AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2021
COM(2021) 556 final
2021/0197(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 556 final} - {SWD(2021) 188 final} - {SWD(2021) 613 final} - {SWD(2021) 614 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip seoladh straitéis nua fáis don Aontas arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha, iomaíoch, a bheidh tíosach ó thaobh acmhainní de. Athdhearbhaítear leis an Teachtaireacht uaillmhian an Choimisiúin chun a spriocanna aeráide a mhéadú agus chun go mbeadh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050. Thairis sin, tá sé d’aidhm leis sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor‑thromchúiseacha phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.
Dúshlán práinneach is ea go rachfar i ngleic leis an athrú aeráide. I gcomhréir leis na torthaí eolaíocha sa Tuarascáil Speisialta leis an bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní mór astaíochtaí domhanda glan‑nialasacha CO2 a bhaint amach thart ar 2050, chomh maith le neodracht maidir le gach gás ceaptha teasa eile níos déanaí sa chéad. Is gá don Aontas a ghníomhaíocht a mhéadú mar gheall ar an dúshlán práinneach seo agus ceannaireacht dhomhanda a léiriú trína bheith aeráidneodrach faoi 2050. Leagtar amach an cuspóir sin sa Teachtaireacht ‘A Clean Planet for all’ – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy’ [‘Pláinéad Glan do Chách’ – Fís Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua‑aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach].
Bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 maidir le Uaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú go n‑ardófaí uaillmhian an Aontais agus moladh plean cuimsitheach leis an Teachtaireacht freisin chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí, ar bhealach freagrach. Ach uaillmhian 2030 a ardú anois, tugtar cinnteacht don lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí, ionas nach mbeidh mar thoradh ar chinntí a dhéanfar sna blianta romhainn ceangal a chur ar leibhéil astaíochtaí, rud a bheadh neamhréireach le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tá sprioc 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5 °C.
Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc cheangailteach nua an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún ‘a mheas cad é an bealach is fearr ar féidir leis na hearnálacha eacnamaíocha uile rannchuidiú le sprioc 2030 agus na tograí is gá a dhéanamh, lena ngabhfaidh mionscrúdú ar an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar leibhéal na mBallstát, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar sholúbthachtaí atá ann cheana’.
Chuige sin, beidh sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht ceangailteach ó thaobh dlí de mar gheall ar an Dlí Aeráide Eorpach, mar a comhaontaíodh leis na comhreachtóirí, agus ardófar uaillmhian 2030 dá bharr tríd an sprioc a shocrú maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990.
Chun an chonair a mholtar sa Dlí Aeráide Eorpach a leanúint, agus an leibhéal uaillmhéine méadaithe sin a sheachadadh le haghaidh 2030, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir leis an aeráid agus le fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair, lena bhfuil coinne nach mbeidh de thoradh uirthi ach laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus laghdú 60 % faoi 2050.
Is é an pacáiste reachtach ‘oiriúnach do 55’ seo, mar a fógraíodh i bPlean an Choimisiúin um Sprioc Aeráide 2030, an bloc tógála is cuimsithí sna hiarrachtaí chun sprioc aeráide uaillmhianach nua 2030 a chur chun feidhme, agus ní mór do gach earnáil agus beartas eacnamaíoch rannchuidiú léi, lena n‑áirítear an t‑iompar de bhóthar.
Is é an earnáil iompair an t‑aon earnáil ina raibh astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ag dul in airde. Ní haon eisceacht astaíochtaí GCT ón iompar de bhóthar. Is ionann iad agus beagnach 20 % d’astaíochtaí GCT iomlána an Aontais agus tháinig ardú suntasach orthu ó 1990. Bíonn trácht agus tranglam ag dul i bhfeidhm ar cháilíocht an aeir fós, rud a d’fhág go bhfuil méadú ag teacht ar an líon cathracha ina bhfuil criosanna astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha á dtabhairt isteach le srian a chur ar rochtain áitiúil le haghaidh feithiclí ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh agus fógair ó Bhallstáit áirithe go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le díolacháin na ngluaisteán ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh.
Is mór an tábhacht a bhaineann leis an tionscal mótarfheithiclí do gheilleagar an Aontais agus seasann sé le haghaidh níos mó ná 7 % de OTI an Aontais. Soláthraítear poist leis an earnáil ‑ go díreach nó go hindíreach, sa mhonaraíocht, i ndíolacháin, sa chothabháil, san fhoirgníocht agus san iompar agus i seirbhísí iompair ‑ do bhreis agus 14.6 milliún Eorpach. Tá an tAontas i measc na dtáirgeoirí mótarfheithiclí is mó ar domhan agus léiríonn sé ceannaireacht teicneolaíochta san earnáil sin. Infheistítear EUR 60.9 billiún i taighde agus forbairt sa tionscal mótarfheithiclí san Aontas go bliantúil.
Tá claochlú struchtúrach suntasach ar siúl sa tionscal mótarfheithiclí lena n‑áirítear athruithe ó thaobh teicneolaíochtaí glana agus digiteacha de, go háirithe an t‑aistriú ó innill dócháin inmheánaigh i dtreo teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha nó astaíochtaí ísle mar aon le feithiclí a bhfuil a nascthacht ag dul i méid. Ba cheart an earnáil mótarfheithiclí a chumhachtú chun leanúint lena ceannaireacht i dteicneolaíochtaí na todhchaí, agus an cheannaireacht sin a láidriú, go háirithe i bhfianaise iomaíocht idirnáisiúnta a bheith mar an uaillmhian.
Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún, tugtar aghaidh ar na dúshláin níos leithne a bhaineann leis an aistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha, agus leagtar amach leis an straitéis treochlár chun cúrsaí iompair na hEorpa a chur ar an gconair cheart i dtreo todhchaí inbhuanaithe chliste agus sin go daingean.
Leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Straitéis, áirítear beartais atá dírithe, i measc nithe eile, ar bhorradh a chur faoi ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus faoi bhonneagar ghaolmhar. Leis an aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha, coiscfear an truailliú agus cuirfear feabhas ar shláinte shaoránaigh an Aontais; tacaíonn an t‑aistriú sin leis an Uaillmhian maidir le Truailliú Nialasach freisin, a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a chuirtear in iúl sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach.
Na caighdeáin maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, is nithe fíorthábhachtacha iad chun astaíochtaí CO2 san earnáil a laghdú, mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a Ghéarú.
Is iad cuspóirí ginearálta an togra seo go rannchuideofar leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chuige sin, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, go rannchuideofar le hiarrachtaí chun laghduithe 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a shroicheadh faoi 2030 i gcomparáid le 1990.
Tá an togra ann ar mhaithe le trí chuspóir shonracha. Is é an chéad chuspóir go rannchuideofar le cuspóirí aeráide 2030 agus 2050 trí astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú.
I bhfianaise nach láithreach éifeacht na gcaighdeán astaíochtaí CO2 ar laghdú na n‑astaíochtaí ón stoc feithiclí, agus i bhfianaise dhinimic na hathnuachana flíte, baineann tábhacht le luathghníomhaíocht chun a áirithiú go mbainfear an cuspóir fadtéarmach amach.
Is é an dara cuspóir sonrach tairbhí a sholáthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh trí fheithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar bhonn níos leithne. Ní le cáilíocht aeir fheabhsaithe amháin a bhaineann na príomhthairbhí a bhfuil coinne leo, go háirithe i gcathracha. Spreagann na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 monaróirí chun an soláthar feithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú, agus leis an soláthar méadaithe sin, féadfaidh tomhaltóirí tairbhe a bhaint as samhlacha feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheidh níos inacmhainne agus as coigilteas fuinnimh suntasach de thoradh feithiclí astaíochtaí nialasacha a úsáid, rud lena laghdófar costas úinéireachta iomlán na bhfeithiclí sin.
Is é an tríú cuspóir sonrach an nuálaíocht a spreagadh maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, rud lena láidreofar ceannaireacht teicneolaíochta shlabhra luacha an tionscail mótarfheithiclí agus lena spreagfar an fhostaíocht san Aontas. Cé gur éirigh leis an earnáil mótarfheithiclí ardteicneolaíochtaí a bhaineann le feithiclí le hinnill dócháin inmheánaigh a fhorbairt, a mhonarú agus a mhargú ar fud an domhain, ní mór don earnáil níos mó infheistíochtaí a chur i dtreo teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha. Laistigh den chomhthéacs domhanda sin, ní mór do shlabhra thionscal mótarfheithiclí an Aontais a bheith ina phríomhghníomhaí san aistriú domhanda leanúnach i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Tá an togra neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus beidh bearta ag gabháil leis chun borradh a chur faoi bhreoslaí astaíochtaí nialasacha agus faoin mbonneagar luchtaithe.
Táthar ag súil go mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus slándáil fuinnimh mhéadaithe mar chomhthairbhí leis an togra.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Céim chuimsitheach is ea an pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘oiriúnach do 55’ seo chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena hailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth.
An togra reachtach seo maidir leis na caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus d’fheithiclí tráchtála éadroma, tá sé comhlántach leis na tograí eile a dhéantar sa phacáiste, agus tá sé comhsheasmhach leis na bearta seo a leanas go háirithe.
Trí laghdú ar astaíochtaí ón iompar de bhóthar a áirithiú, tacaíonn na caighdeáin astaíochtaí CO2 go háirithe leis na Ballstáit agus a spriocanna a chomhlíonadh faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (AE) 2018/842. Toisc go spreagtar leictriú feithiclí leis na caighdeáin, rannchuidíonn siad leis na cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh agus soláthraítear bealach comhlántach leo freisin chun úsáid a bhaint as fuinneamh in‑athnuaite, rud lena rannchuidítear leis an gcuspóir maidir le foinsí in-athnuaite freisin.
Tá comhlántachtaí soiléire idir caighdeáin astaíochtaí CO2 agus an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus an iompair de bhóthar. Le caighdeáin astaíochtaí CO2, tugtar aghaidh ar sholáthar feithiclí atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de mar aon le feithiclí astaíochtaí nialasacha, rud lena socraítear ceanglais a bheidh ar mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflíteanna d’fheithiclí nua. Baineann an síneadh leis an trádáil astaíochtaí le húsáid an bhreosla sa stoc feithiclí ar fad. Leis an síneadh sin, d’fhéadfaí an t‑éileamh ar fheithiclí, a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú, rud lena n‑éascófaí le cuspóirí na monaróirí feithiclí ó thaobh éifeachtúlacht CO2 de a chomhlíonadh.
Maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2, lena soláthrófar feithiclí astaíochtaí nialasacha nua don mhargadh, is beart comhlántach iad freisin a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (AE) 2018/2001, lena ndéanfar táirgeadh an leictreachais a úsáidtear i bhfeithiclí leictreacha a dhícharbónú agus lena spreagfar glacadh na mbreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin le haghaidh na bhfeithiclí le hinnill dócháin atá sa stoc.
Tá sineirgí tábhachtacha freisin idir caighdeáin astaíochtaí CO2 agus córas trádála astaíochtaí láidrithe (Córas Trádála Astaíochtaí) agus an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite. Leis an gcóras trádála astaíochtaí agus an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, gríosófar dícharbónú na giniúna cumhachta chun gur minice de réir a chéile a bheidh feithiclí astaíochtaí nialasacha, a spreagtar le caighdeáin astaíochtaí CO2, á gcumhachtú ag foinsí fuinnimh in‑athnuaite, rud lena mbainfear dícharbónú na n‑astaíochtaí iomlána amach ón tobar go dtí an roth.
Ar dheireadh, cé go n‑áirithítear soláthar feithiclí astaíochtaí nialasacha le caighdeáin astaíochtaí CO2, tá gá le hionstraim chomhlántach leis an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha 2014/94/AE, lena spreagtar cur chun feidhme céimneach an bhonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe, chun aghaidh a thabhairt ar an mbacann margaidh atá ar bhonneagar a chur in úsáid. Spreagtar é sin leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, lena spreagtar na Ballstáit chun beart a dhéanamh ina n‑earnálacha iompair de bhóthar féin freisin.
Le meascáin de chánachas fuinnimh, infheistíocht i mbonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe, praghsáil carbóin nua agus caighdeáin uasdátaithe CO2, cruthaítear cur chuige atá cothrom agus costéifeachtach chun na hastaíochtaí ón iompar de bhóthar a laghdú, chun aghaidh a thabhairt ar theorainneacha agus ar bhacainní sa mhargadh mar aon le deimhneacht a sholáthar d’infheisteoirí chun infheistiú i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá tograí phacáiste ‘oiriúnach do 55’ comhsheasmhach le gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais agus cuidíonn siad leis an Aontas sprioc mhéadaithe 2030 a bhaint amach mar aon le haistriú rathúil cóir i dtreo na haeráidneodrachta 2050, mar a luaigh an Coimisiún i dTeachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Cuideoidh an pacáiste ‘oiriúnach do 55’, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021‑2027 chun na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha atá mar aidhm ag an Eoraip a bhaint amach. Tabharfaidh na beartais sin le chéile aghaidh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus cuirfidh siad luas faoin aistriú i dtreo geilleagar glan inbhuanaithe lena ndéanfar nasc idir gníomhú ar son na haeráide agus an fás eacnamaíoch. Tá tograí an phacáiste comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le geilleagar glan agus ciorclach, leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe chliste agus leis an bPlean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú freisin. Mura ndéanfar aon ghníomhaíocht uaillmhianach chun iompar de bhóthar a bheidh saor ó astaíochtaí a bhaint amach, bheadh ar earnálacha eile an gheilleagair rannchuidiú a thuilleadh le spriocanna foriomlána an Aontais chun astaíochtaí a laghdú.
Mar a fógraíodh ina Theachtaireacht Updating the 2020 New Industrial Strategy [Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta]: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún caidreamh le húdaráis phoiblí, páirtithe leasmhara agus páirtithe sóisialta i bpróiseas comhchruthaitheachta le chéile chun conairí an aistrithe glais agus an aistrithe digitigh a shainaithint lena dtacófar le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, leis an mbonneagar maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid go tapa agus leis an uas‑sciliú agus athsciliú gaolmhar d’oibrithe.
Tá an tionscnamh sin comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le forbairt agus nuálaíocht freisin. I dtaca le tacaíocht a thabhairt chun teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a fhorbairt, déanfar foráil maidir leis sin faoi Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht freisin, agus go háirithe trí chomhpháirtíochtaí de chuid an chláir Fís Eorpach.
Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht trasna na mbeartas a atreisiú, agus a mar fógraíodh sa Teachtaireacht Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh, tá feabhas á chur ag an gCoimisiún ar a threoirlínte maidir le rialáil níos fearr lena áirithiú go gcomhlíonfar lena chuid tionscnamh uile an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, rud a fhágann go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a shocraítear faoin Dlí Aeráide Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó ar fud an domhain, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac. Bunaithe ar Airteagal 192 de CFAE, ghlac an tAontas beartais cheana chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí 2 ó ghluaisteáin agus ó fheithiclí tráchtála éadroma trí Rialachán (CE) 443/2009 agus Rialachán (AE) 510/2011, a aisghaireadh agus ar tháinig Rialachán (AE) 2019/631 ina n‑ionad, agus atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide nach féidir a réiteach le gníomhaíochtaí náisiúnta nó áitiúla amháin. Ní mór gníomhú ar son na haeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, i ngach cás inar féidir é, ar an leibhéal domhanda. Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach ar bhonn coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag obair chun réitigh chomhpháirteacha a fhorbairt agus gníomhaíocht dhomhanda a chur ar aghaidh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go sonrach, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, déanfar foráil maidir leis na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí atá ann le haghaidh 2030 agus maidir leis na cinn fhadtéarmacha a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus an chothromaíocht agus sláine an chomhshaoil á n‑áirithiú. In Airteagail 191 go hAirteagal 193 de CFAE, deimhnítear agus sonraítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.
I bhfianaise na sprice maidir hastaíochtaí a laghdú le haghaidh 2030, agus i dtaobh chuspóir na haeráidneodrachta atá le baint amach faoi 2050, tá gá le gníomhaíocht níos láidre ón Aontas lena áirithiú go mbeidh rannchuidiú ón earnáil iompair de bhóthar ard go leor.
Cé gur féidir sineirgí a chruthú le tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ní bheidh siad leordhóthanach ina n‑aonar. D’fhágfadh easpa gníomhaíochta comhordaithe ón Aontas, trí chaighdeáin astaíochtaí CO2 a láidriú, an baol go ndéanfaí an margadh a dheighilt mar gheall ar éagsúlacht na scéimeanna náisiúnta, leibhéil uaillmhéine dhifriúla agus paraiméadair dhifriúla dearaidh. Ina n‑aonar, bheadh na Ballstáit aonair ina margadh róbheag freisin chun an leibhéal céanna torthaí a bhaint amach, dá bhrí sin, is gá cur chuige uile‑Aontais chun athruithe a chur ar aghaidh ar leibhéal an tionscail agus chun barainneachtaí scála a chruthú.
•Comhréireacht
Cloíonn an togra seo le prionsabal na comhréireachta mar nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach, fad agus a áirithítear cothroime agus sláine comhshaoil.
Leis an Dlí Aeráide a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, tacaíodh le laghdú foriomlán uile‑gheilleagair agus intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun leibhéil 1990 a bhaint amach faoi 2030 agus leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Leis an togra seo, cumhdaítear cion suntasach de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin agus seachnaítear an gá le laghduithe astaíochtaí níos uaillmhianaí in earnálacha eile, ina mbeidh an dícharbónú níos dúshlánaí. Déantar athbhreithniú leis ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 atá ann cheana do ghluaisteáin agus d’fheithiclí tráchtála éadroma chun an cuspóir sin a bhaint amach.
•
An rogha ionstraime
Leis an togra seo, foráiltear maidir le Rialachán (AE) 2019/631 a leasú agus is é Rialachán an t‑aon ionstraim dhlí iomchuí dá bhrí sin. I bhfianaise gurbh é Rialachán (AE) 2019/631 toradh ar athmhúnlú a rinneadh le déanaí agus nach mbaineann na leasuithe a bheartaítear ach le líon teoranta forálacha, ní mheastar gurb iomchuí athmhúnlú nua agus/nó an Rialacháin atá ann cheana a athsholáthar.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Maidir le formhór na n‑eilimintí den Rialachán, is bailí fós iad conclúidí staidéar meastóireachta 2015 a léiríodh i measúnú tionchair 2017. Níl meastóireacht déanta ar roinnt oibleagáidí nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/631, agus é á chur san áireamh nach infheidhme fós iad nó nár cuireadh chun feidhme ar fad fós iad. Baineann sé sin, go háirithe, le spriocanna nua 2025 agus 2030 le haghaidh fhlít uile an Aontais agus leis an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle. Tá gá le hathbhreithniú, áfach, chun go mbeidh an Rialachán i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, le spriocanna láidrithe an Dlí Aeráide Eorpaigh chun astaíochtaí a laghdú agus le forbairtí sa mhargadh a tharla le déanaí. Bhí na hathruithe sin faoi réir measúnú tionchair.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chun faisnéis a bhailiú agus trédhearcacht níos mó a áirithiú, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí le haghaidh gach ceann de na tograí ón 13 Samhain 2020 go 5 Feabhra 2021. Cuirtear achoimre mhionsonraithe agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí i láthair in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an togra seo.
Thairis sin, foilsíodh an Measúnú ar Thionchar Tionscanta an 29 Deireadh Fómhair 2020 i rith 4 seachtaine.
Mar fhaisnéis níos beaichte air sin, chun críche an togra seo, lorg an Coimisiún aiseolas ó na páirtithe leasmhara seo a leanas go háirithe:
·Na Ballstáit (údaráis náisiúnta, réigiúnacha)
·Monaróirí feithiclí
·Soláthróirí comhpháirteanna agus ábhar
·Soláthróirí fuinnimh
·Ceannaitheoirí feithiclí (príobháideacha, gnólachtaí, cuideachtaí bainistíochta flíte)
·Comhlachais tiománaithe
·Eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, iompair agus tomhaltóirí
·Comhpháirtithe sóisialta
Ina dteannta an chomhairliúcháin phoiblí agus an aiseolais maidir leis an measúnú ar thionchar tionscanta, lorgaíodh aiseolas freisin trí na bealaí seo a leanas:
·Cruinnithe le comhlachais thionsclaíocha ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí feithiclí, soláthróirí comhpháirteanna agus ábhar, soláthróirí fuinnimh;
·Cruinnithe déthaobhacha le húdaráis de chuid na mBallstát, monaróirí feithiclí, soláthróirí, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha;
·Páipéir sheasaimh a chuir páirtithe leasmhara nó údaráis sna Ballstáit isteach.
Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhthorthaí mar a leanas:
Thacaigh tromlach na bhfreagróirí ón earnáil tionscail, ó údaráis phoiblí agus ó pháirtithe leasmhara eile leis an gcuspóir ‘astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó veaineanna a laghdú chun sprioc 55 % faoi 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 a chur chun feidhme’, ach bhí meascán de thuairimí ag saoránaigh faoi sin. Maidir leis an gcuspóir ‘an iomaíocht, an cheannaireacht thionsclaíoch agus an nuálaíocht a láidriú agus an fhostaíocht a spreagadh i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí san Aontas’ agus ‘na costais úinéireachta iomlána a laghdú le haghaidh tomhaltóirí’ ba iad na cuspóirí sin a fuair an tacaíocht is mó.
Maidir le leibhéil na spriocanna, léiríodh meascán de thuairimí sa chomhairliúchán faoi dhéine na spriocanna amach anseo, agus léiríodh roinnt tacaíochta san earnáil tionscail do spriocanna níos déine ón 2030 ar aghaidh, ach thacaigh eagraíochtaí neamhrialtasacha le spriocanna níos déine ó 2025 ar aghaidh, thacaigh údaráis phoiblí ar an iomlán le spriocanna níos déine, ach bhí meascán de thuairimí ag saoránaigh. Maidir le huainiú na spriocanna, thacaigh an earnáil tionscail le spriocanna a shocrú gach 5 bliana, ach bhí meascán de thuairimí ag páirtithe leasmhara eile maidir leis sin. Maidir le praghas feithiclí, raon tiomána teoranta agus infhaighteacht an bhonneagair, measadh gur bacainní lenar bhain tábhacht ar leith iad roimh ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle sa mhargadh. Bhí freagraí measctha ann maidir leis an ngá leis an sásra dreasachta, agus maidir leis na cineálacha feithiclí lena dtacófar. Maidir le sásra a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun cuntasaíocht a dhéanamh ar bhreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin ó thaobh spriocanna CO2 a chomhlíonadh, léiríodh meascán de thuairimí sa chomhairliúchán.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ar mhaithe leis an measúnú cainníochtúil ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, leis an Measúnú Tionchair, cuireadh le raon cásanna insamhlaithe a forbraíodh le haghaidh shamhail PRIMES. Comhlánaíodh an anailís sin le huirlisí samhaltaithe eile a chur i bhfeidhm, amhail GEM‑E3 agus E3ME agus samhail JRC DIONE.
Foinsíodh sonraí faireacháin ar astaíochtaí GCT agus ar thréithe eile na flíte feithiclí nua saothair éadroim ó na sonraí bliantúla faireacháin mar a thuairiscigh na Ballstáit agus mar a bhailigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) faoi Rialachán (AE) 2019/631.
Bailíodh tuilleadh faisnéise trí chonarthaí seirbhíse a coimisiúnaíodh ó chonraitheoirí seachtracha.
•Measúnú tionchair
Tá na Measúnuithe Tionchair le haghaidh thionscnaimh dhifriúla de chuid an phacáiste reachtaíochta ‘oiriúnach do 55’ bunaithe ar chásanna samhaltaithe comhtháite lena léirítear idirghníomhaíocht ionstraimí beartais difriúla ar oibreoirí eacnamaíocha, chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú maidir le huaillmhian aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach.
Comhlánaítear leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo an anailís a rinneadh i measúnú tionchair 2020 ina dtacaítear le Plean um Sprioc Aeráide 2030. Leis sin, cruthaíodh an bonn anailíseach chun an cuspóir a shocrú maidir le glanlaghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990 mar aon le cuspóir aeráidneodrachta 2050.
Thairis sin, ullmhaíodh agus forbraíodh an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo de réir na treoraíochta is infheidhme maidir le Rialáil Níos Fearr, agus d’eisigh an Bord Scrúdúcháin Rialála tuairim dhearfach ina leith an 19 Aibreán 2021.
Cuimsíodh na feabhsuithe, mar a mhol an Bord, sa leagan deireanach. Baineann na feabhsuithe sin leis an méid seo a leanas:
·Soiléiriú ar na cúiseanna a ndearnadh athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/631 atá ann cheana, agus an comhleanúnachas agus an chomhréireacht maidir le tionscnaimh reachtaíochta nasctha eile;
·Léiriú breise ar indéantacht na sprice ardleibhéil maidir le laghdú agus soiléiriú ar na comhbhabhtálacha idir na trí rogha maidir le spriocanna;
·Faisnéis bhreise arna soláthar maidir le tionchair na roghanna tosaíochta ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht agus ar aistriú réidh na n‑earnálacha;
·Ionchorprú thuairimí na bpáirtithe leasmhara san anailís.
Roghanna beartais
Rinneadh anailís leis an measúnú tionchair ar roghanna beartais a grúpáladh ina dtrí thopaic, lena dtugtar aghaidh ar na fadhbanna sainaitheanta agus leana mbaintear cuspóirí na mbeartas amach.
(1)Spriocanna astaíochta CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna (leibhéil, uainiú, módúlachtaí);
A mhéid a bhaineann le leibhéil na spriocanna, cumhdaítear trí chonair leis na roghanna chomh fada le 2040, rud lena léirítear freisin gurb é an cuspóir laghdú 90 % a bhaint amach ar astaíochtaí an iompair de bhóthar faoi 2050, ag cur san áireamh go mbíonn gluaisteáin ar na bóithre ar feadh tréimhse idir 10 agus 15 bliana ar an meán.
Chun rannchuidiú le leibhéal méadaithe foriomlán na huaillmhéine le haghaidh 2030 agus le cuspóir aeráidneodrachta 2050, is é an rogha thosaíochta na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais maidir le CO2 a láidriú go suntasach maidir le gluaisteáin agus feithiclí tráchtála éadroma araon ón 2030 ar aghaidh. Leis sin, déanfar foráil maidir leis an stiúradh is gá chun dlús a chur le soláthar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha don mhargadh, tabharfar tairbhí leis d’úsáideoirí feithiclí, spreagfar an nuálaíocht agus an cheannaireacht teicneolaíochta, fad agus a dteorannaítear an méadú ar na costais do mhonaróirí.
Maidir leis an uainiú chun na spriocanna a theannadh, is é an rogha thosaíochta an cur chuige rialála a choinneáil ar bun lena socraítear spriocanna a bheidh ag laghdú ina gcéimeanna gach 5 bliana agus ní níos minice ná sin, chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht leordhóthanach do mhonaróirí chun an t‑aistriú sin a bhainistiú. Chun na timthriallta forbartha san earnáil mótarfheithiclí a chur san áireamh, is iomchuí dá bhrí sin leibhéil na spriocanna a shocraítear le haghaidh 2025 a choinneáil ar bun.
Bheadh na hioncaim fhéideartha ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha fós ina gcuid de bhuiséad ginearálta an Aontais. Leis na roghanna eile a bhreithnítear, mhéadófaí an t‑ualach riaracháin go suntasach agus ní chruthófaí tairbhí díreacha le haghaidh na earnála mótarfheithiclí le linn a haistrithe.
Maidir leis an bhféidearthacht go ndeonófaí sprioc maolaithe do mhonaróirí ísealtáirgeachta san Aontas agus lasmuigh de (i.e. na monaróirí sin a bhíonn freagrach as idir 1 000 agus 10 000 clárúchán nua gluaisteáin nó as idir 1 000 agus 22 000 clárúchán nua veain i mbliain féilire) , chuirfí deireadh leis an bhféidearthacht sin ó 2030 ar aghaidh, rud lena gcuirfear feabhas ar éifeachtacht agus ar chomhleanúnachas na reachtaíochta. Le roghnú an dáta sin, tugtar aga tionscanta do na monaróirí lena mbaineann chun na ceanglais rialála nua a chlárú agus chun dul in oiriúint dóibh, agus tá sé comhsheasmhach le dáta chur i bhfeidhm na spriocanna láidrithe. Tá díolúine fós ann do mhonaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 clárúchán feithiclí nua in aghaidh na bliana féilire.
(2)dreasachtaí sonracha le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV);
Breithníodh roghanna difriúla a mhéid a bhaineann leis an sásra dreasachta le haghaidh ZLEV, a mhéid a bhaineann leis an gcineál sásra agus leis an gcineál feithiclí ar cheart a chumhdach leis. Is é an rogha thosaíochta deireadh a chur le scéim dreasachta ZLEV amhail ó 2030 do ghluaisteáin agus d’fheithiclí tráchtála éadroma araon toisc go ngríosófar glacadh ZLEVanna sa mhargadh le spriocanna CO2 níos déine a bheidh infheidhme ón dáta sin, rud lena gceanglófar ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid. Dhéanfaí an reachtaíocht a shimpliú leis sin freisin mar aon leis an mbaol go mbainfí an bonn dá héifeachtacht a sheachaint.
(3)sásra chun rannchuidiú féideartha na mbreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh spriocanna.
Ina leith sin, breithníodh dhá rogha: fachtóir ceartúcháin carbóin nó scéim creidiúnúcháin carbóin. Is é an rogha thosaíochta áfach, gan sásra cuntasaíochta den sórt sin a áireamh toisc go ndéanfaí freagrachtaí na n‑imreoirí difriúla, chun na spriocanna a bhaint amach níos doiléire dá thoradh, bhainfí an bonn d’éifeachtacht agus d’éifeachtúlacht na reachtaíochta agus mhéadófaí ualach agus castacht an riaracháin. Maidir le húsáid breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn, déanfar sin trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, tríd an gcóras trádála astaíochtaí agus tríd an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh an togra go hionchuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht agus ar phlé leanúnach le páirtithe leasmhara.
I gcomparáid leis an Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, níltear ag súil go méadófaí na costais riaracháin leis an togra, arb iad an reachtaíocht is cúis leo. Ina theannta sin, níl castacht an chreata dlíthiúil á méadú leis.
Maidir le dhá cheann de na forálacha atá ann cheana, i.e. sásra dreasachta ‘bhónas’ ZLEV agus an maolú ‘ísealtáirgeachta’, beartaítear deireadh a chur leo ó 2030 ar aghaidh, rud lenar cheart rannchuidiú le simpliú na reachtaíochta. An tráth céanna, leis an gcóras rialála, leanfar ar aghaidh le foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí a bheartaítear chun an costas comhlíontachta le haghaidh monaróirí a ísliú.
Ní bheartaítear aon athrú ar an réimeas faireacháin ar chomhlíontacht ná ar leibhéal na préimhe astaíochtaí iomarcacha. Ní mhéadófar dá bhrí sin leis an togra costais riaracháin le haghaidh monaróirí ná údaráis inniúla náisiúnta ná costais forfheidhmiúcháin le haghaidh an Choimisiúin.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, leis an togra seo cuirtear leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Eilimintí fíor‑riachtanacha de chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 is ea tacair sonraí dhifriúla a bhailiú, a thuairisciú agus a phróiseáil, agus tá síneadh eile á chur leo leis an togra seo, nó déantar iad a choigeartú leis. Áirítear leis na tacair sonraí sin sonraí chun críoch comhlíontachta spriocanna, chun astaíochtaí CO2 feithiclí inseirbhíse a fhíorú mar aon le sonraí chun measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas an nós imeachta um chineálcheadú i gcomparáid le fíorshonraí ar astaíochtaí CO2. I bhfianaise na n‑éifeachtaí tábhachtacha dlíthiúla atá nasctha leis na tacair sonraí sin, tá gá le hiarrachtaí nach beag lena gcruinneas agus lena n‑iontaofacht a áirithiú, agus bheadh gá le tuilleadh acmhainní laistigh den Choimisiún chuige sin. Leagtar miondealú mionsonraithe ar na himpleachtaí ó thaobh buiséid de amach sa Ráiteas Airgeadais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá córas seanbhunaithe i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/631. Tuairiscíonn na Ballstáit astaíochtaí CO2 go bliantúil mar aon le mais na ngluaisteán nuachláraithe agus na veaineanna nuachláraithe uile don Choimisiún. Tá an deis ag monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi earráidí sna sonraí sealadacha sin. Ina theannta sin, ó 2022 ar aghaidh, déanfaidh monaróirí agus údaráis inniúla na mBallstát fíorshonraí ar ídiú breosla agus fuinnimh na ngluaisteán agus na veaineanna a thuairisciú don Choimisiún.
Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún, agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) ag tacú leis, sonraí faireacháin críochnaitheacha na bliana féilire roimhe lena n‑áirítear feidhmíocht na monaróirí sonracha in aghaidh spriocanna CO2. Leis an reachtaíocht, leanfar de bheith ag brath ar an gcreat faireacháin agus comhlíontachta seanbhunaithe sin. Ó 2022 ar aghaidh, foilseoidh an Coimisiún comparáid idir na sonraí astaíochtaí cineálcheadaithe astaíochtaí agus fíorshonraí astaíochtaí CO2, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil freisin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1(1): Leasú ar Airteagal 1 – Ábhar agus cuspóirí
I mír 5 d’Airteagal 1, déantar athbhreithniú ar spriocanna CO2 le haghaidh fhlít uile an Aontais do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma, is infheidhme ó 2030 ar aghaidh. Cuirtear mír 5a nua leis, ina shocraítear na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais is infheidhme ó 2035.
Chun an t‑athrú ar an nós imeachta tástála cineálcheadaithe a chur san áireamh, i.e. ó New European Test Cycle (NEDC) [Timthriall Tástála Nua Eorpach] chuig an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP), cuirtear spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais in iúl mar laghduithe de réir céatadáin i gcomparáid le túsphointe 2021. Déantar an túsphointe sin a chinneadh ar bhonn mheán na spriocanna astaíochtaí sonracha le haghaidh 2021, i gcás, chun méadú míchuí ar leibhéal an túsphointe a sheachaint, inarb iad luachanna na n‑astaíochtaí a úsáidtear mar ionchur i ríomh na luachanna a dhéantar a thomhas i rith WLTP, seachas na luachanna na n‑astaíochtaí a dhearbhaíonn na monaróirí. Foilseoidh an Coimisiún túsphointe 2021 faoin 31 Deireadh Fómhair 2022.
Maidir leis an dreasacht le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a leagtar amach i mír 7, déantar é a scriosadh ó 2030 ar aghaidh. Is gá an dáta i mír 6 a choigeartú chun na críche sin freisin.
Airteagal 1(2): Leasú ar Airteagal 2 – Raon feidhme
Leasaítear Mír 1 d’Airteagal 2 chun tagairtí do Threoir 2007/46/CE (an Treoir maidir le creat cineálcheadaithe), a aisghaireadh ón 1 Meán Fómhair 2020, a ionadú le tagairtí don Rialachán maidir le creat cineálcheadaithe (AE) 2018/858 ag a bhfuil feidhm ón dáta sin.
Mar gheall ar an athrú ar an struchtúr idir an Treoir aisghairthe agus an Rialachán nua, is gá na leasuithe chun cruinneas sna tagairtí dlí a áirithiú.
Airteagal 1(3): Leasú ar Airteagal 3 – Sainmhínithe
I mír 1 d’Airteagal 3, déanann an leasú na sainmhínithe a ailíniú leo siúd atá sa reachtaíocht maidir le cineálcheadú agus baintear amach an sainmhíniú ar an lorg agus ar an bpálasta toisc nach ábhartha na téarmaí sin a thuilleadh chun an Rialachán a chur chun feidhme.
Airteagal 1(4): Leasú ar Airteagal 4 – Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha
Cuirtear fomhír le mír 1 d’Airteagal 4, ina dtugtar cosaint isteach d’fhonn áirithiú nach mbeadh sprioc dhiúltach mar thoradh ar ríomh spriocanna an mhonaróra i leith astaíochtaí sonracha faoi choinníollacha áirithe. I gcás ina dtarlódh an cás sin, ba cheart an sprioc i leith astaíochta sonraí a shocrú ar 0 g CO2/ km.
Airteagal 1(5): Leasú ar Airteagal 7 – Faireachán agus tuairisciú ar mheánastaíochtaí
Cuirtear mír 6a nua isteach, lena soláthraítear don Choimisiún, mar chuid d’fhíorú na sonraí faireacháin sealadacha, an fhéidearthacht chun iarraidh ar údaráis chineálcheadaithe agus ar mhonaróirí ráiteas ceartúcháin a eisiúint i gcásanna nach féidir na doiciméid chineálcheadaithe nó an deimhniú comhréireachta a cheartú faoin reachtaíocht maidir le cineálcheadú, amhail cásanna ina mbaineann na sonraí míchearta le cineálcheadú nach bhfuil bailí a thuilleadh.
Maidir le mír 11, lena ndéantar foráil maidir le sonraí a thuairisciú a bhaineann le feithiclí chatagóir M2 agus N2, déantar an mhír sin a scriosadh, toisc go dtagann na catagóirí feithiclí sin faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) 2018/956 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin.
Airteagal 1(6): Leasú ar Airteagal 10 – Maoluithe do mhonaróirí áirithe
I mír 2 d’Airteagal 10, maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróirí, atá freagrach as idir 1 000 agus 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó as idir 1 000 agus 22 000 feithiclí nua tráchtála éadroma i mbliain féilire, chun iarratas a dhéanamh ar mhaolú ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, cuirtear deireadh leis an bhféidearthacht sin ó 2030 ar aghaidh. Tá díolúine fós ann do mhonaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 clárúchán feithiclí nua in aghaidh na bliana féilire.
Airteagal 1(7): Leasú ar Airteagal 13 – Fíorú ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí inseirbhíse
I mír 3 d’Airteagal 13, cuirtear foráil isteach lena soláthraítear don Choimisiún an fhéidearthacht chun iarraidh ar údarás cineálcheadaithe ráiteas ceartúcháin a eisiúint i gcás nach féidir ceartúcháin a dhéanamh ar na doiciméid chineálcheadaithe nó ar dheimhnithe comhréireachta faoin reachtaíocht ábhartha maidir le cineálcheadú, e.g. toisc go bhfuil bailíocht na ndoiciméad nó na ndeimhnithe sin dulta in éag.
Airteagal 1(8): Leasú ar Airteagal 14 – Coigeartú ar luachanna M0 agus TM0
I mír 2 d’Airteagal 14, déantar an bunús dlí a cheartú chun foráil a dhéanamh maidir le leasú ar Iarscríbhinn I, rud atá comhsheasmhach leis an gcleachtas atá i bhfeidhm faoi láthair, agus an fhoclaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, lena dtagraítear do Rialachán lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/631, a ionadú.
Airteagal 1(9): Airteagal 14a nua – Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Cuirtear Airteagal 14a nua isteach chun an oibleagáid atá ar an gCoimisiún maidir le tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar agus le measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú, a leagan amach.
Airteagal 1(10): Leasú ar Airteagal 15 – Athbhreithniú agus tuarascáil
I mír 1 d’Airteagal 15, tá athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2019/631 beartaithe le haghaidh 2026, agus déantar míreanna 2 go 5, ina liostaítear roinnt eilimintí atá le breithniú le haghaidh an athbhreithnithe atá i bhfeidhm faoi láthair, a scriosadh.
Cuirtear mír 9 nua isteach chun bunús dlí a sholáthar chun leasú a dhéanamh ar na foirmlí, chun sprioc i leith astaíochta sonraí a ríomh, i gCuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh gá leis sin chun an nós imeachta sonrach is infheidhme le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma a dhéantar a chineálcheadú ina gcéimeanna iolracha, a chur san áireamh. I.e. tagraítear leis sin don nós imeachta is infheidhme más rud é go bhfuil feithicil á monarú ag breis agus aon mhonaróir amháin agus go gcuirtear an fhreagracht as astaíochtaí CO2 na feithicle lánchríochnaithe i leith mhonaróir na bonnfheithicle. Chun deimhneacht maidir le cúrsaí pleanála a sholáthar don mhonaróir sin, tá feidhm ag nós imeachta sonrach maidir leis an mbealach le hastaíochtaí CO2 mar aon le mais na bhfeithiclí tráchtála éadroma ilchéimneacha sin a chinneadh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an nós imeachta a chinneadh le haghaidh feithiclí ilchéimneacha agus féadfaidh sé go mbeidh ar an gCoimisiún, i gcás athbhreithnithe ar an nós imeachta sin, coigeartú a dhéanamh ar na foirmlí lena ndéantar sprioc i leith astaíocht shonrach a ríomh.
Airteagal 1(11): Leasú ar Airteagal 17 – An tarmligean a fheidhmiú
Cuirtear tagairt don Airteagal 15(9) nua le míreanna 2, 3 agus 6 d’Airteagal 17.
Airteagal 1(12): Leasuithe ar Iarscríbhinn I
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn I, a bhaineann le gluaisteáin paisinéirí, chun na leasuithe ar Airteagal 1 a léiriú. Áirítear leis sin coigeartú a dhéanamh ar na foirmlí chun na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2030 a ríomh agus na foirmlí le haghaidh 2035 a shocrú mar aon leis na spriocanna bliantúla i leith astaíochta sonraí le haghaidh gach monaróra, agus deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhachtóir na feithicle astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) ó 2030 ar aghaidh.
Leasaítear Cuid B d’Iarscríbhinn I, a bhaineann le feithiclí tráchtála éadroma, ar bhealach cosúil le Cuid A, agus déantar coigeartú breise ar na foirmlí chun luachanna an chlaonta a chinneadh, a cheanglaítear chun na spriocanna bliantúla i leith astaíochta sonraí a ríomh. Déantar an coigeartú sin chun dáileadh cothrom a áirithiú maidir le hualach an laghdaithe idir monaróirí feithiclí tráchtála níos éadroime agus iad siúd a mhonaraíonn feithiclí níos troime sa chatagóir sin.
2021/0197 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Chuaigh Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D’aontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.
(2)Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor‑thromchúiseacha phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.
(3)Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus baineann tionchar áirithe leis ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumais agus daoine le cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t‑aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.
(4)Tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.
(5)I Rialachán (AE) [--] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cumhdaíonn an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050, i reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais do laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.
(6)Tá coinne leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n‑áirítear an earnáil iompair de bhóthar.
(7)Tá gá leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo mar chuid de chreat comhleanúnach agus comhsheasmhach atá fíor‑riachtanach chun cuspóir foriomlán an Aontais a bhaint amach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
(8)Chun laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a láidriú le haghaidh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma araon. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050. Gan ghníomhaíocht uaillmhianach maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar de bhóthar, bheadh gá le laghduithe níos airde ar astaíochtaí in earnálacha eile, lena n‑áirítear earnálacha ina bhfuil an dícharbónú níos dúshlánaí.
(9)Leis na ceanglais láidrithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO2, ba cheart méadú a spreagadh i gcion na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá á gcur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus coigilteas fuinnimh, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí a choinneáil ar bun. Laistigh den chomhthéacs domhanda, ní mór do shlabhra tionscail mhótarfheithiclí an Aontais a bheith ina phríomhghníomhaí san aistriú domhanda leanúnach i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Tá na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis na spriocanna flíte uile atá le baint amach a shocraíonn siad. Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n‑astaíochtaí nialasacha le haghaidh na flíte uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra‑leictreacha, breosla‑chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, lena n‑áirítear feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith freisin, is féidir leo leanúint le ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe.
(10)I bhfianaise an méid sin, ba cheart spriocanna láidrithe i leith laghduithe astaíochtaí CO2 a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma araon le haghaidh na tréimhse 2030 ar aghaidh. Ba cheart na spriocanna sin a shocrú ar leibhéal lena dtabharfar comhartha láidir chun dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais agus chun an nuálaíocht sa teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a spreagadh ar bhealach cost‑éifeachtach.
(11)Ba cheart straitéis Eorpach a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas‑sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tacaíocht airgeadais a bhreithniú ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun infheistíocht phríobháideach a chomhchruinniú, lena n‑áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Nuálaíochta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus Plean an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, i gcomhréir le rialacha Státchabhrach. Leis na rialacha státchabhrach athbhreithnithe maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, cumasófar do na Ballstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na Straitéise Nua Tionsclaíche.
(12)Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch déantar foráil maidir le conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart conair i dtreo an aistrithe a fhorbairt le haghaidh éiceachóras na soghluaisteachta le gabháil le haistriú an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí. Leis an gconair sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí, ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta lena n‑áirítear leis na Ballstáit, agus ba cheart cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip leis an gconair freisin, le tionscnaimh cosúil leis an gComhaontú um Scileanna chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas‑sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n‑aistrithe glasa agus digiteacha. Leis an gconair, ba cheart dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta freisin chun borradh a chur faoi inacmhainneacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Maidir leis an dul chun cinn a dhéantar ar chonair chuimsitheach sin an aistrithe le haghaidh an éiceachórais soghluaisteachta, ba cheart faireachán a dhéanamh air gach 2 bhliain mar chuid de thuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach ag an gCoimisiún, lena mbreathnófar inter alia ar an dul chun cinn maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid, a bhforbairtí ó thaobh praghais de, forbairt maidir le breoslaí malartacha a chur in úsáid agus cur chun feidhme céimneach an bhonneagair mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, poitéinseal na dteicneolaíochtaí nuálacha chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach, an iomaíocht idirnáisiúnta, infheistíochtaí sa slabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí, uas‑sciliú agus athsciliú oibrithe agus athfhorbairt gníomhaíochtaí a bhaint amach. Leis an tuarascáil ar dhul chun cinn, cuirfear freisin leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach gach 2 bhliain faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta in ullmhú na tuarascála ar dhul chun cinn, lena n‑áirítear na torthaí san idirphlé sóisialta. Tá nuálaíochtaí sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí ag leanúint ar aghaidh. Maidir le teicneolaíochtaí nuálacha amhail leictribhreoslaí a tháirgeadh le gabháil ón aer, dá bhforbrófaí a thuilleadh iad, d’fhéadfadh ionchais a bheith i gceist leo le haghaidh na soghluaisteachta aeráidneodraí inacmhainne. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin súil a choinneáil ar an dul chun cinn ó thaobh na nuálaíochta de san earnáil mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn.
(13)Maidir leis na spriocanna sin le haghaidh fhlít uile an Aontais, comhlánófar iad leis an gcur chun feidhme céimneach is gá maidir leis an mbonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe mar a leagtar amach i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(14)Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do mhonaróirí maidir lena bhflíteanna a chur in oiriúint le himeacht aimsire chun an t‑aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhainistiú ar bhealach cost‑éifeachtúil, agus is iomchuí dá bhrí sin coinneáil leis an gcur chuige lena laghdaítear spriocleibhéil ina gcéimeanna gach 5 bliana.
(15)I ngeall ar na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile na hEorpa ó 2030 ar aghaidh, beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle ( ‘ZLEV’) a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an baol ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/631. Ba cheart deireadh a chur le sásra dreasachta ZLEV ón 2030 amach dá bhrí sin. Roimh an dáta sin agus i gcaitheamh na 10 mbliana seo dá bhrí sin, leanfaidh an sásra dreasachta le haghaidh ZLEV ar aghaidh ag tacú le feithiclí lena mbaineann astaíochtaí ó nialas chomh hard le 50 g CO2/km a chur in úsáid, lena n‑áirítear feithiclí ceallra‑leictreacha, feithiclí leictreacha breosla‑chille ina n‑úsáidtear hidrigin agus feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith. Tar éis an dáta sin, leanfar ar aghaidh le feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a chomhaireamh in aghaidh na spriocanna le haghaidh na flíte ar fad nach mór do mhonaróirí feithiclí a chomhlíonadh.
(16)Tá cur chun feidhme chaighdeáin astaíochtaí CO2 nasctha go láidir le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le cineálcheadú. Tar éis Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 1 Meán Fómhair 2020 a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iomchuí, chun comhsheasmhacht leanúnach a áirithiú idir an dá thacar ionstraimí, na sainmhínithe a ailíniú a thuilleadh agus tagairtí i Rialachán (AE) 2019/631 a thabhairt cothrom le dáta de réir an chreata reachtaíochta maidir le cineálcheadú.
(17)Déantar an iarracht chun astaíochtaí a laghdú, a cheanglaítear chun na spriocanna le haghaidh fhlít uile na hEorpa a bhaint amach, a dháileadh i measc monaróirí trí chuar teorainnluacha a úsáid atá bunaithe ar mheánmhais fhlít fheithiclí nua an Aontais agus fhlít fheithiclí nua an mhonaróra. Cé gurb iomchuí an sásra sin a choinneáil ar bun, is gá seachaint nach mbeadh an sprioc i leith astaíochta sonraí diúltach le haghaidh monaróra de dheasca na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile na hEorpa. Ar an gcúis sin, is gá a shoiléiriú, i gcás ina dtarlóidh toradh den sórt sin, gur cheart an sprioc i leith astaíochta sonraí a shocrú ar 0 g CO2/km.
(18)Lena áirithiú go ndéanfar na hiarrachtaí chun laghduithe a bhaint amach a dháileadh go cothrom, ba cheart an dá chuar teorainnluacha le haghaidh feithiclí tráchtála níos éadroime agus feithiclí tráchtála níos troime a choigeartú chun na spriocanna láidrithe i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a léiriú.
(19)Tá na luachanna a úsáidtear chun na spriocanna i leith astaíochta sonraí agus na meánastaíochtaí sonracha ag monaróir a ríomh bunaithe ar shonraí a taifeadadh sna doiciméid chineálcheadaithe agus i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí lena mbaineann. Tá sé fíor‑riachtanach chun éifeachtacht na gcaighdeán astaíochtaí CO2 a áirithiú go mbeidh na sonraí a úsáidtear chun na gcríoch sin ceart. Má shainaithnítear earráidí sna sonraí mar sin féin, b’fhéidir nach mbeadh sé indéanta, bunaithe ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú, na doiciméid chineálcheadaithe a cheartú ná na deimhnithe comhréireachta a eisíodh cheana, i gcás ina dtagraíonn na sonraí do chineálcheaduithe a scoir de bheith bailí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún chun iarraidh ar na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha, nó i gcás inarb infheidhme, ar mhonaróirí, ráiteas ceartúcháin a eisiúint ar féidir na luachanna, a úsáidtear chun feidhmíocht monaróirí maidir lena spriocanna a chinneadh, a cheartú ar a mbonn.
(20)Tagann tuairisciú na sonraí ó fheithiclí i gcatagóirí M2 (busanna) agus N2 (leoraithe ar mheánmhéid) faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus is iomchuí dá bhrí sin an ceanglas sin a bhaint as Rialachán (AE) 2019/631.
(21)I bhfianaise na gcuspóirí méadaithe foriomlána chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éifeachtaí féideartha maidir le saobhadh sa mhargadh a sheachaint, ba cheart na ceanglais maidir le laghdú le haghaidh na monaróirí uile atá i margadh an Aontais a ailíniú, seachas le haghaidh na monaróirí sin atá freagrach níos lú ná 1 000 míle feithicil nua a chláraítear i mbliain féilire. Dá dhroim sin, maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróirí, atá freagrach as idir 1 000 agus 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó as idir 1 000 agus 22 000 feithicil tráchtála éadrom a chláraítear as an nua i mbliain féilire, chun iarratas a dhéanamh ar mhaolú óna spriocanna i leith astaíochta sonraí, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht sin ó 2030 ar aghaidh.
(22)Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú mar aon le comhsheasmhacht le cleachtais atá i bhfeidhm faoi láthair, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart na coigeartuithe ar luachanna M0 agus TM0 a dhéanamh trí leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 in áit foráil a dhéanamh maidir le gníomh lena bhforlíonfaí an Rialachán sin.
(23)Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh in 2026 ar an dul chun cinn a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2019/631 i dtreo na cuspóirí, maidir le laghduithe atá socraithe le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh, a bhaint amach. Le haghaidh an athbhreithnithe sin, ba cheart gach gné dá mbreithnítear sa tuairisciú gach 2 bhliain a bhreithniú.
(24)Tá meastóireacht déanta ar an bhféidearthacht an t‑ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh do chiste sonrach nó do chlár ábhartha mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, leis an gconclúid go ndéanfaí an t‑ualach riaracháin a mhéadú go suntasach leis sin, agus nach rachadh sé chun tairbhe na hearnála mótarfheithiclí dó díreach le linn a haistrithe. Maidir leis an ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha, leanfar lena bhreithniú mar ioncam dá bhrí sin le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/631.
(25)Lena áirithiú gur féidir ríomh na spriocanna i leith astaíochta sonraí le haghaidh monaróirí atá freagrach as astaíochtaí CO2 ó feithiclí tráchtála éadroma ilchéimneacha a choigeartú chun athruithe ar an nós imeachta a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus mais na bhfeithiclí den sórt sin a chinneadh a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na foirmlí ríofa a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 a leasú, i gcás inar gá. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(26)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i)i bpointe (a), cuirtear ‘55 %’ in ionad fhigiúr ‘37.5 %’,
(ii)i bpointe (b), cuirtear ‘50 %’ in ionad fhigiúr ‘31 %’,
(b)cuirtear mír 5a seo a leanas isteach:
‘5a.
Ón 1 Eanáir 2035 amach, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas maidir le flít uile an Aontais:
(a)i gcás mheánastaíochtaí fhlít na ngluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais atá comhionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid A, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I;
(b)i gcás mheánastaíochtaí fhlít na bhfeithiclí nua tráchtála éadroma, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais atá comhionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid B, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I.
(c)i mír 6, cuirtear na focail ‘Ón 1 Eanáir 2025 go 31 Nollaig 2029,’ in ionad na bhfocal ‘Ón 1 Eanáir 2025,’,
(d)scriostar mír 7;
(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)i bpointe (a), cuirtear ‘Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858’ in ionad na tagartha do ‘Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE’,
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) catagóir N1 mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (‘feithiclí tráchtála éadroma’), a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (‘feithiclí nua tráchtála éadroma’); i gcás na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ó chatagóir N ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nó 2 840 kg, de réir mar a bheidh, déanfar iad a chomhaireamh, ón 1 Eanáir 2025, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 2018/858 ná do Rialachán (CE) 715/2007, mar fheithiclí tráchtála éadroma atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo más de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, an mhais tagartha iomarcach.’,
(b)i mír 3, cuirtear tagairt do ‘Cuid A, pointe 5, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858’ in ionad na tagartha do ‘pointe 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE’;
(3)in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2018/858. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:’,
(b)scriostar pointí (b) go (g) agus pointí (i) agus (n);
(4)in Airteagal 4(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Chun críocha phointe (c), i gcás inar sprioc dhiúltach an sprioc a chinntear i leith astaíochta sonraí i gcomhréir le Cuid A, pointe 6.3., d’Iarscríbhinn I nó Cuid B, pointe 6.3., d’Iarscríbhinn I, is é 0 g/km an sprioc i leith astaíochta sonraí a bheidh ann.’;
(5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)cuirtear mír 6 a seo a leanas isteach:
‘6 a. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na sonraí sealadacha a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le mír 2, nó go bhfuil na sonraí, ar thug na monaróirí fógra ina leith, i gcomhréir le mír 5, bunaithe ar shonraí míchearta sna doiciméid chineálcheadaithe nó sna deimhnithe comhréireachta, cuirfidh an Coimisiún an t‑údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, an monaróir ar an eolas faoi agus iarrfaidh sé ar an údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar an monaróir, ráiteas ceartúcháin a eisiúint lena sonrófar na sonraí ceartaithe. Tarchuirfear an ráiteas ceartúcháin chuig an gCoimisiún agus úsáidfear na sonraí ceartaithe chun na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a leasú.’,
(b)scriostar mír 11;
(6)in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ó na spriocanna i leith astaíochta sonraí is infheidhme go dtí bliain féilire 2029 agus an bhliain sin san áireamh.’;
(7)in Airteagal 13(3), cuirtear an dara habairt seo a leanas leis:
‘I gcás nach bhféadfar na sonraí sna doiciméid cineálcheadaithe a cheartú faoi Rialachán (AE) 2018/858, eiseoidh an t‑údarás cineálcheadaithe atá freagrach ráiteas ceartúcháin ina mbeidh na sonraí ceartaithe agus tarchuirfidh an ráiteas sin chuig an gCoimisiún agus chuig na páirtithe lena mbaineann.’;
(8)in Airteagal 14(2), cuirfear ‘Iarscríbhinn I a leasú mar a fhoráiltear in’ in ionad na bhfocal ‘an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na bearta a bhunú dá dtagraítear i’;
(9)cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 14a
Tuarascáil ar dhul chun cinn
Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go hairithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú, lena n‑áirítear trí mhodhanna airgeadais.
Sa tuairisciú, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir a rannchuidíonn le dul chun cinn cost‑éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Áirítear leis sin feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chur in úsáid, dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach i leith an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe a chur chun feidhme go céimneach mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, rannchuidiú féideartha na dteicneolaíochtaí nuálaíochta agus na mbreoslaí malartacha inbhuanaithe chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach a shroicheadh, tionchar ar thomhaltóirí, dul chun cinn san idirphlé sóisialta mar aon le gnéithe lena n‑éascófar a thuilleadh le haistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar a bheidh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus cóir ar bhonn sóisialta.’;
(10)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, in 2028, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, ag cur leis an tuairisciú a dhéantar gach 2 bhliain, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.’
(b)scriostar míreanna 2 go 5;
(c)cuirtear mír 9 seo a leanas leis:
‘9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na foirmlí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, i gcás ina mbeidh gá le leasuithe den sórt sin chun an nós imeachta a chur san áireamh le haghaidh feithiclí ilchéimneacha N1 a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III.’;
(11)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear ‘Airteagal 15(8) agus (9)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 15(8)’;
(b)i mír 3, cuirtear ‘Airteagal 15(8) agus (9)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 15(8)’;
(c)i mír 6, cuirtear ‘Airteagal 15(8) agus (9)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 15(8)’;
(12)Déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma a láidriú i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Gníomhú ar son na haeráide
Ceannteideal 3 – Acmhainní nádúrtha agus an Comhshaol
Teideal 9 – An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
☑ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Is iad cuspóirí ginearálta an togra seo go rannchuideofar leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chuige sin, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, go rannchuideofar le laghduithe 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a shroicheadh faoi 2030 i gcomparáid le 1990.
Tá an togra ina chuid de phacáiste Aeráide agus Fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ chun sprioc 2030 an Aontais i leith laghduithe ‑ 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i gcomparáid le 1990 ar bhonn intíre agus ar bhealach costéifeachtach agus chun rannchuidiú leis an téamh domhanda a theorannú. Comhlíontar oibleagáid an Choimisiúin leis an bpacáiste, a shocraítear in Airteagal 3 den Dlí Aeráide, maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc thuasluaite a bhaint amach.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Is iad cuspóirí sonracha an togra seo:
1.
Rannchuidiú leis an sprioc chun glanastaíochtaí GCT a laghdú - 55 % ar a laghad faoi 2030 agus leis an gcuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 trí athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais agus spriocanna nua den sórt sin a shocrú d’fhonn astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó veaineanna a laghdú ar bhealach costéifeachtach;
2.
Tairbhí a sholáthar do thomhaltóirí de bharr feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar bhonn níos leithne, trí feabhas a chur ar an gcáilíocht aeir go háirithe i gcathracha agus ar choigilteas fuinnimh de bharr úsáid na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha;
3.
An nuálaíocht a spreagadh maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, rud lena láidreofar ceannaireacht teicneolaíochta an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí san Aontas agus lena spreagfar an fhostaíocht.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Áireofar leis an togra go laghdófar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim, go soláthrófar tairbhí do thomhaltóirí i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus an choigiltis fuinnimh, agus go láidreofar ceannaireacht teicneolaíochta an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí san Aontas. Táthar ag súil go mbeidh éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus slándáil mhéadaithe fuinnimh ina gcomhthairbhí breise leis.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Sainaithníodh na táscairí seo a leanas:
1.
Déanfar faireachán ar mheánastaíochtaí CO2 fhlít an Aontais ó ghluaisteáin nua agus ó veaineanna nua go bliantúil in aghaidh na feithicle, an mhonaróra agus Bhallstáit;
2.
Déanfar faireachán ar an mbearna idir sonraí astaíochtaí CO2 cineálcheadaithe agus fíorshonraí astaíochtaí CO2 trí na fíorshonraí maidir le hídiú breosla a bhailiú agus a fhoilsiú;
3.
Déanfar faireachán ar dhiallta idir astaíochtaí cineálcheadaithe CO2 agus astaíochtaí CO2 ó fheithiclí inseirbhíse trí nós imeachta sonrach um fíorú inseirbhíse a chur ar bun agus na sonraí cineálcheadaithe a bhailiú;
4.
Déanfar faireachán ar astaíochtaí GCT ó ghluaisteáin agus ó veaineanna trí fhardail bhliantúla astaíochtaí GCT na mBallstát;
5.
Déanfar faireachán ar líon agus ar chion na bhfeithiclí nuachláraithe astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle trí na sonraí faireacháin bliantúla a chuireann na Ballstáit isteach;
6.
Déanfar faireachán ar chostais agus ar éifeachtacht na dteicneolaíochtaí a úsáidtear sna feithiclí chun astaíochtaí a laghdú ar bhonn na sonraí a bheidh le bailiú ó mhonaróirí, ó sholáthróirí agus ó shaineolaithe;
7.
Déanfar an leibhéal nuálaíochta a thomhas i dtéarmaí paitinní nua ó mhonaróirí mótarfheithiclí Eorpacha a bhaineann le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha trí bhunachair sonraí paitinne atá ar fáil go poiblí;
8.
Déanfar faireachán ar an leibhéal fostaíochta ar bhonn staidreamh Eurostat atá ar fáil go poiblí i dtaobh shonraí fostaíochta na hearnála san Aontas.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.An ceanglas nó na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.
Beidh ar mhonaróirí gluaisteán nuachláraithe paisinéirí agus feithiclí nuachláraithe tráchtála éadroma san Aontas:
‑ na spriocluachanna athbhreithnithe i leith astaíochtaí CO2 le haghaidh na flíte uile a chomhlíonadh;
‑ fíorshonraí maidir le hídiú breosla arna dtomhas le feistí caighdeánaithe a thuairisciú don Choimisiún;
‑ a bheith faoi réir tástálacha comhréireachta inseirbhíse, a ndéantar a dtorthaí a thuairisciú don Choimisiún.
Beidh ar na Ballstáit sonraí teicniúla ar ghluaisteáin nuachláraithe paisinéirí agus ar fheithiclí nuachláraithe tráchtála éadroma a thuairisciú don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go bliantúil.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide, nach féidir a réiteach le gníomhaíochtaí náisiúnta nó áitiúla amháin. Is gá gníomhú ar son na haeráide a chomhordú ar leibhéal na hEorpa agus tá údar le beart ón Aontas ar fhorais na coimhdeachta.
Cé gur féidir sineirgí a chruthú le tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ní bheidh siad leordhóthanach ina n‑aonar. D’fhágfadh easpa gníomhaíochta comhordaithe ón Aontas, trí chaighdeáin astaíochtaí CO2 a láidriú, an baol go ndéanfaí an margadh a dheighilt mar gheall ar éagsúlacht na scéimeanna náisiúnta, leibhéil uaillmhéine dhifriúla agus paraiméadair dhifriúla dearaidh. Ina n‑aonar, bheadh na Ballstáit aonair ina margadh róbheag freisin chun an leibhéal céanna torthaí a bhaint amach, dá bhrí sin, is gá cur chuige uile‑Aontais chun athruithe a chur ar aghaidh ar leibhéal an tionscail agus chun barainneachtaí scála a chruthú.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Leis an togra, cuirtear le reachtaíocht atá ann cheana lenar áirithíodh laghduithe leanúnacha ar astaíochtaí CO2 ó fhlít ghluaisteán nua agus fheithiclí tráchtála éadroma nua an Aontais le deich mbliana anuas.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra seo comhoiriúnach do chuspóirí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021‑2027 lena gcuideofar leis na haistrithe dúbailte glasa agus digiteacha a bhfuil sé d’aidhm ag an Eoraip a bhaint amach. Tabharfaidh na creata sin le chéile aghaidh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus cuirfidh siad luas faoin aistriú i dtreo geilleagar glan inbhuanaithe lena ndéanfar nasc idir gníomhú ar son na haeráide agus an fás eacnamaíoch.
Céim chuimsitheach is ea an pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘oiriúnach do 55’ seo chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena hailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth.
Tá an togra reachtach seo maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus d’fheithiclí tráchtála éadroma comhlántach leis na tograí ábhartha a dhéantar sa phacáiste, agus cothaítear comhsheasmhacht leo leis an togra.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻ tréimhse theoranta
◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
☑ tréimhse neamhtheoranta
◻
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2023 go 2025,
◻
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modh (modhanna) bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
☑
ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na gceanglas láidrithe a bheartaítear maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú, ceanglaítear sonraí a bhailiú ar bhonn forleathan ó fhoinsí difriúla, lena n‑áirítear ó Bhallstáit, ó mhonaróirí mótarfheithiclí agus ó údaráis náisiúnta chineálcheadaithe. Cé gurb í an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Lárionad Taighde Comhpháirteach a fheidhmíonn an bhainistíocht sonraí, is é freagracht na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide na gníomhaíochtaí bailithe sonraí a chomhordú, na n‑áirítear idirghníomhú leis na haonáin tuairiscithe. Áirítear freisin le cúraimí na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide anailís a dhéanamh ar na sonraí agus ullmhú agus forfheidhmiú na ngníomhaíochtaí leantacha, lena n‑áirítear fíneálacha airgeadais a fhorchur ar mhonaróirí bunaithe ar na sonraí a bhailítear.
Tá trí phríomhthacair sonraí á mbailiú nó baileofar trí phríomhthacair sonraí:
Tuairiscíonn na Ballstáit sonraí ar chlárúcháin feithiclí nua, lena n‑áirítear faisnéis theicniúil, don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go bliantúil. Is iad na sonraí sin is bunús chun comhlíontacht mhonaróirí, maidir lena spriocanna i leith astaíochta sonraí, a chinneadh mar aon le haon fhíneáil a fhorchur. Fíoraíonn monaróirí na sonraí agus deimhníonn an Coimisiún iad ina dhiaidh sin le cinneadh.
Maidir le fíorshonraí ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh leictrigh mar a dhéantar a thaifeadadh ar bord feithiclí, tuairisceofar iad don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil go bliantúil ó 2022 ar aghaidh, ag tosú le sonraí arna seachadadh ag monaróirí agus sonraí dá éis sin in 2025 a bhaileofar le tástálacha ródacmhainneachta na mBallstát. Úsáidfear na sonraí mar bhunús chun measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas na n‑astaíochtaí cineálcheadaithe CO2 agus d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar spriocleibhéil astaíochtaí CO2 dá thoradh sin mar aon le hathbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú, i gcás inarb iomchuí.
Maidir le sonraí ar thástálacha astaíochtaí cineálcheadaithe, baileoidh an Lárionad Taighde Comhpháirteach iad go leanúnach chun críche an nós imeachta leis an mbealach lena gcomhfhreagraíonn astaíochtaí CO2 a chinntear tráth a gcineálcheadaithe d’astaíochtaí na bhfeithiclí inseirbhíse, a fhíorú.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Ní clár airgeadais atá á chur chun feidhme leis an togra ach is beartas fadtéarmach atá á dhearadh leis. Ní bhaineann modh bainistíochta, sásraí chun cistiú a chur chun feidhme, módúlachtaí íocaíochta agus straitéis rialaithe i ndáil le rátaí earráide le hábhar. Chun an togra seo a chur chun feidhme, beidh gá acmhainní daonna a athshannadh laistigh den Choimisiún. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Ní bhaineann an togra seo le clár caiteachais.
Tá faireachán éifeachtúil ar shonraí clárúcháin feithiclí fíor‑riachtanach chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an reachtaíocht á forfheidhmiú agus chun cothroime iomaíochta idir monaróirí difriúla a áirithiú.
Le bailiú na bhfíorshonraí agus leis an nós imeachta um fíorú inseirbhíse, áiritheofar gur féidir neamhrialtachtaí sna sonraí clárúcháin feithicle a bhrath agus bearta feabhais éifeachtacha a dhéanamh go tráthúil agus áiritheofar freisin leis nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht fhadtéarmach spriocanna an Aontais i leith astaíochtaí CO2.
De dheasca an bhaoil maidir le sonraí clárúcháin earráideacha feithicle nó maidir le tuairisciú moillithe ó na Ballstáit agus/nó ó mhonaróirí, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 a chur chun feidhme.
Tá an baol ann go bhféadfadh an bhearna, idir fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú breosla agus na luachanna sin a chinntear tráth a gcineálcheadaithe, an bonn a bhaint de na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 .
Maidir leis an mbaol nach gcomhfhreagróidh astaíochtaí CO2 arna dtaifeadadh ag monaróirí sna deimhnithe comhréireachta a úsáidtear chun críocha clárúcháin d’astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí inseirbhíse, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de spriocanna i leith astaíochtaí CO2 dá thoradh.
Áirítear leis na príomhchórais rialaithe inmheánacha fíorú na sonraí clárúcháin a thuairiscítear, anailísí ar éabhlóid na bhfíorshonraí i gcomparáid le sonraí clárúcháin agus diallta a bhrath idir astaíochtaí CO2 a thaifeadtar i ndeimhnithe comhréireachta agus astaíochtaí na bhfeithiclí inseirbhíse.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Ní bheidh rialuithe/rioscaí nua suntasacha mar thoradh ar an togra seo nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana. Níor samhlaíodh aon bheart sonrach eile seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
I dteannta chur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc, in éineacht leis na ceanglais láidrithe i leith astaíochtaí CO2 a laghdú dá bhforáiltear sa togra seo, beidh faireachán breisithe agus tuairisciú feabhsaithe ar thacair sonraí dhifriúla mar a thuairiscítear i bpointe 2.2.2.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana féin
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
7
|
20 01 02 01
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Ní bhaineann le hábhar
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
☑
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
3
|
‘acmhainní nádúrtha agus an comhshaol’
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: um Ghníomhú ar son na hAeráide
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
09 02 03
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
09 01 01 01
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide
|
Gealltanais
|
= 1 + 3
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
= 2 + 3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe IOMLÁNA faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
= 4 + 6
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
= 5 + 6
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart úsáid a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le tabhairt isteach ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a dhéantar a uaslódáil ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: um Ghníomhú ar son na hAeráide
|
• Acmhainní daonna
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide
|
Leithreasuithe
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
|
Íocaíochtaí
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
·◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
·☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
Other expenditure
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
0.304
|
1.520
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
·◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
·☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain
2027
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
·
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END, INT – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Beidh gá le haon oifigeach AD breise amháin ó 2023 chun bheith freagrach as feidhm nua chun a áirithiú go gcomhordófar na cleachtaí difriúla chun sonraí a bhailiú dá bhforáiltear sa Rialachán agus go ndéanfar bearta leantacha ina leith. Léirítear leis an bhfeidhm sin, go háirithe, an gá le bearta leantacha feabhsaithe i leith éabhlóid fhíorastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua agus ó veaineanna nua lena áirithiú gur deimhin go mbainfear amach na cuspóirí méadaithe maidir le laghduithe a leagtar amach sa togra seo. Áireofar leis an bhfeidhm nua go soláthrófar bunús éifeachtúil agus comhleanúnach chun caighdeáin astaíochtaí CO2 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, mar aon le haon bheart beartais nua gaolmhar a ullmhú.
Áirítear na cúraimí sonracha seo a leanas leis an bhfeidhm sin:
·Comhordú foriomlán na gcleachtaí difriúla bailithe sonraí a áirithiú, lena n‑áirítear anailís ar na sonraí agus seiceálacha comhsheasmhachta trasna na dtacar sonraí difriúla;
·Bearta leantacha le heintitis tuairiscithe (monaróirí, údaráis náisiúnta um thuairisciú sonraí agus údaráis chineálcheadaithe) agus idirchaidreamh leis an nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach agus leis an Lárionad Taighde Comhpháirteach;
·Tuairisciú éifeachtúil na bhfíorshonraí ídithe breosla ag monaróirí agus ag na Ballstáit a áirithiú, lena n‑áirítear bearta leantacha agus fíorú sonraí in éineacht leis an nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach;
·Anailís a dhéanamh ar na fíorshonraí, go háirithe, maidir le héabhlóid na bearna idir fíorastaíochtaí agus astaíochtaí cineálcheadaithe, agus ionchur teicniúil mionsonraithe a sholáthar le haghaidh athbhreithnithe amach anseo ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 agus ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú;
·Cinntí bliantúla an Choimisiúin maidir leis na fíorshonraí a ullmhú;
·Ceartúcháin ar shonraí comhlíontachta CO2 (sonraí clárúcháin) a ullmhú i gcás ina gcinnfear diallta bunaithe ar an nós imeachta um fíorú inseirbhíse, lena n‑áirítear bailiú éifeachtach sonraí tástála cineálcheadaithe a áirithiú in éineacht leis an Lárionad Taighde Comhpháirteach.
Beidh gá le hoifigeach breise AD chun rannchuidiú le hullmhú na Tuarascála nua ar Dhul Chun Cinn de bhun Airteagal 14a maidir leis an dul chun cinn i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar agus leis an measúnú ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú.
|
Pearsanra seachtrach
|
Ní bhaineann le hábhar
|
3.2.5. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
·I gcás an togra/tionscnaimh seo:
☑
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Ní bheartaítear aon chaiteachas oibriúcháin breise. In aon chás, fabhrófar an caiteachas a bheidh ann ar deireadh laistigh d’imchlúdach LIFE.
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.6.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
☑
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ag tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ag tríú páirtithe atá measta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
◻
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
☑
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
☑
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Airteagal 4 2 9
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáidtear chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
Tá coinne leis go dtiocfaidh ioncam chun cinn ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha is iníoctha ag monaróirí a sháraíonn a spriocanna bliantúla i leith astaíocht shonrach agus ba cheart leanúint leis sin a bhreithniú mar ioncam le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais. Níl athrú tagtha ar mhodh ríofa na bpréimheanna de thoradh an togra. Ní féidir meastachán a dhéanamh faoi leibhéal an ioncaim go dtí go mbeidh na sonraí bliantúla ar fheidhmíocht monaróirí ar fáil maidir lena spriocanna a chomhlíonadh.