Glac páirt sa spraoi Dé hAoine an 26 Meán Fómhair nuair a dhéanann an tAontas Eorpach ceiliúradh ar shaibhreas a theangacha agus a chultúir le Lá Eorpach na dTeangacha. Ó imeachtaí agus cluichí speisialta go caiféanna teanga agus gníomhaíochtaí praiticiúla, tá rud éigin ann do chách. Is é ‘Osclaíonn teangacha croíthe agus intinne!’ téama na bliana seo, rud a léiríonn go mbaineann foghlaim teangacha leas as na mothúcháin agus as an inchinn araon.Ar an lá, is féidir leis na mílte Eorpach, scoileanna agus eagraíochtaí ar fud na hEorpa eolas a chur ar an gcaoi a gcabhraíonn foghlaim teangacha linn cultúir eile a thuiscint agus caidrimh níos láidre a chothú. Tarraingíonn an lá aird freisin ar an meascán saibhir teangacha a labhraítear san Eoraip – tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas, ach tá tírdhreach teangeolaíoch na hEorpa níos saibhre ná sin fós. Labhraíonn daoine níos mó ná 60 teanga réigiúnach agus mionlaigh, chomh maith le go leor teangacha ar thug pobail imirceach isteach leo. Cuireann an tAontas Eorpach foghlaim teangacha chun cinn go gníomhach toisc go n-osclaíonn sí doirse do dheiseanna nua ag céim ar bith den saol. An raibh tú riamh ar saoire i dtír eile nuair a sheas na focail i do bhéal? Is féidir le foghlaim teangacha cabhrú leat leis sin. Is féidir léi freisin do dheiseanna fostaíochta a fheabhsú, cabhrú leat taitneamh a bhaint as leabhair, scannáin agus nuacht sa bhunteanga agus cur le d’fhéinmhuinín.Mar sin, bí linn le haghaidh Lá Eorpach na dTeangacha 2025 agus glac páirt san iliomad gníomhaíochtaí foghlama teanga. Ar thionscnamh Chomhairle na hEorpa, tá Lá Eorpach na dTeangacha á cheiliúradh ar an 26 Meán Fómhair gach bliain ó bhí 2001 ann – i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach.Tuilleadh eolaisLá Eorpach na dTeangacha26 Meán Fómhair – Lá Eorpach na dTeangacha Déan Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh linn! Glac páirt i dtionscnaimh teanga Eorpacha Sonraí Dáta foilsithe26 Meán Fómhair 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide