Comórtas chun luach saothair a thabhairt do na haistritheoirí óga is fearr san Aontas Eorpach
Seo linn ar bhealach ár leasa i dtreo todhchaí níos glaise
Fáilte romhat chuig an gcomórtas!
Tréaslaímid leis na 28 mbuaiteoir sa 12ú heagrán seo de Juvenes Translatores, comórtas aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh do dhaltaí meánscoile.
An 23 Samhain, d'aistrigh 3,348 ndalta as gach cearn den Eoraip na téacsanna ar chaith aistritheoirí as Coimisiún an Aontais Eorpaigh cuid mhór ama á ndréachtú, á bplé agus á mbailchríochú.
Liosta na mbuaiteoirí
Is mór an buntáiste ag daoine óga an lae inniu eolas ar theangacha a bheith acu agus iad ag lorg poist agus ag fáil faoi réir le dul i gceann an tsaoil.
Deis is ea comórtas Juvenes Translatores d'aistritheoirí an Choimisiúin a ndúil i dteangacha a roinnt le pobal na hEorpa.
Le linn chomórtas 2013, cuireadh ar a súile do bhreis agus 3,000 déagóir ó cheann ceann na hEorpa cé chomh dúshlánach agus chomh tarraingteach atá an t-aistear ó theanga amháin go teanga eile.
27 pointe lonrachta ar léarscáil na hEorpa, pointe do gach aistriúchán a bhí sa chéad áit sa séú bliain den chomórtas
27 buaiteoir, mar is gnách – duine amháin ó gach tír san AE …ach chuir líon as cuimse iarrathóirí isteach air an uair seo – breis is 3,000
Anois agus muid ag cur clabhsúir leis an gceathrú heagrán deJuvenes Translatores, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na scoileanna agus na daltaí go léir as an tsuim a léirigh siad agus as an aiseolas a sholáthraigh siad (a bhuí sin leis na meáin shóisialta go háirithe) – b'fhearr ná riamh iad
Trí huaire, sin traidisiún An 24 Samhain 2009 tugadh dúshlán na glúine óige Eorpaí athuair iad féin a chur in ionad an aistritheora.
Cuireadh an dara comórtas Juvenes Translatores ar siúl i mBallstáit uile an AE Déardaoin 27 Samhain 2008
Ar an 14 Samhain 2007, thug os cionn míle déagóir a bhí seacht mbliana déag d'aois, agus a tháinig ó nach mór 300 scoil san Aontas Eorpach, faoi aistriúchán gairmiúil.