Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Saolré bhuiséad bliantúil an Aontais

Clúdaíonn saolré bhuiséad bliantúil an Aontais tréimhse trí bliana. Díríonn an t-ullmhúchán ar bhuiséad na bliana dár gcionn agus tógann sé roinnt míonna. Is é an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit nó tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann an cur chun feidhme. Is iad an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa araon a dhéanann rialú ar an gcaoi ar caitheadh an t-airgead tar éis dheireadh na bliana airgeadais.