An inchinn a chur ag obair — dúshlán an aistriúcháin
Is é an t-aistriúchán teanga na hEorpa
Umberto Eco
Murab ionann agus ateangairí, is leis an téacs scríofa a bhíonn aistritheoirí ag obair. Is iad na haistriúcháin is nádúrtha líofa na téacsanna sin a aistrítear isteach sa teanga is fearr atá ar a thoil ag an aistritheoir (a theanga dhúchais de ghnáth). Ach cad é go díreach atá i gceist leis an aistriúchán?
Teachtaireacht a chur in iúl
Ní foláir do gach aistritheoir an cheist seo a chur air féin: "Conas is féidir liom an teachtaireacht a chur in iúl?" Más dea-aistriúchán atá ann, beidh an tionchar céanna aige ar an léitheoir agus a bheadh ag an mbuntéacs.
Má bhain an buntéacs miongháire asat, nó má mhúscail sé do spéis, ba cheart go ndéanfadh an t-aistriúchán amhlaidh. Dá bhrí sin, bíonn ar an aistritheoir dianmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil scríofa; tá níos mó ná focail, gramadach agus struchtúr i gceist. Ní mór dó bunbhrí an údair a thuiscint go maith. Aistritheoirí maithe, is féidir leo comhthéacs, stíl agus miondifríochtaí brí a thabhairt leo.
Cineálacha éagsúla eolais
Chun téacs faoin leictreonaic nó faoin leigheas a aistriú, mar shampla, bíonn eolas teicniúil de dhíth. Ar an lámh eile, chun rím nó imeartas focal a thabhairt leat, ní mór duit tuiscint ar dhá chultúr a bheith agat agus tuiscint ar chúrsaí stíle.
Téacs a chur in oiriúint do chúlra nua
Bíonn gach aistriúchán fréamhaithe i sainchúlra cultúrtha, sóisialta agus tíreolaíoch ar leith. I ngeall air sin, bíonn ar aistritheoirí focail nua a chumadh, ar uairibh, do théarmaí nach bhfuil a gcomhionann le fáil ina dteanga féin. Ina theannta sin, más téacs é a bhaineann go sonrach le cultúr ar leith, bíonn gá é a athrú chun go mbeidh daoine ó chultúr nó ó cheantar eile in ann é a thuiscint. Logánú a thugtar air sin.
An Teanga Bheo
Bíonn focail agus nathanna cainte ag síorathrú. I ngeall ar thuairimí agus aireagáin nua, agus úsáid nua a bhaintear as seantéarmaí, bíonn ar aistritheoirí bealaí nua a aimsiú leis na coincheapa sin a chur in iúl ina dteanga féin. Seo ceann de na gnéithe is dúshlánaí – agus is mealltaí – den aistriúchán.
Nuair a chuardaítear focal san fhoclóir, níl ansin ach an chéad chéim. B'fhéidir go dtabharfadh comhthéacs úsáide an fhocail ort téarma iomlán éagsúil a roghnú.
An bhfuil fonn ort triail a bhaint as?
Ba mhaith linn an seans a thabhairt duit léargas beag a fháil ar shaol an aistritheora. Ar na nithe seo a thabharfaimid breith:
- cruinneas an téacs
- do chumas téarmaí a úsáid i gceart
- do chumas scríobh go líofa sa teanga a roghnaigh tú, m.sh. soléiteacht an aistriúcháin
- a chruthaithí atá na réitigh atá agat.
Samplaí ó chomórtais a bhí ann roimhe seo
Chun cabhrú leat ullmhú don chomórtas, seo roinnt samplaí ó chomórtais a bhí ann roimhe seo:
Rímeanna
Ba dhúshlánach an téacs Fraincise a bhí ann in 2011; bhí rím le haistriú. Féach thíos roinnt de na rímeanna maithe a fuaireamar i dteangacha éagsúla:
Bhí tagairt do dhá chanúint de chuid an Bhéarla, Cockney agus Geordie, i dtéacs Béarla 2008. Conas is féidir 'Cockney and Geordie' a aistriú go teanga eile? An féidir linn bheith ag súil leis go dtuigfeadh léitheoirí i dtíortha eile an rud atá i gceist?
Tá trí rogha ann:
- Má cheapaimid go dtuigfeadh ár léitheoirí 'Cockney and Geordie', iad a fhágáil mar atá.
- Míniú gairid a chur ina dhiaidh: 'Cockney agus Geordie – canúintí atá ann i Londain agus in oirthuaisceart Shasana.'
- Dhá chanúint de chuid na Gaeilge a chur in áit 'Cockney and Geordie' (m.sh. canúint Chorca Dhuibhne agus canúint Chois Fharraige).
Bhí sampla eile den chineál sin i dtéacs Spáinnise 2013 nuair a rinneadh tagairt do 'manchegos'. Mura bhfuil ann don ainmfhocal i dteanga an aistritheora, ní mór míniú a chur isteach ina áit, m.sh. sa chás seo 'muintir La Mancha' .
Ach tá an baol ann i gcónaí go rachfar ar seachrán san aistriúchán. B'fhéidir go ndéanfá tréaniarracht rím a chruthú nó nath cainte a thabhairt, ach caithfear cuimhneamh ar an gcomhthéacs i gcónaí. Mar shampla, cad é an réim teanga cheart? An oirfeadh caint neamhfhoirmeálta, nó friotal ársa, nó béarlagair? Is deacair an chothromaíocht cheart a aimsiú i gcónaí.
Is minic an bua ag aistriúcháin atá líofa ó thús go deireadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar chúrsaí stíle. Bíonn sé ina shíorchoimhlint i gcónaí idir an dílseacht don bhuntéacs agus líofacht an aistriúcháin.
Daltaí a roghnú roimh ré
Ós rud é nach féidir ach le 5 dhalta i ngach scoil bheith páirteach sa chomórtas, cinneann roinnt scoileanna a scrúduithe réamhroghnúcháin féin a eagrú. I scoileanna eile, roghnaítear dalta amháin do gach teanga iasachta a mhúintear sa scoil.
Eolas úsáideach
Bíonn buntáiste mór ag daltaí atá ag aistriú isteach ina dteanga dhúchais nó sa teanga is fearr atá acu le hais daltaí a thugann faoin aistriúchán go teanga iasachta. Chun aistriúchán slachtmhar a dhéanamh, ní mór scileanna dála scileanna an chainteora líofa ardoilte a bheith ag an dalta.
Is í an dea-scríbhneoireacht an rud is tábhachtaí agus mar sin b'fhéidir nár mhiste le múinteoirí na teanga dúchais bheith ag comhoibriú le múinteoirí na dteangacha iasachta chun daltaí a ullmhú don chomórtas.
D'fhéadfadh buntáiste a bheith ag daltaí a bhfuil an Laidin agus an tSean-Ghréigis idir lámha acu toisc an taithí atá acu cheana féin ar an aistriúchán.