlí na dtíortha ar mheasúnú cáilíochtúil a dhéanann an Coimisiún. Dírítear sna measúnuithe ar shintéis na bhforbairtí suntasacha ó bhí Eanáir 2019 ann, iad curtha i láthair le cur síos fíorasach maidir leis an gcreat dlíthiúil agus institiúideach atá ábhartha i gcás gach colúin. Sa mheasúnú, cuirtear idir dhúshláin agus ghnéithe dearfacha i láthair, dea-chleachtais san áireamh. Chinntigh an Coimisiún cur chuige comhleanúnach coibhéiseach tríd an modheolaíocht chéanna a chur i bhfeidhm agus imscrúdú a dhéanamh ar na hábhair chéanna sna Ballstáit go léir, é comhréireach leis an staid agus le forbairtí.

2020 Rule of Law Report: Communication and country chapters

Modheolaíocht

Is a bhuí le dlúthchomhar leis na Ballstáit a tháinig ann don Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus braitheann sí ar roinnt foinsí éagsúla. An measúnú atá le fáil i gCaibidlí na dTíortha, a bhfuil 27 acu ann, ullmhaíodh é i gcomhréir leis an modheolaíocht a pléadh leis na Ballstáit. Leis an modheolaíocht sin, leanfar de threoir a thabhairt d'ullmhú na n-eagrán atá le teacht den Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta. Le haghaidh gach ceann de na colúin, meabhraítear leis an modheolaíocht forálacha ábhartha dhlí an Aontais don mheasúnú. Déantar tagairt freisin ann do thuairimí agus do mholtaí ó Chomhairle na hEorpa, ar rudaí iad a thugann treoir úsáideach.

Bunaíodh líonra pointí teagmhála maidir leis an smacht reachta náisiúnta le cuidiú chun an sásra a bhunú, le plé a dhéanamh ar an modheolaíocht, agus le feidhmiú mar bhealach cumarsáide leanúnach leis na Ballstáit. Fuair an Coimisiún ionchur i scríbhinn ó na Ballstáit uile agus ó níos mó ná 200 páirtí leasmhar, agus reáchtáil sé breis agus 300 cruinniú fhíorúla leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta.

2020 Rule of Law Report: methodology

Ionchur ó na Ballstáit

Iarradh ar na Ballstáit uile eolas a chur ar fáil maidir leis an gcreat dlíthiúil agus institiúideach foriomlán ina dtír féin, mar aon le forbairtí suntasacha a rinneadh ó bhí 2019 ann de réir teimpléad comhaontaithe. Rinneadh an t-eolas a struchtúrú i gcomhréir leis na ceithre cholún a chlúdaítear sa Tuarascáil, is iad sin: an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin.

2020 Rule of Law Report - input from Member States

Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Mar chuid den ullmhúchán le haghaidh Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar pháirtithe leasmhara rannchuidithe i scríbhinn a chur ar fáil trí chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ón 24 Márta go dtí an 4 Bealtaine 2020. A bhuí leis an gcomhairliúchán, fuarthas breis agus 200 rannchuidiú cothrománach agus tír-shonrach ó réimse leathan gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, líonraí Eorpacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus Eorpacha agus comhlachais ghairmiúla mar aon le gníomhaithe idirnáisiúnta agus Eorpacha. An t-eolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán sin, chuir sé torthaí fíorasacha maidir le forbairtí sna Ballstáit ar fáil do mheasúnú an Choimisiúin.

2020 Rule of Law Report: targeted stakeholder consultation

Documents

30 MEÁN FÓMHAIR 2020
2020 Rule of law report - methodology

30 MEÁN FÓMHAIR 2020
The EU’s rule of law toolbox - factsheet

30 MEÁN FÓMHAIR 2020
The European rule of law mechanism - factsheet