EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0093

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

COM/2021/93 final

An Bhruiséil,4.3.2021

COM(2021) 93 final

2021/0050(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

{SEC(2021) 101 final} - {SWD(2021) 41 final} - {SWD(2021) 42 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais an togra

Is é an ceart chun pá comhionann idir mná agus fir as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ceann de phrionsabail bhunaidh an Aontais atá coisricthe i gConradh na Róimhe. Leagtar amach an ceanglas chun pá comhionann a áirithiú i dTreoir 2006/54/CE (an ‘Treoir Athmhúnlaithe’) 1 mar a chomhlánaítear é in 2014 le Moladh ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht pá (‘Moladh 2014’) 2 . D’ainneoin an chreata dhlíthiúil sin, is dúshlán i gcónaí é san Aontas cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an phrionsabail sin sa chleachtas. Aithníodh easpa trédhearcachta pá mar cheann de na príomhbhacainní 3 . Tá an bearna phá idir na hinscní 4 san Aontas fós thart ar 14 %. Tá tionchar fadtéarmach ag an mbearna phá ar chaighdeán saoil na mban, ar a riosca méadaithe maidir lena leochaileacht i leith na bochtaineachta agus ar an mbearna phá leanúnach pinsin, ar bearna de 33 % san Aontas í 5 . De dheasca paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a ghabhann leis, ní mór dul i ngleic leis an tsaincheist seo, i bhfianaise gur oibrithe baineanna is mó atá buailte go háirithe ag an ngéarchéim 6 .

D’iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le pá comhionann a fheabhsú. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún araon gníomhaíocht a dhéanamh. I mí an Mheithimh 2019, d’iarr sí ar an gCoimisiún bearta nithiúla a fhorbairt chun trédhearcacht pá a fheabhsú 7 .

Tá comhionannas inscne agus an ceart chun pá comhionann san áireamh i measc 20 prionsabal 8 Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ina plean gníomhaíochta 2017-2019 maidir le dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní 9 , rinne an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le tuilleadh beart dlíthiúil chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú phrionsabal an phá chomhionainn agus deiseanna comhionanna chun trédhearcacht pá a fheabhsú. Ina treoirlínte polaitiúla 10 , d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go ndéanfadh an Coimisiún bearta trédhearcachta pá ceangailteacha nua a thabhairt chun cinn. Athdhearbhaíodh an gealltanas sin sa straitéis maidir le comhionannas inscne 2020-2025 11 .

Forbairt é an togra seo ar mheastóireacht 12 shiarghabhálach an Choimisiúin ar fhorálacha dlíthiúla ábhartha (an ‘meastóireacht 2020’) agus roinnt tuarascálacha eile ar an ábhar sin 13 . Mar gheall ar na measúnuithe sin, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil an ceart chun pá chomhionainn á chur i bhfeidhm ná á fhorfheidhmiú go leordhóthanach sa chleachtas agus go bhfuil easpa trédhearcachta pá in go leor Ballstát.

Cuspóirí an togra

Is é is aidhm don tionscnamh dul i ngleic le forfheidhmiú neamhleor leanúnach an chirt bhunúsaigh chun pá comhionann agus a áirithiú go gcloítear leis an gceart sin ar fud an Aontais, trí chaighdeáin trédhearcachta pá a bhunú chun oibrithe a chumhachtú chun a gceart chun pá comhionann a éileamh.

Saothraítear leis an treoir atá beartaithe na cuspóirí sin tríd an méid seo a leanas:

trédhearcacht pá laistigh d’eagraíochtaí a bhunú;

cur i bhfeidhm na bpríomhchoincheap a bhaineann le pá comhionann a éascú, lena n‑áirítear ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’; agus

sásraí forfheidhmithe a neartú.

Le trédhearcacht pá, ceadaítear d’oibrithe idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhonn inscne a bhrath agus é a chruthú. Cuirtear béim leis freisin ar laofacht inscne i gcórais phá agus ar ghrádú poist nach luachálann obair na mban agus na bhfear go cothrom agus ar bhealach atá neodrach i dtaobh inscne, nó ar teip orthu luach a chur le scileanna gairme áirithe a mheastar iad den chuid is mó a bheith ina gcáilíochtaí baineanna. Ós rud é go mbíonn laofacht den sórt sin neamh‑chomhfhiosach go minic, is féidir le trédhearcacht pá cabhrú le feasacht a mhúscailt maidir leis an saincheist i measc fostóirí agus cabhrú leo difríochtaí pá idirdhealaitheacha ar bhonn inscne a aithint, difríochtaí nach féidir a mhíniú trí fhachtóirí lánroghnacha bailí agus a bhíonn neamhbheartaithe go minic. Is uirlis fhíor-riachtanach trédhearcacht pá mar sin chun amhras ar phá comhionann idir fir agus mná a scaipeadh agus chun tacú le deireadh a chur le laofacht inscne i gcleachtais phá. D’fhéadfadh sé athrú a chothú sa dearcadh maidir le pá na mban trí fheasacht a mhúscailt agus díospóireacht a spreagadh faoi na cúiseanna atá le difríochtaí struchtúracha pá idir na hinscní. Thar a bhfuil i gceist le comhlíonadh simplí phrionsabal an phá chomhionainn, féadfaidh sé a bheith ina spreagadh chun athbhreithniú níos ginearálta a dhéanamh ar bheartais chomhionannais inscne ar leibhéal na cuideachta, agus dlúthchomhar idir fostóirí agus ionadaithe oibrithe a chur chun cinn.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Trí chur le Treoir Athmhúnlaithe agus Moladh 2014, tugtar isteach leis an togra seo rialacha nua níos mionsonraithe chun comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a áirithiú as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

Is é atá ann i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sna 20 prionsabal atá ann treoir don Aontas chun Eoraip a thógáil atá níos cothroime agus chun dálaí maireachtála agus oibre a chur chun cinn atá níos fearr do chách. An 3 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta uaillmhianach chun cinn chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é ar fud an Aontais.

Tá an treoir atá beartaithe mar chuid de phacáiste níos leithne de bhearta agus de thionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na bearna pá idir na hinscní agus ar chumhachtú eacnamaíoch na mban. Tá idirdhealú pá agus laofacht i struchtúir phá ar cheann de na bunchúiseanna atá leis an mbearna phá seo de 14 %, sa bhreis ar chúiseanna agus fachtóirí eile, amhail leithscaradh cothrománach agus ingearach sa mhargadh saothair, lánaimseartha i gcoinne obair pháirtaimseartha agus srianta a bhaineann le cúram gan phá. Fiú in éagmais na gcúiseanna agus na bhfachtóirí sin, tá bearna 'neamhmhínithe' phá idir na hinscní ann fós, arb ionann í agus dhá thrian den bhearna phá idir na hinscní i mBallstáit an Aontais, agus a bhfuil sé mar aidhm ag an tionscnamh seo dul i ngleic léi. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil tionchar ag stair na fostaíochta, lena n‑áirítear an bhearna phá idir na hinscní, mar aon le dearadh chóras na bpinsean, ar an mbearna phinsin idir na hinscní.

Tá an tionscnamh mar chuid de chur chuige ilghnéitheach, lena n‑áirítear, i measc rudaí eile, an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil 14 , tionscnaimh earnála chun steiréitíopaí a chomhrac agus cothromaíocht inscne a fheabhsú, agus treoir atá beartaithe maidir le feabhas a chur ar chothromaíocht inscne ar bhoird chuideachtaí móra liostaithe san Aontas 15 .

Tá an Treoir atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le gealltanas an Aontais do chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus cuidíonn sí le cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, go háirithe SDG 5 maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus gach bean agus gach cailín a chumhachtú 16 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhleanúnach leis an tionscnamh arb é is aidhm dó tuairisciú cuideachtaí ar fhaisnéis neamhairgeadais ábhartha a mhéadú 17 . Tá sé comhsheasmhach le tionscnamh pá íosta an Aontais 18 , tionscnamh a thacaíonn leis an togra, agus leis an tionscnamh rialachais chorparáidigh inbhuanaithe atá ar na bacáin 19 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an treoir atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), conradh lena bhforáiltear don Aontas bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an ‘chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, lena n‑áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach’.

Is é Airteagal 157(3) CFAE an bunús dlí don Treoir Athmhúnlaithe agus do Mholadh 2014. Tá sé, dá bhrí sin, ina bhunús dlí freisin do na bearta trédhearcachta pá ceangailteacha faoin tionscnamh seo, bearta a thacaíonn le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr phrionsabal an phá chomhionainn faoi Airteagal 157 CFAE agus faoin Treoir Athmhúnlaithe.

Coimhdeacht

Bunaíodh cur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn an Aontais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh cheana féin sa Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1957 (Airteagal 119 de Chonradh CEE, ansin Airteagal 141 CE agus anois Airteagal 157 CFAE), a léiríonn a stádas mar luach bunúsach an Aontais. I dtús báire, bhí feidhm eacnamaíoch go príomha ag an bprionsabal, sa mhéid gurbh é an aidhm a bhí leis saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint. In 1976, áfach, d’aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cuspóir sóisialta Airteagal 119 CEE agus a éifeacht dhíreach chothrománach 20 . Ina dhiaidh sin, dúirt an Chúirt ‘go bhfuil an aidhm eacnamaíoch atá á saothrú le hAirteagal 119 den Chonradh, eadhon deireadh a chur le saobhadh ar an iomaíocht idir gnóthais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, tánaisteach ar an aidhm shóisialta atá á saothrú leis an bhforáil chéanna, arb ionann í agus cur in iúl ceart bunúsach daonna’ 21 .

Mar a léiríodh i meastóireacht 2020, ní dócha go dtiocfaidh iarrachtaí inchomparáide ar fud an Aontais chun pá comhionann a chur chun cinn gan tionscnamh ar leibhéal an Aontais. Tá gá le cur chuige comhordaithe, a chuirfeadh easpa a leithéid baint amach comhionannas pá idir fir agus mná ar an leibhéal náisiúnta i mbaol, de bhun Airteagal 157(1) CFAE.

Ós rud é go bhfuil na bearta náisiúnta trédhearcachta pá ilroinnte agus go bhfuil siad gann, méadaítear an baol go saobhfar ar an iomaíocht trí leibhéil éagsúla caighdeán sóisialta a bheith ann. Tá baol ann do ghnólachtaí nach mbeadh cothrom iomaíochta ann agus chuirfeadh sé sin bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun leibhéal comhchosúil cosanta a áirithiú d’oibrithe ar fud an Aontais agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí sa mhargadh inmheánach.

Tá an treoir atá beartaithe bunaithe ar chomhchuibhiú íosta ar chórais na mBallstát agus ceadaítear dóibh caighdeáin níos airde a leagan síos má chinneann siad. Ceadaítear go sainráite dóibh cur chun feidhme a chur de chúram ar na comhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go mbeidh siad in ann i gcónaí a ráthú go mbainfear amach na torthaí a cheanglaítear leis an Treoir seo. Leis an gcur chuige comhcheangailte sin, lenar féidir an meascán de chearta agus oibleagáidí substainteacha a leagtar amach sa Treoir seo trí chomhaontú comhchoiteann a chur chun feidhme, urramaítear leis gnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus de chórais chómhargála agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Comhréireacht

Foráiltear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ‘nach rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais, faoi phrionsabal na comhréireachta, thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach’.

Níor bhain Moladh 2014 amach an cuspóir maidir le prionsabal an phá chomhionainn a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí trí thrédhearcacht pá; is de dheasca a nádúr neamh‑cheangailteach agus mar thoradh air sin a chur chun feidhme teoranta ag na Ballstáit 22 . Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir Athmhúnlaithe a chomhlánú agus tacú léi leis an treoir atá beartaithe. Is freagairt chomhréireach é bearta dlíthiúla ceangailteacha a ghlacadh ar an ngá soiléir atá le gníomhaíocht phraiticiúil chun prionsabal an phá chomhionainn a chaomhnú agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach.

Urramaítear prionsabal na comhréireachta go hiomlán ós rud é go bhfuil bearta na sásraí maidir le trédhearcacht agus forfheidhmiú pá ceaptha sa chaoi is go mbainfear amach an cuspóir maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir mná agus fir a neartú. Ar thaobh amháin, áirithítear leis an togra go bhfuil an ceart ag oibrithe faisnéis a fháil ar an mbonn gur féidir leo idirdhealú pá ar bhonn inscne a bhrath agus a gceart ar phá comhionann a chosaint agus, ar an taobh eile, cuirtear san áireamh ann na costais agus na hualaí a d‘fhéadfadh a bheith ann d’fhostóirí, go háirithe micrifhiontair agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide.

Mar a léirítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo, meastar go mbeidh na costais ghaolmhara measartha 23 . Tá údar leo i bhfianaise na sochar fabhraithe fadtéarmach: is é an príomhbhuntáiste cosaint iomlán a thabhairt do bhunluach an Aontais. Ina theannta sin, cuireann sé le huaillmhianta sóisialta níos leithne an Aontais mar a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta iad. Anuas air sin, d’fhéadfadh sochair bhreise teacht as fostaíocht níos sláine, as an lucht saothair a choimeád agus as oibrithe agus gnólachtaí níos táirgiúla. Dá bhrí sin, beidh tionchar dearfach aige ar bhrabúsacht ghnólachta agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Leis an togra, tugtar an rogha do na Ballstáit caighdeáin níos fabhraí d’oibrithe a choimeád nó a leagan síos trí fhaisnéis agus tuairisciú pá a chur ar fáil ar bhealach níos réamhghníomhaí. Cuireann sé éagsúlacht na samhlacha i margadh an tsaothair ar fud an Aontais san áireamh freisin agus ceadaíonn sé do na Ballstáit cur chun feidhme na treorach a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta.

I bhfianaise a bhfuil thuas, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir maidir le feabhas a chur ar thrédhearcacht pá a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr (mar gheall ar an ngá le híoscheanglais choiteanna a bhunú) is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta (mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus in Airteagal 5(4) CFAE).

Rogha ionstraime

Meastar gurb é ionstraim dlí i bhfoirm treorach lena leagtar síos creat chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a fheabhsú trí thrédhearcacht pá agus sásraí neartaithe forfheidhmithe an ionstraim iomchuí. Fágann sé gur féidir na forálacha atá ann cheana a neartú agus, ag an am céanna, é a fhágáil faoi na Ballstáit maidir le conas na cearta agus na hoibleagáidí nua a chur chun feidhme agus a gcomhthéacs náisiúnta á chur san áireamh. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i ndáil le hábhair eile i ndlí an Aontais maidir le fostaíocht agus idirdhealú 24 .

Cinneadh gan an Treoir Athmhúnlaithe a leasú nó gan í a ionadú mar gheall ar an raon feidhme níos leithne atá aici chun idirdhealú ar bhonn inscne a chomhrac san fhostaíocht agus sa tslí bheatha; ní bheadh caibidil neamhspleách maidir le trédhearcacht pá agus forálacha forfheidhmiúcháin gaolmhara oiriúnach do struchtúr reatha na treorach sin agus bheadh sí díréireach i ndáil le forálacha na Treorach Athmhúnlaithe lena rialaítear gnéithe eile den chóir chomhionann do mhná agus d’fhir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa mheastóireacht a rinneadh in 2020 ar an gcreat dlíthiúil maidir le pá comhionann, go háirithe codanna ábhartha na Treorach Athmhúnlaithe agus Mholadh 2014, thángthas ar an gconclúid go measann na geallsealbhóirí uile go bhfuil an Treoir Athmhúnlaithe ábhartha agus go bhfuil idir meán‑chomhlíonadh agus comhlíonadh ard na Treorach sin sna Ballstáit agus trasna earnálacha. Mar sin féin, is dúshlán fós é prionsabal an phá chomhionainn a chur chun feidhme go héifeachtach agus an prionsabal sin a fhorghníomhú sa chleachtas. D’fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtaí dá ndéanfaí na coincheapa dlíthiúla ‘pá’ agus ‘obair ar comhionann a luach’ a shoiléiriú ar bhonn chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní thugtar sainmhíniú aonfhoirmeach ar na coincheapa sin sna reachtaíochtaí náisiúnta agus tá éiginnteachtaí fós ann maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm. Chuirfeadh infhaighteacht critéar soiléir ar fud an Aontais le cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal an phá chomhionainn.

Maidir le héifeachtúlacht, níor aimsíodh i meastóireacht 2020 fianaise ar ualach suntasach riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach Athmhúnlaithe agus Mholadh 2014. Ní raibh i gceist leis na bearta trédhearcachta pá a moladh i Moladh 2014 ach costais theoranta d’fhostóirí. D’fhéadfadh costais dholáimhsithe eascairt as míshásamh a d’fhéadfadh a bheith ann (agus, dá bhrí sin, táirgiúlacht níos ísle) i measc oibrithe a bhíonn ar an eolas faoi dhifríochtaí móra pá idir fir agus mná, agus d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige sin freisin ar shásamh post agus ar rannpháirtíocht oibrithe, rud a mhéadódh tarraingteacht an fhostóra. Chuir an easpa trédhearcachta pá isteach ar chumas duine aonair idirdhealú pá ar bhonn inscne a bhrath agus é a cheistiú. Ina theannta sin, bhí roinnt bacainní ar rochtain ar cheartas d’oibrithe a dhéanann gearán faoi idirdhealú pá agus bhí an baol ann go ndéanfadh an fostóir stiogmatú agus frithbheartaíocht.

Dearbhaíodh i meastóireacht 2020 go dtugann an Treoir Athmhúnlaithe breisluach soiléir an Aontais, lena nginfí gníomhaíocht nach ndéanfaí murach sin chun prionsabal an phá chomhionainn a chur chun cinn sna Ballstáit. Mar sin féin, bhí teorainn le breisluach an Aontais toisc nár cuireadh an treoir chun feidhme go leordhóthanach agus go héagsúil agus toisc go raibh mearbhall ann (go háirithe sna cúirteanna agus i measc fostóirí agus oibrithe) maidir le coincheapa dlíthiúla atá lárnach i gcur chun feidhme beart pá comhionann.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

(a)An Coiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir 25

I dtuairim a glacadh i mí na Nollag 2017 26 , léirigh an Coiste Comhairleach go raibh níos mó trédhearcachta ann maidir le pá mar an chéad chéim chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a áirithiú. Leag sí béim ar easpa trédhearcachta ar thrí leibhéal:

is fíorannamh a fhoilsíonn cuideachtaí scálaí tuarastail agus ní léir fós na critéir chun pá a shocrú;

níl aon fhorfheidhmiú dlíthiúil soiléir ann maidir le trédhearcacht pá; agus

tá an faireachán ar chur i bhfeidhm beart náisiúnta neamhiomlán.

D’iarr an Coiste go ngníomhófaí chun trédhearcacht pá a fheabhsú trí cheart aonair a bhunú chun faisnéis a iarraidh agus a fháil maidir le leibhéil phá aonair agus chomhiomlánaithe araon, ionas nach gcruthófaí áiteanna oibre sáraíochta. D’fhéadfaí an ceart sin a thabhairt freisin d’ionadaithe ceardchumainn áitiúil nó d’ionadaithe eile oibrithe.

(b)Comhairliúcháin phoiblí agus suirbhéanna spriocdhírithe

Rinneadh comhairliúchán poiblí 27 ón 11 Eanáir go dtí an 5 Aibreán 2019, d’fhonn faisnéis, tuairimí agus taithí a bhailiú maidir le fadhbanna a thagann chun solais ó bhearnaí agus laigí i mbearta trédhearcachta pá náisiúnta agus an Aontais. Lorg sé fianaise freisin ar a mhéid a chuidigh Moladh 2014 le cur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn a neartú, prionsabal atá coisricthe in Airteagal 157 CFAE agus sa Treoir Athmhúnlaithe. Ar deireadh, thug na freagróirí freagra ar cheisteanna atá ag breathnú chun cinn maidir le gnéithe ábhartha den tionscnamh trédhearcachta, lena n‑áirítear an gá atá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú pá ar bhonn inscne 28 .

Mar fhreagairt ar an gcomhairliúchán poiblí a rinneadh ina dhiaidh sin (5 Márta go 28 Bealtaine 2020), thug údaráis náisiúnta, ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, comhlachais ghnólachta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair a dtuairimí maidir le hidirdhealú pá ar bhonn inscne, trédhearcacht pá agus dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú an chirt chun pá comhionann as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach 29 .

Ar deireadh, d’eagraigh an Coimisiún trí shuirbhé spriocdhírithe ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar na fostóirí 30 .

Measúnú tionchair

An tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo 31 :

tugtar tuairisc ar na fadhbanna a eascraíonn as cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair agus as a fhorfheidhmiú;

leagtar amach roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin; agus

déantar measúnú ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na roghanna beartais.

Is é atá i gceist leis na roghanna beartais trédhearcacht a chruthú ar leibhéal oibrithe aonair, trédhearcacht a chruthú ar leibhéal na bhfostóirí agus cur chun feidhme agus forfheidhmiú an chreata dhlíthiúil atá ann cheana a éascú. Cuireann na roghanna cásanna difreáilte ar fáil idir idirghabháil uasta (ó chlúdach an lucht saothair agus na n‑eagraíochtaí) go hidirghabháil íosta (ceart bunúsach oibrithe chun pá comhionann a chothromú leis an ualach a d’fhéadfadh a bheith ann agus costais na mbeart atá beartaithe d’fhostóirí).

Baineadh de thátal as an measúnú tionchair gurb é teaglaim na mbeart a mholtar anseo an teaglaim is comhréirí agus is comhleanúnaí i bhfianaise chuspóirí ginearálta agus chuspóirí sonracha an tionscnaimh seo.

Beidh na tionchair shonracha náisiúnta ag brath ar roinnt fachtóirí, lena n‑áirítear méid na gcoigeartuithe reachtacha is gá agus an comhthéacs socheacnamaíoch níos leithne. Ar an iomlán, is féidir a bheith ag súil le tairbhí ó thaobh feasacht níos fearr i measc fostóirí, ar oibrithe a bheith á gcumhachtú trí fhorfheidhmiú níos fearr ar a gceart chun pá comhionann as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, laghdú ar an laofacht inscne i struchtúir phá, aghaidh a thabhairt ar an tearcluacháil chórasach in obair na mban, agus ar deireadh laghdú ar sciar na bearna pá idir na hinscní a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar idirdhealú pá. D’fhéadfaí a bheith ag súil le héifeachtaí ar leibhéal maicreacnamaíoch cé nach féidir iad a mheas go beacht, toisc nach bhfuil méid beacht an idirdhealaithe pá (agus, dá bhrí sin, a rannchuidiú leis an mbearna phá idir na hinscní) ar fáil. D’fhéadfadh comhionannas pá níos mó borradh a chur faoin olltuilleamh iomlán ar leibhéal an Aontais agus neamhionannas ioncaim mhargaidh a laghdú i ngach Ballstát. Ina theannta sin, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar an ráta ‘i mbaol na bochtaineachta’, agus laghdófar an baol bochtaineachta do theaghlaigh tuismitheoirí aonair den chuid is mó (a bhfuil mná cothrom le 85 % díobh). Ar an iomlán, d’fhéadfadh méadú teacht ar ioncam an rialtais ó chánacha díreacha agus ó ranníocaíochtaí sóisialta mar thoradh ar an tionscnamh agus méadú ar an éileamh comhiomlán tar éis an mhéadaithe ar olltuilleamh iomlán.

Má chuirtear deireadh le laofacht inscne i gcleachtais socraithe pá na bhfostóirí, beidh tionchar dearfach aige sin ar shásamh post agus ar rannpháirtíocht oibrithe, rud atá ríthábhachtach i gcomhthéacs iar-ghéarchéime. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé dul chun tairbhe fostóirí trí choinneáil níos fearr tallann, clú feabhsaithe agus dá bhrí sin brabúis níos airde féideartha. Feabhsóidh bearta forfheidhmithe feabhsaithe rochtain ar cheartas agus forfheidhmiú na gceart a dheonaítear faoi dhlí an Aontais. Le rialacha níos soiléire, cuirfear chun cinn tuiscint agus feasacht ar an gcreat dlíthiúil agus feabhsófar comhsheasmhacht ina chur i bhfeidhm.

D’fhormheas an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an dréachtmheasúnú tionchair an 27 Eanáir 2021. Tá tuairimí an Bhoird chomh maith leis an measúnú tionchair deiridh agus a achoimre feidhmiúcháin á bhfoilsiú in éineacht leis an togra seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

D’fhéach an Coimisiún ar bhealaí chun ualaí a shimpliú agus a laghdú, go háirithe i gcás cuideachtaí beaga. Is é is aidhm do na bearta sa togra seo, atá bunaithe ar chleachtais náisiúnta san Aontas agus in áiteanna eile, an ceart chun pá comhionann a neartú agus costais agus ualaí a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú ag an am céanna agus an staid eacnamaíoch dheacair san Aontas mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh. Dá bhrí sin, cuirtear prionsabal na comhréireachta san áireamh sa togra. Go háirithe, i bhfianaise na hiarrachta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun faisnéis faoi phá a bhaint agus a thuairisciú, níl feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe ach amháin maidir le fostóirí a bhfuil 250 oibrí ar a laghad acu. Ní bheidh feidhm ag an measúnú comhpháirteach ar phá ach amháin maidir leis na fostóirí sin a bhfuil cúis láidir ann ina leith, a eascraíonn as a dtuarascáil bhliantúil, lena chreidiúint go bhféadfadh fadhbanna maidir le neamhionannas pá ar bhonn inscne a bheith ann. Léirítear san anailís go mbaineann costais bheaga leis na bearta a mholtar sa treoir seo agus níor cuireadh aon fhianaise i láthair maidir le bealaí níos saoire chun na cuspóirí céanna a bhaint amach leis an éifeachtacht chéanna.

Cearta bunúsacha

Tá cuspóirí an togra seo i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 23, lena bhforáiltear ‘nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n‑áirítear fostaíocht, obair agus pá’, agus le hAirteagal 31, lena bhforáiltear go bhfuil ‘an ceart ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n‑urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit’.

Thairis sin, sonraítear in Airteagal 27 den Chairt ‘nach mór a ráthú go dtabharfar faisnéis agus comhairliúchán in am trátha d’oibrithe nó dá n‑ionadaithe, ar na leibhéil iomchuí, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta’.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an treoir seo a thrasuí laistigh de 2 bhliain tar éis a glactha agus a mbearta trasuite a chur in iúl don Choimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 30 den treoir, féadfaidh siad an trasuí a chur faoi chúram na gcomhpháirtithe sóisialta trí chomhaontuithe comhchoiteanna.

Chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí a bhaineann an tionscnamh seo a chuspóirí ginearálta agus sonracha amach, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar a chur i bhfeidhm tar éis 8 mbliana. Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an mbonn sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I – Forálacha coiteanna

Airteagal 1 – Raon feidhme agus ábhar

Sonraítear leis an bhforáil seo cuspóir agus ábhar na Treorach. Is é is aidhm don Treoir riachtanas íosta a leagan síos chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná agus an toirmeasc ar idirdhealú ar bhonn gnéis a neartú trí thrédhearcacht pá agus sásraí forfheidhmiúcháin treisithe.

Airteagal 2 – Raon Feidhme

Sainítear leis an bhforáil seo raon feidhme pearsanta na Treorach, i.e. daoine atá i dteideal leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

Airteagal 3 — Sainmhínithe

Sainmhínítear leis an bhforáil seo na téarmaí agus na coincheapa agus soiléirítear léi roimh ré an bealach ar cheart iad a thuiscint i gcomhthéacs na Treorach.

Áirítear leis na téarmaí agus coincheapa sin na sainmhínithe ábhartha atá ann cheana ar an Treoir Athmhúnlaithe (pá, idirdhealú díreach, idirdhealú indíreach) ach coincheapa nua freisin a bhaineann go sonrach leis an gceart chun pá comhionainn, amhail leibhéil phá, an bhearna phá, an bhearna phá airmheánach, an banda pá ceathairíle, agus catagóirí oibrithe.

Áirítear leis an gcoincheap ‘pá’ tuarastal agus aon chomaoin eile, bíodh sé in airgead tirim nó i gcomhchineál, a fhaigheann na hoibrithe go díreach nó go hindíreach (‘comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha’), i leith a bhfostaíocht óna bhfostóir. Áirítear leis sin aon sochar breise amhail bónais, cúiteamh ragoibre, saoráidí taistil (lena n‑áirítear carranna arna soláthar ag an bhfostóir agus cártaí taistil), liúntais tithíochta, cúiteamh as freastal ar oiliúint, íocaíochtaí i gcás dífhostaithe, pá breoiteachta reachtúil, cúiteamh a éilítear go reachtúil agus pinsin ghairme. Ba cheart gach gné den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó de réir comhaontú comhchoiteann a chur san áireamh ann.

Féadfaidh trasnú aiseanna éagsúla an idirdhealaithe a bheith i gceist le hidirdhealú pá ar bhonn inscne: ar bhonn inscne ar thaobh amháin, agus ar bhonn tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonadh gnéasach (mar atá cosanta faoi Threoir 2000/43/CE nó faoi Threoir 2000/78/CE) ar an taobh eile. Is é is aidhm do shainmhíniú nua soiléiriú a thabhairt, i gcomhthéacs idirdhealú pá ar bhonn inscne, go dtabharfaí san áireamh na gnéithe éagsúla difriúla sin, agus ar an gcaoi sin go gcuirfí deireadh le haon amhras a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana. Áiritheofar leis sin go dtabharfaidh na cúirteanna nó na húdaráis inniúla eile aird chuí ar aon mhíbhuntáiste a eascraíonn as idirdhealú trasnach, go háirithe chun críocha substainteacha agus chun críocha nós imeachta, lena n‑áirítear aitheantas a thabhairt don idirdhealú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomparadóir cuí, measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht, agus leibhéal an chúitimh arna dhámhachtain nó na pionóis arna bhforchur a chinneadh, i gcás inarb ábhartha. Baineann cás áirithe amháin den trasnachas sin le cás na mban imirceach a d’fhéadfadh a bheith i mbaol iliomad cineálacha idirdhealaithe ar bhonn a n‑inscne, a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, nó a reiligiún nó a gcreideamh.

Airteagal 4 – Obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach

Má urramaítear an ceart chun pá comhionann idir mná agus fir, atá cumhdaithe sa Chonradh, ní mór d’fhostóirí struchtúir phá a bheith acu chun a áirithiú go n‑íoctar go cothrom mná agus fhir as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Chun deis a thabhairt d’oibrithe agus d’fhostóirí measúnú a dhéanamh ar an rud is obair ar comhionann a luach, leis an bhforáil seo ceanglaítear ar na Ballstáit uirlisí nó modheolaíochtaí a bhunú chun measúnú agus comparáid a dhéanamh ar luach na hoibre i gcomhréir le tacar critéir oibiachtúla lena n‑áirítear ceanglais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht agus freagracht, obair a dhéantar agus cineál na gcúraimí lena mbaineann. Soláthraítear leis seo an bonn chun a mheas an bhfuil oibrithe i staid inchomparáide agus an ndéanann siad obair ar luach comhionann agus cuideoidh sé le fostóirí poist a aicmiú agus a chúiteamh ar bhealach níos fearr, bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá neodrach ó thaobh inscne de.

Le hinfhaighteacht critéir shoiléire ar leibhéal náisiúnta, cuideofar le hoibrithe comparadóir bailí a bhunú agus a mheas an gcaitear leo ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach leis an gcomparadóir a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach.

Ionchorpraítear leis an bhforáil seo freisin dhá shoiléiriú a bunaíodh i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar an gcéad dul síos, shoiléirigh an Chúirt 32 nach gá an chomparáid a theorannú do chásanna ina n‑oibríonn fir agus mná don fhostóir céanna chun a chinneadh an i gcás inchomparáide atá na hoibrithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh oibrithe i gcás inchomparáide fiú nuair nach n‑oibríonn siad don fhostóir céanna, aon uair is féidir na coinníollacha pá a chur i leith foinse amháin ina leagtar síos na coinníollacha sin (e.g. de thoradh forálacha reachtúla, comhaontuithe comhchoiteanna saothair a bhaineann le pá is infheidhme do roinnt cuideachtaí, nó nuair a leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta go lárnach do níos mó ná cuideachta amháin laistigh de chorparáid shealbhaíochta nó d’ilchuideachta). Shoiléirigh an Chúirt freisin nach bhfuil an chomparáid teoranta d'oibrithe atá fostaithe ag an am céanna leis an éilitheoir 33 . Le hionchorprú na soiléirithe sin, cuirfear feabhas ar an gcur i bhfeidhm i gcleachtas phrionsabal an phá chomhionainn.

Thairis sin, i gcás nach ann do chomparadóir fíorshaoil, ba cheart comparáid le comparadóir hipitéiseach nó úsáid fianaise eile (faisnéis staidrimh nó faisnéis eile atá ar fáil) lena nglactar le hidirdhealú líomhnaithe a cheadú. Leis an bhféidearthacht comparadóir hipitéiseach a úsáid, ligtear d'oibrí a thaispeáint nár tugadh an chóir chéanna dóibh agus a thabharfaí do chomparadóir hipitéiseach de ghnéas eile.

Ar deireadh, meabhraítear leis an bhforáil seo an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 4, mír 2 den Treoir Athmhúnlaithe, i gcás ina n‑úsáidtear córais mheastóireachta agus rangaithe post chun pá a chinneadh, gur cheart iad a bheith bunaithe ar na critéir chéanna atá neodrach i dtaobh inscne d’fhir agus do mhná araon chun aon idirdhealú ar bhonn inscne a eisiamh. Ciallaíonn sé seo nach mór tuairisc a thabhairt ar na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar luach poist nó post agus ní mór iad a shainiú ar bhealach is infheidhme maidir le poist na bhfear agus na mban araon ar bhealach oibiachtúil neodrach.

Caibidil II – Trédhearcacht pá

Airteagal 5 – Trédhearcacht pá roimh fhostú

Faoin am seo, níl aon íoschaighdeán ann maidir le trédhearcacht pá roimh fhostú ar leibhéal an AE. Ceanglaítear leis an bhforáil seo go léireoidh fostóirí an leibhéal tosaigh pá nó an raon pá (bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne) atá le híoc leis an oibrí amach anseo as post sonrach nó as post sonrach. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhfógra folúntais nó ar shlí eile roimh an agallamh poist gan iallach a bheith ar an iarratasóir í a iarraidh (mar shampla, sa chuireadh chun agallaimh nó go díreach ag na comhpháirtithe sóisialta).

Ina theannta sin, cuireann sé toirmeasc ar fhostóirí ceist a chur ar oibrithe ionchasacha faoi stair na híocaíochta a bhí acu lena gcaidreamh fostaíochta roimhe sin.

Is é is aidhm don fhoráil sin a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ag oibrithe chun caibidlíocht chóir agus chothrom a dhéanamh maidir lena dtuarastail nuair a rachaidh siad i mbun caidreamh fostaíochta. D’áiritheofaí leis freisin nach ndéanfaí aon idirdhealú pá ná aon chlaontacht atá ann cheana a bhuanú thar thréimhse ama, go háirithe nuair a théann oibrithe ó phost go chéile. Ní chuireann sé sin teorainn le cumhacht mhargála an fhostóra, an oibrí nó na gcomhpháirtithe sóisialta chun tuarastal a chaibidliú lasmuigh den raon atá luaite. Thabharfadh an beart trédhearcachta sin aghaidh freisin ar idirdhealú trasnach i gcás ina gceadaítear le socruithe pá neamhthrédhearcacha cleachtais idirdhealaitheacha ar líon foras eile idirdhealaithe.

Airteagal 6 – Trédhearcacht an bheartais maidir le socrú pá agus dul chun cinn gairme

Chun socrú pá agus dul chun cinn gairme atá neodrach i dtaobh inscne a áirithiú, ceanglaítear leis an bhforáil seo ar fhostóirí cur síos a chur ar fáil d’oibrithe ar na critéir atá neodrach i dtaobh inscne a úsáidtear chun a bpá agus a ndul chun cinn gairme a shainmhíniú. I gcás inarb iomchuí, chun ualach míréasúnta ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga a sheachaint, d’fhéadfadh solúbthacht a bheith ag fostóir maidir leis an mbealach a chomhlíonann sé an oibleagáid sin, ag cur san áireamh a mhéid, bunaithe ar líon na bhfostaithe.

Airteagal 7 – Ceart chun faisnéise

Is é is aidhm don fhoráil seo an fhaisnéis is gá a chur ar fáil d'oibrithe chun a mheas an íoctar iad ar dhóigh neamh‑idirdhealaitheach i gcomparáid le hoibrithe eile san eagraíocht chéanna a dhéanann obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus a gceart chun pá comhionann a forfheidhmiú más gá.

Is ar Mholadh 2014 ón gCoimisiún atá ann cheana maidir le trédhearcacht pá atá an fhoráil seo bunaithe. Foráiltear léi an ceart d’oibrithe faisnéis a iarraidh ar a bhfostóir maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach.

Tá sé d’oibleagáid ar an bhfostóir gach oibrí a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoina gceart an fhaisnéis sin a fháil agus an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama agus i bhformáidí inrochtana d’oibrithe faoi mhíchumas arna iarraidh sin dóibh.

Chun aghaidh a thabhairt ar íospairt a d’fhéadfadh a bheith déanta nó ar an eagla a d’fhéadfadh a bheith ar oibrithe go ndéanfadh an fostóir íospairt orthu, ceadaítear leis an bhforáil seo do na hoibrithe iarraidh ar an bhfaisnéis a dhéanamh trí bhíthin a n‑ionadaithe nó trí bhíthin comhlacht comhionannais.

Chun tuilleadh cuidithe a thabhairt d’íospartaigh fhéideartha idirdhealaithe pá ar bonn inscne, cuireann an fhoráil toirmeasc ar chlásail rúndachta a mhéid atá sé d’aidhm ag an nochtadh faisnéise pá an ceart chun pá comhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a fhorfheidhmiú. Ar an taobh eile, féadfaidh fostóirí a iarraidh nach mbainfear úsáid as aon fhaisnéis a fhaightear ach chun an ceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú.

Airteagal 8 – Tuairisciú ar an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna

Leis an bhforáil seo ceanglaítear ar fhostóirí a bhfuil ar a laghad 250 oibrí acu faisnéis áirithe a chur ar fáil agus í a bheith inrochtana go poiblí, amhail an bhearna pá idir oibrithe baineanna agus fireanna ina n‑eagraíocht, freisin i gcomhpháirteanna comhlántacha nó i gcomhpháirteanna athraitheacha (féach míniú Airteagal 3 thuas), thar an gnáth‑thuarastal bunaidh.

Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoi litreacha (a) go (f) i mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca laistigh d’eagraíocht agus ina dtugtar léargas foriomlán ar dhifríochtaí inscne ó thaobh pá san eagraíocht, e.g. dáileadh oibrithe de réir inscne sna bandaí pá ceathairíle a thugann faisnéis faoi chion na mban sna poist is airde/is ísle pá. Fágann foilsiú na faisnéise sin gur féidir comparáid áirithe a dhéanamh idir fostóirí, rud a chruthaíonn dreasachtaí d‘fhostóirí bearnaí pá a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, spreagann sé díospóireacht faoi chomhionannas pá agus spreagann sé gníomhaíocht.

An fhaisnéis dá dtagraítear faoi litir (g) i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna de réir catagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, tá sí sonrach don fhostóir agus níos íogaire ná figiúirí na bearna pá foriomlána. Tá catagóiriú na n‑oibrithe a dhéanann obair ar comhionann a luach bunaithe ar mheascán agus ar mheáchan na gcritéar, atá ábhartha don fhostóir sonrach lena mbaineann. Dá bhrí sin, níl na difríochtaí pá de réir catagóire inchomparáide idir fostóirí, agus is é sin an fáth nár cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal. Ba cheart d’fhostóirí an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach oibrí agus dá n‑ionadaithe, agus ba cheart do chigireacht saothair agus do chomhlachtaí comhionannais a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil arna iarraidh sin dóibh. Beidh ról lárnach ag an faisnéis maidir leis an mbearna phá idir fostaithe baineanna agus fireanna de réir catagóirí oibrithe chun cur chuige féinrialála ag fostóirí a threisiú agus chun a chur ar chumas oibrithe agus a n‑ionadaithe ceanglas a chur le comhlíonadh le prionsabal an phá chomhionainn. Is spreagadh í an fhaisnéis sin freisin chun tús a chur le comh‑mheasúnú ar phá mar a leagtar amach in Airteagal 9.

Mar bheart malartach ar thuairisciú pá ag fostóirí, go háirithe chun teorainn a chur leis an ualach a d’fhéadfadh a bheith i gceist le tuairisciú pá, féadfaidh na Ballstáit a roghnú an cúram a chur ar chomhlacht atá ann cheana an fhaisnéis is gá a thiomsú ar bhonn sonraí riaracháin, amhail sonraí arna gcur ar fáil ag fostóirí do na húdaráis chánach nó na húdaráis shlándála sóisialta, agus an fhaisnéis a chur ar fáil in ionad fostóirí. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an bhforáil ar an gcomhlacht faireacháin arna ainmniú de bhun Airteagal 26 na sonraí a fhaightear ó fhostóirí a bhailiú, lena n‑áirithítear rochtain leathan chun gur féidir comparáid a dhéanamh idir sonraí fostóirí aonair, sonraí earnálacha agus sonraí réigiún laistigh den Bhallstát lena mbaineann.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil, beidh sé de cheart ag oibrithe agus a n‑ionadaithe, ag cigireachtaí saothair agus ag comhlachtaí comhionannais soiléiriú agus sonraí a iarraidh ar an bhfostóir maidir leis an bhfaisnéis sin, lena n‑áirítear mínithe maidir le haon difríocht pá idir fir agus mná. Ní mór don fhostóir freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí freagra réasúnaithe a chur ar fáil. Sa chás nach bhfuil údar maith le difríochtaí pá idir fir agus mná de bharr tosca atá oibiachtúil agus neodrach i dtaobh inscne, ceanglaítear ar an bhfostóir an cás a réiteach i ndlúthchomhar le hionadaithe na n‑oibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais.

Airteagal 9 – Measúnú comhpháirteach ar phá

I gcás ina léirítear leis an tuairisciú pá a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 8 go bhfuil difríocht sa mheánphá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna san eagraíocht, difríocht de 5 faoin gcéad ar a laghad in aon chatagóir oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach agus nach bhfuil údar léi de bharr tosca atá oibiachtúil agus neodrach i dtaobh inscne, beidh sé d’oibleagáid ar an bhfostóir lena mbaineann measúnú pá a dhéanamh. Ceanglaítear ar an bhfostóir údar a thabhairt le haon difríocht phá in aon chatagóir oibrithe, lena n‑áirítear difríochtaí faoi bhun 5 faoin gcéad, trí fhachtóirí oibiachtúla agus neodrach i dtaobh inscne agus an cás a leigheas de bhun Airteagal 8 mír 7.

Ba cheart d'fhostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh i gcomhar le hionadaithe na n‑oibrithe. Mura bhfuil ann d'ionadaithe foirmiúla oibrithe san eagraíocht, ba cheart don fhostóir oibrí amháin nó níos mó a ainmniú chun na críche sin.

Is é is aidhm don cheanglas maidir le measúnú comhpháirteach ar phá gníomhaíocht éigeantach a spreagadh ó thaobh na bhfostóirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtais maidir le socraithe pá agus aghaidh a thabhairt ar aon laofacht inscne a d’fhéadfadh a bheith ann i struchtúir phá lena sáraítear prionsabal an phá chomhionainn. Leis an gcomhar idir fostóirí agus ionadaithe oibrithe áirithítear cur chuige a dtacaítear leis agus bíonn comhghníomhaíocht mar thoradh air.

Ní mór údar oibiachtúil a bheith le difríochtaí sna meánleibhéil pá idir oibrithe baineanna agus fireanna i ngach catagóir oibrí a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, faoi mar a chinneann ionadaithe na n‑oibrithe agus an fostóir go comhpháirteach. I gcás nach féidir na difríochtaí a chosaint le tosca oibiachtúla, ní mór don fhostóir bearta feabhais a dhéanamh; i gcás ina ndearnadh measúnuithe roimhe sin, ní mór don fhostóir tuarascáil a chur leis maidir le héifeachtacht aon bheart a rinneadh de bhun na measúnuithe sin. Ba cheart na bearta a dhéanamh i ndlúthchomhar le hionadaithe na n‑oibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais agus ba cheart go n‑áireofaí leo go mbunófar meastóireacht agus rangú poist atá neodrach i dtaobh inscne chun a áirithiú go ndéanfar aon idirdhealú pá díreach nó indíreach ar bhonn inscne a eisiamh.

Airteagal 10 – Cosaint sonraí

Leis an bhforáil seo, forordaítear go mba cheart próiseáil fhéideartha sonraí pearsanta agus/nó nochtadh sonraí pearsanta de bhun na mbeart maidir le trédhearcacht pá faoin Treoir seo a bheith déanta i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (RGCS) 34 .

Sonraítear leis nach n‑úsáidfear aon sonraí pearsanta arna mbailiú ag fostóirí de bhun Airteagal 7, 8 nó 9 chun aon chríche eile seachas chun prionsabal an phá chomhionainn as an obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a chur chun feidhme.

Maidir le nochtadh faisnéise de bhun Airteagal 7, 8 agus 9, foráiltear cosaint bhreise i gcás go mbeadh nochtadh díreach nó indíreach pá comhoibrí inaitheanta mar thoradh air. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh sa chás sin go mbeidh inrochtaineacht na faisnéise teoranta d’ionadaithe na n‑oibrithe nó don chomhlacht comhionannais. Cuirfidh siad sin comhairle ar an oibrí maidir le héileamh a d’fhéadfadh a bheith ann, gan leibhéil iarbhír pá na n‑oibrithe aonair a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach a nochtadh. Ós rud é go bhféadfadh faisnéis áirithe faoi leibhéil phá a bheith ar fáil go poiblí cheana féin, mar shampla san earnáil phoiblí, beidh cead ag na Ballstáit an chosaint sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 11 – Idirphlé sóisialta

Tá rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta tábhachtach le haghaidh cur chun cinn an chomhionannais inscne sa chaidreamh fostaíochta. Is fearr iad chun láidreachtaí agus laigí an chaingne chun idirdhealú pá atá bunaithe ar ghnéas a chosc agus a chomhrac ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a bhrath. Tá ról lárnach acu, mar shampla, maidir le modhanna meastóireachta poist atá neodracha i dtaobh inscne agus le modhanna rangaithe a bhunú. Dá bhrí sin, leis an tAirteagal seo ceanglaítear ar na Ballstáit, gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, a áirithiú go ndéanfar na cearta agus na hoibleagáidí faoin Treoir seo a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí bhearta éagsúla beartais arb é is aidhm dóibh comhpháirtíocht shóisialta ghníomhach a fhorbairt.

Caibidil III – Leigheasanna agus forfheidhmiú

Airteagal 12 – Cearta a chosaint

Ag tógáil ar Airteagal 17 den Treoir Athmhúnlaithe, leis an bhforáil seo ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta breithiúnacha ar fáil chun na cearta agus na hoibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú. Neartaítear leis an rochtain ar an gceartas trína shoiléiriú go bhféadfadh idir-réiteach nó imeachtaí os comhair comhlachta comhionannais a bheith i gceist le dul ar iontaoibh imeachtaí neamhbhreithiúnacha roimh ré. In aon chás, níor cheart d'imeachtaí riaracháin idirmheánacha éigeantacha bac a chur ar rochtain ar cheartas.

Airteagal 13 – Nósanna imeachta thar ceann oibrithe nó chun tacú leo

Leis an bhforáil seo ceanglaítear gur féidir le comhlachais, eagraíochtaí, comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe na n‑oibrithe nó aonáin dhlíthiúla eile a bhfuil leas acu i ndáil le comhionannas idir fir agus mná dul i mbun nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun na hoibleagáidí faoin togra seo a fhorfheidhmiú. Ba cheart an ceart a bheith ag na haonáin sin gníomhú thar ceann oibrí nó chun thacú leis, le formheas an oibrí, sna nósanna imeachta sin. Go háirithe, níl an ceart faoi láthair ag comhlachtaí comhionannais éilimh a thabhairt os comhair cúirteanna sna Ballstáit go léir.

Ina theannta sin, tugtar isteach leis an bhforáil seo an ceart do chomhlachtaí comhionannais agus d’ionadaithe oibrithe éilimh a thionscnamh thar ceann níos mó ná oibrí amháin, le formheas an oibrí. Is é is aidhm dó sin constaicí a shárú, is é sin na constaicí nós imeachta agus na constaicí a bhaineann le costais a dtugann íospartaigh an idirdhealaithe phá ar bonn inscne aghaidh orthu agus iad ag iarraidh a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú agus na bearta trédhearcachta faoin togra seo a fhorfheidhmiú. An fhéidearthacht atá ann éilimh chomhchoiteanna a dhéanamh, tá sí teoranta do chomhlachtaí aitheanta, i.e. Comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibre.

Airteagal 14 – Ceart chun cúitimh

Le ceanglas neartaithe maidir le cúiteamh, cuirfear dreasachtaí ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe phá ar bonn inscne chun ceartas a lorg agus chun a gceart chun pá comhionann a chaomhnú. Leis an bhforáil seo, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon oibrí a d’fhulaing dochar de bharr sárú ar aon cheart nó ar aon oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn, beidh sé de cheart ag an oibrí sin cúiteamh iomlán a éileamh agus a fháil as an dochar a rinneadh ar bhealadh atá athchomhairleacha agus comhréireach leis an damáiste a bhain dóibh.

Ag tógáil ar Airteagal 18 den Treoir Athmhúnlaithe, ceanglaítear leis an bhforáil seo, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, go gcuirfí an oibrí a ndearnadh idirdhealú air nó uirthi sa staid ina mbeadh sé nó sí mura mbeadh aon idirdhealú ann. San áireamh leis sin, beidh aisghabháil iomlán ar phá aisghníomhach agus bónais lena mbaineann nó íocaíochtaí comhchineálacha, cúiteamh as deiseanna a cailleadh agus as dochar morálta. Ar deireadh, foráiltear leis nach mbeidh teorainn le cúiteamh ná le leorghníomh trí uasteorainn a shocrú roimhe sin.

Airteagal 15 – Réitigh eile

Chun dlús a chur le forfheidhmiú an chirt chun pá comhionann, áirithítear leis an bhforáil seo gur féidir le cúirteanna nó le húdaráis inniúla orduithe urghaire a eisiúint lena suitear sárú ar aon cheart nó ar aon oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach agus chun an sárú sin a stopadh. Thairis sin, ní mór do na cúirteanna nó na húdaráis inniúla a bheith in ann a cheangal ar an gcosantóir bearta struchtúracha nó bearta eagraíochtúla a dhéanamh chun a oibleagáidí i dtaca le pá comhionann a chomhlíonadh.

Chun comhlíonadh tapa a áirithiú, féadfaidh na cúirteanna nó na húdaráis inniúla íocaíocht pionóis athfhillteach a fhorchur.

Airteagal 16 – Aistriú an dualgas cruthúnais

Mar atá leagtha amach cheana féin in Airteagal 19 den Treoir Athmhúnlaithe, ceanglaítear leis an bhforáil seo i gcásanna idirdhealaithe prima facie, is faoin gcosantóir atá sé a chruthú nár tharla aon sárú ar phrionsabal an phá chomhionainn. Ina theannta sin, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann le hidirdhealú díreach nó indíreach, agus i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann cheana 35 , neartaítear post an oibrí leis an Treoir seo: i gcás nár chomhlíon an fostóir na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a leagtar amach sa Treoir, ba cheart an dualgas cruthúnais a aistriú chuig an gcosantóir gan ceangal a chur ar an oibrí cás idirdhealaithe prima facie fiú a shuíomh.

Le haistriú an dualgas cruthúnais a neartú, ní hamháin go n‑éascófar forfheidhmiú cheart na n‑oibrithe chun pá comhionann ach tabharfar dreasacht bhreise d’fhostóirí a n‑oibleagáidí trédhearcachta faoin Treoir seo a chomhlíonadh.

Airteagal 17 – Rochtain ar chruthúnas

Foráiltear leis an airteagal seo go mbeidh cúirteanna náisiúnta nó údaráis inniúla eile in ann ordú a thabhairt don chosantóir fianaise ábhartha atá faoina smacht a nochtadh, le linn imeachtaí a bhaineann le héileamh maidir le hidirdhealú pá ar bonn inscne. Go háirithe, beidh sé de chumhacht ag cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda a ordú i gcás ina measann siad go mbaineann sí le hábhar an éilimh le linn dóibh bearta éifeachtacha a bheith acu chun an fhaisnéis sin a chosaint. Féadfaidh an fhaisnéis rúnda a bheith i bhfoirm comhairleoireacht dhlíthiúil a chuirtear ar an mbainistíocht, prótacal cruinniú scairshealbhóirí, sonraí pearsanta etc. atá ag teastáil chun éilimh dhlíthiúla maidir le hidirdhealú pá ar bonn inscne a fheidhmiú nó a chosaint.

Airteagal 18 Tréimhsí teorann

Aithníodh tréimhsí gearra teorann agus bacainní gaolmhara nós imeachta mar cheann de na bacainní a chuireann cosc ar íospartaigh an idirdhealaithe a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú. Is ar an gcúis sin go leagtar síos leis an Treoir seo caighdeáin choiteanna maidir le tréimhsí teorann chun éilimh ar idirdhealú pá ar bhonn inscne a thionscnamh.

Foráiltear maidir leis tréimhsí teorann chun éilimh a thabhairt faoin togra sin gur tréimhse trí bliana ar a laghad a bheidh ann agus nár cheart tús a chur leo sula mbeidh deireadh le sárú phrionsabal an phá chomhionainn nó le sárú na gceart nó na hoibleagáid faoin Treoir seo agus go mbeidh a fhios ag an éilitheoir faoin sárú. Thairis sin, a luaithe a dhéanann éilitheoir caingean trí éileamh a chur isteach nó tríd aird an fhostóra, na n‑ionadaithe oibrithe, na cigireachta saothair agus an chomhlachta chomhionannais a tharraingt ar an éileamh.

Airteagal 19 – Costais dlí agus bhreithiúnacha

Is constaic nós imeachta lárnach iad costais na dlíthíochta a chruthaíonn dídhreasú suntasach le haghaidh íospartaigh an idirdhealaithe phá ar bonn inscne a gceart chun pá comhionann a éileamh a thionscnamh, a bhfuil cosaint agus forfheidhmiú an cirt ar phá comhionann atá neamhleordhóthanach mar thoradh air. Chun rochtain níos fearr ar an gceartas a áirithiú agus chun oibrithe a dhreasú chun a gceart a chur i bhfeidhm, áirithítear leis an bhforáil seo go mbeidh an ceart ag na héilitheoirí a n‑éiríonn lena n‑éileamh ar idirdhealú pá ar bhonn inscne táillí dlí agus táillí saineolaí agus costais a ghnóthú ón gcosantóir. Ar an taobh eile, sonraítear léi nach mbeidh an ceart céanna ag cosantóirí a n‑éiríonn leo in éileamh ar idirdhealú pá ar bhonn inscne, i.e. táillí dlí agus táillí saineolaí agus costais a ghnóthú ón éilitheoir (ó éilitheoirí), ach amháin i gcas éileamh a rinneadh de mheon mímhacánta, i gcás éileamh suaibhreosach nó i gcas gur meastar go mbeadh neamh‑inghnóthú míréasúnta faoi chúinsí sonracha an cháis (e.g. i gcas micrifhiontar atá i staid lag airgeadais).

Airteagal 20 – Pionóis

Leis an bhforáil seo, neartaítear na caighdeáin íosta atá ann cheana maidir le pionóis a bhfuil feidhm acu maidir le haon sárú ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar luach comhionann trí chur leis an éifeacht díspreagtha le haghaidh fostóirí atá i mbun iompraíocht neamhdhleathach. San am céanna, bíonn éifeacht choisctheach ag pionóis fhóinteacha chun fostóirí a spreagadh a n‑oibleagáid a chomhlíonadh go réamhghníomhach.

Ba cheart d'aon phionós a leagtar síos i mBallstáit fíneálacha a chur san áireamh, fíneálacha de mhéid a chuirfidh san áireamh líon áirithe eilimintí géaraitheacha amhail tromchúis agus fad an tsáraithe chomh maith le haon intinn nó faillí thromchúiseach ó thaobh an fhostóra.

Leis an Airteagal seo, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin pionóis sonracha a leagadh síos a chuirtear i bhfeidhm i gcás sáruithe leantacha ar na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. D’fhéadfaí a áireamh leis na pionóis sin, mar shampla, sochar poiblí a chúlghairm, nó eisiamh, ar feadh tréimhse áirithe, ó aon aslach airgeadais nó creidmheasa eile a dhámhachtain.

Airteagal 21 – Cúrsaí pá comhionainn i gconarthaí poiblí nó lamháltais

I gcomhréir le Treoir 2014/23/AE 36 , Treoir 2014/24/AE 37 , agus Treoir 2014/25/AE 38 , ba cheart go ndéanfadh Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás feidhmíocht conarthaí poiblí nó lamháltais poiblí, go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha (lena n‑áirítear an slabhra fochonraitheoireachta ina dhiaidh sin) na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná. Ciallaíonn sé sin gur cheart dóibh a áirithiú go háirithe go mbeidh sásraí maidir le socrú pá ag oibreoirí eacnamaíocha, nach n‑eascraíonn bearna phá astu idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna, ar bearnaí iad nach féidir údar a thabhairt dóibh de bharr tosca atá neodrach i dtaobh inscne in aon chatagóir oibrithe a dhéanann obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

Thairis sin, le cur chun feidhme na n‑oibleagáid sin, ba cheart go mbreithneodh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis chonarthacha isteach, de réir mar is iomchuí, pionóis agus coinníollacha foirceanta lena n‑áiritheofar comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhmiú chonarthaí poiblí agus lamháltas. Soiléirítear leis an bhforáil seo freisin gur féidir úsáid a bhaint as na forais roghnacha eisiaimh atá ann cheana faoi Threoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE, agus Treoir 2014/25/AE chun oibreoir a sháraíonn prionsabal an phá chomhionainn a eisiamh.

Tagann na hoibleagáidí a leagtar amach san fhoráil seo faoi na hoibleagáidí is infheidhme i réimse an dlí shóisialta agus saothair a leagtar amach in Airteagal 18(2) agus Airteagal 71(1) de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, Airteagal 36(2) agus Airteagal 88(1) de Threoir 2014/25/AE maidir le soláthar arna dhéanamh ag aonáin a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus in Airteagal 30(3) agus Airteagal 42(1) de Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain. Is é a bheartaítear le soiléiriú agus le tagairt shainráite a dhéanamh do na forálacha thuas tacú lena gcur chun feidhme agus a gcur chun feidhme a neartú maidir leis an gceart chun pá comhionann.

Airteagal 22 – An Íospairt agus an chosaint ar chóir is lú fabhar

Níor cheart cóir níos lú fabhair a chur ar oibrithe agus ar a n‑ionadaithe tar éis dóibh a gceart chun pá comhionann nó aon cheart dá bhforáiltear sa treoir seo a fheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh, ar an leibhéil náisiúnta, chun oibrithe, lena n‑áirítear ionadaithe oibrithe, a chosaint ar dhífhostú nó ar aon chóir dhíobhálach eile ag fostóirí tar éis gearáin nó tar éis imeachtaí breithiúnacha arb é is aidhm dóibh comhlíonadh a fhorfheidhmiú maidir le haon cheart nó aon oibleagáid a bhaineann le pá comhionann as an obair chéanna nó obair ar luach comhionann.

Airteagal 23 – An gaol le Treoir 2006/54/CE

Leis an bhforáil seo soiléirítear an gaol le Treoir 2006/54/CE maidir leis na bearta forfheidhmithe. Beidh feidhm ag bearta forfheidhmithe na Treorach seo maidir le himeachtaí i dtaca le haon cheart nó oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE in ionad Airteagail 17, 18, 19, 24 agus 25 den Treoir sin.

Caibidil IV – Forálacha cothrománacha

Airteagal 24 – Leibhéal na cosanta

Is foráil chaighdeánach í seo a thugann deis do na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta a thabhairt thar a bhfuil ráthaithe leis an Treoir. Cuirtear cosc léi freisin ar na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta maidir le pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. 

Airteagal 25 – – Comhlachtaí comhionannais

Tá ról ríthábhachtach ag comhlachtaí comhionannais náisiúnta i bhforfheidhmiú reachtaíochta maidir le frith‑idirdhealú agus comhionannas san Aontas Eorpach. Foráiltear cheana féin leis an Treoir Athmhúnlaithe gur cheart do na Ballstáit comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú chun cóir chomhionann do gach duine a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi gan idirdhealú ar bhonn gnéis, lena n‑áirítear maidir le pá. Bunaítear leis an bhforáil seo gur cheart do chomhlachtaí comhionannais náisiúnta a bheith inniúil maidir le hábhair a thagann faoi raon na Treorach seo. Thairis sin, leis an bhforáil seo ceanglaítear ar na Ballstáit bearta gníomhacha a dhéanamh chun dlúthchomhar agus dlúthchomhordú a áirithiú idir na comhlachtaí comhionannais náisiúnta agus na cigireachtaí saothair agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cuí ag comhlachtaí comhionannais chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh maidir leis an gceart chun pá chomhionann a urramú. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar mhéideanna arna n‑aisghabháil mar fhíneálacha de bhun Airteagal 20 a leithdháileadh ar na comhlachtaí comhionannais chun na críche sin.

Airteagal 26 – Faireachán agus múscailt feasachta

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chirt chun pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, ba cheart do na Ballstáit comhlacht faireacháin tiomnaithe a bhunú. Maidir leis an gcomhlacht sin, a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de chomhlacht atá ann cheana a bhfuil cuspóirí comhchosúla á saothrú aige, ba cheart cúraimí sonracha a bheith air i ndáil le cur chun feidhme na mbeart maidir le trédhearcacht pá dá bhforáiltear sa Treoir seo agus ba cheart dó sonraí áirithe a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar neamhionannais phá agus ar thionchar na mbeart maidir le trédhearcacht pá. Beidh ar na Ballstáit na socruithe is gá a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh an comhlacht sin mar is cuí.

Ba cheart gurb iad príomhfheidhmeanna an chomhlachta faireacháin comhiomlánú a dhéanamh ar na sonraí agus na tuarascálacha a thairgtear de bhun na mbeart maidir le trédhearcacht pá dá bhforáiltear sa Treoir seo agus, i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go bhfoilseofar iad ar bhealach soláimhsithe. Ba cheart dó freisin dul i ngleic leis na cúiseanna atá leis an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna agus uirlisí a chur ar fáil chun anailís agus measúnú a dhéanamh ar neamhionannais phá. Thairis sin, ba cheart dó a bheith freagrach as sonraí bliantúla a chur ar fáil don Choimisiún maidir le líon agus cineálacha na gcásanna i dtaca le hidirdhealú pá ar bhonn inscne a thugtar os comhair na gcúirteanna agus maidir leis na gearáin a thugtar os comhair na n‑údarás poiblí inniúil, lena n‑áirítear comhlachtaí comhionannais. Ar deireadh, ba cheart é a bheith de chúram air feasacht a ardú i measc gnóthas poiblí agus príobháideach agus i measc eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, comhpháirtithe sóisialta agus an phobail i gcoitinne chun prionsabal an phá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus prionsabal an trédhearcachta pá a chur chun cinn.

Airteagal 27 – Cómhargáil agus gníomhaíocht chomhchoiteann

Aithnítear leis an Treoir seo éagsúlacht na samhlacha de mhargadh an tsaothair ar fud an Aontais, lena n‑áirítear ról na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit éagsúla maidir le hábhair a bhaineann le hábhar na Treorach seo. Dá bhrí sin, athdhearbhaítear leis an bhforáil seo nach ndéanann an Treoir difear ar bhealach ar bith do cheart na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú, chomh maith lena gceart chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh.

Airteagal 28 – Staidreamh

Le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle 39 , ceanglaítear ar na Ballstáit staidreamh ar thuilleamh struchtúrach (SES) ceithre bliana a thiomsú ar mhicrealeibhéal lena soláthraítear sonraí comhchuibhithe chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh. Sa tréimhse ceithre bliana idir dhá SES, tarchuirfidh na Ballstáit, ar bhonn deonach, sonraí bliantúla maidir leis an mbearna phá idir na hinscní atá miondealaithe de réir inscne, earnála eacnamaíche, ama oibre (lánaimseartha/páirtaimseartha), rialaithe eacnamaíoch (úinéireacht phoiblí/phríobháideach) agus aoise. Fiú mura bhfuil san idirdhealú pá ach gné amháin den bhearna phá idir na hinscní, tá gá le feabhas a chur ar an minicíocht a chuirtear na sonraí ar fáil chun go bhféadfaí faireachán bliantúil a dhéanamh. Dá bhrí sin, leis an bhforáil seo, beidh tiomsú sonraí bliantúla maidir leis an mbearna phá idir na hinscní éigeantach chun tacar iomlán sonraí a áirithiú gach bliain.

Airteagal 29 – Faisnéis a leathadh

Tá sé d'aidhm ag an bhforáil seo ardú feasachta sna Ballstáit maidir leis na cearta a dheonaítear leis an Treoir seo, agus maidir le cearta eile sa réimse céanna atá ann cheana a áirithiú.

Airteagal 30 – Cur chun feidhme

Le héagsúlacht na samhlacha margaidh saothair ar fud an Aontais agus leibhéal rannpháirtíochta na gcomhpháirtithe sóisialta i roinnt Ballstát á gcur san áireamh maidir le rialacha a leagan síos a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, foráiltear leis an airteagal seo go bhféadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme fhorálacha ábhartha na Treorach a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ráthaítear na torthaí a lorgaítear leis an Treoir seo i gcónaí.

Airteagal 31 – Trasuí

Bunaítear leis an bhforáil seo an uastréimhse a bheidh ar fáil do Bhallstáit chun an Treoir a thrasuí ina dhlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur in iúl don Choimisiún. Tá an tréimhse sin socraithe ag dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 32 – Tuairisciú agus athbhreithniú

Leis an bhforáil seo bunaítear oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis go léir a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach a chur in iúl don Choimisiún ocht mbliana ar a dhéanaí tar éis di teacht i bhfeidhm, chun gur féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach.

Airteagal 33 — Teacht i bhfeidhm

Is foráil chaighdeánach í seo lena sonraítear go dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil.

Airteagal 34 – Seolaithe

Is foráil chaighdeánach í seo maidir leis na seolaithe, a dhéanann soiléir go bhfuil an Treoir seo dírithe chuig na Ballstáit.

2021/0050 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 40 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In Airteagal 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach cumhdaítear an ceart chun comhionannais idir mná agus fir mar cheann de luachanna bunúsacha agus de chúraimí an Aontais.

(2)In Airteagal 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('CFAE') foráiltear go mbeidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú bunaithe ar inscne ina chuid gníomhaíochtaí uile a chomhrac.

(3)In Airteagal 157(1) de CFAE, ceanglaítear ar gach Ballstát cur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

(4)In Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, foráiltear nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena náirítear fostaíocht, obair agus pá.

(5)I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta 41 , a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, ionchorpraítear i measc phrionsabail an cholúin sin cóir chomhionann agus deiseanna idir mná agus fir, agus an ceart chun pá comhionann as obair ar comhionann a luach.

(6)Foráiltear le Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 go gcuirfear deireadh le hidirdhealú díreach agus indíreach ar bhonn inscne maidir le gach gné agus gach coinníoll luacha saothair i gcás na hoibre céanna nó na hoibre ar comhionann a luach. I gcás ina núsáidtear córas rangaithe poist, go háirithe, chun pá a chinneadh, ba cheart é a bheith bunaithe ar na critéir chéanna d'fhir agus do mhná araon agus ba cheart é a tharraingt suas chun aon idirdhealú ar bhonn inscne a eisiamh.

(7)Sa mheastóireacht 2020 43 , fuarthas amach go gcuirtear bac ar chur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn mar gheall ar easpa trédhearcachta i gcórais phá, easpa deimhneachta dlíthiúla maidir leis an gcoincheap ‘obair ar comhionann a luach’, agus bacainní nós imeachta a bhíonn os comhair íospartaigh an idirdhealaithe. Níl an fhaisnéis is gá ag oibrithe chun éileamh rathúil ar phá comhionann a dhéanamh agus go háirithe faisnéis faoi na leibhéil phá do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhféadfadh breis trédhearcachta laofacht inscne agus idirdhealú ar bhonn inscne a nochtadh i struchtúir phá gnóthais nó eagraíochta. Chuirfeadh sé ar chumas oibrithe, fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta freisin gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun an ceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú.

(8)Tar éis meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach 44 agus próiseas comhairliúcháin fadréimseach cuimsitheach 45 , fógraíodh bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá sa straitéis maidir le comhionannas inscne 2020-2025 46 .

(9)Is iad fachtóirí éagsúla is cúis leis an mbearna phá idir na hinscní, ar féidir cuid acu a chur i leith idirdhealú díreach agus indíreach pá ar bhonn inscne. Le heaspa trédhearcachta ginearálta maidir le leibhéil phá laistigh d'eagraíochtaí, coinnítear cás inar deacair idirdhealú pá ar bhonn inscne agus laofacht inscne a bhrath nó, i gcás ina bhfuil amhras ann, a bheith deacair a chruthú. Tá gá, dá bhrí sin, le bearta ceangailteacha chun trédhearcacht pá a fheabhsú, chun eagraíochtaí a spreagadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a struchtúir phá chun pá comhionann a áirithiú do mhná agus d'fhir a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, agus chun cur ar chumas íospartaigh an idirdhealaithe a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú. Ní mór é sin a chomhlánú le forálacha a shoiléiríonn coincheapa dlíthiúla atá ann cheana (amhail an coincheap 'pá' agus 'obair ar comhionann a luach') agus le bearta a fheabhsaíonn sásraí forfheidhmiúcháin agus rochtain ar cheartas.

(10)Ba cheart cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a fheabhsú trí dheireadh a chur le hidirdhealú pá díreach agus indíreach. Ní chuirtear bac leis ar fhostóirí íoc ar bhealach éagsúil le hoibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach ar bhonn critéar oibiachtúil, neodrach i dtaobh inscne agus saor ó laofacht amhail feidhmíocht agus inniúlacht.

(11)Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, lena náirítear oibrithe páirtaimseartha, oibrithe ar conradh ar théarma seasta nó daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht shealadach, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, sna comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ('an Chúirt') á chur san áireamh. Ina cásdlí, bhunaigh an Chúirt critéir chun stádas oibrí a chinneadh 47 . Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, ba cheart oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(12)Chun deireadh a chur le bacainní ar íospartaigh idirdhealú pá ar bhonn inscne a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú agus chun treoir a thabhairt d'fhostóirí maidir leis an gceart sin a áirithiú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar choincheapa lárnacha a bhaineann le pá comhionann, amhail 'pá' agus 'obair ar comhionann a luach', i gcomhréir le cásdlí na Cúirte. Ba cheart go néascódh sé sin cur i bhfeidhm na gcoincheap sin, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.

(13)Ba cheart prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach do mhná agus d'fhir a urramú maidir le pá nó tuarastal agus aon chomaoin eile, in airgead tirim nó i gcomhchineál, a fhaigheann na hoibrithe go díreach nó go hindíreach, i ndáil lena bhfostaíocht óna bhfostóir. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte 48 , ba cheart go gcuimseodh an coincheap ‘pá’ ní hamháin tuarastal, ach sochair bhreise freisin amhail bónais, cúiteamh ragoibre, saoráidí taistil (lena náirítear carranna arna soláthar ag an bhfostóir agus cártaí taistil), liúntais tithíochta, cúiteamh as freastal ar oiliúint, íocaíochtaí i gcás dífhostaithe, pá breoiteachta reachtúil, cúiteamh a éilítear go reachtúil agus pinsin ghairme. Ba cheart gach gné den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó de réir comhaontú comhchoiteann a chur san áireamh ann.

(14)Foráiltear le hAirteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gurb é is aidhm don Aontas, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, idirdhealú ar bhonn inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2006/54/CE nach mbeidh aon idirdhealú díreach nó indíreach ann ar bhonn inscne, go háirithe maidir le pá. Maidir le hidirdhealú pá ar bhonn inscne i gcás ina bhfuil ról ríthábhachtach ag inscne an íospartaigh, is féidir é a bheith i bhfoirmeacha éagsúla sa chleachtas. D'fhéadfadh trasnú d'aiseanna éagsúla idirdhealaithe nó neamhionannais a bheith i gceist i gcás inar ball é an toibrí de ghrúpa amháin nó níos mó atá cosanta ar idirdhealú ar bhonn inscne, ar thaobh amháin, agus ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach (mar atá cosanta faoi Threoir 2000/43/CE nó Treoir 2000/78/CE) , ar an taobh eile. Tá mná imirceacha i measc grúpaí a mbíonn cineálacha éagsúla idirdhealaithe den sórt sin os a gcomhair. Ba cheart, dá bhrí sin, go soiléireofaí leis an treoir seo, i gcomhthéacs an idirdhealaithe pá ar bhonn inscne, gur cheart an meascán sin a chur san áireamh, agus, ar an gcaoi sin, aon amhras a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis sin faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana a bhaint. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go dtugann na cúirteanna nó údaráis inniúla eile aird chuí ar aon mhíbhuntáiste a eascraíonn as idirdhealú trasnach, go háirithe chun críocha substainteacha agus nós imeachta, lena náirítear chun a aithint gurb ann d'idirdhealú, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomparadóir iomchuí, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht, agus chun leibhéal an chúitimh arna dhámhachtain nó na smachtbhannaí a forchuireadh a chinneadh, i gcás inarb ábhartha.

(15)D‘fhonn urraim a thabhairt don cheart chun pá comhionann idir fir agus mná, ní mór d’fhostóirí sásraí socraithe pá nó struchtúir phá a bheith i bhfeidhm acu lena náirithítear nach mbeidh aon difríocht pá ann idir oibrithe fireanna agus oibrithe baineanna a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, difríocht pá nach bhfuil bonn cirt léi de bharr fachtóirí oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne. Ba cheart go bhfágfadh struchtúir phá den sórt sin gur féidir comparáid a dhéanamh idir luach na bpost éagsúil laistigh den struchtúr eagrúcháin céanna. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, ba cheart luach na hoibre a mheasúnú agus a chur i gcomparáid ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail ceanglais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht agus freagracht, an obair a dhéanfar agus cineál na gcúraimí atá i gceist 49 .

(16)Is paraiméadar tábhachtach é comparadóir bailí a shainaithint agus cinneadh á dhéanamh an féidir obair ar comhionann a luach a mheas. Cuireann sé ar chumas an oibrí a thaispeáint gur caitheadh leo ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna ná mar a caitheadh le comparadóir d'inscne eile a bhfuil obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach á déanamh aige. I gcásanna nuair nach ann do chomparadóir fíorshaoil, ba cheart úsáid comparadóir hipitéiseach a cheadú, lena gceadaítear d'oibrí a thaispeáint nár tugadh an chóir chéanna dóibh agus a thabharfaí do chomparadóir hipitéiseach d'inscne eile. Bhainfeadh sé sin bacainn thábhachtach de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina níospartaigh idirdhealú pá ar bhonn inscne, go háirithe i margaí fostaíochta atá thar a bheith leithscartha de réir inscne, ina mbeadh sé beagnach dodhéanta éileamh pá comhionann a thionscnamh de bharr riachtanas comparadóir den inscne eile a aimsiú. Ina theannta sin, níor cheart cosc a chur ar oibrithe úsáid a bhaint as fíorais eile ar féidir a thoimhdiú ina leith go ndearnadh idirdhealú líomhnaithe uathu, amhail staidreamh nó faisnéis eile atá ar fáil. D'fhágfadh sé sin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais phá ar bhonn inscne ar bhealach níos éifeachtaí in earnálacha agus i ngairmeacha atá leithscartha de réir inscne.

(17)Shoiléirigh an Chúirt 50 nach gá go mbeadh an chomparáid teoranta do chásanna ina noibríonn fir agus mná don fhostóir céanna chun comparáid a dhéanamh an i gcás inchomparáide atá na hoibrithe. D'fhéadfadh sé go mbeadh oibrithe i gcás inchomparáide fiú mura noibríonn siad don fhostóir céanna i gcás inar féidir na coinníollacha pá a chur i leith foinse aonair lena mbunaítear na coinníollacha sin. D'fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh nuair a rialaítear coinníollacha pá le forálacha reachtúla nó comhaontuithe comhchoiteanna saothair a bhaineann le pá atá infheidhme maidir le roinnt cuideachtaí, nó nuair a leagtar síos na coinníollacha sin go lárnach do níos mó ná eagraíocht amháin nó gnólacht amháin laistigh de chuideachta sealbhaíochta nó d'ilchuideachta. Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt nach bhfuil an chomparáid teoranta d'oibrithe atá fostaithe ag an am céanna leis an éilitheoir 51 .

(18)Ba cheart do Bhallstáit uirlisí sonracha agus modheolaíochtaí sonracha a fhorbairt chun tacú leis an measúnú ar a bhfuil i gceist le hobair ar comhionann a luach agus chun treoir a thabhairt ina leith. Ba cheart go néascódh sé sin cur i bhfeidhm an choincheapa sin, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.

(19)Mura núsáidtear córais rangaithe agus meastóireachta poist ar bhealach atá neodrach i dtaobh inscne, go háirithe nuair a ghlacann siad steiréitíopaí traidisiúnta inscne, d'fhéadfadh sé go mbeadh idirdhealú pá ar bhonn inscne mar thoradh orthu. I gcás den sórt sin, rannchuidíonn siad leis an mbearna phá agus buanaíonn siad í trí mheastóireacht a dhéanamh ar bhealach éagsúil ar phoist ina mbíonn na fir i bhfad níos líonmhaire agus ar phoist ina mbíonn na mná i bhfad níos líonmhaire i gcásanna ina bhfuil luach comhionann leis an obair a dhéantar. I gcás ina núsáidtear córais mheastóireachta atá neodrach i dtaobh inscne ar phoist agus córais rangaithe, áfach, tá siad éifeachtach ó thaobh córas trédhearcach pá a bhunú agus tá siad ríthábhachtach chun a áirithiú go neisiatar idirdhealú díreach nó indíreach ar bhonn inscne. Braitheann siad idirdhealú pá indíreach a bhaineann le tearcluacháil na bpost a dhéanann mná de ghnáth. Déanann siad amhlaidh trí phoist a bhfuil ábhar difriúil iontu ach a bhfuil luach comhionann acu a thomhas agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus mar sin tacaíonn siad le prionsabal na hoibre ar comhionann a luach.

(20)Le heaspa faisnéise maidir le réimse pá an phoist atá beartaithe, cruthaítear neamhshiméadracht faisnéise a chuireann srian ar chumhacht mhargála iarratasóirí. Trí thrédhearcacht a áirithiú, ba cheart go mbeadh oibrithe ionchasacha in ann cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tuarastal a bhfuiltear ag súil leis gan teorainn a chur ar bhealach ar bith le cumhacht mhargála an fhostóra nó an oibrí tuarastal a chaibidliú fiú amháin lasmuigh den raon a léirítear. D'áiritheofaí leis freisin bonn sainráite nach bhfuil laofacht inscne ann do shocrú pá agus chuirfeadh sé isteach ar thearcluacháil an phá i gcomparáid le scileanna agus taithí. Thabharfadh an beart trédhearcachta seo aghaidh freisin ar idirdhealú trasnach i gcás ina gceadaíonn socruithe pá neamhthrédhearcacha cleachtais idirdhealaitheacha ar roinnt foras idirdhealaithe. An fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil d’iarratasóirí roimh an bhfostaíocht, mura bhfoilseofar i bhfógra folúntais poist í, d’fhéadfadh an fostóir an fhaisnéis sin a chur ar fáil don iarratasóir roimh an agallamh poist nó ar bhealach eile, mar shampla tríd na comhpháirtithe sóisialta.

(21)Chun cur isteach ar bhuanú na bearna pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna a dhéanann difear d'oibrithe aonair le himeacht ama, níor cheart cead a bheith ag fostóirí fiosrú a dhéanamh faoi stair phá an iarratasóra ar phost roimhe sin.

(22)Maidir le bearta trédhearcachta pá, ba cheart go gcosnódh siad an ceart atá ag oibrithe chun pá comhionann agus, san am céanna, na costais agus an tualach a theorannú a oiread is féidir d'fhostóirí, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga. I gcás inarb iomchuí, ba cheart bearta a chur in oiriúint do mhéid na bhfostóirí agus líon na bhfostaithe á gcur san áireamh.

(23)Ba cheart go dtabharfadh fostóirí rochtain d’oibrithe ar thuairisc ar na critéir a úsáidtear chun leibhéil phá agus dul chun cinn gairme a chinneadh. Ba cheart solúbthacht a bheith ag an bhfostóir maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann sé an oibleagáid sin agus méid na heagraíochta á cur san áireamh.

(24)Ba cheart go mbeadh an ceart ag oibrithe uile faisnéis a fháil, arna iarraidh sin dóibh, maidir lena bpá agus maidir leis an leibhéal pá, arna miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Ní mór d'fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoin gceart sin ar bhonn bliantúil. Féadfaidh fostóirí freisin, ar a dtionscnamh féin, roghnú go gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil gan gá d'oibrithe é a iarraidh.

(25)Ba cheart d'fhostóirí ag a bhfuil 250 oibrí ar a laghad tuairisc a thabhairt go rialta ar phá, ar bhealach oiriúnach agus trédhearcach, amhail an fhaisnéis a chur san áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta. Féadfaidh cuideachtaí atá faoi réir cheanglais Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 a roghnú freisin tuairisciú ar phá i dteannta ábhair eile a bhaineann le hoibrithe ina dtuarascáil bhainistíochta.

(26)Le tuairisciú ar phá, ba cheart go mbeadh fostóirí in ann meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar a struchtúir phá agus ar a mbeartais phá, rud a chuireann ar a gcumas cloí go réamhghníomhach le prionsabal an phá chomhionainn. Ag an am céanna, ba cheart go gcabhródh na sonraí imdhealaithe de réir inscne le húdaráis phoiblí inniúla, ionadaithe oibrithe agus geallsealbhóirí eile chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna phá idir na hinscní thar earnálacha (leithscaradh cothrománach) agus feidhmeanna (leithscaradh ingearach). D'fhéadfadh sé gur mhian le fostóirí go mbeadh míniú ar aon difríocht pá nó bearna phá idir na hinscní ag gabháil leis na sonraí foilsithe. I gcásanna nach féidir, ar bhonn fachtóirí oibiachtúla agus fachtóirí neodrach i dtaobh inscne, údar a thabhairt do dhifríochtaí sa mheánphá as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna, ba cheart don fhostóir bearta a dhéanamh chun deireadh a chur leis na neamhionannais.

(27)Chun an tualach ar fhostóirí a laghdú, d'fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na sonraí is gá a bhailiú agus a idirnascadh trína riaracháin náisiúnta lena mbeifear in ann an bhearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aghaidh an fhostóra a ríomh. Chun sonraí den sórt sin a bhailiú, féadfaidh gá a bheith ann le sonraí ó roinnt riarachán poiblí (amhail cigireachtaí cánach agus oifigí slándála sóisialta) a idirnascadh agus bheadh sé indéanta má tá sonraí riaracháin ar fáil a dhéanann sonraí fostóirí (leibhéal na gcuideachtaí/na heagraíochta) a mheaitseáil le sonraí na noibrithe (leibhéal aonair), lena náirítear sochair in airgead tirim agus i gcomhchineál. D'fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis sin a bhailiú ní hamháin do na fostóirí sin atá cumhdaithe ag an oibleagáid tuairiscithe pá faoin Treoir seo, ach d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide freisin. Ba cheart foilsiú na faisnéise is gá ag na Ballstáit a chur in ionad na hoibleagáide maidir le tuairisciú pá atá ar na fostóirí sin atá cumhdaithe ag na sonraí riaracháin, ar choinníoll go mbaintear amach an toradh atá beartaithe leis an oibleagáid tuairiscithe.

(28)Chun an fhaisnéis maidir leis an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus fireanna a chur ar fáil go forleathan ar leibhéal eagraíochtúil, ba cheart do na Ballstáit a chur de chúram ar an gcomhlacht faireacháin arna ainmniú de bhun na Treorach seo na sonraí ar an mbearna phá a fhaightear ó fhostóirí a chomhiomlánú gan ualach breise a chur ar fhostóirí. Ba cheart don chomhlacht faireacháin na sonraí sin a chur ar fáil don phobal, ionas gur féidir sonraí na bhfostóirí aonair, na nearnálacha agus na réigiún sa Bhallstát lena mbaineann a chur i gcomparáid le chéile.

(29)Ba cheart go gcuirfeadh measúnuithe comhpháirteacha ar phá tús le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir phá in eagraíochtaí ina bhfuil ar a laghad 250 oibrí a léiríonn neamhionannais phá. Ba cheart d'fhostóirí an measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh i gcomhar le hionadaithe na noibrithe; má bhíonn ionadaithe oibrithe as láthair, ba cheart iad a ainmniú chun na críche sin. Ba cheart go gcuirfí deireadh le hidirdhealú inscne ó thaobh pá de mar thoradh ar mheasúnuithe comhpháirteacha ar phá.

(30)Ba cheart aon phróiseáil nó foilsiú faisnéise faoin Treoir seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 . Ba cheart coimircí sonracha a chur isteach chun nochtadh faisnéise díreach nó indíreach comhoibrí inaitheanta a chosc. Ar an taobh eile, níor cheart cosc a chur ar oibrithe a bpá a nochtadh dá ndeoin féin chun prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a fhorfheidhmiú.

(31)Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na comhpháirtithe sóisialta plé agus aird ar leith a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le pá comhionann sa chómhargáil. Ba cheart gnéithe éagsúla den idirphlé sóisialta náisiúnta agus na gcóras cómhargála ar fud an Aontais agus neamhspleáchas agus saoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta mar aon lena gcumas mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras agus lena gcleachtais náisiúnta, bearta iomchuí a ghlacadh, amhail cláir a thacaíonn leis na comhpháirtithe sóisialta, treoir phraiticiúil chomh maith le rannpháirtíocht ghníomhach an rialtais in idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go dtabharfaí spreagadh le bearta den sórt sin go dtabharfadh comhpháirtithe sóisialta aird chuí ar chúrsaí a bhaineann le pá comhionann, lena náirítear plé ar an leibhéal iomchuí cómhargála agus forbairt a dhéanamh ar mheastóireacht atá neodrach i dtaobh inscne ar phoist agus ar chórais rangaithe.

(32)Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta is gá ar fáil d'oibrithe chun forfheidhmiú a gceart chun rochtain a fháil ar an gceartas a éascú. Níor cheart, leis an reachtaíocht náisiúnta lena mbeadh sé éigeantach leas a bhaint as idir-réiteach nó as idirghabháil comhlachta chomhionannais nó faoi réir dreasachtaí nó pionóis, cosc a chur ar pháirtithe a gceart rochtana ar chúirt a fheidhmiú.

(33)Tá ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais, seachas páirtithe leasmhara eile, chun prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí agus sainorduithe na gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta a bheith leordhóthanach chun idirdhealú pá ar bhonn inscne a chumhdach go hiomlán, lena náirítear aon trédhearcacht pá nó aon chearta agus oibleagáidí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Chun na bacainní nós imeachta agus na bacainní a bhaineann le costas a bhíonn os comhair oibrithe a chreideann go ndearnadh idirdhealú ina naghaidh nuair a fhéachann siad lena gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú a shárú, ba cheart go mbeadh comhlachtaí comhionannais, chomh maith le cumainn, eagraíochtaí, comhlachtaí agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil suim acu comhionannas idir fir agus mná a áirithiú, in ann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann daoine aonair. Ba cheart dóibh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh cúnamh a thabhairt d’oibrithe thar a gceann nó chun tacú leo, rud a cheadófaí d’oibrithe a bhfuil idirdhealú déanta ina leith a gcearta agus prionsabal an phá chomhionainn a éileamh go héifeachtach.

(34)Ba cheart go mbeadh comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe na noibrithe in ann ionadaíocht a dhéanamh freisin ar son oibrí amháin nó níos mó a chreideann go ndearnadh idirdhealú i gcoinne oibrithe ar bhonn inscne de shárú ar phrionsabal an phá chomhionainn as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Is bealach é éilimh a thionscnamh thar ceann roinnt oibrithe nó tacaíocht a thabhairt dóibh chun imeachtaí a éascú nach dtabharfaí a mhalairt de bharr bacainní nós imeachta agus airgeadais nó mar gheall ar eagla go ndéanfaí íospairt agus freisin nuair a dhéantar idirdhealú ar oibrithe ar níos mó ná foras amháin, rud is féidir a bheith deacair é a dhínascadh. D'fhéadfadh comhéilimh idirdhealú sistéamach a nochtadh agus infheictheacht an phá chomhionainn agus an chomhionannais inscne a chruthú sa tsochaí ina hiomláine. Spreagfadh an fhéidearthacht comhshásaimh a bheith ann comhlíonadh réamhghníomhach na mbeart trédhearcachta pá, lena gcruthófaí piarbhrú agus lena méadófaí feasacht agus toilteanas na bhfostóirí gníomhú ar bhealach coisctheach.

(35)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chomhlachtaí comhionannais chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a bhaineann le hidirdhealú pá ar bhonn inscne a chomhlíonadh go héifeachtach agus go leordhóthanach. I gcás ina leithdháiltear na cúraimí ar níos mó ná comhlacht amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar iad a chomhordú go leordhóthanach.

(36)Ba cheart go gcumhdódh an cúiteamh go hiomlán an caillteanas agus an damáiste a tharlaíonn mar thoradh ar idirdhealú pá ar bhonn inscne 54 . Ba cheart go náireofaí leis aisghabháil iomlán an chúlphá agus na bónais ghaolmhara nó na níocaíochtaí comhchineáil, cúiteamh as deiseanna caillte agus dochar morálta. Níor cheart aon uasteorainn sheasta roimh ré maidir leis an gcúiteamh sin a cheadú.

(37)Chomh maith le cúiteamh, ba cheart leigheasanna eile a chur ar fáil. Ba cheart do na cúirteanna, mar shampla, a bheith in ann a cheangal ar fhostóir bearta struchtúracha nó eagraíochtúla a dhéanamh chun a oibleagáidí maidir le pá comhionann a chomhlíonadh. D'fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin, mar shampla, oibleagáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra socraithe pá bunaithe ar mheastóireacht agus rangú atá neodrach i dtaobh inscne; plean gníomhaíochta a bhunú chun deireadh a chur leis na neamhréireachtaí a aimsíodh agus chun aon bhearna phá nach bhfuil údar maith léi a laghdú; faisnéis a chur ar fáil agus feasacht na noibrithe a ardú maidir lena gceart chun pá chomhionainn; oiliúint éigeantach a bhunú d'fhoireann acmhainní daonna maidir le pá comhionann agus meastóireacht agus rangú atá neodrach i dtaobh inscne ar phost. 

(38)I gcomhréir le cásdlí na Cúirte 55 , bunaíodh forálacha le Treoir 2006/54/CE chun a áirithiú go naistreofaí an dualgas cruthúnais chuig an gcosantóir nuair a bhíonn cás prima facie idirdhealaithe ann. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach, ag aon chéim iomchuí de na himeachtaí, ar rialacha iad atá níos fabhraí d'oibrithe a bhfuil éileamh á dhéanamh acu. In aon imeacht dlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le hidirdhealú díreach nó indíreach, i gcás nár chomhlíon an fostóir na hoibleagáidí maidir le trédhearcacht pá a leagtar amach sa Treoir, ba cheart an dualgas cruthúnais a aistriú go huathoibríoch chuig an gcosantóir, gan beann ar chás prima facie d’idirdhealú pá a bheith á léiriú ag an oibrí.

(39)Cé nach gá ach toimhde idirdhealaithe a bhunú sula naistrítear an dualgas cruthúnais chuig an bhfostóir, ní bhíonn sé éasca i gcónaí d'íospartaigh agus do na cúirteanna a fháil amach conas an toimhde sin a bhunú fiú. D'fhéadfadh bearta trédhearcachta pá tacú leis an úsáid a bhaintear as aisiompú an dualgais chruthúnais, trí chabhrú le hoibrithe na meánleibhéil phá do mhná agus d'fhir a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach a chinneadh. Dá gcuirfí ar chumas oibrithe fianaise prima facie a chur ar fáil lena bhféadfaí a thoimhdiú go ndéanfaí idirdhealú, d'aisiompófaí dualgas cruthúnais chun tairbhe an oibrí go tapa.

(40)I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, ba cheart rialacha náisiúnta maidir le teorainneacha ama chun cearta a fhorfheidhmiú faoin Treoir seo a bheith de chineál nach féidir a mheas go bhfuil siad in ann forfheidhmiú na gceart sin a dhéanamh dodhéanta nó thar a bheith deacair. Cruthaíonn tréimhsí teorann bacainní sonracha d'íospartaigh an idirdhealaithe pá ar bhonn inscne. Chun na críche sin, ba cheart íoschaighdeáin choiteanna a bhunú. Ba cheart go gcinnfí leis na caighdeáin sin cathain a thosóidh an tréimhse teorann, fad na tréimhse sin agus na himthosca ina mbrisfear í nó ina gcuirfear ar fionraí í agus ba cheart go bhforálfaí leo gur trí bliana ar a laghad atá sa tréimhse teorann chun éilimh a thionscnamh.

(41)Cruthaíonn costais dlíthíochta dídhreasú tromchúiseach d'íospartaigh idirdhealú pá ar bhonn inscne a gceart chun pá chomhionainn a éileamh, rud a fhágann nach leor an chosaint agus an forfheidhmiú a dhéantar ar an gceart chun pá chomhionainn. Chun deireadh a chur leis an mbacainn láidir nós imeachta seo ar an gceartas, ba cheart go gceadófaí d'éilitheoirí a néiríonn leo a gcostais nós imeachta a aisghabháil ón gcosantóir. Ar an taobh eile, níor cheart éilitheoirí a bheith faoi dhliteanas i leith costais imeachtaí an chosantóra a néireoidh leo murar rud é gur de mheon mímhacánta a tionscnaíodh an téileamh, gur léir go raibh sé suaibhreosach nó go measfaidh na cúirteanna nó údaráis inniúla eile go mbeadh neamhaisghabháil ón gcosantóir míréasúnta faoi chúinsí sonracha an cháis, mar shampla ag féachaint do staid airgeadais na micrifhiontar.

(42)Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus a bhaineann leis an gceart chun pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Ba cheart go náireofaí le pionóis den sórt sin fíneálacha, ar cheart iad a shocrú ar leibhéal íosta agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, ar aon intinn a d'fhéadfadh a bheith ann idirdhealú a dhéanamh nó ar fhaillí thromchúiseach, agus ar aon fhachtóirí géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhféadfadh feidhm a bheith acu in imthosca an cháis, mar shampla i gcás ina dtrasnaíonn idirdhealú ar bhonn inscne agus forais eile idirdhealaithe. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar mhéideanna arna naisghabháil mar fhíneálacha a leithdháileadh ar na comhlachtaí comhionannais chun críche a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach i ndáil le forfheidhmiú an chirt chun pá comhionann a fháil, lena náirítear chun éilimh ar idirdhealú pá nó chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh éilimh den sórt sin a thionscnamh.

(43)Ba cheart do na Ballstáit pionóis shonracha a bhunú le haghaidh sáruithe leantacha ar aon cheart nó oibleagáid a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, chun déine an ghnímh a léiriú agus chun sáruithe den sórt sin a dhíspreagadh tuilleadh. D'fhéadfadh cineálacha éagsúla dídhreasaithe airgeadais a bheith i gceist leis na pionóis sin, amhail sochair phoiblí a chúlghairm nó eisiamh, ar feadh tréimhse áirithe, ó aslacha airgid a dhámhachtain tuilleadh nó ó aon nós imeachta tairisceana poiblí.

(44)Oibleagáidí ar fhostóirí a eascraíonn as an Treoir seo, is cuid iad de na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí dhlí an chomhshaoil, an dlí sóisialta agus dlí an tsaothair nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil siad á gcomhlíonadh faoi Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 , Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar poiblí. Chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an gceart chun pá chomhionainn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe go bhfuil sásraí maidir le socrú pá ag oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhlíonadh conartha phoiblí nó lamháltais, nach neascraíonn bearna phá astu idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna nach féidir údar a thabhairt dóibh de bharr tosca atá neodrach i dtaobh inscne in aon chatagóir oibrithe a dhéanann obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar údaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach lena náirithítear comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. Féadfaidh siad a chur san áireamh freisin neamhchomhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn ag an tairgeoir nó ag ceann dá fhochonraitheoirí nuair a bhíonn cur i bhfeidhm na bhforas eisiaimh nó cinneadh gan conradh a dhámhachtain don tairgeoir ar chuir sé isteach an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch á meas.

(45)Ceanglaítear le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun pá comhionann cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a chur ar fáil ar aon chóir dhíobhálach a dhéantar mar fhreagairt ar iarracht cearta oibrithe a fheidhmiú a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná, ar aon ghearán a dhéantar leis an bhfostóir nó ar aon imeacht dlíthiúil nó riaracháin arb é is aidhm dó comhlíonadh an chirt chun pá comhionann a fhorfheidhmiú.

(46)Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú phrionsabal an phá chomhionainn, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo na huirlisí agus na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin atá ann cheana maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus na forálacha maidir le pá comhionann a leagtar amach i dTreoir 2006/54/CE.  

(47)Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, agus, ar an gcaoi sin tugtar urraim do shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach agus a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat reachtúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin agus a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhorais bhailí chun cearta oibrithe a mhaolú maidir le pá comhionann idir fir agus mná le haghaidh na hoibre céanna nó oibre ar comhionann a luach.

(48)Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chirt chun pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, ba cheart do na Ballstáit comhlacht faireacháin tiomnaithe a bhunú nó a ainmniú. Maidir leis an gcomhlacht sin, a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de chomhlacht atá ann cheana agus a bhfuil cuspóirí comhchosúla á saothrú aige, ba cheart cúraimí sonracha a bheith aige i ndáil le cur chun feidhme na mbeart trédhearcachta pá dá bhforáiltear sa Treoir seo agus ba cheart dó sonraí áirithe a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar neamhionannais phá agus ar thionchar na mbeart trédhearcachta pá.

(49)Chun anailís a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá ar leibhéal an Aontais agus chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar an mbearna phá idir na hinscní ar leibhéal an Aontais, tá sé fíor-riachtanach staidreamh pá atá miondealaithe de réir inscne a thiomsú agus staidreamh cruinn iomlán a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle 59 , ceanglaítear ar na Ballstáit staidreamh ar thuilleamh struchtúrach ceithre bliana a thiomsú ar mhicrealeibhéal a sholáthraíonn sonraí comhchuibhithe chun an bhearna phá idir na hinscní a ríomh. Le staidreamh bliantúil ar ardcháilíocht, d'fhéadfaí trédhearcacht a mhéadú agus faireachán agus feasacht a fheabhsú maidir le neamhionannas pá idir na hinscní. Tá infhaighteacht agus inchomparáideacht na sonraí sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an Aontais araon.

(50)Is é is aidhm don Treoir seo prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a leithdháiltear idir fir agus mná a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí trí íoscheanglais choiteanna a bhunú ar cheart feidhm a bheith aige maidir le gach gnóthas agus gach eagraíocht ar fud an Aontais Eorpaigh. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus ba cheart, dá bhrí sin, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo, treoir nach socraítear leis ach caighdeáin íosta, thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(51)Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le ceapadh an chaoi a gcuirtear bearta trédhearcachta pá i bhfeidhm sna Ballstáit, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil cumhdach ard cómhargála acu. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, cur chun feidhme na Treorach seo ina hiomláine nó cuid di a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, ar choinníoll go ndéanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí a lorgaítear leis an Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(52)I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar, fiontar beaga agus meánmhéide. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair, chun an tualach riaracháin a laghdú, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(53)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 60 agus thug sé a thuairim uaidh an XX XXXX.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1 

Ábhar 

Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a neartú as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus a chumhdaítear in Airteagal 157 CFAE agus an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE, go háirithe trí thrédhearcacht pá agus sásraí forfheidhmiúcháin treisithe.

Airteagal 2 

Raon feidhme 

1.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le fostóirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. 

2.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainítear leis an dlí, le chomhaontuithe comhchoiteanna agus/nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

Airteagal 3 

Sainmhínithe

1.Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'pá' an gnáthphá nó an gnáththuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an toibrí, go díreach nó go hindíreach (‘comhpháirteanna comhlántacha agus athraitheacha), óna fhostóir as ucht a fhostaíochta;

(b)ciallaíonn 'leibhéal pá' pá bliantúil comhlán agus an pá comhlán comhfhreagrach in aghaidh na huaire;

(c)ciallaíonn 'an bhearna phá' an difríocht idir meánleibhéil pá an fhostóra idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna, arna sloinneadh mar chéatadán de mheánleibhéal pá na noibrithe fireanna;

(d)ciallaíonn 'leibhéal airmheánach pá' pá an oibrí a thuillfeadh leath na noibrithe níos mó de agus leath na noibrithe níos lú de;

(e)ciallaíonn ‘an bhearna airmheánach phá' an difríocht idir leibhéal airmheánach pá na noibrithe baineanna agus leibhéal airmheánach pá na noibrithe fireanna arna sloinneadh mar chéatadán de leibhéal airmheánach pá na noibrithe fireanna;

(f)ciallaíonn ‘banda pá ceathairíleach' gach ceann de cheithre ghrúpa chomhionanna oibrithe ina roinntear iad de réir a leibhéal pá – ón gceann is ísle go dtí an ceann is airde;

(g)ciallaíonn 'catagóir oibrithe' oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó an obair ar comhionann a luach arna ghrúpáil ag fostóir na noibrithe ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir seo agus a shonraigh an fostóir lena mbaineann;

(h)ciallaíonn 'idirdhealú díreach' an cás ina ndéileáiltear le duine amháin le níos lú fabhair ar fhorais inscne ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile i gcás inchomparáide;

(i)ciallaíonn 'idirdhealú indíreach' an cás ina gcuirfeadh foráil, critéar nó cleachtas a dhealraíonn a bheith neodrach daoine d'inscne amháin faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine den inscne eile, ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an bhforáil, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin ar mhaithe le haidhm dhlisteanach, agus má tá na modhanna chun an aidhm sin a bhaint amach iomchuí agus riachtanach;

(j)ciallaíonn 'comhlacht comhionannais' an comhlacht arna ainmniú nó na comhlachtaí arna nainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE, chun cóir chomhionann le haghaidh gach duine a chur chun cinn, anailís a dhéanamh uirthi, faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi gan idirdhealú ar fhorais inscne;

(k)ciallaíonn 'cigireacht saothair' an comhlacht náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta a bhfuil feidhm chigireachta acu ar an margadh saothair i mBallstát.

2.Chun críocha na Treorach seo, is ionann idirdhealú agus an méid seo a leanas:

(a)ciapadh agus gnéaschiapadh, de réir bhrí Airteagal 2(2) de Threoir 2006/54/CE, mar aon le haon chóir nach bhfuil chomh fabhrach sin atá bunaithe ar dhiúltú duine d'iompar den sórt sin nó ar ghéilleadh duine d'iompar den sórt sin, nuair a bhaineann ciapadh nó cóir den sórt sin le feidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo nó gur toradh é ar fheidhmiú na gceart sin;

(b)treoir idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine ar fhorais inscne;

(c)aon chóir is lú fabhar do bhean a bhaineann le saoire toirchis nó saoire mháithreachais de réir bhrí Threoir 92/85/CEE ón gComhairle 61 .

3.Áirítear le hidirdhealú pá faoin Treoir seo idirdhealú bunaithe ar theaglaim d'inscne agus d'aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe a chosnaítear faoi Threoir 2000/43/CE nó Treoir 2000/78/CE.

Airteagal 4

Obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach

1.Déanfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil struchtúir phá i bhfeidhm ag fostóirí chun a áirithiú go níoctar go cothrom mná agus fir as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach.  

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena náirítear go gcruthaítear uirlisí nó modheolaíochtaí chun luach na hoibre a mheasúnú agus í a chur i gcomparáid leis na critéir a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh córais mheastóireachta atá neodrach i dtaobh inscne ar phoist agus córais rangaithe a bheith san áireamh sna huirlisí nó sna modheolaíochtaí sin.

3.Leis na huirlisí nó na modheolaíochtaí, féadfar a mheas, maidir le luach na hoibre, an bhfuil oibrithe i gcás inchomparáide, ar bhonn critéar oibiachtúil lena náireofar ceanglais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht agus freagracht, an obair a dhéanfar agus cineál na gcúraimí lena mbaineann. Ní bheidh iontu critéir atá bunaithe, cé acu go díreach nó go hindíreach, ar inscne an oibrí ná ní bheidh siad bunaithe ar chritéir den sórt sin.

4.Aon uair is féidir difríochtaí pá a chur i leith foinse aonair lena mbunaítear na dálaí pá, ní bheidh an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach á déanamh ag oibrithe teoranta do chásanna ina noibríonn oibrithe baineanna agus fireanna don fhostóir céanna ach féadfar í a shíneadh chuig an bhfoinse aonair sin. Ní bheidh an measúnú teoranta ach oiread d'oibrithe a fhostaítear an tráth céanna leis an oibrí lena mbaineann. I gcás nach féidir comparadóir fíorshaoil a chruthú, ceadófar comparáid le comparadóir hipitéiseach a dhéanamh nó úsáid a bhaint as fianaise eile lenar féidir glacadh le hidirdhealú líomhnaithe.

5.I gcás ina núsáidtear córas meastóireachta agus córas rangaithe ar phoist chun pá a chinneadh, beidh sé bunaithe ar na critéir chéanna d'fhir agus do mhná araon agus tarraingeofar suas é chun aon idirdhealú ar bhonn inscne a eisiamh.

 
CAIBIDIL II

Trédhearcacht pá

Airteagal 5

Trédhearcacht pá roimh fhostú

1.Beidh sé de cheart ag iarratasóirí ar fhostaíocht faisnéis a fháil ón bhfostóir ionchasach maidir le leibhéal tosaigh an phá nó maidir lena raon, bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne, atá le sannadh don phost lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl i bhfógra folúntais a fhoilseofar nó cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar shlí eile don iarratasóir roimh an agallamh poist gan iallach a bheith ar an iarratasóir í a iarraidh.

2.Ní fhiafróidh fostóir, ó bhéal ná i scríbhinn, go pearsanta ná trí ionadaí, iarratasóirí faoina stair phá le linn a gcaidrimh fostaíochta roimhe sin.

Airteagal 6

Trédhearcacht an bheartais maidir le socrú pá agus dul chun cinn gairme

Tabharfaidh an fostóir rochtain éasca dá chuid oibrithe ar thuairisc ar na critéir a úsáidtear chun leibhéil phá agus dul chun cinn gairme d'oibrithe a chinneadh. Beidh na critéir sin neodrach i dtaobh inscne.

Airteagal 7

Ceart chun faisnéise

1.Beidh sé de cheart ag oibrithe faisnéis a fháil maidir lena leibhéal pá aonair agus maidir leis na meánleibhéil phá, arna miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe a dhéanann an obair chéanna leo nó obair ar comhionann a luach, i gcomhréir le mír 3 agus mír 4.

2.Cuirfidh fostóirí gach oibrí ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoina gceart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.Cuirfidh fostóirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama arna iarraidh sin ag oibrí. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhformáidí inrochtana d'oibrithe faoi mhíchumas arna iarraidh sin dóibh.

4.Beidh an deis ag oibrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh trína nionadaithe nó trí chomhlacht comhionannais.

5.Ní chuirfear cosc ar oibrithe a bpá a nochtadh chun prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a fhorfheidhmiú.

6.Féadfaidh fostóirí a éileamh nach núsáidfidh aon oibrí a mbeidh faisnéis faighte aige de bhun an Airteagail seo an fhaisnéis sin chun aon chríche eile seachas cosaint a dhéanamh ar a cheart chun pá comhionann as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach agus gan an fhaisnéis a scaipeadh ar shlí eile.

Airteagal 8

Tuairisciú ar an mbearna phá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna

1.Cuirfidh fostóirí a bhfuil 250 oibrí ar a laghad acu an fhaisnéis seo a leanas ar fáil maidir lena neagraíocht, i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 5:

(a)an bhearna phá idir gach oibrí baineann agus fireann;

(b)an bhearna phá idir gach oibrí baineann agus fireann i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(c)an bhearna airmheánach phá idir gach oibrí baineann agus fireann; 

(d)an bhearna airmheánach phá idir gach oibrí baineann agus fireann i gcomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(e)cion na noibrithe baineanna agus fireanna a fhaigheann comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha;

(f)cion na noibrithe baineanna agus fireanna i ngach banda pá ceathairíleach;

(g)an bhearna phá idir oibrithe baineanna agus fireanna de réir catagóirí oibrithe agus iad miondealaithe de réir gnáththuarastail bunaidh agus de réir comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha.

2.Dearbhóidh lucht bainistíochta an fhostóra go bhfuil an fhaisnéis cruinn.

3.Foilseoidh an fostóir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f) ar bhonn bliantúil ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir ar a shuíomh gréasáin nó cuirfidh sé ar fáil don phobal í ar shlí eile. Beidh rochtain ar fhaisnéis ó na ceithre bliana roimhe sin freisin arna iarraidh sin, má tá sí ar fáil. Ina theannta sin, roinnfidh an fostóir an fhaisnéis sin leis an gcomhlacht faireacháin dá dtagraítear i mír 6.

4.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1, pointí (a) go (f) a thiomsú iad féin, ar bhonn sonraí riaracháin amhail sonraí a chuirfidh fostóirí ar fáil do na húdaráis chánach nó do na húdaráis slándála sóisialta. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i gcomhréir le mír 6.

5.Cuirfidh an fostóir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), ar fáil do na hoibrithe uile agus dá nionadaithe, mar aon leis an gcomhlacht faireacháin dá dtagraítear i mír 6. Cuirfidh sé ar fáil í don chigireacht saothair agus don chomhlacht comhionannais arna iarraidh sin dóibh. Déanfar an fhaisnéis ó na ceithre bliana roimhe sin, má tá sí ar fáil, a chur ar fáil freisin arna iarraidh sin.

6.Cuirfidh na Ballstáit ar iontaoibh an chomhlachta faireacháin arna ainmniú de bhun Airteagal 26 na sonraí a fhaightear ó fhostóirí de bhun mhír 1, pointe (a) go pointe (f) a bhailiú agus a áirithiú go bhfuil na sonraí sin poiblí agus go gceadaíonn siad comparáid a dhéanamh idir fostóirí, earnálacha agus réigiúin an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir.

7.Beidh sé de cheart ag oibrithe agus a nionadaithe, ag cigireachtaí saothair agus ag comhlachtaí comhionannais soiléiriú breise agus sonraí a iarraidh ar an bhfostóir maidir le haon sonraí a cuireadh ar fáil, lena náirítear mínithe maidir le haon difríochtaí pá idir na hinscní. Tabharfaidh an fostóir freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar. I gcás nach bhfuil údar maith le difríochtaí pá idir na hinscní de bharr tosca atá oibiachtúil agus neodrach i dtaobh inscne, réiteoidh an fostóir an cás i ndlúthchomhar le hionadaithe na noibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais.

Airteagal 9 

Measúnú comhpháirteach ar phá

1.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh fostóirí a bhfuil ar a laghad 250 oibrí acu, i gcomhar le hionadaithe a noibrithe, measúnú comhpháirteach ar phá i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)go léiríonn an tuairisciú pá a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8 go bhfuil difríocht 5 % ar a laghad sa mheánleibhéal pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna in aon chatagóir oibrithe;

(b)nach bhfuil údar maith tugtha ag an bhfostóir le difríocht den sórt sin sa mheánleibhéal pá de réir cuspóra agus fachtóirí atá neodrach i dtaobh inscne.

2.Beidh an méid seo a leanas sa mheasúnú comhpháirteach ar phá:

(a)anailís ar chion na noibrithe baineanna agus fireanna i ngach catagóir oibrithe;

(b)faisnéis mhionsonraithe ar mheánleibhéil phá na noibrithe baineanna agus na noibrithe fireanna agus ar chomhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha le haghaidh gach catagóir oibrithe;

(c)aon difríocht i leibhéil pá idir oibrithe baineanna agus oibrithe fireanna i ngach catagóir oibrithe a shainaithint;

(d)na cúiseanna atá le difríochtaí den sórt sin i leibhéil phá agus i réasúnaithe oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne, más ann dóibh, mar atá leagtha síos i gcomhpháirt ag ionadaithe na noibrithe agus ag an bhfostóir;

(e)bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí den sórt sin mura bhfuil údar leo ar bhonn critéar oibiachtúil nó ar bhonn critéar atá neodrach i dtaobh inscne;

(f)tuarascáil maidir le héifeachtacht aon bheart a luaitear i measúnuithe comhpháirteacha ar phá roimhe seo.

3.Cuirfidh fostóirí na measúnuithe comhpháirteacha ar phá ar fáil d'oibrithe, d'ionadaithe oibrithe, don chomhlacht faireacháin arna ainmniú de bhun Airteagal 26, don chomhlacht comhionannais agus don chigireacht saothair.

4.Má léiríonn an measúnú comhpháirteach ar phá difríochtaí sa mheánphá as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir oibrithe baineanna agus fireanna, agus nach féidir é sin a chosaint ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus neodrach i dtaobh inscne, déanfaidh an fostóir an cás a leigheas, i ndlúthchomhar le hionadaithe na noibrithe, leis an gcigireacht saothair agus/nó leis an gcomhlacht comhionannais. Áireofar ar ghníomhaíocht den sórt sin bunú meastóireacht atá neodrach i dtaobh inscne ar phoist agus rangú chun a áirithiú go neisiafar aon idirdhealú pá díreach nó indíreach ar bhonn inscne.

Airteagal 10

Cosaint sonraí

1.Sa mhéid go mbaineann aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun bearta arna ndéanamh faoi Airteagal 7, faoi Airteagal 8 agus faoi Airteagal 9 le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear ar fáil í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.Aon sonraí pearsanta arna mbailiú ag fostóirí de bhun Airteagal 7, 8 nó 9, ní úsáidfear iad chun aon chríche eile seachas chun prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a chur chun feidhme.

3.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás ina nochtfaí faisnéis de bhun Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 9 go nochtfaí, go díreach nó go hindíreach, pá comhoibreora inaitheanta, nach mbeidh rochtain ach ag ionadaithe na noibrithe nó ag an gcomhlacht comhionannais ar an bhfaisnéis sin. Cuirfidh na hionadaithe nó an comhlacht comhionannais comhairle ar oibrithe maidir le héileamh a d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Treoir seo gan leibhéil iarbhír pá na noibrithe aonair a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach a nochtadh. Beidh rochtain gan srian ag an gcomhlacht faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 26 ar an bhfaisnéis.

Airteagal 11 

Idirphlé sóisialta 

Gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar na cearta agus na hoibleagáidí faoin Treoir seo a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta.

CAIBIDIL III

Leigheasanna agus forfheidhmiú

Airteagal 12

Cearta a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis dul ar iontaoibh idir-réitigh, go mbeidh nósanna imeachta breithiúnacha maidir le forfheidhmiú cearta agus oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná, as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, ar fáil do gach oibrí a mheasann go bhfuil éagóir déanta acu de bharr nár cuireadh i bhfeidhm prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Beidh na nósanna imeachta sin so-rochtana ag oibrithe agus acu siúd a ghníomhaíonn thar a gceann, fiú amháin nuair a bheidh deireadh leis an gcaidreamh saothair ina líomhnaítear gur tharla an t‑idirdhealú.

Airteagal 13

Nósanna imeachta thar ceann oibrithe nó mar thaca leo

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachais, eagraíochtaí, comhlachtaí comhionannais agus ionadaithe oibrithe nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, leas dlisteanach maidir le comhionannas idir fir agus mná a áirithiú, páirt a ghlacadh in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann oibrí nó tacú le hoibrí ar íospartach é de shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, le formheas an oibrí.

2.Beidh sé de cheart freisin ag comhlachtaí comhionannais agus ag ionadaithe na noibrithe gníomhú thar ceann roinnt oibrithe nó chun tacú leo, le formheas na noibrithe sin.

Airteagal 14

Ceart chun cúitimh

1.Maidir le haon oibrí a ndearnadh díobháil dó mar thoradh ar shárú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart aige nó aici cúiteamh nó sásamh iomlán a éileamh agus é a fháil, mar a chinnfidh an Ballstát, as an díobháil sin.

2.Áiritheofar leis an gcúiteamh nó leis an sásamh dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh cúiteamh réadach agus éifeachtach ann i leith an chaillteanais agus an damáiste a rinneadh, ar bhealach athchomhairleach agus i gcomhréir leis an damáiste a fulaingíodh.

3.Cuirfidh an cúiteamh an toibrí a d'fhulaing díobháil sa phost ina mbeadh an duine sin murach go ndearnadh idirdhealú air nó uirthi ar bhonn inscne nó murar sáraíodh aon cheann de na cearta nó de na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Áireofar leis aisghabháil iomlán cúlphá agus bónais ghaolmhara nó íocaíochtaí comhchineáil, cúiteamh i leith deiseanna caillte agus dochar morálta. Áireofar leis freisin an ceart chun úis ar riaráistí.

4.Ní fhéadfar an cúiteamh nó sásamh a shrianadh trí uasteorainn a shocrú roimhe sin.

Airteagal 15

Leigheasanna eile

In imeachtaí dlíthiúla lena ndírítear ar fhorfheidhmiú aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na cúirteanna nó na húdaráis inniúla eile an méid seo a leanas a ordú, arna iarraidh sin don éilitheoir agus ar chostas an chosantóra:

(a)ordú urghaire lena mbunaítear sárú ar aon cheart nó oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus lena gcuirtear deireadh leis an sárú;

(b)ordú urghaire lena nordaítear don chosantóir bearta struchtúracha nó eagraíochtúla a dhéanamh chun aon cheart nó oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach nó chun deireadh a chur le sárú de.

Beidh neamhchomhlíonadh aon cheann de na horduithe sin, i gcás inarb iomchuí, faoi réir íocaíochta pionósaí athfhillteacha, d'fhonn comhlíonadh a áirithiú.

Airteagal 16

Aistriú an dualgas cruthúnais

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta bhreithiúnacha, maidir le hoibrithe a mheasann go ndearnadh éagóir orthu toisc nár cuireadh prionsabal an phá chomhionainn i bhfeidhm ina leith, chun a áirithiú go ndéanfaidh siad fíorais as a bhféadfar a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach astu a shuíomh os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, is faoin gcosantóir a bheidh sé a chruthú nach ndearnadh aon idirdhealú díreach nó indíreach i dtaca le pá.

2.I gcás inar theip ar fhostóir aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a bhaineann le trédhearcacht pá a leagtar amach in Airteagal 5 go hAirteagal 9 den Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit gur faoin bhfostóir a bheidh sé a chruthú, in aon imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann le hidirdhealú díreach nó indíreach, nach ndearnadh aon idirdhealú den sórt sin.

3.Tairbheoidh an téilitheoir d'aon amhras a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.Ní chuirtear cosc leis an Treoir seo ar na Ballstáit rialacha fianaiseacha a thabhairt isteach atá níos fabhraí don éilitheoir in imeachtaí a thionscnaítear chun aon cheann de na cearta nó oibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a fhorfheidhmiú.

5.Ní gá do na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta ina bhfuil sé faoin gcúirt nó faoin gcomhlacht inniúil fíorais an cháis a imscrúdú.

6.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le nósanna imeachta coiriúla, ach amháin mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 17

Rochtain ar fhianaise

1.In imeachtaí a bhaineann le héileamh maidir le pá comhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis inniúla in ann a ordú don chosantóir aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise ina bhfuil faisnéis rúnda a ordú i gcás ina measfaidh siad gurb ábhartha déanamh amhail don mhaíomh. Áiritheoidh siad, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint.

3.Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar na Ballstáit rialacha atá níos fabhraí d'éilitheoirí a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach.

Airteagal 18

Tréimhsí teorann

1.Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha a bheidh infheidhme maidir le tréimhsí teorann chun éilimh ar phá comhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a thionscnamh. Cinnfear leis na rialacha sin an uair a chuirfear tús leis an tréimhse teorann, fad na tréimhse agus na himthosca faoina mbrisfear isteach uirthi nó faoina gcuirfear ar fionraí í.

2.Ní chuirfear tús le tréimhsí teorann sula mbeidh deireadh tagtha le sárú ar phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach nó sárú ar na cearta nó na hoibleagáidí faoin Treoir seo agus go bhfuil a fhios ag an éilitheoir, nó gur féidir a bheith ag súil go réasúnach go mbeadh a fhios aige, faoin sárú nó faoin sárú.

3.Áiritheoidh na Ballstáit gur trí bliana ar a laghad do na tréimhsí teorann a shocrófar chun éilimh a thionscnamh.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tréimhse teorann ar fionraí nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, go gcuirfear isteach ar thréimhse teorann, a luaithe a dhéanann éilitheoir gníomhaíocht trí éileamh a thaisceadh nó trí aird an fhostóra, ionadaithe oibrithe, cigireachtaí saothair nó an chomhlachta comhionannais a chur ar an eolas faoin éileamh.

Airteagal 19

Costais dhlíthiúla agus bhreithiúnacha

Beidh sé de cheart ag éilitheoirí a bhfuil forlámhas acu ar éileamh i leith idirdhealaithe pá, i dteannta aon damáistí eile, táillí réasúnacha dlí agus saineolaithe agus costais a aisghabháil ón gcosantóir. Ní bheidh sé de cheart ag cosantóirí a bhfuil forlámhas acu ar éileamh i leith idirdhealaithe pá aon táillí dlí agus saineolaithe agus costais a aisghabháil ón éilitheoir nó ó na héilitheoirí, murar de mheon mímhacánta a tionscnaíodh an t‑éileamh, gur léir go raibh sé suaibhreosach nó i gcás ina meastar neamh‑aisghabháil den sórt sin a bheith míréasúnta faoi chúinsí sonracha an cháis.

Airteagal 20

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fíneálacha i bhfeidhm maidir le sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Socróidh siad íosleibhéal le haghaidh fíneálacha den sórt sin lena náiritheofar éifeacht dhíspreagthach iarbhír. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh i leibhéal na bhfíneálacha:

(a)tromaíocht agus fad an tsáraithe;

(b)aon intinn nó faillí thromchúiseach ar thaobh an fhostóra;

(c)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

3.Bunóidh na Ballstáit pionóis shonracha a bheidh le forchur i gcás sáruithe leantacha ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná, amhail cúlghairm sochar poiblí nó eisiamh, ar feadh tréimhse áirithe ama, ó dheonú aslach airgid.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis dá bhforáiltear a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas.

Airteagal 21

Cúrsaí pá comhionainn i gconarthaí poiblí nó lamháltais

1.     Áireofar sna bearta iomchuí a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE, bearta chun a áirithiú, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí nó lamháltas, go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na hoibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

2.    Breithneoidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha pionóis agus coinníollacha foirceanta a thabhairt isteach, de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh phrionsabal an phá chomhionainn a áirithiú i bhfeidhmiú conarthaí poiblí agus lamháltas. I gcás ina ngníomhaíonn údaráis na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 38(7)(a) de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 57(4)(a) de Threoir 2014/24/AE, nó le hAirteagal 80(1) de Threoir 2014/25/AE i gcomhar le hAirteagal 57(4)(a) de Threoir 2014/24/AE, féadfaidh na Ballstáit aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó a chur de cheangal orthu aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair phoiblí i gcás inar féidir leo a léiriú ar aon mhodh iomchuí go bhfuil sárú na n‑oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1, a bhaineann le mainneachtain oibleagáidí trédhearcachta pá a chomhlíonadh nó le bearna pá de níos mó ná 5 faoin gcéad in aon chatagóir oibrithe, bearna pá nach féidir leis an bhfostóir í a chosaint ar bhonn critéir oibiachtúla atá neodrach i dtaobh inscne. Tá sé seo gan dochar d’aon ceart nó oibleagáid eile a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE, i dTreoir 2014/24/AE nó i dTreoir 2014/25/AE.

Airteagal 22

An Íospairt agus an chosaint ar chóir is lú fabhar

1.Ní chaithfear le hoibrithe ná lena nionadaithe le níos lú fabhair ar an bhforas gur fheidhmigh siad a gcearta i ndáil le pá comhionann idir fir agus mná.

2.Tabharfaidh na Ballstáit isteach ina gcórais náisiúnta dlí na bearta sin is gá chun oibrithe a chosaint, lena náirítear oibrithe ar ionadaithe iad dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta agus/nó sa chleachtas náisiúnta, in aghaidh dífhostú nó cóireáil dhíobhálach eile ag an bhfostóir mar fhreagairt ar ghearán laistigh den ghnóthas nó ar aon imeachtaí dlíthiúla a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh aon cheart nó oibleagáid a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná a fhorfheidhmiú.

Airteagal 23

An gaol le Treoir 2006/54/CE

Beidh feidhm ag Caibidil III na Treorach seo maidir le himeachtaí i dtaca le haon cheart nó oibleagáid a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2006/54/CE.

 
CAIBIDIL IV

Forálacha cothrománacha

Airteagal 24

Leibhéal na cosanta

1.Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ó thaobh na noibrithe de ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo, in imthosca ar bith, ina fhoras chun leibhéal na cosanta a laghdú sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 25

Comhlachtaí comhionannais

1.Gan dochar d'inniúlacht cigireachtaí saothair nó comhlachtaí eile a fhorfheidhmíonn cearta oibrithe, lena náirítear na comhpháirtithe sóisialta, beidh comhlachtaí comhionannais náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2006/54/CE inniúil maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.Déanfaidh na Ballstáit bearta gníomhacha chun dlúthchomhar agus dlúthchomhordú a áirithiú idir na comhlachtaí comhionannais náisiúnta agus comhlachtaí náisiúnta eile a bhfuil feidhm chigireachta acu sa mhargadh saothair.

3.Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní leordhóthanacha is gá ar fáil do chomhlachtaí comhionannais chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le hurramú an chirt chun pá comhionann idir fir agus mná as an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach. Breithneoidh na Ballstáit ar mhéideanna arna naisghabháil mar fhíneálacha de bhun Airteagal 20 a leithdháileadh ar na comhlachtaí comhionannais chun na críche sin.

Airteagal 26

Faireachán agus múscailt feasachta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán comhsheasmhach ar chur chun feidhme phrionsabal an phá chomhionainn idir mná agus fir as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus ar fhorfheidhmiú na leigheasanna uile atá ar fáil.

2.Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht ('comhlacht faireacháin') chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bhforálacha dlíthiúla náisiúnta, agus tacaíocht a thabhairt dó, lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme agus déanfaidh sé na socruithe is gá maidir le feidhmiú cuí an chomhlachta sin. Féadfaidh an comhlacht faireacháin a bheith mar chuid de chomhlachtaí nó de struchtúir atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go náireofar ar chúraimí an chomhlachta faireacháin an méid seo a leanas:

(a)feasacht a ardú i measc gnóthas poiblí agus príobháideach agus i measc eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, comhpháirtithe sóisialta agus an pobal i gcoitinne chun prionsabal an phá chomhionainn agus an ceart chun trédhearcachta pá a chur chun cinn;

(b)dul i ngleic leis na cúiseanna atá leis an mbearna phá idir na hinscní agus uirlisí a cheapadh chun cuidiú le hanailís agus measúnú a dhéanamh ar neamhionannais phá;

(c)sonraí a fhaightear ó fhostóirí de bhun Airteagal 8(6) a chomhiomlánú agus na sonraí sin a fhoilsiú ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir;

(d)na tuarascálacha maidir le measúnú comhpháirteach ar phá a bhailiú de bhun Airteagal 9(3);

(e)sonraí a chomhiomlánú maidir le líon agus cineálacha na néileamh faoi idirdhealú pá a thionscnaítear os comhair na gcúirteanna agus maidir le gearáin a chuirtear os comhair na núdarás poiblí inniúil, lena náirítear comhlachtaí comhionannais.

4.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d), agus (e) ar fáil go bliantúil don Choimisiún.

 
Airteagal 27

Cómhargáil agus gníomhaíocht chomhchoiteann

Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don cheart dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú agus gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó cleachtas.

Airteagal 28

Staidreamh

Cuirfidh na Ballstáit sonraí cothrom le dáta maidir le bearna phá idir na hinscní ar fáil don Choimisiún (Eurostat) go bliantúil agus go tráthúil. Déanfar miondealú ar na staitisticí sin de réir inscne, earnála eacnamaíche, ama oibre (lánaimseartha/páirtaimseartha), rialaithe eacnamaíoch (úinéireacht phoiblí/príobháideach) agus de réir aoise agus déanfar iad a ríomh ar bhonn bliantúil. 

Airteagal 29

Scaipeadh faisnéise

Déanfaidh na Ballstáit bearta gníomhacha chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha a ghlacfaidh siad de bhun na Treorach seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana féin, a thabhairt ar aird do na daoine lena mbaineann ar fud a gcríche ar gach bealach iomchuí.

Airteagal 30

Cur chun feidhme  

Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar chúram na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 31

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

2.Agus an Coimisiún á chur ar an eolas, cuirfidh na Ballstáit achoimre ar thorthaí a measúnaithe ar thionchar a ngníomh trasuite ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus tagairt don áit ina bhfoilsítear an measúnú sin ag gabháil leis freisin.

3.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 32

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Faoi [ocht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach], cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fad maidir leis an gcaoi ar cuireadh an Treoir seo i bhfeidhm agus an tionchar a bhí aici sa chleachtas in iúl don Choimisiún.

2.Ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23). Rinne an Treoir comhdhlúthú ar na treoracha atá ann cheana maidir le comhionannas inscne i réimse na fostaíochta, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á ionchorprú, i.e. Treoir 75/117/CEE maidir le pá comhionann, Treoir 86/378/CEE (arna leasú le Treoir 96/97/CE) maidir le cóir chomhionann i scéimeanna slándála sóisialta ceirde, Treoir 76/207/CEE (arna leasú le Treoir 2002/73/CE) maidir le cóir chomhionann d’fhir agus do mhná, agus Treoir 97/80/CE (arna leasú le Treoir 98/52/CE) maidir leis an dualgas cruthúnais i gcásanna idirdhealaithe ar bhonn inscne.
(2)    Moladh ón gCoimisiún 2014/124/AE an 7 Márta 2014 maidir prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a neartú trí thrédhearcacht (IO L 69, 8.3.2014, lch. 112).
(3)    Féach tuarascálacha meastóireachta agus cur chun feidhme an Choimisiúin faoi seach SWD(2020)50 agus COM(2013) 861 final .
(4)    Déanann táscaire na bearna pá idir na hinscní an difear idir an meán‑olltuilleamh a fhaigheann fostaithe íoctha fireanna agus fostaithe íoctha baineanna in aghaidh na huaire a thomhas mar chéatadán den mheán‑olltuilleamh a fhaigheann fostaithe íoctha fireanna in aghaidh na huaire, Eurostat, sdg_05_20 .
(5)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200207-1
(6)    https://www.eurofound.europa.eu/publications/policy-brief/2020/women‑and‑labour-market‑equality-has‑covid‑19-rolled‑back-recent‑gains
(7)    Conclúidí EPSCO, Meitheamh 2019 (doic. 10349/19).
(8)    Is é sprioc Colún na gCeart Sóisialta cearta nua agus níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm do shaoránaigh, cearta atá bunaithe ar 20 príomhphrionsabal, Féach tuilleadh: https://ec.europa.eu/commission/priorities/deeper-and-fairer-economic-and-monetary-union/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_en  
(9)    COM(2017) 678 final, féach freisin an tuarascáil ghaolmhar maidir le cur chun feidhme (COM(2020) 101 final).  
(10)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf  
(11)    COM(2020)152 final.
(12)    SWD(2020)50.
(13)    Tuarascáil Cur Chun Feidhme maidir le Treoir 2006/54/CE (SWD (2013) 512 final); measúnú tionchair a ghabhann leis an Moladh maidir le Trédhearcacht Pá (SWD (2014) 59 final); tuarascáil maidir le cur chun feidhme Moladh ón gCoimisiún maidir prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná a neartú trí thrédhearcacht (COM(2017) 671 final).
(14)    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(15)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52012PC0614
(16)     https://ec.europa.eu/info/strategy/international-strategies/sustainable-development-goals_en  
(17)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12129-Revision-of-Non-Financial-reporting-directive
(18)    COM(2020) 682 final.
(19)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12548-Sustainable-corporate-governance  
(20)    Cás 43/75, Gabrielle Defrenne v Société anonyme belge de navigation aérienne Sabena (Defrenne II) ; Cás 43/75, ECLI:EU:C:1976:56, míreanna 8-10.
(21)    Cás 50/96, Deutsche Telekom AG v Lilli Schröder, ECLI:EU:C:2000:72, lch. 57.
(22)

   SWD(2020)50.

(23)    Ba é EUR 20 in aghaidh iarratas aonair an costas a mheastar a bheidh ar an measúnú tionchair maidir leis an gceart aonair chun faisnéise (an costas iomlán in aghaidh na cuideachta dá bhrí sin ag brath ar líon na n‑iarrataí), agus bheadh costas iomlán tuairiscithe pá na bhfostóirí cothrom le EUR 379-508 ar a laghad agus uasmhéid EUR 721-890 in aghaidh an fhostóra ag brath ar mhéid an fhostóra. Ag brath ar na difríochtaí pá iarbhír a éilíonn measúnú comhpháirteach ar phá, rinneadh an meánchostas in aghaidh an fhostóra chun an measúnú sin a dhéanamh a mheas idir íosmhéid EUR 1,180-1,724 agus uasmhéid EUR1,911 agus 2,266. Féach SWD (2021) 41, lch. 74.
(24)    Mar shampla, Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1) agus Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta lena n‑éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta d’oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lch. 8).
(25)    Bunaíodh an Coiste Comhairleach faoi Chinneadh 2008/590/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir. Cabhraíonn sí leis an gCoimisiún gníomhaíochtaí an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh deiseanna comhionanna do mhná agus d’fhir a chur chun cinn. Cothaíonn sé freisin malartú leanúnach taithí, beartas agus cleachtas ábhartha idir na Ballstáit agus na páirtithe éagsúla lena mbaineann.
(26)

    https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/adopted_opinion_gpg.pdf

(27)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1839-Evaluation-of-the-provisions-in-the-Directive-2006-54-EC-implementing-the-Treaty-principle-on-equal-pay-/public-consultation  
(28)    Le haghaidh achoimre ar na freagraí, féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann le tuarascáil mheastóireachta 2020.
(29)    Le haghaidh achoimre ar na freagraí, féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(30)    Le haghaidh achoimre ar na freagraí, féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
(31)    SWD (2021) 41.
(32)    Cás C-320/00 Lawrence, ECLI:EU:C:2002:498.
(33)    Cás 129/79 Macarthys, ECLI: ECLI:EU:C:1980:103.
(34)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE, IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(35)    Cás C-109/88, Handels‑ og Kontorfunktionærernes Forbund I Danmark v Dansk Arbejdsgiverforening, ag gníomhú thar ceann Danfoss, ECLI:EU:C:1989:383.
(36)

   Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

(37)

   Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.

(38)

   Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

(39)    Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999. lch. 6).
(40)    IO C , lch.
(41)     https://ec.europa.eu/commission/priorities/deeper-and-fairer-economic-and-monetary-union/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_en
(42)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(43)     SWD(2020)50 . Féach freisin Tuarascáil 2013 maidir le cur chun feidhme Threoir 2006/54/CE chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, COM (2013)861 final.
(44)

   Meastóireacht ar an bhforáil ábhartha i dTreoir 2006/54/CE lena gcuirtear chun feidhme prionsabal an Chonartha maidir le ‘pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach’, SWD(2020)50; Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh 2017-2019 maidir le dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, COM(2020)101.

(45)

    https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2020-33490_en

(46)    Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025' an 5 Márta 2020, COM(2020)152 final.
(47)    Cás C-66/85, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden‑Württemberg, ECLI:EU:C:1986:284; Cás C-428/09, Union Syndicale Solidaires Isère v Premier ministre and Others, ECLI:EU:C:2010:612; Cás C-229/14, Ender Balkaya v Kiesel Abbruch‑ und Recycling Technik GmbH, ECLI:EU:C:2015:455; Cás C-413/13, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, ECLI:EU:C:2014:2411; Cás C-216/15, Betriebsrat der Ruhrlandklinik gGmbH v Ruhrlandklinik gGmbH, ECLI:EU:C:2016:883; Cás C-658/18, UX v Governo della Repubblica italiana, ECLI:EU:C:2020:572.
(48)    Mar shampla, Cás C-58/81, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ECLI:EU:C:1982:215; Cás C-171/88 Rinner-Kulhn v FWW Spezial-Gebaudereinigung GmbH, ECLI:EU:C:1989:328; Cás C-147/02 Alabaster v Woolwhich plc agus Státrúnaí Slándála Sóisialta, ECLI:EU:C:2004:192; Cás C-342/93 – Gillespie agus Eile ECLI:EU:C:1996:46; Cás C-278/93 Freers agus Speckmann v Deutsche Bundepost, ECLI:EU:C:1996:83; Cás C-12/81, Eileen Garland v British Rail Engineering Limited, ECLI:EU:C:1982:44; Cás C-360/90, Arbeiterwohlfahrt der Stadt Berlin e.V. v Monika Bötel, ECLI:EU:C:1992:246; Cás C-33/89, Maria Kowalska v Freie und Hansestadt Hamburg, ECLI: EU:C:1990:265.
(49)    Mar shampla, Cás C-400/93, Royal Copenhagen, ECLI:EU:C:1995:155; Cás C-309/97, Angestelltenbetriebsrat der Wiener Gebietskrankenkasse, ECLI:EU:C:1999:241; Cás C-381/99, Brunnhofer, ECLI:EU:C:2001:358; Cás C-427/11 Margaret Kenny agus Eile v an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus Eile [2013] ECLI:EU:C:2013:122, mír 28.
(50)    Cás C-320/00 Lawrence, ECLI:EU:C:2002:498.
(51)    Cás 129/79 Macarthys, ECLI:EU:C:1980:103.
(52)    Treoir 2013/34/AE, arna leasú le Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta le gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(53)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(54)

   Cás C-407/14, María Auxiliadora Arjona Camacho v Securitas Seguridad España SA, ECLI:EU:C:2015:831, mír 45.

(55)    Cás C-109/88, Handels‑ og Kontorfunktionærernes Forbund I Danmark v Dansk Arbejdsgiverforening, ag gníomhú thar ceann Danfoss, ECLI:EU:C:1989:383.
(56)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.
(57)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(58)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.
(59)    Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999. lch. 6).
(60)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(61)    Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
Top