Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

cad chuige an comórtas seo?

Juvenes Translatores

Aistriúchán agus foghlaim teangacha a chur chun cinn ...

Má tá muintir na hEorpa le bheith "aontaithe san éagsúlacht", de réir mhana an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar theangacha eile sa bhreis ar ár dteanga féin.

Má tá dúil agat i dteangacha iasachta is deis iontach duit comórtas Juvenes Translatores, comórtas atá á reáchtáil ó 2007 i leith.

San fhadtéarma, tugann teangacha daoine le chéile agus cuireann siad lenár dtuiscint ar chultúir eile. Agus cabhróidh siad libhse – an chéad ghlúin eile de dhaoine fásta – dul i mbun staidéir nó i mbun oibre ar fud na hEorpa.

Is léir ó staidéir a rinneadh go bhfuil an t-éileamh ar an aistriúchán agus ar aistritheoirí san Eoraip ag síorfhás. Ba chóir d'fhoghlaimeoirí teangacha bheith réidh chuige sin! Ardaíonn comórtas Juvenes Translatores feasacht i dtaobh a thábhachtaí agus atá scileanna aistriúcháin agus a thábhachtaí agus atá an t-aistriúchán – "slí idirghabhála" idir teangacha – don chaoi a bhfoghlaimítear teangacha.

... cabhair a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí ...

Eagraíonn roinnt scoileanna a scrúduithe réamhroghnúcháin féin chun a chinntiú go roghnaítear na daltaí is fearr don chomórtas agus le go mbeidh seans ag níos mó ná cúigear daltaí sa scoil páirt a ghlacadh ann. Is minic na hócáidí sin ina gcomóradh ar aistriúchán agus ar theangacha sa scoil agus bíonn múinteoirí agus daltaí ó ranganna éagsúla páirteach iontu.

... agus comhobair le scoileanna i dtíortha eile a chur chun cinn

Is minic a spreagann comórtas Juvenes Translatores tionscadail eile a bhaineann le teangacha nó cultúr. Mar shampla, d'eagraigh roinnt scoileanna a bhí páirteach ann roimhe seo malartuithe oideachais.

Nó b'fhéidir go gcuirfeadh scoileanna áirithe spéis in eTwinning.

Coinnigh súil ar ár leathanach Facebook. Beidh an nuacht is déanaí faoin gcomórtas ar fáil ansin agus is áit é le do chuid smaointe a roinnt le daoine eile atá páirteach sa chomórtas.