EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1300

Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

OJ L 347, 20.12.2013, p. 281–288 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/12/2013

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1300/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

281


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1300/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d'Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa chéad mhír d'Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil an tAontas lena chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Ba cheart don Chiste Comhtháthaithe a bhunaítear leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, rannchuidiú airgeadais a sholáthar do thionscadail i réimse an chomhshaoil agus i réimse na ngréasán tras-Eorpach in earnáil an bhonneagair iompair.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh 1303/ 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach na forálacha is coiteann do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Is é atá sa Rialachán sin creat do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe. Is gá, dá bhrí sin, cúraimí an Chiste Chomhtháthaithe a shonrú maidir leis an gcreat sin agus maidir leis an gcuspóir a shanntar don Chiste Comhtháthaithe i CFAE.

(3)

Ba cheart forálacha sonracha maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí ar féidir leis an gCiste Comhtháthaithe tacaíocht a thabhairt dóibh, d'fhonn rannchuidiú leis na tosaíochtaí infheistíochta laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a leagan síos.

(4)

Ba cheart go mbeadh an tAontas in ann, tríd an gCiste Comhtháthaithe, rannchuidiú le gníomhaíochtaí d'fhonn a chuid cuspóirí comhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191 CFAE, a shaothrú, eadhon éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite agus, san earnáil iompair lasmuigh de na gréasáin thras-Eorpacha, iompar iarnróid, iompar aibhneacha agus muiriompar, córais iompair idirmhódacha agus a n-idir-inoibritheacht, trácht bóthair, trácht muirí agus aerthrácht a bhainistiú, iompar uirbeach glan agus iompar poiblí.

(5)

Ba cheart a mheabhrú i gcás ina mbaineann costais a mheastar a bheith díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit le bearta atá bunaithe ar Airteagal 192(1) CFAE agus ina ndéantar tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 192(5) CFAE, beidh feidhm mar sin féin ag an bprionsabal íoc mar a thruaillítear.

(6)

Tionscadail de chuid an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) arna dtacú ag an gCiste Comhtháthaithe, tá siad leis na treoirlínte arna mbunú i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4) achomhlíonadh. Chun iarrachtaí a dhíriú ina leith sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn de réir mar a shainítear iad sa Rialachán sin.

(7)

Maidir le hinfheistíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhaint amach, níor cheart go mbeadh sí incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe ós rud é go mbaineann sí tairbhe airgeadais as cur i bhfeidhm na Treorach sin cheana féin. Leis an eisiamh sin, níor cheart go gcuirfí srian ar an deis an Ciste Comhtháthaithe a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE fiú más iad na hoibreoirí eacnamaíocha céanna a chuireann na gníomhaíochtaí sin chun feidhme,agus fiú má áirítear iontu gníomhaíochtaí amhail infheistíochtaí don éifeachtúlacht fuinnimh i gcomhghiniúint teasa agus chumhachta agus sna líonraí téimh ceantair, córais chliste chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus bearta arb é is aidhm leo an truailliú aeir a laghdú, fiú más é ceann de na tionchair indíreacha a bheidh ag gníomhaíochtaí den sórt sin astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú nó má liostaítear iad sa phlean náisiúnta dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE.

(8)

Ní féidir le hinfheistíocht i dtithíocht, seachas na cinn a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh nó le húsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe mar go bhfuil siad lasmuigh de raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe de réir mar a shainítear in CFAE í.

(9)

Chun forbairt an bhonneagair iompair ar fud an Aontais a luathú, ba cheart don Chiste Comhtháthaithe tacú le tionscadail bhonneagair iompair lena ngabhann breisluach Eorpach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) do mhéid iomlán EUR 10 000 000 000. Maidir le leithdháileadh na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe do na tionscadail sin, ba cheart go gcomhlíonfadh sé na rialacha a bhunaítear faoi Airteagal 92(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, níor cheart tacaíocht a bheith ar fáil ach amháin do na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin ón gCiste Comhtháthaithe, leis na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir an gCiste sin.

(10)

Tá sé tábhachtach a áirithiú, agus infheistíocht bhainistíochta riosca á gcur chun cinn, go gcuirtear rioscaí sonracha ar leibhéal réigiúnach, trasteorann agus trasnáisiúnta san áireamh.

(11)

Ba cheart comhlántacht agus sineirgí idir idirghabhálacha a dtacaíonn an Ciste Comhtháthaithe, CFRE, sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa leo a áirithiú, chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint agus chun nasc barrmhaith de chineálacha éagsúla bonneagair ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus ar fud an Aontais, a ráthú.

(12)

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an Chiste Chomhtháthaithe, agus i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, is gá na gníomhaíochtaí atá sonrach don Chiste Comhtháthaithe a leagan amach mar 'thosaíochtaí infheistíochta' laistigh de gach cuspóir téamach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart go ndéanfaí cuspóirí mionsonraithe, nach bhfuil eisiach go frithpháirteach, a leagan amach sna tosaíochtaí infheistíochta sin, ar cuspóirí iad lena rannchuideoidh an Ciste Comhtháthaithe. Ba cheart tosaíochtaí infheistíochta den sórt sin a bheith mar bhonn do shainiú na gcuspóirí sonracha laistigh de chláir oibríochtúla ina gcuirtear riachtanais agus sainghnéithe limistéar an chláir san áireamh. Chun an tsolúbthacht a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú trí chur chun feidhme comhpháirteach, ba cheart tosaíochtaí infheistíochta CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe faoi na cuspóirí téamacha comhfhreagracha a ailíniú.

(13)

Ba cheart comhthacar de tháscairí aschuir chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a leagan amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na táscairí sin ag comhfhreagairt don tosaíocht infheistíochta agus don chineál gníomhaíochta a dtacaítear leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart na comhtháscairí aschuir a chomhlánú le táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir clár-shonracha.

(14)

Chun an Rialachán seo a leasú maidir le gnéithe neamhriachtanacha áirithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an leasaithe ar an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus an tsriain atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(16)

Ós rud é go ngabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (7), ba cheart an Rialachán sin a aisghairm. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin, dá bhrí sin, d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an cúnamh nó na tionscadail sin chun críche. Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil, arna ndéanamh nó arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006, ba cheart go mbeadh siad fós bailí.

(17)

Ionas go bhféadfar na bearta arna mbeartú a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú an Chiste Chomhtháthaithe agus ábhar

1.   Bunaítear leis seo Ciste Comhtháthaithe chun críche comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.   Leis an Rialachán seo, bunaítear cúraimí an Chiste Chomhtháthaithe agus raon feidhme a chuid tacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 2

Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe

1.   Agus cothromaíocht iomchuí á áirithiú aige agus de réir riachtanais shonracha infheistíochta agus bhonneagair gach Ballstáit, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear réimsí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ina léirítear tairbhí don chomhshaol;

(b)

TEN-T, i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh le Rialachán (AE) Uimh 1315/2013;

(c)

cúnamh teicniúil.

2.   Ní thacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b)

infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach;

(c)

infheistíocht i dtithíocht mura rud é go mbaineann sí le cur chun cinn éifeachtúlachta fuinnimh nó úsáide fuinnimh in-athnuaite;

(d)

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(e)

gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair;

(f)

infheistíocht i mbonneagar aerfort mura rud é go mbaineann sí le cosaint an chomhshaoil nó go bhfuil infheistíochtaí ag gabháil léi is gá chun a tionchar diúltach ar an gcomhshaol a mhaolú nó a laghdú.

Airteagal 3

Tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe do thionscadail bhonneagair iompair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe le tionscadail bhonneagair iompair lena ngabhann breisluach Eorpach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh 1316/2013 le haghaidh méid de EUR 10 000 000 000 i gcomhréir le hAirteagal 92(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

Airteagal 4

Tosaíochtaí infheistíochta

Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcomhréir leis na riachtanais forbartha agus leis an bpoitéinseal fáis dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 15(1) den Rialachán sin agus mar a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a)

tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile trí:

(i)

tháirgeadh agus dáileadh fuinnimh a dhíorthaítear as foinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

(ii)

éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfiontair a chur chun cinn;

(iii)

thacú le héifeachtúlacht fuinnimh, le bainistiú fuinnimh chliste agus le húsáid fuinnimh in-athnuaite i mbonneagar poiblí, lena n-áirítear i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil tithíochta;

(iv)

chórais dáilte chliste a fheidhmíonn ag leibhéal íosvóltais agus ag leibhéal meánvoltais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(v)

straitéisí ísealcharbóin a chur chun cinn do gach cineál críoch, go háirithe do cheantair uirbeacha, lena n-áirítear soghluaisteacht ilmhódach uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn agus bearta oiriúnaithe a bhaineann le maolú a chur chun cinn freisin;

(vi)

úsáid ardéifeachtúil an chomhghinte teasa agus fuinnimh bunaithe ar éileamh úsáideach teasa a chur chun cinn;

(b)

oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn trí:

(i)

thacú le hinfheistíocht le haghaidh oiriúnaithe don athrú aeráide, lena n-áirítear cineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais;

(ii)

infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha a chur chun cinn, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bainistithe tubaistí a fhorbairt;

(c)

an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí:

(i)

infheistiú san earnáil dramhaíola chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, le haghaidh infheistíochta a théann thar na ceanglais sin;

(ii)

infheistiú san earnáil uisce chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, le haghaidh infheistíochta a théann na ceanglais sin;

(iii)

an bhithéagsúlacht agus ithir a chosaint agus a athneartú agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Natura 2000 agus trí bhonneagar glas;

(iv)

ghníomh a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhshaol uirbeach, chun cathracha a athbheochan agus chun láithreáin athfhorbraíochta (lena n-áirítear limistéir atá á dtiontú) a athghiniúint agus a dhí-éilliú, chun truailliú aeir a laghdú agus chun bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn.

(d)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint, trí:

(i)

thacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh in TEN-T;

(ii)

chórais iompair neamhdhíobhálach don chomhshaol (lena n-áirítear íseal-torainn) agus íseal-charbóin a fhorbairt agus a fheabhsú lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus muiriompar, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, d'fhonn soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil inbhuanaithe a chur chun cinn;

(iii)

chórais iarnróid uilechuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(e)

feabhas a chur ar acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chun acmhainn institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a neartú.

Airteagal 5

Táscairí

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus pointe (c)(ii) agus (iv) d'Airteagal 96(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Maidir le comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha do na táscairí sin le haghaidh 2023.

3.   Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna le haghaidh 2023. Féadfar spriocanna a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin, chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chláir oibríochtúla.

Airteagal 6

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh ná do mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin, dá bhrí sin, d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil arna ndéanamh nó arna bhfhormheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006, beidh siad fós bailí.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Aisghairm

Gan dochar d'Airteagal 6 den Rialachán seo, déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 38.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 143.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1)

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1164/94 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 79).


IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE

 

AONAD

AINM

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonnaí/bliana

Acmhainn bhreise athchúrsála dramhaíola

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis daonra

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint dóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An Dúlra agus an bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Fuinneamh agus athrú aeráide

Athnuaiteáin

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

An líon líonta tí a bhfuil aicmiú tomhailte fuinnimh feabhsaithe acu

kWh/bliana

Laghdú ar thomhailt fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonnaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar ghás ceaptha teasa

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua

 

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre atá nua nó na n-uiscebhealaí intíre feabhsaithe


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.


Top