Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh

Uirlis láidir chun ár ngeilleagair agus ár sochaithe a athoscailt

Gné ríthábhachtach de fhreagairt na hEorpa ar phaindéim COVID-19 is ea Deimhniú Digiteach COVID an Aontais lenar eisíodh breis agus 2.3 billiún deimhniú.

Leis an deimhniú, cumhdaíodh vacsaíniú, tástáil agus téarnamh in aghaidh COVID-19 agus éascaíodh taisteal sábháilte do shaoránaigh. Bhí sé ríthábhachtach freisin chun tacú le tionscal turasóireachta na hEorpa a buaileadh go dona.

Éascaíodh leis taisteal sábháilte do shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh nuair a chuir na Ballstáit srian ar thaisteal ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí. Ina theannta sin, d’fhág sé gurbh fhéidir comhordú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis na srianta sin a luaithe ab fhéidir. Go deimhin, níl aon srian taistil ann laistigh den Aontas a thuilleadh ó mhí Lúnasa 2022 i leith.

D’éirigh go maith le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ar fud an domhain chomh maith: tá caighdeán domhanda leagtha síos aige maidir le taisteal idirnáisiúnta agus is é an t-aon chóras amháin atá i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta. 51 thír i gceithre mhór-roinn a bhain tairbhe as an gcóras sin. 

Tháinig an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfeidhm an 1 Iúil 2021 agus chuaigh sé in éag an 30 Meitheamh 2023. 

Céim i dtreo na slándála sláinte domhanda

An 1 Iúil 2023 ghlac an EDS córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais chun córas domhanda a bhunú a chuideodh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte leanúnacha agus ar bhagairtí a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh. Is é seo an chéad chuid de Líonra Deimhniúcháin Sláinte Digití Domhanda EDS lena bhforbrófar raon leathan táirgí digiteacha chun sláinte níos fearr a chur ar fáil do chách.

Éascóidh EDS an próiseas sin ar fud an domhain faoina struchtúr féin agus is é cóineasú na ndeimhnithe digiteacha COVID-19 an chéad chás úsáide. San áireamh leis sin tá caighdeáin an Aontais a ghlacadh agus sínithe digiteacha a bhailíochtú chun calaois a chosc. Ar an gcaoi sin, ní bheidh rochtain ag EDS ar aon bhunsonraí pearsanta, ar sonraí iad a bheadh fós ina réimse eisiach rialtas náisiúnta.

Comhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas Eorpach agus an EDS

Chun éascú a dhéanamh maidir le EDS deimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh, agus chun rannchuidiú lena oibriú agus lena fhorbairt tuilleadh, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach agus EDS oibriú le chéile i réimse na sláinte digití.

Oibreoidh an chomhpháirtíocht sin chun córas EDS a fhorbairt go teicniúil le cur chuige céimnithe chun cásanna úsáide breise a chumhdach, lena bhféadfaí digitiú an Deimhnithe Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais a chur san áireamh, mar shampla. Beidh sé ríthábhachtach na réitigh dhigiteacha sin a leathnú chun sláinte níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh ar fud an domhain.

An Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití

Is córas deonach é an Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití ar féidir leis cabhrú le saoránaigh a gcuid doiciméad sláinte a bhailíochtú agus a gcuid sonraí sláinte leictreonacha a úsáid ar bhealach sábháilte agus slán.

Tá sé deonach do na Ballstáit dul isteach i Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití de chuid EDS. Leis an Moladh ón gComhairle a glacadh an 27 Meitheamh 2023, moltar do na Ballstáit uile a bheith rannpháirteach i gcóras EDS agus leanúint de dheimhnithe COVID-19 a eisiúint arna iarraidh sin orthu.

Socrú Riaracháin neamhcheangailteach idir an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sínithe ag an dá eagraíocht. Is doiciméad teicniúil é an Socrú Riaracháin a leagann síos an aidhm idir an Coimisiún Eorpach agus an EDS comhoibriú a dhéanamh maidir le creat Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh agus forbairt bhreise a dhéanamh ar an Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití. 

Amlíne

  1. 1 Iúil 2023

    Ghlac EDS córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais chun córas domhanda a bhunú a chuideodh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte leanúnacha agus a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh.

  2. 30 Meitheamh 2023

    Chuaigh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais in éag.

  3. 13 Nollaig 2022

    Ghlac an Chomhairle Moladh athbhreithnithe maidir le deireadh a chur leis na srianta taistil uile laistigh den Aontas.

  4. 29 Meitheamh 2022

    Cuireadh síneadh leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá na Ballstáit in ann deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe trialacha cliniciúla anois, agus aithneoidh siad cineálacha breise tástálacha antaiginí feasta.

  5. 29 Márta 2022

    Díolmhaíodh le rialacha nua mionaoisigh ón tréimhse bhailíochta 9 mí le haghaidh deimhnithe vacsaínithe.

  6. 22 Feabhra 2022

    Is féidir deimhnithe téarnaimh a eisiúint anois bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí

  7. 25 Eanáir 2022

    Ghlac an Chomhairle moladh athbhreithnithe maidir le bearta lena n-gcinntítear comhordú ar thaisteal sábháilte san Aontas, iad bunaithe ar chás aonair na ndaoine agus ní ar réigiún tionscnaimh an duine a thuilleadh.

  8. 21 Nollaig 2021

    Ghlac an Coimisiún rialacha lena mbunaítear tréimhse cheangailteach bhailíochta 9 mí le haghaidh deimhnithe vacsaínithe a úsáidtear chun taisteal laistigh den Aontas.

  9. 1 Iúil – 12 Lúnasa 2021

    Céimniú isteach: i gcás nach bhfuil Ballstát réidh chun an deimhniú nua a eisiúint dá saoránaigh, beifear go fóill in ann formáidí eile a úsáid agus is ceart do na Ballstáit eile glacadh leo.

  10. 1 Iúil 2021

    Tháinig Deimhniú Digiteach COVID de chuid an Aontais i bhfeidhm ar fud an Aontais.

  11. lár mhí an Mheithimh 2021

    Moladh Athbhreithnithe ón gComhairle maidir le taisteal laistigh den Aontas Eorpach.

  12. 1 – 30 Meitheamh 2021

    An tréimhse réamhchleachtaidh: Féadfaidh na Ballstáit an deimhniú a sheoladh ar bhonn deonach ar choinníoll go bhfuil siad réidh le deimhnithe a eisiúint agus a fhíorú, agus go bhfuil an bonn dlíthiúil is gá i bhfeidhm acu.

  13. 1 Meitheamh 2021

    Cuireadh Tairseach an Aontais Eorpaigh (idirnascadh na gcóras náisiúnta) chun feidhme.

  14. 20 Bealtaine 2021

    Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Deimhniú Digiteach COVID de chuid an Aontais.

  15. 7 Bealtaine 2021

    Chuir an Coimisiún tús le tástáil phíolótach bhonneagar idir-inoibritheachta an Aontais (Tairseach an Aontais Eorpaigh) lena n-éascófaí barántúlacht na nDeimhnithe de chuid an Aontais.

  16. 22 Aibreán 2021

    Chomhaontaigh ionadaithe na mBallstát sa Líonra ríomhShláintetreoirlínte lena ndéantar cur síos ar na príomhshonraíochtaí teicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais. Céim ríthábhachtach a bhí ann chun an bonneagar is gá a bhunú ar leibhéal an Aontais.

  17. 14 Aibreán 2021

    Ghlac an Chomhairle a sainordú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an togra.

  18. 17 Márta 2021

    Mhol an Coimisiún téacs reachtach lena mbunófar creat coiteann maidir le deimhniú de chuid an Aontais.

  19. 27 Eanáir 2021

    Glacadh treoirlínte lenar leagadh amach ceanglais idir-inoibritheachta maidir le deimhnithe vacsaínithe digiteacha, ar treoirlínte iad a chuireann leis an idirphlé atá ag dul ar aghaidh idir an Coimisiún agus na Ballstáit sa Líonra ríomhShláinte ó bhí mí na Samhna 2020 ann.

Doiciméid