EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2301

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2301 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/9919

OJ L 458, 22.12.2021, p. 536–538 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/2301/oj

22.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 458/536


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2301 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 9 (1), pointe (c), de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953 leagtar amach Deimhniú Digiteach COVID AE arb é is cuspóir dó a bheith mar chruthúnas go bhfuair duine vacsaín COVID-19, go bhfuair duine toradh diúltach ar thástáil nó gur théarnaigh duine ó ionfhabhtú chun go n-éascófar ceart an tsealbhóra chun saorghluaiseachta le linn phaindéim COVID-19 a fheidhmiú.

(2)

Ionas go n-oibreoidh Deimhniú Digiteach COVID AE ar fud an Aontais, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún (2) lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha chun sonraí a chur i nDeimhnithe Digiteacha COVID AE agus chun iad a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán, chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe a leagan síos agus barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint.

(3)

An 17 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2014 (3) lena leagtar amach rialacha aonfhoirmeacha chun sonraí a chur sna deimhnithe vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/953 arna n-eisiúint tar éis teanndáileoga vacsaínithe in aghaidh COVID-19 a thabhairt.

(4)

De réir mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún (4), tá tréimhse chaighdeánach inghlacthachta 270 lá le cur i bhfeidhm maidir le deimhnithe vacsaínithe lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil, bíodh gur shraith phríomhúil aon dáileoige a bheadh inti, nó sraith phríomhúil dhá dháileog, nó, i gcomhréir le straitéis vacsaínithe an Bhallstáit inar tugadh an vacsaíniú, sraith phríomhúil aon dáileoige de vacsaín dhá dháileog i gcás duine a raibh ionfhabhtú SARS-CoV-2 air cheana. An tráth céanna, níl tréimhse bhailíochta le leagan síos maidir le deimhnithe lena léirítear gur tugadh teanndáileoga nó gur tugadh dáileoga breise chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine nach léiríonn freagairt imdhíonachta leordhóthanach tar éis dóibh an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú. Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear dáileoga breise den chineál sin freisin le tagairtí do theanndáileoga sa Rialachán seo.

(5)

Chun bheith in inmhe idirdhealú, i ngach cás, idir deimhnithe a eisítear ar bhonn chríochnú na sraithe vacsaínithe príomhúla agus deimhnithe a eisítear ar bhonn teanndáileog a bheith tugtha, ba cheart na rialacha aonfhoirmeacha maidir le sonraí a chur sna deimhnithe vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/953 a oiriúnú.

(6)

Deimhnithe ina leantar rialacha difriúla maidir le hionchódú na dteanndáileog, ba cheart do na Ballstáit iad a atheisiúint ionas nach gcuirfear an tréimhse chaighdeánach bhailíochta 270 i bhfeidhm maidir leo.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 a leasú dá réir sin.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug sé barúlacha foirmiúla an 14 Nollaig 2021.

(9)

I bhfianaise an ghá atá le cur chun feidhme tapa na sonraíochtaí teicniúla leasaithe le haghaidh Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2014 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 410, 18.11.2021, lch. 180).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (Féach leathanach 459 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073:

‘5.2.   Teanndáileoga

I gcás ina dtugtar dáileoga do dhuine tar éis na sraithe vacsaínithe príomhúla, is mar a leanas a chuirfear na teanndáileoga sin in iúl sna deimhnithe comhfhreagracha:

Sonraítear le 2/1 gur tugadh teanndáileog tar éis cúrsa vacsaínithe aon dáileoige príomhúil, nó gur tugadh teanndáileog tar éis cúrsa príomhúil a chríochnú ina bhfuil dáileog amháin de vacsaín 2-dháileog a thugtar do dhuine téarnaithe i gcomhréir leis an bprótacal vacsaínithe a chuir Ballstát i bhfeidhm. Tar éis sin, sonrófar na dáileoga (X) a thugtar tar éis na chéad teanndáileoige le (2+X)/(1) > 1 (3/1, mar shampla);

Sonraítear le 3/3 gur tugadh teanndáileog tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dháileog a fháil. Tar éis sin, sonrófar na dáileoga (X) a thugtar tar éis na chéad teanndáileoige le (3+X)/(3+X) = 1 (4/4, mar shampla).

Cuirfidh na Ballstáit na rialacha ionchódaithe a leagtar amach sa Roinn seo chun feidhme faoin 1 Feabhra 2022.

Atheiseoidh na Ballstáit, go huathoibríoch nó arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, deimhnithe vacsaínithe ina n-ionchódaítear tabhairt teanndáileoige tar éis cúrsa vacsaínithe aon dáileoige príomhúil ar bhealach nach bhféadfar é sin a idirdhealú ón tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith críochnaithe.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear freisin, le tagairtí do ‘theanndáileoga’, dáileoga breise a thugtar chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine nach léiríonn freagairt imdhíonachta leordhóthanach tar éis dóibh an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú. Féadfaidh na Ballstáit, laistigh den chreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar staid grúpaí leochaileacha a d’fhéadfadh dáileoga breise a fháil mar ábhar tosaíochta. Mar shampla, má chinneann Ballstát dáileoga breise a thabhairt d’fhoghrúpaí sonracha den daonra agus do na foghrúpaí sin amháin, féadfaidh sé a roghnú, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/953, gan deimhnithe vacsaínithe a eisiúint lena léirítear gur tugadh na dáileoga breise sin ach amháin arna iarraidh sin seachas ar bhonn uathoibríoch. I gcás ina nglacfar bearta den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit na daoine lena mbaineann ar an eolas dá réir sin, agus cuirfidh siad in iúl dóibh freisin go bhféadfaidh siad leanúint d’úsáid a bhaint as an deimhniú a fuarthas tar éis dóibh an tsraith chaighdeánach vacsaínithe phríomhúil a chríochnú.’.


Top