EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0568

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta

COM/2021/568 final

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 568 final

2021/0206(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 1 (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’) seoladh straitéis nua fáis don Aontas Eorpach arb é an aidhm atá léi sochaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ar acmhainní, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíocht gás ceaptha teasa ann in 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Athdhearbhaítear leis uaillmhian an Choimisiúin chun a uaillmhian aeráide a mhéadú agus an Eoraip a bheith ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine shóisialta agus eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

Bunaithe ar straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 maidir le uaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú 2 (‘an plean um Sprioc Aeráide 2030’) uaillmhian an Aontais a ardú agus moladh ann plean cuimsitheach chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlan‑astaíochtaí, agus sin a dhéanamh ar bhealach freagrach. Ach uaillmhian 2030 a ardú anois, tugtar cinnteacht don lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí, ionas nach mbeidh mar thoradh ar chinntí a dhéanfar sna blianta romhainn ceangal a chur ar leibhéil astaíochtaí, rud a bheadh neamhréireach le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tá sprioc mhéadaithe an Aontais le haghaidh 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras arna shíniú faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) (‘Comhaontú Pháras’) 3 chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5 °C.

Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc cheangailteach nua an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020 4 . An 25 Bealtaine 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle na conclúidí sin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún a phacáiste reachtach a chur ar aghaidh go gasta mar aon le mionscrúdú ar na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ar leibhéal an Bhallstáit. Tá aeráidneodracht an Aontais faoi 2050 agus an glanlaghdú idirmheánach ar astaíochtaí de 55 % ar a laghad faoi 2030 cumhdaithe i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’).

Chun an Dlí Aeráide Eorpach agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach a chur chun feidhme, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht aeráide agus fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair agus molann sé an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’).

Le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais beidh sé riachtanach rannchuidiú gach earnála a mhéadú chomh maith. Chun na críche sin, beartaítear trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar mar chuid den athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE 6 (‘Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí’) Ba cheart dó dreasacht eacnamaíoch bhreise a chur ar fáil chun ídiú díreach breoslaí iontaise a laghdú agus ar an mbealach sin rannchuidiú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Má thugtar isteach praghas margaidh ar charbón sa dá earnáil sin i gcomhar le bearta eile ba cheart go laghdódh sé na costais ar fhoirgnimh agus iompar de bhóthar sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus cuirfidh sé deiseanna nua ar fáil i gcomhair infheistíochta agus cruthú post a mbainfear leas iomlán astu agus na beartais iomchuí don mhargadh saothair agus scileanna i bhfeidhm ar nós iad siúd a fhaigheann tacaíocht ar leibhéal an Aontais ar nós Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 agus an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 .

Beidh tionchair mhóra shóisialta agus dáileacháin, áfach, ag an méadú ar an bpraghas ar bhreoslaí iontaise, rud a bhféadfadh tionchar díréireach a bheith aige ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicreafhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann cuid níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i réigiúin áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne i gcomhair soghluaisteachta agus iompair. Bíonn difríocht idir na tionchair éagsúla do ghrúpaí leochaileacha, ag brath ar na Ballstáit, agus is dóchúla go mothófar tionchair praghsanna i mBallstáit, i réigiúin agus i ndaonra ina mbíonn an meánioncam íseal. De réir mar a théann tionchar phraghas an bhreosla i méid trí phraghsáil carbóin, gintear ioncaim leis an trádáil astaíochtaí, ar féidir iad a úsáid chun an t‑ualach ar na grúpaí leochaileacha a mhaolú.

Chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta agus dáileacháin ar na daoine is leochailí a eascraíonn ón trádáil astaíochtaí le haghaidh an dá earnáil nua mar atá foirgnimh agus iompar de bhóthar, cruthaítear Ciste Aeráide Sóisialta (‘an Ciste’). Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe ar chreat buiséadach an Aontais is gá le haghaidh an togra seo a chur i láthair mar chuid den phacáiste Acmhainní Dísle atá ar na bacáin lena n‑áirítear togra chun an creat airgeadais ilbhliantúil a leasú 9 . Go háirithe, fabhrófar cuid den ioncam ón trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar chuig buiséad an Aontais agus beidh céatadán de i bprionsabal ag comhfhreagairt don Chiste nua. Roimh dheireadh na bliana, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin togra a thíolacadh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sóisialta den aistriú glas inmhianaithe.

Is é is aidhm don Chiste an tionchar a bheidh ag an bpraghsáil nua carbóin a mhaolú agus ba cheart go gcuirfí cistiú ar fáil leis do Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta trádáil astaíochtaí den sórt sin ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart é sin a bhaint amach go háirithe trí thacaíocht shealadach ioncaim agus bearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbhónú, lena n‑áirítear fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ach an Ciste Sóisialta Aeráide a bhunú, tá sé mar aidhm aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin shóisialta agus dáileacháin a bhaineann le haistriú glas an Aontais. Tá sé comhsheasmhach le beartas an Aontais um ghníomhú ar son na haeráide agus leis na gealltanais a ghlac an tAontas agus na Ballstáit faoi Chomhaontú Pháras. Cuirtear san áireamh agus an Ciste á bhunú uaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais faoi mar a deimhníodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2020 agus i mí na Bealtaine 2021, chomh maith le forálacha an Dlí Aeráide Eorpaí. Go háirithe, tá an Ciste beartaithe chun an t‑ualach sóisialta agus dáileacháin a mhaolú ó thionchair praghsanna na trádála astaíochtaí le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, agus chun infheistíochtaí glana a éascú d’fhonn an t‑ualach sin a mhaolú. Freisin cumhdaítear le reachtaíocht eile aeráide, fuinnimh agus iompair a mbíonn tionchar aici ar na hearnálacha sin gnéithe sóisialta, mar shampla tugtar le fios cheana leis na forálacha reatha de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 (‘an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh’) agus den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí gur cheart gnéithe sóisialta a chur san áireamh agus cistí agus ioncaim á n‑úsáid. Tá an Ciste comhlántach le hionstraimí buiséadacha atá ann cheana lena ndírítear ar na hinfheistíochtaí agus na scileanna i ndáil leis an aistriú.

Is tosaíocht bhunúsach de chuid an Aontais iad cuspóir na haeráidneodrachta sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Dlí Aeráide Eorpach, chomh maith leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach i dteannta a chéile. Cuideoidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027 chun na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha a bhfuil an Eoraip dírithe air, a bhaint amach. Cuirfidh na beartais sin le chéile go mór chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus chun téarnamh a éascú tar éis phaindéimí COVID‑19 agus cuirfidh siad dlús faoin aistriú i dtreo geilleagar glan inbhuanaithe, lena ndéanfar nasc idir gníomhú ar son na haeráide agus an fás eacnamaíoch.

Níor mhéadaigh an gá atá leis an aistriú glas agus fiúntas an aistrithe ach amháin i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais. Tosóidh an Ciste de bheith ag feidhmiú sa dá bhliain dheireanacha den Ionstraim Théarnaimh 11 agus den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 12 ar bearta de chuid an Aontais iad chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch phaindéim COVID‑19 a mhaolú agus chun geilleagair agus sochaithe an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do dhúshláin agus do dheiseanna na n‑aistrithe glas agus digiteach. Beidh cur chun feidhme an Chiste, ar cheart go leanfaí ar aghaidh leis go dtí 2032, ag teacht leis na bearta sin a bhí i bhfeidhm roimhe. Mar an gcéanna, maoinítear an Ciste um Aistriú Cóir as an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus tiocfaidh deireadh leis in 2027. Dá réir sin, ba cheart go leanfadh an Ciste de bheith ag feidhmiú ar feadh 5 bliana eile.

Rialachas agus idirghabhálacha a chumadh

Aithníodh leis an gComhaontú Glas don Eoraip go gcaithfear an gá atá le haistriú atá cóir ar bhonn sóisialta a léiriú freisin i mbeartais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta. Áirítear leis sin infheistíochtaí chun réitigh inacmhainne a chur ar fáil dóibh siúd is mó a ndéanann beartais phraghsála carbóin difear dóibh agus is lú a bhíonn in ann déileáil leo, mar shampla tríd iompar poiblí níos fearr, chomh maith le bearta chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus í a mhaolú agus chun athsciliú a chur chun cinn. Tá sé seo i gcomhréir le Prionsabal 1 agus le Prionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun aistrithe an mhargaidh saothair a éascú i bhfianaise an dá aistriú agus an téarnaimh ó thionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID‑19 agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain do chách ar sheirbhísí fíor‑riachtanacha amhail fuinneamh agus soghluaisteacht.

Faoin gcreat rialachais aeráide, tá sé de dhualgas ar Bhallstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta in 2023 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 (‘an Rialachán Rialachais’). Sna Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 10 mbliana leagtar amach conas atá sé beartaithe ag Ballstáit an Aontais aghaidh a thabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh, foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cumhdaítear iontu cheana féin bochtaineacht fuinnimh faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair. Déanann an Coimisiún faireachán agus tuairisciú ar dhul chun cinn mar chuid de thuarascáil an aontais fuinnimh. Beidh an Ciste agus na Pleananna Aeráide Sóisialta nasctha leis na leasuithe atá beartaithe agus leis na gealltanais a rinneadh sna Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus beidh tionchar ag na leasuithe agus ag na gealltanais sin orthu. D’fhonn costais riaracháin bhreise a íoslaghdú, tá uainiú thíolacadh agus ghlacadh na bPleananna Aeráide Sóisialta ailínithe leis an bpróiseas atá i bhfeidhm cheana maidir leis na Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

Beidh cur chun feidhme an Chiste trí Phleananna Aeráide Sóisialta de chuid na mBallstát ag teacht freisin leis an mbeartas agus leis na bearta a dtacaíonn ionstraimí AE éagsúla eile leo trína gcothaítear aistriú atá cóir ar bhonn sóisialta. Áirítear leo siúd Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 14 , arb í an aidhm atá i gceist leis ná aistriú glas atá cóir ar bhonn sóisialta le haghaidh gach Eorpaigh, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), na Pleananna um Aistriú Cóir de bhun Rialachán (AE) 2021/1056, straitéisí fadtéarmacha Ballstát um athchóiriú foirgnimh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus 15 agus an Faireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh a thacaíonn le hiarrachtaí Ballstát chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi agus meascáin ghaolmhara beartais, ar aon dul leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le Bochtaineacht Fuinnimh 16 .

Cuirfidh an Ciste Aeráide Sóisialta freisin le cur chun feidhme ‘Phlean Gníomhaíochtaí an Aontais: um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ 17 a bhfuil sé mar aidhm aige sineirgí a uasmhéadú idir dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach. Chuige sin, beidh bearta agus infheistíochtaí dírithe freisin ar ghníomhaíochtaí (e.g. i leith téimh agus coirí) a fhéadann cabhrú an tráth céanna le truailliú aeir a laghdú ós rud é gurb ionann truailliú a chomhrac agus comhrac ar son cothroime agus comhionannais freisin. Is gnách gurb iad na grúpaí is leochailí is mó a fhulaingíonn na tionchair is díobhálaí a bhíonn ag an truailliú ar shláinte an duine.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad na bunúis dlí le haghaidh togra an Rialacháin seo maidir le Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú Airteagal 91(1)(d), Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’).

Bunaítear an Ciste chun dul i ngleic leis na dúshláin sóisialta agus dáileacháin de thoradh an aistrithe ghlais atá riachtanach chun deireadh a chur leis an athrú aeráide agus chun na bearta is gá a dhreasú chun torthaí sóisialta na trádála astaíochtaí a mhaolú le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar.

De réir Airteagal 192(1) de CFAE, rannchuideoidh an tAontas, inter alia, le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh athrú aeráide. Beidh sé d’aidhm ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. Déantar na bearta atá dírithe ar an iompar inbhuanaithe de réir na bhforálacha sin freisin.

Tugann an Ciste aghaidh go háirithe ar dhúshláin na bochtaineachta fuinnimh le haghaidh teaghlach leochaileach agus micreafhiontar leochaileach. Ba cheart go dtacódh sé le bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh, caomhnú fuinnimh agus forbairt foirmeacha nua agus inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn, mar atá tugtha le fios le hAirteagal 194(1)(c) de CFAE.

Ní mór don Chiste dul i ngleic le cás úsáideoirí iompair leochaileacha freisin. Ba cheart go dtacódh sé le bearta chun a rochtain a éascú ar réitigh soghluaisteachta agus iompair astaíochtaí nialasacha agus ísle, lena n‑áirítear iompar poiblí, agus ar an mbealach sin chuirfeadh sé le cuspóirí an chomhbheartais iompair a bhaint amach mar atá sonraithe in Airteagal 91(1)(d) de CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

‑‑Bunaítear an Ciste chun an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a chomhlánú a bheidh i bhfeidhm ar fud an Aontais. Fágfaidh cur i bhfeidhm praghais aonfhoirmigh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar go mbeidh tionchar míchothrom i gceist i mBallstáit agus i réigiúin éagsúla. Cuirfidh an Ciste tacaíocht ar fáil do Bhallstáit, ionas go bhféadfaidís sraith chomhleanúnach beart a mhaoiniú, lena náirítear tacaíocht ioncaim dhírigh ar bhonn sealadach, agus na hinfheistíochtaí a mheastar is gá chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus, go háirithe chun téamh, fuarú agus soghluaisteacht inacmhainne agus inbhuanaithe a áirithiú. Ba cheart go léireodh an tacaíocht staideanna éagsúla na mBallstát agus a gcuid réigiún, ag cur léarscáileanna réigiúnacha de bhochtaineacht fuinnimh agus léarscáileanna de cheantair iargúlta agus tuaithe atá ceangailte go dona le bóithre nó iarnróid san áireamh. Rachaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí sin, lena náirítear an tacaíocht ioncaim dhírigh shealadach chun tairbhe teaghlach, micreafhiontar agus úsáideoirí fuinnimh, atá leochaileach agus a mbíonn tionchar go háirithe ag an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar orthu ós rud é go meastar go gcuirfidh eintitis rialaithe na costais ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh.

Tá cistiú ó bhuiséad an Aontais dírithe ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach leo féin (‘an tástáil riachtanais’) agus inar mó an breisluach a thiocfadh as an Aontas a bheith ag gníomhú ná a thiocfadh as na Ballstáit a bheith ag gníomhú leo féin. Sa chás reatha, tá riachtanais sonracha na mBallstát éagsúil léirithe leis an modheolaíocht leithdháilte. Ach clár de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú, áirithítear go bhféadann gach Ballstát bearta a dhéanamh chun an gníomhú ar son na haeráide a chomhlánú ar leibhéal an Aontais. Is iad na Ballstáit a dhearfaidh agus a roghnóidh na bearta agus na hinfheistíochtaí, mar gurb iad siúd is fearr a fhéadann bearta a dhearadh a léiríonn na saintréithe náisiúnta.

Ba cheart do na Ballstáit sraith chuimsitheach beart agus infheistíochtaí a chur ar aghaidh le maoiniú ag an gCiste mar Phleananna Aeráide Sóisialta dá gcuid le cur isteach i dteannta leis an nuashonrú ar a bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun téarnamh eacnamaíoch gasta agus láidir a bhaint amach agus gan aon duine a fhágáil ar lár. Dá bhrí sin is gá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun freagairt iomchuí a chomhordú ar na dúshláin shóisialta a ghabhann leis an trádáil astaíochtaí le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar (‘tástáil éifeachtachta’) Ní féidir leis na Ballstáit an sprioc sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, agus is féidir luach breise a thabhairt le hidirghabháil ón Aontas trí ionstraim a bhunú atá dírithe ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit maidir le ceapadh agus cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun an cuspóir atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ná thar an méid is gá chun na críche sin.

An rogha ionstraime

Ní féidir na spriocanna ar a dtugtar tuairisc sna ranna roimhe seo a bhaint amach trí reachtaíochtaí a chomhchuibhiú, nó trí ghníomhaíocht dheonach na mBallstát. Is le rialachán, agus leis sin amháin a d’fhéadfaí iad sin a bhaint amach. Is é rialachán is infheidhme maidir le gach Ballstát an ionstraim dlí is oiriúnaí freisin chun soláthar tacaíochta airgeadais a eagrú d’fhonn cóir chomhionann a áirithiú do na Ballstáit.

Fabhróidh an chuid is mó d’ioncaim ón trádáil nua astaíochtaí chuig buiséid náisiúnta na mBallstát agus ba cheart iad a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid, lena n‑áirítear chun dul i ngleic le tionchair shóisialta na trádála nua astaíochtaí. Spreagtar Ballstáit na hioncaim sin a úsáid, chomh maith le cistiú breise atá ar fáil ó chláir eile de chuid an Aontais, a dhíriú ar bhearta a thacaíonn le dícharbónú na n‑earnálacha atá cóir ó thaobh na sochaí de. Comhlánaíonn ciste nua i mbainistíocht dhíreach i mbuiséad an Aontais na bearta sin ar bhealach lena bhforáiltear go sonrach do na dúshláin shóisialta a ghabhann leis an trádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, agus atá nasctha go díreach leis na dúshláin sin trí chur chuige comhtháite dírithe ar thorthaí atá bunaithe ar phlean comhaontaithe lena ngabhann spriocanna, garspriocanna agus táirgí insoláthartha soiléire. Sa scála dáilte le haghaidh an Chiste cuirtear san áireamh an tionchar míchothrom a bhfuiltear ag súil leis ar fud na mBallstát agus laistigh díobh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní raibh aon mheastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta ag gabháil leis an togra seo mar nach bhfuil cur chun feidhme uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais tosaithe go fóill.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit, ar ionadaithe tionscail ón earnáil phríobháideach, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí taighde agus acadúla, ceardchumainn agus saoránaigh a n‑aiseolas agus a dtuairim a thabhairt i leith na trádála astaíochtaí féideartha le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n‑áirítear i leith a torthaí sóisialta.

Bhailigh an Coimisiún an chéad bhabhta de chomhairliúchán poiblí sular ghlac sé an Teachtaireacht maidir leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 inar moladh uaillmhian an Aontais a ardú agus plean cuimsitheach a chur ar aghaidh chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí, agus sin a dhéanamh ar bhealach freagrach.

Maidir le gach ceann de na tograí den phacáiste‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’) d’eagair an Coimisiún dara babhta de chomhairliúcháin phoiblí ar líne. Maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, lenar áiríodh an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar, fuarthas nach mór 500 freagra 18 . Roimhe sin, d’iarr an Coimisiún aiseolas ar mheasúnú ar thionchar tionscanta 19 , ar athbhreithniú na Treorach maidir le Trádáil Astaíochtaí, lenar áiríodh na breithnithe tosaigh agus na roghanna beartais maidir le bunú féideartha na trádála astaíochtaí.

Maidir le hearnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, tá amhras ar roinnt geallsealbhóirí go ginearálta, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta ar thaobh na bhfostóirí agus na bhfostaithe araon, faoi thrádáil astaíochtaí a shíneadh chuig na hearnálacha sin. I measc na roghanna a chuirtear i láthair, is é tosú amach le córas neamhspleách ar leithligh i gcomhair earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, mar a léirítear sa togra seo maidir le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, an rogha beartais is fearr le réimse leathan geallsealbhóirí. Luaigh go leor geallsealbhóirí freisin na tionchair shóisialta a bheadh ag méadú ar an bpraghas breoslaí téimh agus iompair ar na teaghlaigh is leochailí. Go háirithe, léiríodh go bhféadfadh sé go mbeadh tacaíocht ag teastáil ó theaghlaigh ar ioncam íseal chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh agus i soghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle.

Bailiú agus úsáid saineolais

Leis an togra leo cuirtear le fianaise a bailíodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 20 , an measúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an anailís ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí 21 , arna dhéanamh mar thaca do Straitéis Fhadtéarmach an Choimisiúin 22 agus tionscnaimh eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip, chomh maith le staidéir níos túisce a bhaineann le foirgnimh agus iompar de bhóthar.

Measúnú tionchair

Déantar anailís ar na fadhbanna a dtugtar aghaidh orthu leis an gCiste atá beartaithe agus ar threoracha na réiteach féideartha in dhá mheasúnú tionchair as a chéile, dá bhrí sin ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair sonrach.

Fuarthas sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin bPlean um Sprioc Aeráide 2030 go méadóidh ardú ar sprioc astaíochtaí 2030 go -55 % an sciar de chaiteachas a bhaineann le fuinneamh a dhéanfaidh teaghlaigh faoi thart 0.7 go 0.8 bpointe céatadáin. Bíonn éifeacht ag athruithe ar phraghsanna do thomhaltóirí ar theaghlaigh ar bhealaí difriúla a bhraitheann ar a struchtúr caiteachais, a leibhéal agus a bhfoinsí ioncaim, ar shaibhreas agus fiú ar chomhdhéanamh an teaghlaigh.

Ba mhó i bhfad an éifeacht a bheadh ag na hathruithe measta ar phraghsanna coibhneasta arna nginiúint le huaillmhian aeráide ní ba airde ar dhaoine ag a bhfuil ioncam níos ísle i gcomparáid leis an lucht ardioncaim. Ní chuimsítear athdháileadh ioncam ceantála leis na torthaí sin, áfach. Mar shampla, má thugtar isteach athdháileadh cnapshuime na n‑ioncam ceantála bunaithe ar mhéid an teaghlaigh le haghaidh gach Ballstáit, d’fhéadfadh sé go nginfí leis sin tionchar dearfach ó thaobh leasa ar an mbundeicíl caiteachais de dhaonra an Aontais ina iomláne agus go géar. Freisin thángthas ar an gconclúid leis an measúnú tionchair go bhféadfaí sásra athdháilte, mar bheartas iarbhír, a spriocdhíriú i bhfad níos mó chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndeicílí ísle ioncaim/caiteachais. Leis sin bheifí in ann níos mó cúitimh agus tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh i ngátar i gcomhair aon leibhéal áirithe ioncaim arna ghiniúint le praghsáil carbóin.

Déantar an anailís sin a bheachtú leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an Togra chun an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí a leasú laistigh den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’). Cuirtear béim shonrach leis ar thrádáil astaíochtaí a thabhairt isteach le haghaidh foirgneamh agus déantar anailís ar a thionchair shóisialta, go háirithe ar theaghlaigh ag a bhfuil ioncam íseal agus teaghlaigh leochaileacha. Go háirithe, déanann sé caiteachas fuinnimh teaghlaigh a dhí‑chomhiomlánú idir costais bhreosla agus costais chaipitil le haghaidh infheistíochtaí, agus de réir phríomhghrúpaí ioncaim teaghlaigh agus ghrúpaí ioncaim Ballstáit.

Meastar go méadóidh caiteachas ar infheistíocht chónaitheach san Aontas sa bhliain 2030 faoi 0.4 go 0.7 bpointe céatadáin i gcomparáid leis an mbonnlíne mar thoradh ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’). I suíomh beartais a bhíonn spreagtha níos mó ag praghsanna carbóin, ní thagann méadú chomh láidir ar chaiteachais infheistíochta is a thiocfadh i gcás meascán beartais níos cothroime. Le meascán costéifeachtach beartais bheadh na méaduithe ar chaiteachas infheistíochta le haghaidh teaghlach ag a bhfuil ioncam níos ísle i ngach grúpa ioncaim Ballstáit comhionann le níos mó ná faoi dhó chomh mór leis an meánteaghlach. Tá méaduithe i bhfad os cionn mheán an Aontais i mBallstáit ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 60 % de mheán an Aontais. Léirítear leis sin tábhacht na rochtana ar mhaoiniú, chun an stoc tithíochta a athchóiriú, agus chun trealamh atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach, go háirithe i mBallstáit ina bhfuil ioncam níos ísle.

Fuarthas sa mheasúnú tionchair don athbhreithniú ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí nach mbeidh an éifeacht chéanna ag trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh ar gach teaghlach, ach gur dóchúil go mbeadh tionchar aischéimnitheach aige ar ioncam indiúscartha mar gur gnách go gcaitheann teaghlaigh ar ioncam íseal cion níos mó dá n‑ioncam ar théamh. Ina theannta sin, beidh tionchar thar a bheith difriúil ag praghas comhchuibhithe carbóin a thabhairt isteach ar phraghsanna do thomhaltóirí sna Ballstáit ag brath ar leibhéal reatha na gcánacha ar na breoslaí atá i gceist, mar go mbíonn praghsanna réamhchánach ar bhreoslaí iontaise inchomparáide ar fud na mBallstát. Fanann an caiteachas foriomlán ar bhreoslaí mar chéatadán den ioncam nach mór seasta, áfach. Ciallaíonn sé sin gur féidir coigiltis a bhaint amach ar chaiteachas ar bhreoslaí d’ainneoin na méaduithe ar phraghsanna, ar choinníoll go réadaítear infheistíochtaí cost‑éifeachtacha. Má réadaítear na hinfheistíochtaí sin, beidh cúrsaí níos fearr do theaghlaigh ar ioncam íseal ar an meán, ná mar a bheidh don mheánteaghlach. I gcás an ghrúpa Ballstáit ar ioncam íseal, ardaíonn an sciar de chaiteachas breosla i gcaiteachas úsáide teaghlaigh ar fud gach grúpa ioncaim, agus níos láidre do theaghlaigh ar ioncam íseal. Má thugtar faoi na hinfheistíochtaí is gá in éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú agus fuinneamh inathnuaite, is teoranta fós dúshlán na méaduithe ar phraghsanna breosla agus é dírithe fós ar theaghlaigh ar ioncam íseal i mBallstáit ar ioncam íseal.

Maidir le hiompar de bhóthar, sainaithníodh sa Straitéis le haghaidh Soghluaisteacht Chliste Inbhuanaithe (‘SSMS’) agus an measúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030, ríthábhacht infheistíochtaí atá dírithe ar bhorradh a chur faoin éileamh le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus ar dhlús a chur faoi leathnú amach bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin, rudaí a bheidh lárnach chun iompar de bhóthar a dhícharbónú ar bhealach suntasach faoi 2030.

Faightear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí go bhfuil na tionchair atá ag trádáil astaíochtaí don iompar de bhóthar measctha. Go hiondúil, is iad na codanna is ísle de mheánioncam teaghlaigh agus na codanna sa lár den ioncam ina bhfuil an chion is airde den chaiteachas ar iompar (mar gheall nach bhfuil rochtain ag na teaghlaigh atá ar an ioncam is ísle ar fheithicil phríobháideach).

Baintear de thátal as freisin áfach sa mheasúnú tionchair cé go n‑ardaíonn praghsáil costais fuinnimh do thomhaltóirí, go n‑ardaítear ioncaim leis an tráth céanna, rud is féidir a úsáid le haghaidh athinfheistíochtaí, chun gníomhaíochtaí aeráide a spreagadh agus chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta nó dháileacháin a bhaineann le praghsáil carbóin. Féadfar na hioncaim ó lamháltais a chur ar ceant faoin trádáil astaíochtaí sin a úsáid trí shásraí athdháilte éagsúla mar chúiteamh i gcomhair tomhaltóirí, tacaíocht d’infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh nó foinsí inathnuaite fuinnimh, nó roghanna eile.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tugadh tús áite go leanúnach i reachtaíocht EU ETS do chuir chuige chun an t‑ualach rialála a íoslaghdú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus riarachán araon.

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh an togra seo ag cur rannchuidithe geallsealbhóirí (féach freisin an roinn maidir le saineolas a bhailiú agus a úsáid) san áireamh.

Cuirfear na Pleananna Aeráide Sóisialta isteach in éineacht le nuashonrú ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (‘PNFAnna’) atá ann faoi láthair, d’fhonn iarrachtaí breise riaracháin a íoslaghdú. Tá forbhreathnú mionsonraithe cheana féin sna PNFAnna ar na saincheisteanna foluiteacha a bhaineann le bochtaineacht fuinnimh a dtugann an Ciste aghaidh orthu. Ar an gcuma chéanna, tugadh aghaidh ar athchóiriú foirgneamh, ar iompar inbhuanaithe agus ar thionscadail a bhaineann le hiompar de bhóthar a dhícharbónú ar bhealach suntasach cheana féin sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta.

Is ar údaráis riaracháin a bheidh an iarracht riaracháin bhreise den chuid is mó, agus is iad teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair a bhainfidh na buntáistí deiridh as. Rachadh deiseanna maidir le hioncaim agus poist chun tairbhe cuideachtaí áitiúla, cuideachtaí ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad go minic.

Cearta bunúsacha

Tá éifeacht dhearfach ag an togra ar chaomhnú agus ar fhorbairt chearta bunúsacha an Aontais chomh maith le prionsabail a bhaineann le cuimsiú agus neamh‑idirdhealú, ag glacadh leis go n‑iarrann na Ballstáit tacaíocht agus go bhfaigheann siad tacaíocht i réimsí a d’fhéadfaí a mhaoiniú faoin gCiste.

Tá tionchar ag bearta praghsála carbóin ar mhná go háirithe mar gheall gur mná iad 85 % de theaghlaigh aontuismitheora. Baineann riosca ard bochtaineachta leanaí le teaghlaigh aontuismitheora go háirithe. Cuirfear comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin san áireamh agus chun cinn fad a bheidh an Ciste á chur chun feidhme. Thairis sin, tá 87 milliún Eorpach a bhfuil míchumas de shaghas éigin orthu ina gcónaí i dteaghlaigh phríobháideacha agus iad i mbaol suntasach bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta (28.5 % i gcomparáid le 18.6 % i leith daoine nach bhfuil faoi mhíchumas san Aontas in 2019).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 72.2 billiún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais don Chiste le haghaidh na tréimhse 2025-32. Molfaidh an Coimisiún leasú spriocdhírithe ar an Rialachán don chreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na blianta 2021 go 2027 go luath chun caiteachas breise Aontais de EUR 23.7 billiún a chur san áireamh don tréimhse 2025-2027. Ba cheart tús áite a thabhairt don chaiteachas agus an Córas Trádála Astaíochtaí nua a thabhairt isteach go réidh ansin. Is EUR 48.5 billiún an méid dá ndéanfaidh an Coimisiún togra ina leith roimh an 1 Iúil 2025 le haghaidh na tréimhse 2028-2032 agus é faoi réir na gcistí a bheith ar fáil faoi na huasteorainneacha bliantúla den chreat airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE 23 .

Ba cheart d’imchlúdach airgeadais an Chiste, i bprionsabal, a bheith comhréireach le 25 % de na hioncaim ionchasacha ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh faoi raon feidhme na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, mar gheall ar an nasc díreach atá aige le Córas Trádála Astaíochtaí nua. Leagfaidh an togra i gcomhair leasú ar Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse amach an bealach ar cheart do Bhallstáit na hioncaim is gá a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse.

Maidir leis an tréimhse 2025-2032, déanfar an Ciste a mhaoiniú le hacmhainní dílse ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear ó 2026 ar aghaidh na hioncaim ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar mar a thuartar sa leasú ar Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a thíolacfaidh an Coimisiún go luath. Ba cheart don Chiste a bheith i bhfeidhm bliain amháin roimh thabhairt isteach an phraghais carbóin faoin gCóras Trádála Astaíochtaí nua.

Déanfar leithdháileadh bliantúil gealltanas buiséadach a chalabrú i gcomhréir le cuspóir an Chiste. Is éard a bheidh mar thoradh air sin próifíl a dtugtar tús áite di, i gcomhréir le cuspóirí an Chiste chun éifeachtaí raon feidhme sínte na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí ar theaghlaigh leochaileacha, mionfhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a mhaolú. Chun éifeacht an tsínidh a réamh‑mheas, cuirtear roinnt tacaíochta ar fáil cheana in 2025.

Déanfar tiomantais bhuiséadacha a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar dhá thréimhse ilbhliantúla 2025-2027 agus 2028-2032, agus iad ag comhfhreagairt don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha agus don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile agus i gcomhréir le tráthchlár táscach le haghaidh cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha atá mar chuid den Chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar Pleananna Aeráide Sóisialta na mBallstát.

Íocfar leithdháilte airgeadais leis na Ballstáit tráth a chuirtear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha ar a comhaontaíodh mar a shonraítear iad i bPlean Aeráide Sóisialta an Bhallstáit i gcrích mar a faomhadh agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil. Déanfar íocaíochtaí bunaithe ar an gCinneadh lena n‑údaraítear íocaíocht amach an leithdháilte airgeadais.

D’fhonn cur chun feidhme tráthúil na mbeart agus infheistíochtaí tacaíochta a éascú, táthar ag súil go leanfaidh pleanáil na ngarpsriocanna agus na spriocanna sceideal na ngealltanas buiséadach bliantúil go dlúth, rud atá mar bhonn taca faoi dhlús ionsúite tapa don Chiste. Déanfar íocaíochtaí deiridh in 2032 i gcomhréir leis an spriocdháta chun gach garsprioc agus sprioc a chur i gcrích

Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta ón gCiste le gach Ballstát a ríomh ag úsáid na foirmle a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn I den Rialachán. Déantar an cion agus an méid le haghaidh gach Ballstáit in imchlúdach airgeadais an Chiste mar thoradh air a chur i láthair in Iarscríbhinn II. Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh chun a uasleithdháileadh airgeadais a fháil chun a phlean faoi seach a chur chun feidhme.

Cuirfear iomlán an chaiteachais ar thacaíochtaí riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo san áireamh sa leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit. Bainfear na méideanna gaolmhara ó na leithdháiltí airgeadais aonair ar bhonn pro rata.

Ba cheart do Bhallstáit 50 % de chostais fhoriomlána a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú iad féin. Úsáidfidh siad cuid den ioncam atá siad ag súil a fháil ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh faoi raon feidhme na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí chun na críche sin, gan dochar do thús an Chiste in 2025.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin a éilítear ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, bunófar córas chun íocaíochtaí a iarraidh agus a dhéanamh leis an gCiste.

Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna Aeráide Sóisialta a fhorbairt chun na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le maoiniú, na costais ionchasacha a bhaineann leo chomh maith leis na garspriocanna agus na spriocanna chun iad a bhaint amach, a shocrú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na pleananna sin agus ní fhéadfaidh sé iad a fhormheas go dtí go ndéanfaidh sé measúnú dearfach bunaithe ar a n‑ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Déanfar an leithdháileadh a íoc amach tar éis na garspriocanna agus na spriocanna a comhaontaíodh leis an mBallstát lena mbaineann agus a rinneadh ceangailteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a chur i gcrích. Tá an t‑uainiú maidir le cur isteach chomh maith leis na timthriallta tuairiscithe ar dhul chun cinn ailínithe leis na nuashonruithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a cuireadh isteach faoin Rialachán maidir le Rialachas.

Chun na críche sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh na Ballstáit in ann íocaíocht a iarraidh faoin gCiste uair nó dhó in aghaidh na bliana, iarraidh ar cheart fianaise ar na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a baineadh amach a bheith ag gabháil léi. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme faoina bPleananna Aeráide Sóisialta sa tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme a bPleananna faoin Rialachán maidir le Rialachas.

Déanfar meastóireacht agus meastóireacht ex‑post d’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, agus comhleanúnachas an Chiste a mheas. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán in éineacht leis an meastóireacht.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear Ciste Aeráide Sóisialtadon tréimhse 2025 go dtí 2032 chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar (Airteagal 1). Ba cheart cistí an Chiste a chur ar fáil do Bhallstáit chun tacaíocht shealadach ioncaim a chur ar fáil agus chun tacú le bearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n‑áirítear fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle chun leasa teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

Ba cheart do gach Ballstát a Phlean Aeráide Sóisialta (Airteagal 3) a bhunú. Cuirfear an Plean isteach in éineacht le nuashonrú ar an bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide faoin nós imeachta agus amlíne a bheartaítear sa Rialachán maidir le Rialachas, i gcás ina bhfuil an aighneacht oifigiúil dlite faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024. Leagtar amach sa Rialachán inneachar na hAeráide Sóisialta (Airteagal 4) agus liostaítear ann na gníomhaíochtaí incháilithe (Airteagal 6) agus na gníomhaíochtaí neamhincháilithe (Airteagal 7). Ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí lena n‑urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 (Airteagal 5).

Is é EUR 23.7 bhilliún imchlúdach airgeadais an Chiste le haghaidh na mblianta 2025-2027 agus EUR 48.5 bhilliún le haghaidh na mblianta 2028-2032 (Airteagal 9), a chomhfhreagraíonn i bprionsabal do 25 % de na hioncaim atáthar ag súil a charnadh ó lamháltais a chur ar ceant laistigh de thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar. Déanfar cistí an Chiste a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Iarscríbhinní I agus II. Ba cheart do Bhallstáit rannchuidiú le 50 % ar a laghad de chostais fhoriomlána mheasta an phlean. Chun na críche sin, ba cheart dóibh inter alia na hioncaim a ghintear as a lamháltais a chur ar ceant faoi thrádáil astaíochtaí a úsáid don dá earnáil nua (Airteagal 14).

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas Phleananna na mBallstát (Airteagal 15). Ar thoradh dearfach a fháil ar an measúnú sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme (Airteagal 16). Mura ndéanfar amhlaidh, féadfaidh sé diúltú don Phlean Aeráide Sóisialta agus sa chás sin féadfaidh an Ballstát lena mbaineann leagan nuashonraithe den Phlean a chur isteach.

Le linn na céime cur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit leasú réasúnach ar a Phlean Aeráide Sóisialta a iarraidh, i gcás nach féidir a gharspriocanna agus a spriocanna a bhaint amach a thuilleadh, cibé i bpáirt nó ina n‑iomláine, mar gheall ar thosca oibiachtúla (Airteagal 17). Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a bPleananna Aeráide Sóisialta i bhfianaise na bhfíorthionchar a bheadh ag córas trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar.

Bunaithe ar mheasúnú dearfach den Phlean Aeráide Sóisialta, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann (Airteagal 18) chun gealltanas dlíthiúil aonair a bhunú de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 (‘an Rialachán Airgeadais’).

Déantar íocaíochtaí na leithdháiltí airgeadais leis na Ballstáit faoin gCiste tráth a chuirtear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a comhaontaíodh mar a shonraítear iad i bPlean Aeráide Sóisialta i gcrích. Is éard atá i gceist le rialacha coincréiteacha socruithe chun comhaontuithe maidir le leithdháilte airgeadais a íoc, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh (Airteagal 19).

Tá na forálacha is gá sa Rialachán chun nascadh an Chiste le cosaint leasanna airgeadais an Aontais (Airteagal 20) a chosaint.

Áirítear forálacha coincréiteacha le córas láidir maidir le comhordú, cumarsáid agus faireachán a áirithiú (Airteagail 21, 22 agus 23). Leagfaidh an Coimisiún amach ina gníomhartha tarmligthe na táscairí comhchoiteanna a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh.

Déanfar meastóireacht d’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, agus comhleanúnachas an Chiste a mheas. Déanfar measúnú ar mhéid an imchlúdaigh airgeadais don Chiste i bhfianaise na n‑ioncam ceantála a bhailítear ó lamháltais a chur ar ceant faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoin Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán in éineacht leis an meastóireacht (Airteagal 24).

D’fhonn a áirithiú nach n‑úsáidfear an Ciste ach amháin má chuirtear an córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompair de bhóthar chun feidhme go héifeachtach, beidh feidhm ag an Rialachán ón dáta a bheidh ar na Ballstáit an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a thrasuí (Airteagal 26). Thairis sin, beidh na Ballstáit in ann íocaíocht faoin gCiste a iarraidh tráth nach luaithe ná i rith na bliana roimh an mbliain a thosóidh na ceantanna faoin trádáil nua astaíochtaí (Airteagal 18(1)).



2021/0206 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), pointe (d), Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(1), agus pointe (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 26 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 27 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas agus a Bhallstáit ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras, a síníodh i mí na Nollag 2015 faoi ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’) 28 , agus a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. De réir an Chomhaontaithe sin, tá siad faoi cheangal an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(2)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 29 leagtar amach straitéis nua fáis arb é an aidhm atá leis sochaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nuaaimseartha iomaíoch, atá tíosach ar acmhainní, áit nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Molann an Coimisiún caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol freisin. Ar deireadh, measann an Coimisiún gur cheart an taistriú seo a bheith cóir agus ionchuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(3)Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 cumhdaítear sa dlí an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin gealltanas ceangailteach ó thaobh an Aontais chun astaíochtaí a laghdú. Faoi 2030, ba cheart don Aontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tar éis aistrithe astaíochtaí gas ceaptha teasa a asbhaint, le 55 % i gcomparáid leis an leibhéal in 1990. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.

(4)An 11 Nollaig 2020 thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an sprioc sin, agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le cothroime agus leis an dlúthpháirtíocht gan duine ar bith a fhágáil ar lár. An 25 Bealtaine 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle na conclúidí sin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún a phacáiste reachtach a chur ar aghaidh go gasta mar aon le mionscrúdú ar na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ar leibhéal an Bhallstáit.

(5)Maítear i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ‘an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dheachaighdeán; cuimsíonn sin seirbhísí uisce, sláintíochta, fuinnimh, iompair, airgeadais agus cumarsáide digití. Cuirfear tacaíocht don rochtain ar sheirbhísí den sórt sin ar fail dóibh siúd atá i ngátar’.

(6)D’athdheimhnigh Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 gealltanas na Comhairle chun oibriú i dtreo Eoraip shóisialta a bhaint amach, mar aon lena díograis chun leanúint le cur chun feidhme neartaithe Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

(7)Chun gealltanais i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í d’fhonn dlús a chur faoi laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(8)Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar na saoránaigh agus ar na Ballstáit. Go háirithe, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar á gcur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. Agus é sin á chur chun feidhme in éineacht le bearta eile, ba cheart costais le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a laghdú agus deiseanna nua a chur ar fáil chun poist a chruthú agus le haghaidh infheistíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

(9)Mar sin féin, teastaíonn acmhainní chun na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú. Thairis sin, sula ndéanfar na hinfheistíochtaí sin, is dócha go nardófar na costais a íocann teaghlaigh agus úsáideoirí iompair le haghaidh téimh, fuaraithe agus cócaireachta, chomh maith le costais le haghaidh iompar de bhóthar, de réir mar a chuireann na soláthróirí breosla atá faoi réir na noibleagáidí faoin trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar na costais ar charbón ar aghaidh chuig na tomhaltóirí.

(10)D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar díréireach ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann cuid níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i gcás réigiún áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne um shoghluaisteacht agus iompar agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an cumas maoinithe acu le hinfheistiú chun a nídiú breosla iontaise a laghdú.

(11)Dá bhrí sin, ba cheart cuid den ioncam a ghintear trí fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an taistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(12)Tá sé sin níos ábhartha fiú i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar sheirbhísí fuinnimh fíorriachtanacha, amhail fuarú de réir mar a théann teochtaí in airde, agus téamh. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 mhilliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6.9 % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 32 . Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh don Aontas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht dhíreach ioncaim faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ní féidir ach bearta struchtúraithe dírithe, go háirithe athchóirithe fuinnimh, réitigh bhuana a sholáthar.

(13)Ba cheart ciste Aeráide Sóisialta (‘an Ciste’) a bhunú dá bhrí sin chun cistí a chur ar fáil do na Ballstáit le tacú lena mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bheidh ag an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart é sin a bhaint amach go háirithe trí thacaíocht ioncaim shealadach a chur ar fáil agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena náirítear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle chun leasa teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

(14)Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (‘an Plean’) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Pleananna sin dhá chuspóir a shaothrú. I dtosach báire, ba cheart dóibh na hacmhainní is gá a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú téimh agus fuaraithe, i bhfeithiclí agus soghluaiseacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú agus a dhéanamh. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh an tionchar a bheidh ag an méadú i gcostas breoslaí iontaise ar na daoine is leochailí a mhaolú agus dá bhrí sin an bhochtaineacht fuinnimh agus iompair le linn na tréimhse aistrithe a chosc go dtí go gcuirfear infheistíochtaí den sórt sin chun feidhme. Ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear réiteach fadtéarmach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú chun cinn agus d’fhéadfaidís bearta eile a bheartú, lena náirítear tacaíocht dhíreach ioncaim chun éifeachtaí díobhálacha ioncaim a mhaolú sa ghearrthéarma.

(15)Is iad Ballstáit, agus iad ag dul i gcomhairle le húdaráis ar an leibhéal réigiúnach, is fearr chun Pleananna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na Pleananna sin oiriúnaithe agus dírithe ar a nimthosca réigiúnacha agus náisiúnta ós rud é go bhfuil beartais acu cheana féin sna réimsí ábhartha agus go gcaithfidh siad úsáid cistí ábhartha eile an Aontais a phleanáil. Ar an dóigh sin, is féidir an urraim is fearr a thabhairt d’éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, taighde agus nuálaíocht agus caidreamh tionsclaíoch agus struchtúir idirphlé sóisialta, chomh maith le traidisiúin náisiúnta, agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha.

(16)Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar.

(17)Ar feitheamh thionchar na ninfheistíochtaí sin ar chostais agus astaíochtaí a laghdú, chuideodh tacaíocht deadhírithe d’ioncam díreach le haghaidh na ndaoine is leochailí leis an aistriú cóir. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a thuiscint mar bheart sealadach a ghabhann le dícharbónú na hearnála tithíochta agus iompair. Ní bheadh an tacaíocht buan toisc nach dtugann sí aghaidh ar na príomhchúiseanna atá le bochtaineacht fuinnimh agus iompair. Níor cheart ach tionchair dhíreacha a bhaineann le foirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Theoir 2003/87/CE a chumhdach leis an tacaíocht sin, agus ní costais leictreachais nó teasa a bhaineann le táirgeadh cumhachta agus téimh a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach sin. Ba cheart don incháilitheacht le haghaidh tacaíochta ioncaim dhírigh den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama.

(18)Ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais Chomhaontú Pháras, agus an gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo cur leis an sprioc nach mór 30 % den chaiteachas uile faoin gcreat ilbhliantúil 2021-2027 a chaitheamh ar phríomhshruthú na gcuspóirí aeráide a bhaint amach, agus rannchuidiú leis an uaillmhian de 10 % de chaiteachas bliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, a fhad agus a chuirtear an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta san áireamh freisin. Chun na críche sin, ba cheart an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa 33 a úsáid chun caiteachais an Chiste a chlibeáil. Ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí lena nurramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 . Níor cheart ach bearta agus infheistíochtaí den sórt sin a chur san áireamh sna Pleananna. Ba cheart bearta tacaíochta ioncaim dhírigh a mheas, mar riail ghinearálta, mar rudaí ag a bhfuil tionchar intuartha ar chuspóirí comhshaoil, agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheas mar a bheith i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Beartaíonn an Coimisiún treoraíocht theicniúil a eisiúint do na Ballstáit i bhfad sula nullmhófar na Pleananna. Míneofar sa treoraíocht an bealach nach mór do na bearta agus na hinfheistíochtaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a thíolacadh in 2021 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le conas dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den aistriú glas.

(19)Tá tionchar ag praghsáil carbóin ar mhná go háirithe mar gheall gur mná iad 85 % de na teaghlaigh aontuismitheora. Baineann riosca ard bochtaineachta leanaí le teaghlaigh aontuismitheora go háirithe. Ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le hinrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh agus a chur chun cinn agus na Pleananna á nullmhú agus á gcur chun feidhme chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

(20)Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna a chur isteach in éineacht leis an nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 . Ba cheart na bearta atá le maoiniú, an costas measta a bhaineann leo agus an ranníocaíocht náisiúnta a chuimsiú sna Pleananna. Ba cheart príomhgharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith iontu freisin chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart.

(21)Ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach leis na hathchóirithe agus na tiomantais a bheartaíonn na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, faoi Threoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Togra le haghaidh athmhúnlú Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh] 36 , Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 37 , Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , na Pleananna um Aistriú Cóir de bhun Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 agus straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 . D’fhonn éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis atá sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht agus na pleananna a liostaítear thuas.

(22)Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais ón gCiste Aeráide Sóisialta. Ba cheart íocaíochtaí ón gCiste Aeráide Sóisialta a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna atá mar chuid de na Pleananna a bhaint amach. Ceadóidh sé sin coinníollacha agus tosaíochtaí náisiúnta a chur san áireamh a fhad agus a dhéanfar a chomhtháthú le cláir chaiteachais náisiúnta eile a mhaoiniú agus a éascú agus tionchar agus sláine chaiteachas an Aontais á ráthú.

(23)Ba cheart d’imchlúdach airgeadais an Chiste a bheith ag teacht, i bprionsabal le méideanna atá comhréireach le 25 % d’ioncaim ionchasacha ó chuimsiú foirgneamh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse 2026-2032. De bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle 41 , ba cheart do Bhallstáit na hioncaim sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse. Maoineoidh Ballstáit 50 % de chostais fhoriomlána a bPlean iad féin. Chun na críche sin, agus chun críche infheistíochta agus beart chun dlús a chur faoin aistriú is gá do shaoránaigh dá ndéantar difear go diúltach, agus an tionchar diúltach sin a mhaolú, ba cheart do Bhallstáit inter alia a nioncaim ionchasacha ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na críche sin.

(24)Ba cheart don Chiste tacú le bearta a thugann urraim do phrionsabal na breisíochta maidir le cistiú ón Aontas. Níor cheart don Chiste a bheith mar ionadaí ar chaiteachais náisiúnta athfhillteacha, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(25)Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte ón gCiste nó ó chláir eile de chuid an Aontais le haghaidh an chaiteachais chéanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistiúcháin a choimirciú. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais a chur ar fáil agus a bpleananna á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu. Ba cheart do thacaíocht airgeadais faoin gCiste a bheith sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeadh bearta agus infheistíochta arna maoiniú faoin gCiste in ann maoiniú a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

(26)Ba cheart íocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn chinneadh ón gCoimisiún lena núdaraítear an íocaíocht amach leis an mBallstát lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá maolú ó Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , ionas go bhféadfar an spriocdháta íocaíochta a thosú ó dháta a chuireann an Coimisiún an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus ní ón dáta ar a bhfaightear an tiarratas ar íocaíocht.

(27)Chun rialacha trédhearcacha maidir le faireachán agus meastóireacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na táscairí comhchoiteanna le haghaidh tuairiscithe agus dul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(28)Ba cheart cur chun feidhme an Chiste a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena náirítear calaois a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach, lena náirítear calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú agus coinbhleachtaí leasa.

(29)Chun críche na bainistíochta fónta airgeadais, agus cineál feidhmíochtbhunaithe an Chiste á urramú ag an am céanna, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i dtaca le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí, agus cistí a ghnóthú mar aon le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Maidir leis an úsáid a bhainfear as cistí i ndáil le bearta a dtacaíonn an Ciste leo, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme. Ní mór do Bhallstáit a áirithiú go dtugtar tacaíocht den sórt sin i gcomhréir le rialacha cúnaimh Stát AE, i gcás inarb infheidhme, go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go ndéanfar cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. I gcás nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Plean chun feidhme ar bhealach sásúil, nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha, a chiallaíonn calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa maidir leis na bearta a dtacaíonn an Ciste leo, nó i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach ar oibleagáid faoi na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais, ba cheart go bhféadfaí comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh chomh maith leis an leithdháileadh airgeadais a laghdú agus a aisghabháil. Ba cheart nósanna imeachta bréagnaitheacha iomchuí a bhunú lena áirithiú go nurramófar, leis an gcinneadh ón gCoimisiún i ndáil leis na méideanna a íocadh a chur ar fionraí agus a aisghabháil chomh maith leis na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh, an ceart atá ag na Ballstáit barúlacha a thíolacadh.

(30)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach. Cé gurb é an Ballstát féin atá freagrach go príomha as a áirithiú go gcuirfear an Ciste chun feidhme i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann ráthaíocht leordhóthanach a fháil ó na Ballstáit ina leith sin. Chuige sin, agus an Ciste á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú agus ba cheart dó méideanna a íocadh go míchuí nó a míúsáideadh a aisghabháil. Ba cheart do na Ballstáit, maidir leis sin, a bheith in ann brath ar a ngnáthchórais bainistíochta buiséid náisiúnta. Ba cheart do Bhallstáit catagóirí caighdeánaithe sonraí agus faisnéise a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i gcóras leictreonach, lena lamhálfar do neamhrialtachtaí tromchúiseacha a chosc, a bhrath agus a cheartú, eadhon calaois, éilliú, agus coinbhleachtaí leasa maidir leis na bearta a dtacaíonn an Ciste leo. Ba cheart don Choimisiún córas faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil, lena náirítear aon uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin, chun rochtain a fháil ar na sonraí agus an fhaisnéis sin agus anailís a dhéanamh orthu, chun go ndéanfadh na Ballstáit an córas sin a chur i bhfeidhm go héigeantach.

(31)Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún, an Oifig Eorpach FhrithChalaoise (OLAF), an Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus faireacháin de réir a ninniúlachtaí agus a gceart féin.

(32)Níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ná don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin nuair is gá leis chun a áirithiú go ndéanfar iniúchadh agus rialú, faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht ar úsáid cistí i ndáil le bearta cur chun feidhme faoin gCiste. Ba cheart na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , cibé acu is infheidhme.

(33)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , agus Rialacháin (CE, Euratom) 2988/95 46 , (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 47 agus (AE) 2017/1939 48 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena náirítear bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa agus ciontaí coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a imscrúdú agus a ionchúiseamh 49 . I gcomhréir leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ó bhuiséad an Aontais, ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go ndeonóidh aon tríú páirtí a bheidh ag gabháil do chur chun feidhme cistí arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais cearta coibhéiseacha.

(34)Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Eurotom) 2018/1046 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil ann maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.



TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus cuspóirí

Bunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta (‘an Ciste’).

Cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí atá ina bPleananna Aeráide Sóisialta (‘na Pleananna’) a mhaoiniú.

Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, bainfidh teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus a ndéanann cuimsiú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear dóibh go háirithe leas astu, go háirithe teaghlaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht fuinnimh agus saoránaigh nach bhfuil aon rogha mhalartach iompair phoiblí acu taobh amuigh de charranna aonair (i limistéir iargúlta agus tuaithe).

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Is é cuspóir shonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, mionfhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n‑áirítear fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘athchóiriú foirgneamh’ gach cineál athchóirithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh, lena náirítear imchlúdach an fhoirgnimh a insliú, is é sin, ballaí, díon, urlár, fuinneoga nua a chur isteach, fearais téimh, fuaraithe agus cócaireachta nua a chur isteach, agus táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ar an láthair a shuiteáil;

(2)ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ an bhochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe [(49) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 ;

(3)ciallaíonn ‘costais mheasta iomlána an Phlean’ costais mheasta iomlána na mbeart agus na ninfheistíochtaí atá mar chuid den Phlean a cuireadh isteach;

(4)ciallaíonn ‘leithdháileadh airgeadais’ tacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha faoin gCiste atá ar fáil lena leithdháileadh nó a leithdháileadh ar Bhallstát;

(5)ciallaíonn ‘teaghlach’ teaghlach príobháideach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 ;

(6)ciallaíonn ‘cloch míle’ rud cáilíochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn i dtreo bhaint amach bearta nó infheistíochta a mheas;

(7)ciallaíonn ‘garsprioc’ rud cainníochtúil atá le baint amach agus a úsáidtear chun dul chun cinn i dtreo bhaint amach birt nó infheistíochta a thomhas;

(8)ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 ;

(9)ciallaíonn ‘micrifhiontar’ fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil nó a gclár comhardaithe bliantúil EUR 2 mhilliún, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún 53 ;

(10)ciallaíonn ‘úsáideoirí iompair’ teaghlaigh nó micrifhiontair a úsáideann roghanna éagsúla iompair agus soghluaisteachta;

(11)ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena náirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(12)ciallaíonn ‘micrifhiontair leochaileacha’ micrifhiontair dá ndéanann tionchair phraghsanna foirgnimh a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(13)ciallaíonn ‘úsáideoirí iompair leochaileacha’ úsáideoirí iompair, lena náirítear úsáideoirí ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a cheannach nó aistriú chuig modhanna iompair mhalartacha inbhuanaithe, lena náirítear iompar poiblí, go háirithe i limistéir thuaithe agus iargúlta.

CAIBIDIL II

PLEANANNA AERÁIDE SÓISIALTA

Airteagal 3

Pleananna Aeráide Sóisialta

1.Cuirfidh gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (‘an Plean’) faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir leis an nós imeachta agus an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaiseacht inacmhainne a áirithiú agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.

2.Féadfaidh bearta náisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar úsáideoirí iompair leochaileacha iad a bheith mar chuid den Phlean chun an tionchar a bheidh ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar foirgnimh agus iompar de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

3.Beidh tionscadail náisiúnta mar chuid den Phlean chun:

(a)bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena náirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chomhtháthú;

(b)bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun an glacadh atá le soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhéadú.

Airteagal 4

Inneachar na bPleananna Aeráide Sóisialta

1.Leagfar amach na gnéithe seo a leanas go háirithe i bPleananna Aeráide Sóisialta:

(a)bearta agus infheistíochtaí coincréiteacha i gcomhréir le hAirteagal 3 chun na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin mar aon le míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh siad go héifeachtúil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach laistigh de leagan amach foriomlán bheartais ábhartha an Bhallstáit;

(b)na bearta coincréiteacha a ghabhann leo agus is gá chun na bearta agus infheistíochtaí atá sa Phlean a bhaint amach agus na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) a laghdú chomh maith le faisnéis maidir le maoiniú reatha nó beartaithe beart agus infheistíochtaí ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, agus ó fhoinsí idirnáisiúnta, poiblí nó príobháideacha;

(c)meastachán maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú sin ar phraghsanna ar theaghlaigh, ar ráta tarlaithe na bochtaineachta fuinnimh, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair, agus ina gcuimseofar go háirithe meastachán maidir le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha agus sainaithneofar na teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí sin; déanfar anailísiú ar na tionchair sin le leibhéal leordhóthanach díchomhiomlánaithe, ag cur gnéithe amhail rochtain ar iompar poiblí agus seirbhísí bunúsacha san áireamh agus na limistéir is mó dá ndéantar difear, go háirithe críocha atá iargúlta agus limistéir thuaithe, a shainaithint;

(d)i gcás ina bhfuil foráil sa Phlean maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), na critéir chun faighteoirí deiridh incháilithe a shainaithint, léiriú ar an teorainn ama a shamhlaítear le haghaidh na mbeart i gceist agus an túdar atá leo ar bhonn meastacháin chainníochtúil agus mínithe cháilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go laghdóidh na bearta sa Phlean bochtaineacht fuinnimh agus iompair agus leochaileacht teaghlach, micrifhiontar agus úsáideoirí iompair do mhéadú ar phraghsanna iompair bóthair agus breoslaí téimh;

(e)na garspriocanna, na spriocanna agus an tamchlár táscach atá beartaithe chun na bearta a chur chun feidhme, agus infheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoin 31 Iúil 2032;

(f)costais mheasta iomlána an Phlean lena ngabhann réasúnú iomchuí leis na costais sin mar aon le mínithe ar an gcaoi a bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir le tionchar ionchasach an Phlean;

(g)an ranníocaíocht náisiúnta a shamhlaítear leis na costais fhoriomlána mheasta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(h)míniú ar conas a áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon infheistíocht ná beart atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852; soláthróidh an Coimisiún treoir theicniúil do na Ballstáit atá dírithe ar raon feidhme an Chiste chuige sin; ní gá aon mhíniú a thabhairt ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(i)na socruithe don Bhallstáit lena mbaineann chun faireacháin éifeachtach a dhéanamh ar an bPlean agus é a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe faireachán agus cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna, lena náirítear táscairí chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus is iad na táscairí sin, i gcás inarb ábhartha, iad sin a bheidh ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh mar a shainaithnítear i Moladh 2020/1563 ón gCoimisiún 54 maidir le bochtaineacht fuinnimh;

(j)chun an Plean a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, ar mhaithe leis an bPlean a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa Phlean;

(k)míniú ar chóras na mBallstát chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin gCiste, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint.

2.Beidh na Pleananna comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá san áireamh iontu agus leis na gealltanais a rinne na Ballstáit faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/1057, faoina gcláir oibríochtúla um an mbeartas comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058 55 , faoina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , faoina straitéisí fadtéarmacha um athchóiriú foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE agus faoina bpleananna nuashonraithe agus comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Beidh siad comhlántach leis na Pleananna um Aistriú Cóir de bhun Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 .

3.Nuair a bheidh a gcuid Pleananna á nullmhú acu, féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún malartú deachleachtas a eagrú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh freisin faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, a bhunaítear le Comhaontú an Choimisiúin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta in 2009, nó faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 .

CAIBIDIL III

TACAÍOCHT ÓN gCISTE LE hAGHAIDH PLEANANNA AERÁIDE SÓISIALTA

Airteagal 5

Prionsabail lena rialaítear an Ciste agus incháilitheacht

1.Soláthróidh an Ciste tacaíocht airgeadais do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina bPleananna a mhaoiniú.

2.Beidh íocaíocht na tacaíochta coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh beart agus infheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna a bhaint amach. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus cumhdóidh siad cumhdófar leo go háirithe:

(a)éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)athchóiriú foirgneamh;

(c)soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;

(d)laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(e)laghduithe ar an líon teaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha, lena náirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta.

3.Ní chuirfidh an Ciste tacaíocht ar fáil ach do bhearta agus infheistíochtaí a thugann urraim don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.

Airteagal 6

Bearta agus infheistíochtaí atá le cur san áireamh sa mheastachán ar chostais mheasta iomlána na bPleananna Aeráide Sóisialta

1.Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta lena soláthraítear tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh leochaileacha ar úsáideoirí iompair iad a áireamh d’fhonn an méadú ar phraghsanna iompair de bhóthar agus breoslaí téimh a iompar. Laghdófar tacaíocht den sórt sin le himeacht aimsire agus beidh sí teoranta don tionchar díreach a bheidh ag trádáil astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar. Cuirfear deireadh leis an incháilitheacht ar thacaíocht ioncaim dhírigh den sórt sin laistigh de na teorainneacha ama a shainaithnítear faoi Airteagal 4(1), pointe (d).

2.Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a chur san áireamh i g costais mheasta iomlána na bPleananna, ar choinníoll go mbaineann teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha tairbhe astu agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)tacú le hathchóirithe foirgneamh, go háirithe dóibh siúd atá ag áitiú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla, lena náirítear i bhfoirm tacaíochta airgeadais nó dreasachtaí fioscacha amhail cead chun na costais athchóirithe a bhaint ón gcíos, beag beann ar úinéireacht na bhfoirgneamh lena mbaineann;

(b)rannchuidiú le dícharbónú, lena náirítear leictriú, téimh agus fuaraithe foirgneamh agus cócaireacht i bhfoirgnimh agus comhtháthú fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a rannchuidíonn le fuinneamh a choigilt;

(c)tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha chun réitigh athchóirithe inacmhainne don éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt agus a chur ar fáil agus ionstraimí maoinithe iomchuí i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;

(d)rochtain ar fheithiclí agus ar rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur ar fáil, lena náirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach agus le haghaidh bhonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, lena náirítear le haghaidh athluchtú agus athbhreoslú; maidir le tacaíocht i dtaca le feithiclí astaíochtaí ísle, cuirfear tráthchlár ar fáil chun an tacaíocht a laghdú de réir a chéile;

(e)saorrochtain ar iompar poiblí a dheonú nó taraifí oiriúnaithe le haghaidh rochtain ar iompar poiblí, chomh maith le soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh agus seirbhísí comhroinnte soghluaisteachta;

(f)tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha chun seirbhísí soghluaisteachta agus iompair astaíochtaí nialasacha agus ísle inacmhainne a chur ar fáil agus tacú le ráta glactha roghanna soghluaisteachta gníomhacha tarraingteacha do limistéir thuaithe, oileánacha, shléibhe, iargúlta agus do limistéir nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó do réigiúin nó críocha lagfhorbartha, lena náirítear ceantair pheireauirbeacha lagfhorbartha.

Airteagal 7

Eisiaimh ó chostais mheasta iomlána na bPleananna Aeráide Sóisialta

1.Ní thabharfaidh an Ciste tacaíocht i leith, agus ní áireofar le costais mheasta iomlána Pleananna bearta i bhfoirm tacaíocht dhíreach ioncaim de bhun Airteagal 3(2) den Rialachán seo, do theaghlaigh a bhaineann tairbhe cheana féin as:

(a)idirghabháil phoiblí ó thaobh leibhéal praghsanna na mbreoslaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE;

(b)ó idirghabhálacha poiblí i socrú an phraghais chun gás a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE;

2.I gcás ina gcruthaíonn an Ballstát áirithe ina phlean nach ndéanann na hidirghabhálacha poiblí dá dtagraítear i mír 1 an méadú ar an bpraghas a leanann as na hearnálacha foirgneamh agus iompair de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a fhritháireamh go hiomlán, féadfar tacaíocht dhíreach ioncaim a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána i dteorainneacha an ardú praghsanna nach bhfuil fritháirithe go hiomlán.

Airteagal 8

Tairbhí a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair

Féadfaidh Ballstáit tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána, i gcás ina ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí a bhíonn chun leasa theaghlaigh leochaileacha, mhicrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh.

Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá lena áirithiú go gcuirtear an leas ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na húsáideoirí iompair.

Airteagal 9

Buiséad

1.Is EUR 23 700 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2025-2027.

2.Is EUR 48 500 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2028-2032, faoi réir ag infhaighteacht na méideanna faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE.

3.Féadfaidh na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha forrochtana agus cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Ciste a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun na gníomhaíochtaí incháilithe a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 10

Acmhainní ó chláir bainistíochta comhroinnte agus úsáid acmhainní

1.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gCiste, ar iarraidh sin ón mBallstát lena mbaineann faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.

2.Féadfaidh Ballstáit cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí a bhfuil an Ciste seo chun a leasa a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/1057 agus na gclár oibríochtúil um an mbeartas comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058, sa chás gur infheidhme sin i bhfianaise na sineirgí leis na cistí sin den Aontas agus i gcomhréir le cuspóirí an Chiste. Tabharfaidh Ballstáit fógra faoina nintinn maidir leis na nithe sin a chur ar iontaoibh na núdarás bainistíochta sin ina bPleananna.

3.Féadfaidh na Ballstáit a áireamh ina bPlean, mar chuid de na costais mheasta iomlána, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523. Ní rachaidh na costais sin thar 4 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an Phlean, agus comhlíonfaidh na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa Phlean, an Rialachán seo.

Airteagal 11

Cur chun feidhme

59 Is é an Coimisiún a chuirfidh an Ciste chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a glacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 12

Breisíocht agus cistiú forlíontach

1.Beidh tacaíocht faoin gCiste sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chistí, chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste tacaíocht a fháil ó chistí, ó chláir agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

2.Beidh tacaíocht ón gCiste ina tacaíocht bhreise agus ní ghlacfaidh sí ionad an chaiteachais bhuiséid náisiúnta athfhillteach.

Airteagal 13

An leithdháileadh airgeadais uasta

1.Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh le haghaidh gach Ballstáit aonair mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

2.Féadfaidh gach Ballstát iarratas a chur isteach suas lena leithdháileadh airgeadais uasta, chun a phlean a chur chun feidhme.

Airteagal 14

Ranníocaíocht náisiúnta leis na costais mheasta iomlána

1.Déanfaidh Ballstáit 50 faoin gcéad ar a laghad de chostais mheasta iomlána a bPleananna a ranníoc.

2.Bainfidh Ballstáit úsáid as, inter alia, ioncam óna lamháltais a chur ar ceant, i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, dá ranníocaíocht náisiúnta le costais mheasta iomlána a bPleananna.

Airteagal 15

Measúnú ón gCoimisiún

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an bPlean sin arna chur ar aghaidh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17, maidir le comhlíontacht le forálacha an Rialacháin seo. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá, lena náirítear tar éis don phlean a bheith tíolactha. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an spriocam don mheasúnú más gá.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas an phlean mar seo a leanas:

(a)Chun críche measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i) cibé an ionann nó nach ionann an Plean agus freagairt ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, mar thoradh ar bhunú an chórais trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, agus aird chuí ar na dúshláin a shainaithnítear i measúnuithe an Choimisiúin ar an nuashonrú ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar a dhul chun cinn de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 i Rialachán (AE) 2018/1999, chomh maith le i moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 i Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra fhadtéarmaigh d’aeráidneodracht san Aontas faoi 2050. Cuirfear san áireamh leis sin dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

(ii) cibé an meastar go n‑áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon infheistíocht ná beart atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

(iii) cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a chuireann leis an aistriú glas, lena n‑áirítear le dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as agus go háirithe a chuireann le gnóthú chuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus garspriocanna 2030 na Straitéise um an tSoghluaisteacht.

(b)Chun críche measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i) cibé an meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, sa Bhallstát lena mbaineann;

(ii) cibé an meastar go n‑áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n‑áirítear an tráthchlár a shamhlaítear, na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

(iii) cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na bearta agus infheistíochtaí atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann comhsheasmhach agus i gcomhlíonadh leis na ceanglais faoi Threoir [bbbb/uuu] [Togra le haghaidh athmhúnlú 2012/27/AE], Treoir (AE) 2018/2001, Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 , Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2010/31/AE;

(c)Chun críocha measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(i) cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost‑éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

ii) cibé a bhfuiltear nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste, lena n‑áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint leo;

(iii) cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil na garspriocanna agus spriocanna atá beartaithe ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, cuspóirí agus gníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;

(d)Chun críche measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.

Airteagal 16

Cinneadh ón gCoimisiún

1.Ar bhonn an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 15, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Phlean Ballstáit, trí ghníomh cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ón dáta a tíolacadh an Plean sin de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach, leagfar amach sa chinneadh sin:

(a)na bearta agus infheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, méid chostais mheasta iomlána an Phlean agus na garspriocanna agus spriocanna;

(b)an leithdháileadh airgeadais ón Aontas arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo atá le híoc i dtráthchodanna nuair a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean, a bheidh faoi réir, don tréimhse 2028-2032, ag infhaighteacht na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE, comhlíonta go sásúil ag an mBallstát;

(c)an ranníocaíocht náisiúnta;

(d)na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán agus cur chun feidhme, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta is gá chun Airteagal 20 den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(e)na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a shamhlaítear;

(f)na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.

2.Maidir leis an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear i mír 1, cinnfear pointe (b) ar bhonn chostais mheasta iomlána an Phlean arna mholadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus é measúnaithe de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 15(2).

Socrófar méid an leithdháilte airgeadais mar a leanas:

(a)i gcás ina gcomhlíonann an Plean na critéir atá leagtha amach in Airteagal 15(2) go sásúil, agus go bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phacáiste lúide an ranníocaíocht náisiúnta comhionann leis an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 13(1), nó níos airde, beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid iomlán an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 15(2), agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phacáiste lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 13(1), beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid chostais mheasta iomlána an phacáiste lúide an ranníocaíocht náisiúnta;

(c)i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 15(2), ach go mbunaítear sa mheasúnú go bhfuil laigí sna córais rialaithe, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go mbainfí garspriocanna agus spriocanna breise amach sula ndéanfar an chéad íocaíocht;

(d)i gcás nach gcomhlíonann an Plean na critéir atá leagtha amach in Airteagal 15(2) go sásúil, ní dhéanfar aon leithdháileadh airgeadais ar an mBallstát lena mbaineann.

3.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar Phlean, beidh na cúiseanna leis an measúnú diúltach sin san áireamh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Plean isteach arís, i ndiaidh measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh.

Airteagal 17

Leasú ar Phleananna Aeráide Sóisialta

1.I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann Plean Aeráide Sóisialta, lena náirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn cúinsí oibiachtúla, go háirithe mar gheall ar fhíorthionchair dhíreacha an chórais trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann leasú ar a Phlean, chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go nullmhófaí iarraidh den sórt sin.

2.Is i gcomhréir le hAirteagal 15 a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean leasaithe.

3.I gcás go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, glacfaidh sé cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1), laistigh de 3 mhí ó thíolacadh oifigiúil an Phlean leasaithe ag an mBallstát, ina leagfar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

4.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar an bPlean leasaithe, diúltóidh sé don iarraidh laistigh den tréimhse chéanna dá dtagraítear i mír 3, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de 3 mhí ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

5.Faoin 15 Márta 2027 déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann measúnú ar oiriúnacht a bPleananna i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil Iva de Threoir 2003/087/CE. Déanfar na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 18

Gealltanas an leithdháilte airgeadais

1.I ndiaidh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh sé comhaontú in am trátha leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chumhdaíonn an tréimhse 2025-2027. Féadfar an comhaontú sin a chur i gcrích ar a luaithe bliain amháin roimh an mbliain ina gcuirtear tús leis na ceantanna faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.

2.Tabharfar an gealltanas dlíthiúil aonair lena gcumhdaítear an tréimhse 20282032 i gcrích faoi réir infhaighteacht na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE.

3.D’fhéadfadh gealltanais bhuiséadacha a bheith bunaithe ar ghealltanais fhoriomlána agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla arna scaipeadh thar roinnt blianta.

Airteagal 19

Rialacha maidir le comhaontuithe a íoc, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh maidir le leithdháiltí airgeadais

1.Íocfar leithdháiltí airgeadais leis an mBallstát lena mbaineann faoin Airteagal seo ar chur i gcrích na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe atá sonraithe sa Phlean, arna bhfhormheas i gcomhréir le hAirteagal 16 agus faoi réir ag an gcistiú a bheith ar fáil. Ar chur i gcrích na ngarspriocanna agus na spriocanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a bhfuil údar cuí léi ar íocaíocht an leithdháilte airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh Ballstáit iarrataí ar íocaíocht den sórt sin a thíolacadh don Choimisiún uair nó dhó sa bhliain, faoin 31 Iúil.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí laistigh de 2 mhí ón am a fuarthas an iarraidh, ar cibé ar comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 16 nó nár comhlíonadh iad. Tuigfear, ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna a comhlíonadh go sásúil roimhe sin. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

3.I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar mheasúnú an Choimisiúin, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena núdarófar eisíocaíocht an leithdháilte airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

4.Más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3, go ndeimhníonn an Coimisiún nár cuireadh chun feidhme go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16, cuirfear íocaíocht an leithdháilte airgeadais ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 16 comhlíonta go sásúil.

5.De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ón dáta a chuirfear an cinneadh lena núdarófar an eisíocaíocht in iúl don Bhallstát lena mbaineann de bhun mhír 3 den Airteagal seo, nó ón dáta a chuirfear in iúl go bhfuil fionraí á cur i leataobh de bhun an dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

6.I gcás nár comhlíonadh na garspriocanna agus na spriocanna go sásúil laistigh de thréimhse 6 mhí ón gcur ar fionraí, laghdóidh an Coimisiún méid an leithdháilte airgeadais go comhréireach i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh dó a chuid conclúidí a chur in iúl.

7.I gcás, laistigh de 12 mhí ón dáta ar cuireadh comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na garspriocanna agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a tharraingt siar. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh don Choimisiún a mheasúnú a chur in iúl ar cé acu a rinneadh aon dul chun cinn inbhraite nó nach ndearnadh.

Airteagal 20

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint 

1.Agus an Ciste á chur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit, mar thairbhithe cistí faoin gCiste, na bearta uile is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta agus le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste á núsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.

2.Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18, forálfar d’oibleagáidí na mBallstát:

(a)a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a chuirtear ar fáil a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus gur cuireadh aon bheart nó infheistíocht faoin bPlean chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainmhínítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo, a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus gníomhaíochtaí dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena náirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bPlean a chur chun feidhme;

(c)an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:

(i) dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na cistí chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha go léir is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

(ii) achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, lena n‑áirítear raon feidhme na n‑iniúchtaí sin i dtéarmaí an méid caiteachais a chumhdaítear agus an tréimhse ama a chumhdaítear agus anailís ar na laigí a sainaithníodh agus ar aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh;

(a)chun críocha iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid cistí i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme faoin bPlean, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú, a thaifeadadh, a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain orthu a áirithiú:

(i) ainm faighteoirí deiridh cistí, a n‑uimhir chláraithe CBL nó uimhir aitheantais chánach agus méid an leithdháilte airgeadais ón gCiste;

(ii) ainm an chonraitheora/na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora/na bhfochonraitheoirí, agus a n‑uimhir chláraithe CBL /a n‑uimhreacha cláraithe CBL nó a n‑uimhir/a n‑uimhreacha aitheantais chánach i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na gcistí i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí, agus luach an chonartha/na gconarthaí;

(iii) céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte agus dáta breithe úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na gcistí nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 ;

(iv) liosta d’aon bhearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gCiste, méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n‑infheistíochtaí sin agus méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais a léiriú;

(b)údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna níoc le haghaidh na mbeart chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar gach faighteoir deiridh uile cistí arna neisíoc;

(c)taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír (2), pointe (d) den Airteagal seo a phróiseáil chun críche imeachtaí urscaoilte, iniúchta agus rialaithe, faisnéise, cumarsáide agus poiblíochta a bhaineann le húsáid cistí a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 agus d’fhad comhfhreagrach na nimeachtaí sin. Próiseálfar na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725, cibé acu is infheidhme. Faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, beidh an Ciste faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus go háirithe, tuairisciú ar leithligh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta.

4.Déanfaidh an Coimisiún córas comhtháite agus idirinoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil do na Ballstáit lena náireofar uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha agus anailís a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit an uirlis a úsáid chun críocha iniúchta agus rialaithe chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun calaois, éilliú, agus coinbhleacht leasa maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí arna dtacú leis an gCiste a chosc, a bhrath agus a cheartú. Féadfaidh an Coimisiún, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, OIPE, an uirlis a úsáid laistigh dá ninniúlachtaí agus dá gcearta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) den Airteagal seo.

5.Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 do cheart an Choimisiúin an tacaíocht faoin gCiste a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as comhaontuithe den sórt sin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t‑éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú.

CAIBIDIL IV
COMHLÁNTACHT, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 21

Comhordú agus comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Clár InvestEU, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(c)dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú.

Airteagal 22 
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Cuirfidh Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d) (i), (ii) agus (iv) den Rialachán seo ar fáil go poiblí agus iad cothrom le dáta, ar shuíomh gréasáin amháin i bhformáidí oscailte meaisíninléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 , lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (d), (i) agus (ii) den Rialachán i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE), Euratom) 2018/1046 nó i gcás gur lú ná EUR 15 000 í an tacaíocht dhíreach ioncaim a íoctar.

2.Tabharfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

3.Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme a bhaineann leis an gCiste, agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo agus leis na torthaí a baineadh amach, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na núdarás náisiúnta, trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 23

Faireachán ar chur chun feidhme

1.Tuairisceoidh gach Ballstát lena mbaineann, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean mar chuid dá thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas san áireamh ina dtuarascáil ar an dul chun cinn:

(a)faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh;

(b)i gcás inarb infheidhme, faisnéis mhionsonraithe maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(c)faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí na mbeart agus na ninfheistíochtaí atá san áireamh ina bPlean;

(d)faisnéis a thuairiscítear faoi bheartais agus bearta maidir le gáis cheaptha teasa agus faoi réamhmheastacháin, chomh maith le faisnéis faoi bhochtaineacht fuinnimh a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 18 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(e)faisnéis a thuairiscítear faoi straitéisí fadtéarmacha um athchóiriú foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE;

(f)in 2027, measúnú ar oiriúnacht an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/087/CE.

(g)faisnéis faoi athruithe ar a Phlean i gcomhréir le hAirteagal 17;

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chiste agus déanfaidh sé gnóthú a chuspóirí a thomhas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCiste.

3.Le córas tuairiscithe feidhmíochta an Choimisiúin áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na dtorthaí ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí chistiú ón Aontas.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na táscairí comhchoiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1.

CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gCiste

1.Faoin 1 Iúil 2028, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Chiste.

2.Faoin 31 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

3.Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh cuspóirí anChiste a leagtar amach in Airteagal 1, ar éifeachtúlacht úsáid na nacmhainní agus ar an mbreisluach AE. Breithneofar ann ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagal 6 i bhfianaise an tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus ó na bearta náisiúnta a dhéanann Ballstáit chun na laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 . Breithneofar ann freisin ábharthacht leanúnach imchlúdach airgeadais an Chiste i ndáil le forbairtí féideartha maidir le lamháltais a chur ar ceant faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile.

4.I gcás inarb iomchuí, beidh togra maidir le leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta.

5.Beidh measúnú foriomlán ar an gCiste sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis faoina tionchar san áireamh inti freisin.

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanfar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon i ndiaidh a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé i bhfeidhm ón dáta faoina dtabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, a chomhlíonadh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá léi (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.2.1.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, bochtaineacht fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a chur chun cinn, modhanna iompair inbhuanaithe a chur chun cinn

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le 

 gníomhaíocht nua 

 gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht 65  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Is é cuspóir sonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú trí bhearta amhail athchóiriú foirgneamh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n‑áirítear fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chomhtháthú, agus trí ráta glactha shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhaoiniú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Rannchuidíonn an Ciste le baint amach sprioc athbhreithnithe foriomlán an Aontais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, go mbainfí laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí amach in 2030 i gcomparáid le 1990, trí thacú leis na hinfheistíochtaí is gá agus trí na tionchair shóisialta ar na grúpaí is leochailí a mhaolú.

Ba cheart cistí an Chiste a chur ar fáil do Bhallstáit chun tacú lena mbearta agus infheistíochtaí atá beartaithe chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n‑áirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú agus chun soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhaoiniú.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Táscairí aschuir

Táscaire Uimhir 1: líon na bpleananna arna bhformheas ag an gCoimisiún

Táscaire Uimhir 2: leithdháileadh airgeadais foriomlán arna leithdháileadh ar na pleananna

Táscairí toraidh:

Táscaire Uimhir 3: líon na bpleananna arna gcur chun feidhme

Táscairí tionchair:

Táscaire Uimhir 4: cuspóirí atá leagtha amach sna pleananna a baineadh amach

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Comhlíonfaidh gach Ballstát na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán. Leis sin, déanfar an éagothroime shóisialta idir Ballstáit agus laistigh díobh a mhaolú le linn dóibh iarracht a dhéanamh an sprioc nuashonraithe a bhaint amach, is é sin glanastaíochtaí GCT trí laghdú 55 % ar a laghad a chur ar astaíochtaí i gcomparáid le 1990, go háirithe i ndáil le hastaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar.

Beidh feidhm leis an gCiste ó 2025 go 2032.

1.5.2.Breisluach AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa (ex‑ante)

Fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide agus féadfaidh gníomhaíocht an Aontais gníomhaíocht náisiúnta a atreisiú agus a chomhlánú go héifeachtach. Ach sprioc 2030 le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa an Aontais a mhéadú, beidh tionchar aige sin ar go leor earnálacha ar fud gheilleagar an Aontais agus ní féidir dá bhrí sin déanamh d’uireasa gníomhaíocht chomhordaithe chomh maith le tacaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 191(1) don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), rannchuideoidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; chomh maith le bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac. Beidh sé d’aidhm ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 194(1)(c) den CFAE, de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit, beidh beartas an Aontais maidir le fuinneamh dírithe, go háirithe, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a chur chun cinn agus ar chineálacha nua agus inbhuanaithe fuinnimh a fhorbairt.

Ní mór don Chiste dul i ngleic le cás úsáideoirí iompair leochaileacha freisin. Ba cheart go dtacódh sé le bearta chun a rochtain a éascú ar réitigh soghluaisteachta agus iompair astaíochtaí nialasacha agus ísle, lena n‑áirítear iompar poiblí, agus ar an mbealach sin chuirfeadh sé le cuspóirí an chomhbheartais iompair a bhaint amach mar atá sonraithe in Airteagal 91(1)(d) de CFAE.

Bunaítear an Ciste chun an t‑ualach sóisialta ón trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a mhaolú, trí thacú le bearta agus infheistíochtaí Ballstát atá beartaithe chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n‑áirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú agus chun soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhaoiniú.

An breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex‑post)

Dáilfear tacaíocht airgeadais ón gCiste ar bhealach cothrom agus cóir chun dul i ngleic leis na tionchair shóisialta ar na grúpaí saoránach is leochailí san Aontas ar fud na mBallstát uile. Chun cistiú a fháil, tá Pleananna Sóisialta le bunú ag na Ballstáit ina liostófar na gníomhaíochtaí (bearta agus infheistíochtaí) a bheartaíonn siad a mhaoiniú ón gCiste. Tá cistiú ó bhuiséad an Aontais dírithe ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach leo féin (‘an tástáil riachtanais’) agus inar mó an breisluach a thiocfadh as idirghabháil an Aontais ná a thiocfadh as na Ballstáit a bheith ag gníomhú leo féin. Is gá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh chun freagairt iomchuí a chomhordú ar na dúshláin shóisialta a ghabhann leis an trádáil astaíochtaí le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar (‘tástáil éifeachtachta’). Ní féidir leis na Ballstáit an sprioc sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, agus is féidir luach breise a thabhairt le hidirghabháil ón Aontas trí ionstraim a bhunú atá dírithe ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit maidir le dearadh agus cur chun feidhme na mbeart agus na n‑infheistíochtaí a bhfuil gá leo.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Leis an gCiste seo, cuirtear le taithí a bailíodh agus cistiú eile ón Aontas á chur chun feidhme. Leanfaidh bunú agus cur chun feidhme an Chiste príomhphrionsabail na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (‘RRF’).

1.5.4.Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is tosaíocht bhunúsach den Aontas Eorpach iad cuspóir na haeráidneodrachta sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpach, chomh maith leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach i dteannta a chéile. Cuideoidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027 leis na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha a bhfuil an Eoraip dírithe air, a bhaint amach. Leis na beartais sin le chéile, rachfar i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch i ndiaidh phaindéim COVID‑19 agus cuirfear luas faoin aistriú chuig geilleagar glan inbhuanaithe, lena nascfar gníomhú ar son na haeráide le fás eacnamaíoch.

Cuid den phacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’) is ea é an togra seo. Is é an cuspóir foriomlán atá leis an bpacáiste reachtaíocht an Aontais a ailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile. Tá an togra reachtach seo forlíontach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus cothaíonn sé comhsheasmhacht leo.

Déanfar an Ciste a mhaoiniú faoi Cheannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ den chreat airgeadais ilbhliantúil, agus in ainmníocht bhliantúil an bhuiséid mar chuid den ‘bheartas um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide’ i mbraisle a naoi.

Ba cheart do mhéid an Chiste Aeráide Sóisialta, i bprionsabal, a bheith ag teacht le 25 % d’ioncaim ionchasacha ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE. Déanfaidh an Coimisiún togra go luath faoi leasú ar an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, ar dá réir ba cheart do Bhallstáit na hioncaim is gá a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse.

Beidh méid coibhéiseach leis an sciar thuas luaite ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil chun tacú leis an gCiste. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún togra go luath faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil chun ardú EUR 2 176 milliún in 2025, EUR 9 132 milliún in 2026 agus EUR 8 786 milliún in 2027, i bpraghsanna 2018, a chur ar an uasteorainn i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí faoi Cheannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’.

Ós rud é go mbeidh mar thoradh ar na harduithe molta ar an uasteorainn oibleagáidí ardú coibhéiseach ar riachtanais íocaíochta, molann an Coimisiún dá bharr sin athbhreithniú faoi na méideanna céanna a dhéanamh ar an uasteorainn íocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025, 2026 agus 2027.

A mhéid a bhaineann le sineirgí le hionstraimí eile, is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an ceann is ábhartha, agus tugann sí deis cheana féin do Bhallstáit bearta a mhaoiniú chun laghdú a chur ar bhochtaineacht fuinnimh. Tabharfaidh an tSaoráid a híocaíochtaí amach chuig Ballstáit chun críche faoi dheireadh 2026, agus dá bharr sin dhéanfadh an Ciste Aeráide Sóisialta seo é a chomhlánú, ó thaobh ama agus raon feidhme de, agus é ag díriú ar na daoine is leochailí. Ar an tslí chéanna, beidh deireadh ag teacht leis an gCiste um Aistriú Cóir agus go háirithe lena chuid den mhaoiniú ón Ionstraim Théarnaimh, go luath i ndiaidh don Chiste Aeráide Sóisialta tosú.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Beidh an Ciste comhlántach agus áiritheoidh sé sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe na tionscadail arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Ar bhonn Pleananna Aeráide Sóisialta Ballstát, soláthrófar leis an gCiste tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha chun scéimeanna náisiúnta a chómhaoiniú, scéimeanna a chuireann tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal, trí thacaíocht infheistíochta go príomha agus, de réir mar is gá, trí thacaíocht ioncaim shealadach.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó 2025 go 2032 maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó 2025 go 2032 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

◻Cur chun feidhme ina bhfuil tréimhse thosaigh ó BBBB go BBBB, agus beidh sé ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin.

1.7.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 66  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

⌧ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Ní bhaineann le hábhar

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, bunófar córas chun íocaíochtaí a iarraidh agus a dhéanamh leis an gCiste.

Chun cistí a fháil ón gCiste, ba cheart do Bhallstáit a bPleananna Aeráide Sóisialta (‘Pleananna’) a fhorbairt chun na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le maoiniú a shocrú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na pleananna sin agus ní fhéadfaidh sé iad a fhormheas go dtí go ndéanfaidh sé measúnú dearfach bunaithe ar a n‑ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Déanfar an leithdháileadh airgeadais a eisíoc i ndiaidh na garspriocanna agus na spriocanna a comhaontaíodh leis an mBallstát lena mbaineann a chur i gcrích. Tá an t‑uainiú maidir le tíolacadh Pleananna, chomh maith leis na timthriallta tuairiscithe ar an dul chun cinn, ailínithe leis na nuashonruithe ar phleananna comhtháthaithe náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

Chun na críche sin, beidh na Ballstáit in ann íocaíocht a iarraidh faoin gCiste ar cheart fianaise ar na garspriocanna agus na spriocanna a baineadh amach a bheith in éineacht leis. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme faoina bpleananna sa tuairisciú débhliantúil ar dhul chun cinn chur chun feidhme a PNFAnna faoin Rialachán maidir le Rialachas.

Déanfar meastóireacht agus meastóireacht ex‑post d’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, agus comhleanúnachas an Chiste a mheas. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán in éineacht leis an meastóireacht.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Na gníomhaíochtaí sna Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit a mhaoiniú, le ranníocaíochtaí náisiúnta, an réiteach is iomchuí. Bainistíocht dhíreach in éineacht le hionstraim bunaithe ar fheidhmíocht is fearr a chinntíonn torthaí ar airgead agus a íoslaghdaíonn na struchtúir riaracháin a mbíonn baint acu sa phróiseas, agus a laghdaíonn castacht agus costais riaracháin freisin, dá bharr.

Táthar ag súil go mbainfidh an amlíne a leanas leis an gCiste:

Ó lár 2023 d’fhéadfadh na Ballstáit a ndréacht‑phleananna a thíolacadh maidir leis an gCiste a úsáid.

Amach in 2023 agus go luath in 2024, bheadh ar Sheirbhísí an Choimisiúin tosú ar na gníomhartha tarmligthe maidir leis na ceanglais tuairiscithe faoin gCiste a ullmhú.

An 30 Meitheamh 2024 an dáta ar a bhfuiltear ag beartú an Rialachán a chur i bhfeidhm chun an Ciste a bhunú.

An 30 Meitheamh 2024 an sprioc‑am faoina mbeadh ar na Ballstáit a bPleananna a chur faoi bhráid an Choimisiúin go hoifigiúil. Mar sin féin, mar a luaitear thuas, féadfaidh siad tosú ar na pleananna sin a thíolacadh i lár 2023, mar atá siad le tíolacadh i gcomhréir leis na PNFNanna faoin Rialachán maidir le Rialachas.

Idir an 30 Meitheamh agus an 31 Nollaig 2024, tá ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na Pleananna chun úsáid a bhaint as an gCiste agus gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar deireadh chun iad a fhormheas. Bainfidh méid ollmhór oibre leis sin, ós rud é go samhlaímid an córas céanna leis an gceann maidir leis an tSaoráid/na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta.

Ó thús 2025 tosóidh an Coimisiún ar Chomhaontuithe aonair leis na Ballstáit a shíniú maidir le húsáid a bhaint as an gCiste – na gealltanais airgeadais maidir le húsáid a bheith á baint ag na Ballstáit as an airgead faoin gCiste.

Ó lár 2025, d’fhéadfadh na Ballstáit tosú ar íocaíochtaí ón gCiste a iarraidh. Faoi dhó sa bhliain, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí ón gCiste a iarraidh. Déanfar na híocaíochtaí ar mheasúnú a dhéanamh ar na garspriocanna agus spriocanna comhlíonta.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Baineann an riosca leis an tomhas feidhmíochta (neamhchomhlíonadh spriocanna/garspriocanna réamhshainithe) nó le neamhrialtachtaí tromchúiseacha.

Is iad seo a leanas na bearta a chuirfear ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú:

   próiseas meastóireachta críochnúil roimh eisíocaíocht na gcistí ar dá mbarr a bhainfidh na Ballstáit is tairbhithe na garspriocanna/spriocanna amach;

   íocaíochtaí a chur ar fionraí, cistí a ghnóthú, comhaontuithe a fhoirceannadh i gcás nach mbeidh na garspriocanna/na spriocanna bainte amach ag na Ballstáit is tairbhithe nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha nó sáruithe ar oibleagáidí sna comhaontuithe le Ballstáit.

Cuirfidh an Coimisiún an Ciste chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Déanfar leithdháileadh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá na forálacha is gá sa Rialachán seo chun a áirithiú go gcloífidh cur chun feidhme an Chiste le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Beidh feidhm ag na próisis rialaithe inmheánaigh is iomchuí maidir le gach leibhéal bainistíochta agus dearfar iad chun dearbhú réasúnach a thabhairt go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na n‑oibríochtaí; iontaofacht tuairiscithe; acmhainní agus faisnéis a chosaint; bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun‑idirbheart, agus a bhaineann le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, mírialtachtaí agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile den Aontas a chosc, a bhrath agus a cheartú.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

09 01 04 01 – Tacú le caiteachas don Chiste Aeráide Sóisialta

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

09 05 01- An Ciste Aeráide Sóisialta – Caiteachas oibríochtúil

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní cheanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ceanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

3

ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA AGUS AN COMHSHAOL

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí  

09 05 01

Gealltanais

-1

2 495,000

10 695,000

10 495,000

10 145,000

9 945,000

9 745,000

9 495,000

9 145,000

72 160,000

Íocaíochtaí

-2

2 495,000

10 695,000

10 495,000

10 145,000

9 945,000

9 745,000

9 495,000

9 145,000

72 160,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

09 01 04 01

 

-3

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

40,000

IOMLÁN na leithreasuithe d’imchlúdach an chláir

Gealltanais

= 1 + 3

2 500,000

10 700,000

10 500,000

10 150,000

9 950,000

9 750,000

9 500,000

9 150,000

72 200,000

Íocaíochtaí

= 2 + 3

2 500,000

10 700,000

10 500,000

10 150,000

9 950,000

9 750,000

9 500,000

9 150,000

72 200,000

   



Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse. 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

IOMLÁN

Acmhainní daonna

1,824

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

88,464

Caiteachas riaracháin eile

-

-

0,059

0,016

-

-

-

-

-

-

-

0 075

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1,824

8,664

8,723

8,680

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

88,539

   EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
ar fud na gCEANNTEIDEAL  
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

1,824

8,664

8,723

2 508,680

10 708,664

10 508,664

10 158,664

9 958,664

9 758,664

9 508,664

9 158,664

72 288,539

Íocaíochtaí

1,824

8,664

8,723

2 508,680

10 708,664

10 508,664

10 158,664

9 958,664

9 758,664

9 508,664

9 158,664

72 288,539

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní cheanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ceanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1,824

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

88,464

Caiteachas riaracháin eile

-

-

0,059

0,016

-

-

-

-

-

-

-

0 075

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1,824

8,664

8,723

8,680

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

8,664

88,539

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 67  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

-

-

-

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

40,000

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

-

-

-

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

5,000

40,000

IOMLÁN

1,824

8,664

8,723

13,680

13,664

13,664

13,664

13,664

13,664

13,664

13,664

128,539

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní cheanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Ceanglaíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

 

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

12

57

57

57

57

57

57

57

57

57

57

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

01 01 01 11 (Taighde díreach)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[1]

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

XX 01 xx yy zz

- sa cheanncheathrú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

- i dtoscaireachtaí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN

12

57

57

57

57

57

57

57

57

57

57

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

   Dearadh, dréachtú dlíthiúil, comhairliúcháin, comhordú le seirbhísí an Choimisiúin

   Measúnú ar dhréachtphleananna agus ar Phleananna Náisiúnta críochnaitheacha um Ghníomhaíocht Shóisialta ar son na hAeráide, i sineirge le próisis eile (2023-2024);

   Ullmhúchán agus bainistíocht chomhaontuithe deontas agus na n‑oibríochtaí airgeadais gaolmhara;

   Formhaoirseacht agus faireachán ar chur chun feidhme an Chiste (ó 2025 ar aghaidh)

• Nósanna imeachta buiséadacha agus faireacháin in éineacht le AS an Bhuiséid (ó 2025 ar aghaidh)

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI).

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

Déanfar an Ciste a mhaoiniú faoi Cheannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ den chreat airgeadais ilbhliantúil, agus in ainmníocht bhliantúil an bhuiséid mar chuid den ‘bheartas um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide’ i mbraisle a naoi.

Ba cheart do mhéid an Chiste Aeráide Sóisialta, i bprionsabal, a bheith ag teacht le 25 % d’ioncaim ionchasacha ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE.

Beidh méid coibhéiseach leis an sciar thuas luaite ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil chun tacú leis an gCiste. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún togra go luath faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil chun ardú EUR 2 176 milliún in 2025, EUR 9 132 milliún in 2026 agus EUR 8 786 milliún in 2027, i bpraghsanna 2018, a chur ar an uasteorainn i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí faoi Cheannteideal 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’.Ós rud é go mbeidh mar thoradh ar na harduithe molta ar an uasteorainn oibleagáidí ardú coibhéiseach ar riachtanais íocaíochta, molann an Coimisiún dá bharr sin athbhreithniú faoi na méideanna céanna a dhéanamh ar an uasteorainn íocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025, 2026 agus 2027.

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 68

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2032

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Barúlacha eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).[...]

[…]

(1)    COM(2019) 640 final.
(2)    COM (2020) 562 final.
(3)    Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(4)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 10-11 Nollaig 2020 EUCO 22/20 CO EUR 17 CONCL 8.
(5)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(7)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(8)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(9)    Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin (AE) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil maidir leis na blianta 2021 go 2027, COM/2021/XXX final.
(10)    Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID‑19 (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 23).
(12)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(13)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(14)    Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.
(15)    Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(16)    Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh C/2020/9600 (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).
(17)    COM(2021) 400.
(18)    Bhí sé ar oscailt ar feadh 12 sheachtain idir 13 Samhain 2020 agus 5 Feabhra 2021. Tá an toradh le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12660-Updating-the-EU-Emissions-Trading-System/public-consultation.
(19)    Bhí an measúnú ar thionchar tionscanta oscailte i gcomhair aiseolais ón 29 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 26 Samhain 2020 agus fuarthas thart ar 250 aighneacht. Tá an toradh le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12660-Updating-the-EU-Emissions-Trading-System.
(20)    Doiciméad Inmheánach Oibre(2020)176, go háirithe alt 6.5.2.
(21)    [Measúnú Tionchair a ghabhann le...]
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta ‘Pláinéad Glan do Chách. Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach’, COM/2018/773 final.
(23)    Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(24)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(25)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(26)    IO C , , , lch. 
(27)    IO C , , lch. .
(28)    Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(29)    COM(2019) 640 final.
(30)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(31)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(32)    Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).
(33)    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(34)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(35)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(36)    [Cuir tagairt isteach]
(37)    Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.
(38)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(39)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(40)    Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(41)    Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(42)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(43)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(44)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(45)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(46)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(47)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(48)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(49)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(50)    [Treoir (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C […], […], lch. […]).] [Togra le haghaidh athmhúnlú Threoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh]
(51)    Rialachán (AE) 2019/1700 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/980 ón gComhairle (IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1).
(52)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(53)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(54)    IO L 357, 27.10.2020, lch. 35.
(55)    Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
(56)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(57)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(58)    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(59)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 1).
(60)    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(61)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(62)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(63)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26-42).
(64)    [Treoir (AE) bbbb/uuu ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle…. (IO …..).] [Treoir lena leasaítear Treoir 2003/87/CE]
(65)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(66)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx
(67)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(68)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 568 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta


IARSCRÍBHINN I

Modheolaíocht chun an leithdháileadh uasta airgeadais a ríomh in aghaidh an Bhallstáit faoin gCiste de bhun Airteagal 13

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun an leithdháileadh uasta airgeadais atá ar fáil do gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 13 a ríomh.

Leis an modheolaíocht cuirtear na hathróga seo a leanas san áireamh maidir le gach Ballstát:

an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe (2019);

na hastaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh (meán 2016-2018);

an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta le riaráistí ar a mbillí fóntais (2019);

an daonra iomlán (2019);

ONI per capita an Bhallstáit, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (2019);

an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear le [Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE] (meán 2016-2018)

Sainmhínítear an leithdháileadh uasta airgeadais a dhéanann Ballstát faoin gCiste (MFAi) mar a leanas:

Mar a bhfuil:

Is ionann an t‑imchlúdach airgeadais iomlán (IAI) chun an Ciste a chur chun feidhme agus suim na n‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) agus is é sciar Bhallstát i san imchlúdach airgeadais iomlán, arna chinneadh ar bhonn na gcéimeanna seo a leanas:

Agus

βi = min(

γi =

δi = min(

fi = 1 más ; fi = 2.5 más

I gcás inarb ionann i le haghaidh gach Ballstáit:

an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe Bhallstát i;

suim an daonra atá i mbaol bochtaineachta ar a bhfuil cónaí i gceantair thuaithe AE‑27;

 daonra an Bhallstáit i;

 suim dhaonra Bhallstáit AE‑27;

na hastaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstát i;

suim na n‑astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó dhóchán breosla ag teaghlaigh Bhallstáit AE‑27;

an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais Bhallstát i;

an céatadán de theaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta le riaráistí ar bhillí fóntais AE‑27;

OIN per capita Bhallstát i;

OIN per capita AE‑27.

Déantar βi na mBallstát sin ag a bhfuil OIN per capita faoi bhun luach AE‑27 agus gurb é an chomhpháirt íosta lena n‑aghaidh a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim βi le haghaidh gach Ballstáit agus 100 %. Déantar λi a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann a suim agus 100 %.

I gcás na mBallstát ag a bhfuil ONI per capita faoi bhun 90 % de luach AE‑27, ní fhéadfaidh a bheith níos ísle ná an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear le [Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE] le haghaidh mheán na tréimhse 2016-2018. Déantar na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita os cionn luach AE‑27 a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach agus 100 %.

IARSCRÍBHINN II

An leithdháileadh uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin gCiste de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 13

Nuair a chuirtear an mhodheolaíocht in Iarscríbhinn I i bhfeidhm ar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 9 (1) agus (2) is é an toradh a bhíonn air ná an sciar seo a leanas agus an leithdháileadh uasta airgeadais (MFA) in aghaidh an Bhallstáit.

Cumhdófar aon mhéid a thiocfaidh de thoradh Airteagal 9(3) laistigh de theorainneacha an leithdháilte airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit ar bhonn pro rata.

An leithdháileadh uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit de chuid AE

Ballstát

Sciar mar % den iomlán

IOMLÁN

2025-2032

(in EUR, praghsanna reatha)

Méid le haghaidh

2025-2027

(in EUR, praghsanna reatha)

Méid le haghaidh

2028-2032

(in EUR, praghsanna reatha)

An Bheilg

2.56

1 844 737 639

605 544 073

1 239 193 566

An Bhulgáir

3.85

2 778 104 958

911 926 420

1 866 178 538

An tSeicia

2.40

1 735 707 679

569 754 460

1 165 953 219

An Danmhairg

0.50

361 244 536

118 580 270

242 664 266

An Ghearmáin

8.19

5 910 983 488

1 940 308 984

3 970 674 504

An Eastóin

0.29

207 004 992

67 950 392

139 054 600

Éire

1.02

737 392 966

242 052 816

495 340 150

An Ghréig

5.52

3 986 664 037

1 308 641 796

2 678 022 241

An Spáinn

10.53

7 599 982 898

2 494 731 228

5 105 251 670

An Fhrainc

11.20

8 087 962 701

2 654 912 964

5 433 049 737

An Chróit

1.94

1 403 864 753

460 825 411

943 039 343

An Iodáil

10.81

7 806 923 117

2 562 660 358

5 244 262 759

An Chipir

0.20

145 738 994

47 839 531

97 899 463

An Laitvia

0.71

515 361 901

169 170 042

346 191 859

An Liotuáin

1.02

738 205 618

242 319 573

495 886 046

Lucsamburg

0.10

73 476 421

24 118 991

49 357 430

An Ungáir

4.33

3 129 860 199

1 027 391 783

2 102 468 416

Málta

0.01

5 112 942

1 678 348

3 434 594

An Ísiltír

1.11

800 832 270

262 877 075

537 955 195

An Ostair

0.89

643 517 259

211 237 660

432 279 599

An Pholainn

17.61

12 714 118 688

4 173 471 093

8 540 647 595

An Phortaingéil

1.88

1 359 497 281

446 261 573

913 235 708

An Rómáin

9.26

6 682 901 998

2 193 694 977

4 489 207 021

An tSlóivéin

0.55

397 623 987

130 522 001

267 101 985

An tSlóvaic

2.36

1 701 161 680

558 414 568

1 142 747 112

An Fhionlainn

0.54

386 966 933

127 023 772

259 943 161

An tSualainn

0.62

445 050 067

146 089 842

298 960 225

EU27

100 %

72 200 000 000

23 700 000 000

48 500 000 000

IARSCRÍBHINN III

Príomhcheanglais le haghaidh chóras rialaithe an Bhallstáit

(1)Soláthróidh an Ballstát córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, lena gcuimseofar deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin.

Áirítear leis sin:

·údarás a ainmniú mar ‘chomhordaitheoir’ agus freagracht fhoriomlán air as an bPlean Sóisialta um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus a bheith mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún;

·go bhfuil (i) an inniúlacht riaracháin ag an gcomhordaitheoir ó thaobh acmhainní daonna (líon agus próifíl foirne), an taithí agus an saineolas institiúide, agus (ii) an sainordú agus an t‑údarás chun gach cúram ábhartha, lena n‑áirítear freagrachtaí maoirseachta agus tuairiscithe;

·ainmniú na n‑údarás ar a gcuirtear de chúram an Plean Sóisialta um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide a chur chun feidhme agus na feidhmeanna gaolmhara a leithdháileadh;

·ainmniú an údaráis ar a bhfuil freagracht as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarrataí íocaíochta a shíniú;

·nósanna imeachta lena n‑áiritheofar go bhfaighidh an t‑údarás seo dearbhú maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna atá leagtha amach sa phlean, go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir le gach riail is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte;

·deighilt iomchuí idir feidhmeanna bainistíochta agus iniúchóireachta.

(2)Déanfaidh an Ballstát bearta frithchalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le haon bheart is gá chun coinbhleacht leasa a sheachaint go héifeachtach.

Áirítear leis sin:

·bearta iomchuí i ndáil le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a rinneadh a mhíleithreasú a aisghabháil;

·measúnú riosca maidir le calaois agus bearta maolaithe frithchalaoise iomchuí a shainiú.

(3)Coinneoidh an Ballstát nósanna imeachta ar bun chun an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar na hiniúchtaí agus na rialuithe arna ndéanamh ar leibhéal náisiúnta a tharraingt suas.

Áirítear leis sin:

·Nós imeachta éifeachtach chun an Dearbhú Bainistíochta a tharraingt suas, tuairisc a thabhairt ar an achoimre ar na hiniúchtaí agus na rialuithe agus an fhaisnéis bhunúsach a choimeád don rian iniúchóireachta;

·Nósanna imeachta éifeachtacha chun a áirithiú go ndéantar gach cás calaoise nó éillithe a thuairisciú agus a cheartú i gceart tríd aisghabhálacha.

(4)Chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar fíoruithe bainistíochta iomchuí, lena n‑áirítear nósanna imeachta chun baint amach garspriocanna agus spriocanna a sheiceáil chomh maith le prionsabail ghinearálta na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh.

Áirítear leis sin:

·fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh údaráis cur chun feidhme seiceáil ar chomhlíonadh garspriocanna agus spriocanna an chiste (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair);

·fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh na húdaráis cur chun feidhme seiceáil nach ann do neamhrialtachtaí tromchúiseacha (calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa) agus cistiú dúbailte (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair).

(5)Déanfaidh an Ballstát iniúchtaí leordhóthanacha agus neamhspleácha ar chórais agus oibríochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

Áirítear leis sin:

·Ainmniú an chomhlachta/na gcomhlachtaí a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus oibríochtaí agus ar an gcaoi a ndéantar neamhspleáchas feidhmiúil an chomhlachta/na gcomhlachtaí siúd a áirithiú;

·Leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha don chomhlacht/do na comhlachtaí seo chun críche an Chiste;

·An comhlacht/comhlachtaí iniúchóireachta ag dul i ngleic go héifeachtach le riosca calaoise, éillithe, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte tríd iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí.

(6)Coinneoidh an Ballstát córas éifeachtach ar bun chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá chun críocha an riain iniúchóireachta.

Áirítear leis sin:

·sonraí faoi fhaighteoirí deiridh na mbeart nó na n‑infheistíochtaí is gá chun na garspriocanna/na spriocanna a bhaint amach a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil go héifeachtach i gcóras leictreonach;

·rochtain don Choimisiún, OLAF, AEA agus OIPE (i gcás inarb infheidhme) ar na sonraí faoi fhaighteoirí deiridh.

IARSCRÍBHINN […]

Top