FÍRICCumhdaíonn na smachtbhannaí 70% de shócmhainní chóras baincéireachta na Rúise Díriú ar earnáil baincéireachta na Rúise Trí mhargaí caipitil an Aontais a cheilt ar an Rúis, tá na costais iasachtaíochta agus idirbhirt á méadú do na heintitis a bhfuil smachtbhannaí orthu, agus tá bonn tionsclaíoch na Rúise á chreimeadh de réir a chéile.Tá an méid seo a leanas ar na bearta:toirmeasc a chur ar aon chineál iasachta a thabhairt do bhainc áirithe na Rúise agus do rialtas na Rúise (an Banc Ceannais san áireamh) agus ar na hurrúis a eisíonn na bainc sin a cheannachtoirmeasc ar gach idirbheart le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht stát na Rúise in earnálacha éagsúla – coimpléasc míleata tionsclaíoch na Creimiletoirmeasc ar nótaí bainc a easpórtáil agus ar urrúis inaistrithe a dhíol in airgeadraí oifigiúla uile an Aontaistoirmeasc ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Aontais an Rúis agus gnólachtaí Rúiseacha a rátáil, agus ar sholáthar seirbhísí rátála do chliaint na Rúisetoirmeasc ar sheirbhísí cripteashócmhainní ardluacha a sholáthar don Rúis agus toirmeasc ar gach tiachóg cripteashócmhainní, gan beann ar an méidtoirmeasc ar sheirbhísí gnó, go díreach nó go hindíreach, amhail seirbhísí maidir le cuntasaíocht, iniúchóireacht, iniúchóireacht reachtúil, leabharchoimeád agus comhairliúchán cánach, sainchomhairleoireacht TF, comhairle dhlí, ailtireacht agus innealtóireacht, sainchomhairleoireacht bhainistíochta, caidreamh poiblí, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, tástáil agus anailís theicniúil, fógraíocht agus seirbhísí rátálatoirmeasc ar chomhairle a chur ar Rúisigh shaibhre maidir le pleanáil airgeadais agus iontaobhais airgeadais agus cosc ar a dtaiscí móra i mbainc an Aontaistoirmeasc a chur ar náisiúnaigh Rúiseacha a bheith ar chomhlachtaí rialaithe i mbonneagar criticiúil na mBallstátidirbhearta le bainc agus le soláthróirí criptea-shócmhainní, sa Rúis agus i dtírú tíortha, a thacaíonn le bonn tionsclaíoch cosanta na Rúise Tá calcadh sócmhainní agus toirmisc mhaoiniúcháin forchurtha ag an Aontas ar roinnt bainc Rúiseacha agus tá bac á chur aige ar chúlchistí malairte eachtraí na Rúise atá á gcoinneáil san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:príomhbhainc na Rúise a eisiamh ón gcóras SWIFT, an córas teachtaireachtaí airgeadais is mó ar domhan – cuireann an beart sin cosc ar na bainc sin a n-idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa éifeachtúiltoirmeasc a chur ar bhainc an Aontais lasmuigh den Rúis úsáid a bhaint as an gcóras teachtaireachtaí airgeadais SPFS, arb ionann é agus SWIFT sa Rúistoirmeasc a chur ar bhainc tríú tíortha nach bainc Rúiseacha iad a bhfuil baint acu le SPFS gnó a dhéanamh le hoibreoirí an Aontaistoirmeasc a chur ar infheistiú i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíDaoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar iomparSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiúSmachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach