EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0559

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM/2021/559 final

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 559 final

2021/0223(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 560 final} - {SWD(2021) 631 final} - {SWD(2021) 632 final} - {SWD(2021) 637 final} - {SWD(2021) 638 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Baineann an togra seo le Rialachán nua a chruthú maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid. Leis an Rialachán nua aisghairfear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid 1 .

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Is nithe riachtanacha iad an tsoghluaisteacht agus an t‑iompar do gach duine atá ina chónaí san Eoraip agus do gheilleagar na hEorpa ina iomláine. Saoirse bhunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh agus a mhargaidh aonair is ea saorghluaiseacht daoine agus earraí ar fud theorainneacha inmheánacha an Aontais. Is rud í an tsoghluaisteacht ag a bhfuil tairbhí socheacnamaíocha go leor don phobal agus do ghnólachtaí Eorpacha, ach tá tionchar méadaitheach aici freisin ar an gcomhshaol, lena n‑áirítear i bhfoirm an mhéadaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar thruailliú aeir áitiúil, rud a dhéanann difear do shláinte agus d’fholláine an duine.

I mí na Nollag 2019, ghlac an Coimisiún an teachtaireacht maidir leis an Margadh Glas don Eoraip 2 . Iarrtar sa Chomhaontú Glas don Eoraip go dtiocfaidh laghdú 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil iompair. Is é an aidhm atá ann go gur geilleagar aeráidneodrach a bheidh san Aontas faoi 2050, agus san am céanna go mbeidh sé ag obair i dtreo uaillmhian maidir le bheith saor ó thruailliú. I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún a thogra le haghaidh an Dlí Aeráide Eorpaigh chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus chun an Eoraip a chur ar chosán stuama chun bheith aeráidneodrach faoi 2050 3 . Sa teachtaireacht maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid 4 tugtar faoi deara a ábhartha atá cur chuige iomlánaíoch maidir leis an bpleanáil bonneagair ar mhórscála agus an phleanáil bonneagair áitiúil agus an gá atá le bonneagar breoslaí ionadúla a leathadh go hiomchuí chun tacú leis an aistriú chuig flít gluaisteán atá nach mór saor ó astaíochtaí faoi 2050. An 21 Aibreán 2021, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach.

I mí na Nollag 2020, ghlac an Coimisiún an teachtaireacht maidir leis an an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 5 ). Leagtar síos sa straitéis an bunús maidir leis an mbealach ar féidir le córas iompair an Aontais an claochlú sin a bhaint amach agus leagtar síos inti garspriocanna nithiúla chun a áirithiú go ndéanfar an dul chun cinn cuí chun aistriú an chórais iompair go córas cliste inbhuanaithe amach anseo a bhaint amach. Tá earnáil an iompair fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise. Dlús a chur le glacadh feithiclí, soithí agus eitleán astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, agus breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin i ngach modh iompair, is cuspóir tosaíochta é sin chun gach modh iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe.

Imscaradh agus úsáid mhéadaithe breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin, is nithe iad sin nach mór a bheith i gcomhréir le cruthú líonra chuimsithigh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, líonra a bheidh bunaithe ar bhealach atá cothrom ó thaobh na geografaíochta ionas go mbainfear úsáid fhorleathan as feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha i ngach modh iompair. I margaí na ngluaisteán paisinéirí go háirithe, ní athróidh formhór na dtomhaltóirí go dtí feithiclí astaíochtaí nialasacha go dtí go mbeidh siad cinnte de gur féidir leo a bhfeithiclí a athluchtú nó a athbhreoslú aon áit san Aontas agus go mbeidh sé chomh héasca céanna sin a dhéanamh agus atá faoi láthair i gcás feithiclí a bhreoslaítear ar an ngnáthbhealach. Tá sé tábhachtach nach bhfágfar aon réigiún ná críoch de chuid an Aontais ar lár agus gur go críochnúil a thabharfar aghaidh i bhfoirmiú agus i gcur chun feidhme na gcreataí beartais náisiúnta ar na héagsúlachtaí réigiúnacha atá ann i dtaca le himscaradh an bhonneagair le haghaidh breoslaí ionadúla.

Le Treoir 2014/94/AE maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a úsáid (‘an Treoir’) leagtar amach creat de bhearta coiteanna chun an bonneagar sin a imscaradh san Aontas. Cuireann sé de cheangal ar na Ballstáit creataí beartais náisiúnta a bhunú chun margaí a bhunú le haghaidh breoslaí ionadúla agus cuireann sé de cheangal orthu a áirithiú go gcuirfear líon iomchuí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fáil don phobal, go háirithe chun saorchúrsaíocht trasteorann feithiclí agus soithí den sórt sin a chumasú ar líonra TEN-T. Thug an Coimisiún dá aire sa tuarascáil uaidh le déanaí maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/94/AE i dtaca le bonneagar breoslaí ionadúla a úsáid, go ndearnadh roinnt dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Treorach 6 . Mar sin féin, is léir easnaimh an chreata beartais atá ann faoi láthair freisin: ós rud é nach ann do mhodheolaíocht mhionsonraithe cheangailteach do na Ballstáit chun spriocanna a ríomh agus bearta a ghlacadh, tá éagsúlacht mhór ann maidir lena leibhéal uaillmhéine i dtaca le spriocanna a leagan síos agus le tacaíocht a thabhairt do bheartais atá i bhfeidhm. Is é conclúid na tuarascála nach ann do líonra cuimsitheach iomlán de bhonneagar breoslaí ionadúla san Aontas. Ar an gcaoi chéanna, thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá haire ina tuarascáil speisialta maidir le bonneagar athluchtaithe gurb ann fós do na bacainní ar thaisteal i bhfeithiclí leictreacha ar fud an Aontais agus nach mór dlús a chur le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe san Aontas 7 .

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Treoir seo 8 . Fuarthas amach sa mheastóireacht nach bhfuil an Treoir oiriúnaithe go maith chun freastal ar an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid le haghaidh 2030. Ar na príomhfhadhbanna atá ann, níl an leibhéal uaillmhéine, comhsheasmhachta agus comhleanúnachais is gá i bpleanáil bonneagair na mBallstát, rud a fhágann easpa bonneagair agus é leithdháilte go míchothrom. Tá tuilleadh saincheisteanna idir‑inoibritheachta le naisc fhisiceacha fós ann, cé go bhfuil saincheisteanna nua tagtha chun cinn maidir le caighdeáin chumarsáide, lena n‑áirítear malartú sonraí i measc na ngníomhaithe éagsúla in éiceachóras na leictrea-shoghluaisteachta. Ar deireadh, tá easpa faisnéis thrédhearcach ann do thomhaltóirí agus tá easpa córais choiteanna íocaíochta ann freisin, rud a chuireann srian ar inghlacthacht úsáideoirí. Gan tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, an easpa bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe idir‑inoibritheach seo, ar bonneagar é atá éasca le húsáid, is dócha gur bacainn a bheidh san easpa sin ar an bhfás margaidh, fás a bhfuil gá leis, i dtaca le feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus – san am atá le teacht – aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha.

Is cuid de shraith fhoriomlán na dtionscnamh beartais idirnasctha faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ é an togra seo. Comhfhreagraíonn na tionscnaimh bheartais sin do na gníomhaíochtaí is gá i ngach earnáil den gheilleagar chun na hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú chun an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid do 2030 a bhaint amach, mar a thuairiscítear i gclár oibre an Choimisiúin do 2021 9 .

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo a áirithiú go mbeidh gréasán dlúth, forleathan de bhonneagar breoslaí ionadúla ar fáil agus inúsáide ar fud an Aontais. Ní mór d’úsáideoirí uile na bhfeithiclí breosla ionadúla (lena n‑áirítear soithí agus aerárthaí) a bheith in ann gluaiseacht tríd an Aontas ar a gcompord, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin príomh-bhonneagair amhail mótarbhealaí, calafoirt agus aerfoirt. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: (i) bonneagar íosta a áirithiú chun tacú leis an nglacadh is gá ar fheithiclí breosla ionadúla i ngach modh iompair agus i ngach Ballstát d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid a bhaint amach; (ii) idir‑inoibritheacht iomlán an bhonneagair a áirithiú; agus (iii) faisnéis iomlán úsáideoirí agus roghanna íocaíochta leordhóthanacha a áirithiú.

Chun sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú agus cómhargadh iompair an Aontais a fhorbairt, ní mór nascacht iomlán agus taithí rianúil a bheith ag úsáideoirí ar ghréasán iompair na hEorpa i gcás feithiclí, soithí agus aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Dá réir sin, tá gá le cainníocht leordhóthanach agus idir‑inoibritheacht iomlán an bhonneagair thar theorainneacha. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin le comhchreat reachtach Eorpach. Cuideoidh an tionscnamh seo le flíteanna feithiclí, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus faisnéis agus seirbhísí úsáideoirí a fhorbairt agus a leathadh go comhleanúnach comhsheasmhach .

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le tionscnaimh bheartais eile an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Tá an tionscnamh seo ina chomhlánú ar na nithe seo a leanas go háirithe: (i) na rialacháin lena leagtar síos na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí nua agus feithiclí tráchtála saothair éadroim nua 10 agus feithiclí tromshaothair 11 ; agus (ii) an togra reachtach maidir le caighdeáin feidhmíochta nua maidir le hastaíochtaí CO2 a leagan síos le haghaidh gluaisteáin nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis 2020, togra atá mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ freisin 12 . Leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 spreagtar imscaradh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle, rud a chruthaíonn éileamh ar bhonneagar breoslaí ionadúla freisin. Leis an tionscnamh seo, beifear in ann an t‑aistriú sin a dhéanamh trína áirithiú go mbeidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe leordhóthanach, atá ar fáil go poiblí, i bhfeidhm le haghaidh feithiclí iompair saothair éadroim agus tromshaothair de bhóthar.

Gníomhaíonn an tionscnamh seo freisin i sineirgíocht láidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite 13 , leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe (An Tionscnamh Eitlíochta RefuelEU) 14 agus leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid san iompar muirí (An Tionscnamh Muirí FuelEU) 15 , ina leagtar síos oibleagáidí maidir le soláthar breoslaí iompair in‑athnuaite agus ísealcharbóin agus maidir le héileamh ar bhreoslaí iompair inathnuaite agus ísealcharbóin. Le gach ceann de na hionstraimí sin cuirtear chun cinn méadú ar sholáthar nó ar éileamh breoslaí ionadúla inbhuanaithe i modh iompair amháin nó níos mó.

Maidir le huisce-iompar, comhlíonann an tionscnamh seo an ceanglas soiléir a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip maidir le ceangal a chur ar longa atá tugtha chun duga leictreachas cois cladaigh a úsáid. Tá sé go hiomlán ina chomhlánú leis An Tionscnamh Muirí FuelEU trína áirithiú go ndéantar soláthar leictreachais cois cladaigh leordhóthanach a shuiteáil i gcalafoirt chun leictreachas a sholáthar agus go bhfuil longa paisinéirí (lena n‑áirítear longa paisinéirí róró, árthaí paisinéirí ardluais agus longa cúrsála) agus soithí coimeádán atá i mbeart agus go bhfreastalaítear ar an éileamh ar gháis dhícharbónaithe (i.e. bith-LNG agus breoslaí gásacha sintéiseacha (leictreaghás)). I gcás longa paisinéirí, athraíonn na catagóirí éagsúla long ó thaobh na riachtanas le cumhacht atá acu fad agus atá siad i mbeart, rud a fhágann go mbíonn riachtanais infheistíochta dhifriúla ag an gcalafort. Ní mór an méid sin a chur leis na tréithe oibríochtúla éagsúla atá ag calafoirt, lena n‑áirítear leagan amach agus críochfoirt. Ar an gcúis sin, déantar idirdhealú breise ar longa paisinéirí i gcomparáid leis an tionscnamh muirí FuelEU, nó sainaithnítear dhá chatagóir, catagóir le haghaidh longa paisinéirí róró agus soithí paisinéirí ardluais, agus catagóir le haghaidh longa paisinéirí eile, go háirithe longa cúrsála. Dá bhrí sin, in éineacht leis an tionscnamh muirí FuelEU, cuidíonn sé leis an tsaincheist 'an sicín agus an ubh' atá ann faoi láthair a shárú, rud a d’fhág go raibh éileamh an‑íseal ar oibreoirí long nascadh leis an eangach leictreach fad atá an long i mbeart agus nach bhfuil sé chomh tarraingteach céanna do chalafoirt infheistíocht a dhéanamh sa leictreachas gearrthonnach. Tá baol ann go gcuirfí isteach ar an gcothrom iomaíochta idir calafoirt, go háirithe i gcás infheisteoirí luatha, más go teoranta a thugtar soláthar cumhachta ar tír isteach i gcalafoirt toisc go bhféadfadh soithí nach bhfuil soláthar cumhachta ar tír feistithe iontu a gcuid tráchta a aistriú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach íoscheanglais a leagan síos le haghaidh calafoirt mhuirí ar fud líonra TEN-T ina iomláine.

Tá an tionscnamh ina chomhlánú freisin leis an tionscnamh eitlíochta ReFuelEU. Trí bhíthin forálacha maidir le soláthar leictreachais le haghaidh gach aerárthaigh atá ina stad is comhlánú é ar an iarracht atá á shaothrú leis an tionscnamh sin ar son breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, nach dteastaíonn bonneagar athbhreoslaithe ar leithligh lena n‑aghaidh den chuid is mó, agus ar an gcaoi sin, tacaíonn sé le dícharbónú na hearnála eitlíochta.

Le hais an togra reachtaigh, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar an ngá atá le gníomhaíochtaí breise taighde agus nuálaíochta (R&I), go háirithe tríd an gComhpháirtíocht maidir le hUisce-Iompar Astaíochtaí Nialasacha atá beartaithe ag an Ardán Teicneolaíochta Uisce-Iompair faoin gclár Fís Eorpach, Comhghnóthas Clan Sky 2 agus an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan a oibríonn i sineirge leis an dá chomhpháirtíocht iompair sin.

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach freisin leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite. Féachann sé lena áirithiú nach gcuireann easpa bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe bac ar bhorradh a chur faoi bhreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil iompair, i gcás ina bhfuil bonneagar ar leith ag teastáil uathu. Ar leibhéal an Aontais, níl aon ionstraim bheartais ann atá coibhéiseach leis an Treoir maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla chun a áirithiú go ndéanfar bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a bhfuil rochtain phoiblí air a imscaradh ar bhealach comhchosúil sna modhanna iompair uile. Tá dlúthnasc ag an tionscnamh seo leis an togra atá le teacht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis na Treoirlínte don Ghréasán Tras‑Eorpach Iompair 16 . Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán sin, cuirfear le bonneagar na mbreoslaí ionadúla atá á n‑imscaradh cheana féin trí bhíthin tionscadail aonair ar chonairí ghréasán TEN-T agus beidh sé ina chomhlánú ar an mbonneagar sin. Trí fhorálacha an tionscnaimh seo a chrostagairt go comhsheasmhach, áiritheofar leis an athbhreithniú ar an Rialachán go mbeidh cumhdach leordhóthanach ar chroíghréasán agus ar ghréasán cuimsitheach TEN-T.

Trína áirithiú go mbeidh an bonneagar is gá ann i gcomhair feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, beidh an tionscnamh seo ina chomhlánú ar shraith de thionscnaimh bheartais eile faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ lena spreagtar éileamh ar fheithiclí den sórt sin trí chomharthaí praghais a leagan síos, ar comharthaí iad ina gcuirtear san áireamh seachtrachtaí aeráide agus comhshaoil breoslaí iontaise; áirítear sna tionscnaimh sin an t‑athbhreithniú ar an gCóras Trádála Astaíochtaí 17 , agus an t‑athbhreithniú ar Threoir an Aontais maidir le Cánachas Fuinnimh 18 .

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní mór don tionscnamh seo oibriú i sineirge leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh 19 (EPBD), ar treoir í lena dtugtar aghaidh ar bhonneagar athluchtaithe príobháideach trí cheanglais a leagan síos maidir le bonneagar athluchtaithe i bhfoirgnimh a leathadh. Is go críochnúil a tugadh aghaidh ar an gcaidreamh atá ann idir an bonneagar athluchtaithe poiblí agus an bonneagar athluchtaithe príobháideach sa mheasúnú tionchair atá mar thaca leis an tionscnamh beartais seo.

Trína áirithiú go mbeidh an bonneagar is gá ann i gcomhair feithiclí agus soithí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, beidh an tionscnamh seo ina chomhlánú le hiarrachtaí beartais maidir le luchtú ar bóthar, arb iarrachtaí iad atá ceaptha le héileamh ar fheithiclí den sórt sin a spreagadh freisin. Is é an aidhm atá ann seachtrachtaí aeráide agus comhshaoil breoslaí iontaise a ionchorprú ar bhealach níos fearr, faoi mar atá beartaithe leis an Treoir Eoraifínéid 20 , treoir a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair freisin.

Ionstraim bheartais eile atá dírithe ar dhlús a chur le himscaradh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha is ea an Treoir maidir le Feithiclí Glana 21 . Trí theacht níos leithne a bheith ar an mbonneagar agus le leathadh níos tapúla feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle éascófar go hindíreach imscaradh feithiclí glana i bhflíteanna poiblí. Mar sin féin, bíonn cabhlaigh phoiblí (flít busanna go háirithe) ag brath ar a bpointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe féin seachas ar bhonneagar atá inrochtana go poiblí. Is trí chaighdeánú den chuid is mó a dhéantar idirghníomhú leis an Treoir chun an idir‑inoibritheacht a áirithiú.

Cuid thábhachtach de straitéis hidrigine an Choimisiúin 22 agus de straitéis an Choimisiúin maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh chliste 23 is ea tuilleadh feithiclí hidrigine agus feithiclí ceallra-leictreacha a imscaradh i bhflít an Aontais; bheadh riosca ann go gcuirfí na huaillmhianta sin i mbaol mura leor an teacht atá ar an mbonneagar comhfhreagrach le haghaidh feithiclí.

Trí imscaradh an mhéadaithe ar an líon feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a éascú, cuireann an tionscnamh seo leis an uaillmhian sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bheith saor ó thruailliú, rud atá ina chomhlánú leis na caighdeáin astaíochtaí truailleán Euro 6 (i gcás gluaisteán agus veaineanna) 24 agus Euro VI (i gcás busanna agus leoraithe) 25 , lena leagtar síos teorainneacha astaíochtaí le haghaidh gach feithicle.

Ar deireadh, oibríonn an tionscnamh seo i gcomhar leis an Treoir maidir le Córais Chliste Iompair 26 , a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún togra le haghaidh athbhreithniú a thíolacadh ina leith níos déanaí i mbliana, agus a ghníomhartha tarmligthe, go háirithe an Rialachán Tarmligthe maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor‑ama ar fud an Aontais 27 . An timpeallacht sonraí mhearathraitheach le haghaidh breoslaí ionadúla, fágann sí nach mór don tionscnamh seo na cineálacha sonraí ábhartha atá le cur ar fáil a shonrú, i sineirge leis an gcreat ginearálta a bhunaítear sa Treoir maidir le Córais Chliste Iompair.

Is é Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais i dtaca leis an taighde agus an nuálaíocht de 28 . Téann sé i ngleic leis an athrú aeráide, cuidíonn sé le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus cuireann sé borradh faoi iomaíochas agus fás an Aontais. Braisle 5: Is é is aidhm don bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’ aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí earnálacha an fhuinnimh agus an iompair a dhéanamh níos fabhraí don aeráid agus don chomhshaol, sin agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche, níos cliste, níos sábháilte agus níos athléimní. Is féidir leis an taighde agus an nuálaíocht Eorpach clár oibre claochlaitheach an Mhargaidh Ghlais a spreagadh, a stiúradh agus a bhrostú, trí threoir a leagan síos, trí réitigh a thástáil agus a léiriú, trí aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha, agus trína áirithiú gur beartas comhleanúnach atá fabhrach don nuálaíocht agus atá bunaithe ar fhianaise é an beartas a dhéantar. Na comhpháirtíochtaí maidir le hIompar ar Bóthar Astaíochtaí Nialasacha (2Zero), an tSoghluaisteacht Nasctha, Chomhoibritheach Uathoibrithe (CCAM), Slabhra Luacha Eorpach le hAghaidh Ceallraí Tionsclaíocha (Batt4EU), Hidrigin Ghlan, Aistriú chuig Fuinneamh Glan agus Aistrithe Uirbeacha a Spreagadh ionsar Thodhchaí Inbhuanaithe, beidh ról lárnach ag na comhpháirtíochtaí sin i dtaca le soghluaisteacht a bheidh aeráidneodrach agus fabhrach don chomhshaol a bhaint amach. Is é is aidhm do Mhisean Fís Eorpach maidir le cathracha aeráidneodracha cliste 29 , tacú le 100 cathair Eorpach, iad a chur chun cinn agus a léiriú le linn dóibh a bheith ag claochlú go córasach ionsar an aeráidneodracht faoi 2030.

Beidh ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe chun cuidiú leis na réigiúin uile agus iad i mbun a n‑aistrithe i dtreo Eoraip níos glaise agus aeráidneodraí. Tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ar fáil chun tacú le hinfheistíocht sa nuálaíocht agus san imscaradh, go háirithe sna Ballstáit agus sna réigiúin bheagfhorbartha. Leis an mbeartas comhtháthaithe tabharfar tacaíocht do chóras iompair atá inbhuanaithe, cliste agus athléimneach, tacaíocht lena gcumhdófar gach modh iompair agus gach leibhéal den chóras iompair i gcomhréir leis na ceanglais agus na tosaíochtaí sonracha arna sainaithint sna cláir náisiúnta agus réigiúnacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, bunaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) saincheart an Aontais forálacha a leagan síos maidir le comhbheartas iompair, Teideal VI (Airteagail 90-91), agus maidir leis na líonraí tras‑Eorpacha, Teideal XVI (Airteagail 170-171). Agus an creat dlíthiúil sin á chur san áireamh, is féidir, trí bhíthin ghníomhaíocht an Aontais, comhordú níos fearr a dhéanamh ar imscaradh cothrom forleathan bonneagair breoslaí ionadúla, seachas a bheith ag brath ar na Ballstáit amháin. Leis sin éascaítear an taisteal ar fud an Aontais i bhfeithiclí breosla ionadúil i gcás úsáideoirí pearsanta agus gnólachtaí araon. Ina theannta sin, i dtaca leis an easpa maidir le bonneagar breoslaí ionadúla nó le himscaradh easnamhach bonneagair breoslaí ionadúla, cuidíonn sé lena áirithiú nach n‑éireoidh siad ina mbac ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh agus lena áirithiú nach ndíspreagfar tionscal na ngluaisteán le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a tháirgeadh.

Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le hastaíochtaí iompair a laghdú (arna gcomhthacú leis an straitéis maidir leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe chliste) a bhaint amach, is gá an líon feithiclí agus soithí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhéadú go suntasach. Ní dhéanfar sin gan líonra comhtháite iomlán de bhonneagar breoslaí ionadúla atá idir‑inoibritheach go hiomlán a imscaradh ionas gur féidir taisteal ar fud an Aontais i bhfeithicil breosla ionadúil. Faoi mar a tugadh faoi deara nuair a glacadh an Treoir atá ann faoi láthair, ní féidir leis na Ballstáit líonra den sórt sin a fhorbairt go leordhóthanach astu féin; ina ionad sin, tá gá le hidirghabháil ón Aontas.

2.2.Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Sa mheastóireacht ar an Treoir atá ann faoi láthair, i gcomhar leis an measúnú ar thuarascálacha náisiúnta cur chun feidhme arna gcur isteach ag na Ballstáit, cuirtear béim ar bhreisluach an Aontais maidir leis an idirghabháil sin ó thaobh na héifeachtachta, na héifeachtúlachta agus na sineirgíochtaí de. Léiríodh sa mheastóireacht gur chuidiú áirithe é creat coiteann de chuid an Aontais a fhorbairt le hilroinnt a sheachaint. Bhí creat den sórt sin ina thaca le beartais náisiúnta a fhorbairt chun bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt sna Ballstáit uile agus bhí sé ina thaca le cothrom iomaíochta níos fearr a bhunú laistigh den tionscal. Trí idir‑inoibritheacht agus caighdeáin theicniúla ábhartha a spreagadh agus trí spriocanna maidir le hamscálaí comhchosúla a leagan síos, leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais cuireadh faoi deara roinnt coigilteas ar chostais agus b'fhearrde an luach ar airgead trí bharainneachtaí scála a éascú, trí dhúbláil iarrachta agus acmhainní a sheachaint, agus trí infheistíochtaí cistiúcháin a sholáthar don bhonneagar. Le cur chun feidhme na Treorach (agus a gníomhaíochtaí tacaíochta) éascaíodh an comhar agus an malartú faisnéise maidir le breoslaí ionadúla idir an tionscal agus gníomhaithe poiblí ábhartha. Gan an Treoir, is dóigh nach mbeadh comhar den sórt sin ann.

Gan idirghabháil ón Aontas, is fíor‑éadóigh go bhforbrófaí líonra comhtháite iomlán de bhonneagar breoslaí ionadúla atá idir‑inoibritheach go hiomlán ar fud na mBallstát uile, rud a fhágann gur féidir taisteal ar fud an Aontais i bhfeithicil breosla ionadúil. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é an méid sin i dtaca le glacadh na bhfeithiclí sin ar fud an Aontais, rud atá fíorthábhachtach chun go gcomhlíonfaidh an tAontas a uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid in 2030.

2.3.Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna leagan síos a ghnóthú. Meastar gur bearta iad uile atá comhréireach ó thaobh a dtionchar de, faoi mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo 30 . Leis an idirghabháil atá beartaithe leagtar síos ceanglais níos ceangailtí ar na Ballstáit chun a áirithiú go nglacfar bonneagar leordhóthanach atá inrochtana go poiblí chun feithiclí breoslaí ionadúla a athluchtú agus a athbhreoslú san Aontas. Is gá sin chun gur féidir leis an Aontas an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid agus fuinneamh a bhaint amach faoi 2030 agus chun an cuspóir foriomlán a chomhlíonadh, eadhon an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, cuspóir a léirítear, i measc nithe eile, sna caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna agus i dtaca leis an nascacht trasteorann le haghaidh na bhfeithiclí sin i gcroíghréasán agus gréasán cuimsitheach TEN-T.

Is léir, ón taithí a fuarthas maidir leis an Treoir atá ann faoi láthair a chur chun feidhme, go bhfuil gá leis an idirghabháil athbhreithnithe sin. Le cur chun feidhme na Treorach atá ann faoi láthair is go neamhchothrom atá an bonneagar á leathadh sna Ballstáit, agus níltear ag cur leis an líonra dlúth de bhonneagar breoslaí ionadúla a theastaíonn. Léiríodh é sin go hiomlán sa tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/94/AE maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla 31 agus sa mheasúnú tionchair atá ina thaca leis an tionscnamh atá ann faoi láthair. Tá cineál agus raon feidhme na faidhbe ar aon dul le chéile ar fud na mBallstát agus tá fianaise ann go bhfuil gá le nascacht trasteorann a áirithiú d’fheithiclí breoslaí ionadúla san Aontas agus go bhfuil breisluach ag baint leis an nascacht sin, rud a thugann údar cuí le gníomhaíocht an Aontais.

Leis an tionscnamh seo cruthaítear creat beartais cobhsaí trédhearcach lena gcuideofar le margaí oscailte iomaíocha a chruthú, rud a spreagfaidh infheistíocht i mbonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe i ngach modh iompair. Bunaítear leis íosmhéid choiteann trínar féidir leis na margaí tuilleadh bonneagair a thógáil agus trínar féidir leo tosú ag seachadadh tuilleadh bonneagar mar fhreagairt ar an éileamh ó mhargaí ar fheithiclí, agus é sin bunaithe ar shásra sprice soiléir trédhearcach a bhfuil feidhm aige ar fud an Aontais.

2.4.An rogha ionstraime

Cé gur Treoir an rogha thosaíochta ba thoradh ar an Measúnú Tionchair, shocraigh an Coimisiún Rialachán a mholadh. Trí Rialachán a roghnú, áirithítear forbairt thapa chomhleanúnach ionsar líonra dlúth, forleathan ina mbeidh bonneagar athluchtaithe atá idir‑inoibritheach go hiomlán i ngach Ballstát. Tá bonn cirt leis an gcinneadh go háirithe i bhfianaise an ghá atá le spriocanna flítbhunaithe náisiúnta íosta maidir le himscaradh arna socrú ar leibhéal na mBallstát a chur chun feidhme go tapa comhleanúnach agus i bhfianaise na spriocanna acharbhunaithe éigeantacha feadh ghréasán TEN-T, toisc nár mhór na chéad spriocanna atá beartaithe a bhaint amach faoi 2025. I bhfianaise an amscála sin, is rud an‑ábhartha anois é, i dtaca le tacú le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle sa mhargadh, líonra de bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe, atá dlúth agus forleathan a dhóthain, le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle a chur ar bun ar aon luas agus faoi na coinníollacha céanna ar fud an Aontais. Chuige sin, is gá cheana féin, roimh 2025, pleananna agus bearta na mBallstát a cheapadh agus a fhorbairt chun na spriocanna a bhaint amach. Le Rialachán nua, bunaítear oibleagáidí a bheidh ceangailteach go soiléir agus infheidhme go díreach ar na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, agus lena n‑áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm agus chun feidhme iad ar bhealach comhleanúnach tráthúil ar fud an Aontais san aon am amháin. Sheachnófaí leis sin an baol go mbeadh moilleanna agus neamhréireachtaí ann sna próisis náisiúnta trasuite, agus ar an gcaoi sin chruthófaí cothrom iomaíochta soiléir i gcás margaí, rud a chuideodh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Bunófar leis an Rialachán sásra rialachais níos stóinsithe lena rianófar dul chun cinn na mBallstát maidir leis na spriocanna a bhaint amach agus lena gcuirfear ar a gcumas do na Ballstáit na dreasachtaí cearta a shocrú ionas gur féidir le margaí athluchtaithe iomaíocha dul chun cinn a dhéanamh. A bhuí le hamlínte soiléire maidir le creataí beartais náisiúnta na mBallstát a cheapadh agus a fhorbairt chun na spriocanna a bhaint amach, is féidir, trí bhíthin sásraí faireacháin agus tuairiscithe stóinsithe, agus trí bhíthin forálacha maidir le bearta ceartaitheacha ag na Ballstáit, is féidir faireachán agus stiúradh éifeachtach foriomlán a dhéanamh ar iarrachtaí na mBallstát na spriocanna a bhaint amach. Ráthaítear cur chuige den sórt sin leis an tionscnamh seo.

3.TORTHAÍÓMHEASTÓIREACHTAÍ EX POST,MEASTÓIREACHTAÍ, COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Léirigh meastóireacht ex post ‘REFIT’ go raibh an Treoir ina taca le beartais agus bearta a fhorbairt maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a chur i bhfeidhm sna Ballstáit, go háirithe tríd an gceanglas maidir le creataí beartais náisiúnta a fhorbairt 32 .

Mar sin féin, léiríodh sa mheastóireacht freisin easnaimh sa chreat beartais atá ann faoi láthair. Thairis sin, níor baineadh amach príomhchuspóir na Treorach, eadhon forbairt chomhleanúnach margaidh a áirithiú san Aontas. Tagann easnaimh chun cinn go háirithe sna trí réimse seo a leanas: i) gan líonra iomlán bonneagair a bheith ann lenar féidir taisteal go héasca ar fud an Aontais; (ii) an gá atá le sonraíochtaí teicniúla coiteanna breise chun idir‑inoibritheacht a áirithiú i bhfianaise teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; agus (iii) easpa faisnéis iomlán don úsáideoir, modhanna íocaíochta aonfhoirmeacha atá éasca le húsáid agus trédhearcacht iomlán ó thaobh praghsanna de ar fud an Aontais.

Is é conclúid na meastóireachta go bhfuil an margadh foriomlán Eorpach le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla fós ag céim forbartha luath go leor, 6 bliana tar éis ghlacadh na Treorach, cé go bhfuil na margaí ag dul in aibíocht i gcodanna áirithe den Aontas. I bhfianaise a ábhartha atá sé bonneagar leordhóthanach a áirithiú chun tacú leis an nglacadh is gá le feithiclí agus soithí i bhfianaise uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid le haghaidh 2030, sa mheastóireacht ar an Treoir moladh an reachtaíocht a choinneáil ach gur cheart í a athbhreithniú.

3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheasúnú tionchair, chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara i bhformáidí éagsúla.

Comhairliúchán poiblí ar an measúnú ar thionchar tionscanta 33 le haghaidh an tionscnaimh seo, comhairliúchán a bhí ar siúl ón 6 Aibreán go dtí an 4 Bealtaine 2020. Fuair an Coimisiún 86 fhreagra - is ó chuideachtaí agus ó chomhlachais ghnó a fuarthas an chuid is mó díobh (61). Thug eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránaigh freagra ar an measúnú ar thionchar tionscanta freisin, faoi mar a rinne líonra cathracha amháin.

Comhairliúchán poiblí oscailte arna eagrú ag an gCoimisiún, a bhí ar siúl ón 6 Aibreán 2020 go dtí an 29 Meitheamh 2020. Sa chomhairliúchán tugadh cuireadh do gach duine den phobal agus d’eagraíochtaí ionchur a thabhairt maidir leis an meastóireacht agus maidir leis an measúnú tionchair araon 34 . Fuarthas 324 fhreagra san iomlán.

Agallaimh agus suirbhéanna spriocdhírithe le páirtithe leasmhara idir mí Dheireadh Fómhair 2020 agus mí Eanáir 2021: bhí agallaimh thaiscéalaíocha ag an gCoimisiún le hionadaithe ó phríomhpháirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais, go háirithe chun tacú le sainiú agus beachtú foriomlán na faidhbe agus na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann. Rinneadh tuilleadh agallamh agus dáileadh suirbhé ar líne ar na páirtithe leasmhara ábhartha a rinne ionadaíocht ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí eile (údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhlachtaí an Aontais), ionadaithe tionscail (lena n‑áirítear comhlachais ábhartha), agus baill den tsochaí shibhialta (eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí tomhaltóirí).

Comhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara, a d’eagraigh an sainchomhairleoir a bhí i gceannas ar an staidéar tacaíochta seachtrach a ghabhann leis an measúnú tionchair, a bhí ar siúl ó mhí na Nollag 2020 go mí Feabhra 2021. Áiríodh sa chomhairliúchán suirbhéanna spriocdhírithe le haghaidh na bpríomhpháirtithe leasmhara agus agallaimh spriocdhírithe agus iarrataí ar shonraí chun iarrataí sonracha ar fhaisnéis a chomhlíonadh, go háirithe chun tacú le modheolaíocht a fhorbairt chun imscaradh leordhóthanach bonneagair a chinneadh agus chun tacú le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheadh ag bearta beartais féideartha.

3.3.Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an tionscnamh seo á ullmhú, bhain an Coimisiún úsáid as torthaí na meastóireachta ex post a rinneadh ar an Treoir 35 . Chuir na páirtithe leasmhara a lán faisnéise ar fáil sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin, mar aon leis an bhfaisnéis a sholáthair siad don Choimisiún ar bhonn ad hoc. Tá an measúnú tionchair ag brath cuid mhór ar staidéar tacaíochta seachtrach a ghabhann leis, ar staidéar é a rinne comhairleoir 36 . Bhain an Coimisiún leas as comhairliúchán leathan leis an bhFóram um Iompar Inbhuanaithe freisin, sainghrúpa an Choimisiúin maidir le breoslaí ionadúla. Bhí an comhairliúchán leis an bhFóram um Iompar Inbhuanaithe ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 go dtí mí na Samhna 2019, comhairliúchán inar díríodh ar fhadhbanna agus ar riachtanais bheartais a bheidh ann amach anseo i réimse bhonneagar na mbreoslaí ionadúla 37 . Ar an iomlán, ba líonmhar na foinsí a úsáideadh chun an tuarascáil ar an measúnú tionchair a dhréachtú, bhí na foinsí céanna uileghabhálach den chuid is mó agus bhí siad ionadaíoch ar na grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla.

3.4.Measúnú tionchair

Fuair an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an dréachtleagan den tuarascáil ar an measúnú tionchair an 7 Aibreán 2021 agus d’eisigh sé tuairim dhearfach an 7 Bealtaine 2021. Mheas an Bord go bhféadfaí an tuarascáil a fheabhsú a thuilleadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) tuairisc níos fearr a thabhairt ar an difríocht idir na roghanna agus ar an mbealach a nasctar iad leis na fadhbanna sainaitheanta; agus (b) mionchoigeartú a dhéanamh ar an tuarascáil chun a shoiléiriú an ón tionscnamh sonrach seo, nó ó bheartais eile, nó ó mheascán den dá cheann, a eascraíonn na tionchair a bhfuil coinne acu leo’.

Sa tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair áirítear tuairisc chuimsitheach agus measúnú cuimsitheach ar bhreisluach an tionscnaimh agus ar na naisc atá aige le tionscnaimh bheartais eile. Is féidir teacht orthu i Ranna 1.3, 3.3 agus 8.1 den tuarascáil mheasúnachta. Tá tuairisc mhionsonraithe ar na roghanna beartais i Roinn 5, agus i Roinn 6 cuirtear i láthair anailís chuimsitheach ar thionchair na roghanna uile. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na roghanna beartais a ndearnadh anailís orthu mar a leanas:

Rogha beartais 1: athruithe substainteacha ar an Treoir. Maidir le socrú agus tuairisciú spriocanna náisiúnta faoin gcreat beartais náisiúnta, is nithe iad a bheadh fós ina gcolún tábhachtach, agus sin neartaithe ag spriocanna flítbhunaithe éigeantacha le haghaidh pointí athluchtaithe leictrigh i gcás feithiclí saothair éadroim. I gcás feithiclí tromshaothair, thabharfaí isteach spriocanna acharbhunaithe éigeantacha feadh ghréasán TEN-T i gcás pointí athluchtaithe leictreacha agus pointí athbhreoslaithe hidrigine, lena n‑áirítear forálacha teoranta maidir le hathbhreoslú hidrigine i nóid uirbeacha. Thabharfaí spriocanna éigeantacha isteach freisin i gcás aerárthaí atá ina stad agus soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre. Ina theannta sin, thabharfaí aghaidh ar roinnt gnéithe cáilíochta den bhonneagar chun feabhas a chur ar idir‑inoibritheacht agus ar fhaisnéis an úsáideora.

Rogha beartais 2: athruithe is substaintí ar an Treoir ná rogha beartais 1. I dteannta na spriocanna flítbhunaithe éigeantacha maidir le pointí athluchtaithe leictreacha le haghaidh feithiclí saothair éadroim, shocrófaí spriocanna acharbhunaithe le haghaidh bhonneagar uile feithiclí bóthair i gcás ghréasán TEN-T, lena n‑áirítear spriocanna le haghaidh nóid uirbeacha le haghaidh bonneagar feithiclí tromshaothair. D’áireofaí leis an rogha sin freisin forálacha níos mionsonraithe maidir le calafoirt agus aerfoirt ar ghréasán TEN-T agus d’áireofaí leis comhchuibhiú níos fearr maidir le roghanna íocaíochta, caighdeáin fhisiceacha agus chumarsáide agus cearta tomhaltóirí le linn luchtú. Neartódh sé na forálacha maidir le trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus faisnéis eile d’úsáideoirí, lena n‑áirítear treoracha fisiceacha chuig bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

Rogha beartais 3: an Treoir a athrú ina Rialachán (an chéim is faide a ghlacadh i dtéarmaí ionstraimí dlíthiúla ceangailteacha). Chomh maith leis na spriocanna flítbhunaithe agus acharbhunaithe éigeantacha faoi rogha 2, leis an rogha seo leagfaí síos spriocanna suíomhbhunaithe breise le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair. Leis an rogha seo chuirfí go mór leis an uaillmhian i dtaca le bonneagar calafort de freisin, agus is í an íocaíocht chríochfoirt éigeantach ag mearluchtóirí nua an t‑aon rogha íocaíochta amháin a bheadh ann.

Sainaithníodh gurb í rogha 2 an rogha beartais is fearr toisc gur léi a bhaintear amach an chothromaíocht is fearr idir na cuspóirí a baineadh amach agus an costas cur chun feidhme. Mar sin féin, tá rogha beartais 2 oiriúnach freisin le haghaidh Rialacháin, a mbeadh tionchar níos tapúla aige ar chur chun feidhme forálacha sa chás seo. Tá tuairisc mhionsonraithe sa mheasúnú tionchair ar na bearta rialála a áirítear faoi na roghanna beartais éagsúla.

3.5.Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is gá i bhfad níos mó uaillmhéine a bheith sna beartais maidir le bonneagar leordhóthanach athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá idir‑inoibritheach ina iomláine a sholáthar chun tacú leis an úsáid is gá a bhaint as feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle sa mhargadh, i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus na dtionscnamh beartais lena mbaineann. Baintear oiriúnacht rialála amach trí íoscheanglais riachtanacha a leagan amach d’údaráis phoiblí agus do ghníomhaithe margaidh. Maidir leis an gcostas is airde a bheith ar údaráis phoiblí as tacaíocht a thabhairt do sholáthar céimneach an bhonneagair, go háirithe i gcodanna den líonra iompair inarb íseal an t‑éileamh, ní mór an costas a mheas i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh atá ar an éileamh ó úsáideoirí agus deiseanna ar mhórscála atá ann le fás a chur faoin margadh. Leis an athbhreithniú ar bheartais faoin bpacáiste beartais ‘Oiriúnach do 55’ beifear in ann feithiclí atá saor ó astaíochtaí a ghlacadh ar an margadh agus beifear in ann cothabháil a dhéanamh ar shoithí atá feistithe le soláthar leictreachais cois cladaigh. Sa mheasúnú tionchair, tugtar anailís mhionsonraithe ar na costais agus ar na sochair, lena n‑áirítear achoimre in Iarscríbhinn 3.

Cé go gcuireann an t‑athbhreithniú leis an uaillmhian fhoriomlán beartais, is amhlaidh atá roinnt gnéithe tábhachtacha simplithe ann freisin. Baineann an simpliú sin go príomha le hoibreoirí pointí luchtaithe agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta. Trí íoscheanglais shoiléire chomhchoiteanna a leagan síos, simpleofar a n‑oibríochtaí gnó, ós rud é go mbeidh íoscheanglais chomhchosúla ar gach Ballstát. Leis na ceanglais sin, simpleofar úsáid an bhonneagair ag tomhaltóirí príobháideacha agus corparáideacha (ar tomhaltóirí iad a bhfuil an iliomad cineálacha cur chuige úsáide acu faoi láthair) agus beifear in ann feabhas a chur ar an nuálaíocht i seirbhísí gnó. Tiocfaidh méadú ar an muinín atá ag tomhaltóirí as stóinseacht líonra uile-AE de bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe, rud a bheidh ina thaca le brabúsacht fhoriomlán pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus a bheidh ina thaca le cás gnó cobhsaí. Tairbheoidh na gníomhaithe margaidh uile agus na grúpaí úsáideoirí uile de chostais faisnéise is ísle agus, i gcás gníomhaithe margaidh, is lú na costais comhlíontachta dlíthiúla a bheidh orthu sa mheántéarma, toisc gur fearr a chomhchuibheofar na ceanglais maidir le soláthar bonneagair faoin Rialachán. Is féidir le húdaráis phoiblí tairbhiú de chreat comhleanúnach ar fud an Aontais freisin, ar creat é lena simpleofar an comhordú le gníomhaithe an mhargaidh phoiblí agus le gníomhaithe an mhargaidh phríobháidigh.

Níor sainaithníodh sa mheasúnú tionchair aon réimse ina dtabhódh fiontair bheaga agus mheánmhéide costas suntasach díréireach i ngeall ar na forálacha atá beartaithe sa tionscnamh seo, i gcomparáid le gach fiontar. Leis an tionscnamh seo cruthaítear cinnteacht fhadtéarmach margaidh maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus leagtar síos an bunús i dtaca le héiceachóras sonraí oscailte a fhorbairt, éiceachóras is féidir le fiontair a úsáid chun seirbhísí margaidh nua a fhorbairt, rud a rachaidh chun tairbhe do FBManna nuálacha. Tá tionchar dearfach ar an iomlán ag an tionscnamh ar iomaíochas na bhfiontar a dhéanann bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a shuiteáil agus a oibriú, agus ar iomaíochas na hearnála mótarfheithiclí féin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil tionchar ag soláthar leordhóthanach bonneagair ar ghlacadh feithiclí atá saor ó astaíochtaí sa mhargadh, ar gné lárnach d’iomaíochas na hearnála mótarfheithiclí amach anseo é, faoi mar a mhínítear go mion sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn agus mar thaca ag an togra le haghaidh athbhreithniú ar chaighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna 38 .

3.6.Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin athbhreithnithe trí úsáid a bhaint as táscairí maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a leathadh amach go fisiceach san Aontas. Úsáidfear ionstraimí faireacháin seanbhunaithe chun an t‑imscaradh a leanúint.

Beidh ar na Ballstáit creat beartais náisiúnta athbhreithnithe a ghlacadh chun margadh na mbreoslaí ionadúla in earnáil an iompair a fhorbairt agus an bonneagar ábhartha a imscaradh i gcomhréir leis na forálacha neartaithe atá beartaithe. Cuirfidh sin ar a gcumas do na Ballstáit tuairisciú ar bhealach comhleanúnach comhsheasmhach don Choimisiún maidir leis an gcur chun feidhme. Maidir le soláthar sonraí le haghaidh pointí rochtana náisiúnta agus comhchoiteanna na mBallstát cloífidh siad leis na caighdeáin cáilíochta sonraí a chomhaontaítear i gcoitinne 39 . Ina theannta sin, déanfar an Fhaireachlann Eorpach um Breoslaí Ionadúla a uasghrádú agus leanfaidh sí de ghlacadh feithiclí agus d’imscaradh bonneagair a bhailiú agus a thabhairt cothrom le dáta go minic sna Ballstáit uile 40 . Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar lena shainghrúpa, an Fóram um Iompar Inbhuanaithe (agus le foghrúpaí tiomnaithe), chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus chun riachtanais bheartais ghaolmhara a shainaithint.

Tá athbhreithniú iomlán ar an Rialachán sceidealaithe le haghaidh dheireadh 2026 chun aon easnamh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun na riachtanais a bheidh ann amach anseo maidir le gníomhaíocht reachtach ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint. Chun forléargas a fháil ar chuspóirí oibríochtúla, ar tháscairí agus ar fhoinsí sonraí, féach Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre maidir leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an togra seo Rialachán nua lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE atá ann faoi láthair maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. Seo a leanas struchtúr an Rialacháin nua:

Le hAirteagal 1 sainítear ábhar an Rialacháin, lena ndéantar athruithe sonracha, nach athruithe substainteacha iad, ar ábhar na Treorach atá ann faoi láthair.

Le hAirteagal 2 leagtar amach liosta sainmhínithe, ar sainmhínithe iad a chuireann le liosta na sainmhínithe atá sa Treoir reatha, agus lena leathnaítear na sainmhínithe sin nuair is gá agus de réir mar is iomchuí i bhfianaise na n‑athruithe foriomlána ar raon feidhme agus ar fhorálacha an Rialacháin nua.

Tá forálacha in Airteagail 3-12 maidir le leathadh amach bonneagair áirithe athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh feithiclí, soithí agus aerárthaí iompair saothair éadroim agus tromshaothair de bhóthar.

Tá forálacha in Airteagail 3 agus 4 lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit cumhdach íosta a áirithiú maidir le pointí athluchtaithe a bhfuil rochtain phoiblí orthu agus atá tiomnaithe d’fheithiclí iompair saothair éadroim agus tromshaothair de bhóthar ar a gcríoch, lena n‑áirítear ar chroíghréasán TEN-T agus ar an ngréasán cuimsitheach.

Tá forálacha breise in Airteagal 5 chun soláimhsitheacht an bhonneagair athluchtaithe a áirithiú. Áirítear leis sin forálacha maidir le roghanna íocaíochta, trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus faisnéis do thomhaltóirí, cleachtais neamh-idirdhealaitheacha, athluchtú cliste, agus rialacha comharthaíochta le haghaidh an tsoláthair leictreachais go dtí pointí athluchtaithe.

Tá forálacha in Airteagal 6 lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit cumhdach íosta a áirithiú le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine, a bhfuil rochtain phoiblí orthu, atá tiomnaithe d'fheithiclí iompair saothair éadroim agus tromshaothair de bhóthar ar chroíghréasán TEN-T agus ar an ngréasán cuimsitheach.

Tá forálacha breise in Airteagal 7 chun soláimhsitheacht bonneagair athbhreoslaithe hidrigine a áirithiú, lena n‑áirítear trí íoscheanglais maidir le roghanna íocaíochta, trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus rogha chonarthach.

Tá forálacha in Airteagal 8 lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit cumhdach íosta a áirithiú go dtí an 1 Eanáir 2025 le haghaidh pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe, a bhfuil rochtain phoiblí orthu, atá tiomnaithe d'fheithiclí iompair saothair éadroim agus tromshaothair de bhóthar ar chroíghréasán TEN-T agus ar an ngréasán cuimsitheach.

Le hAirteagail 9 agus 10 leagtar amach forálacha lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú go suiteálfar soláthar leictreachais cois cladaigh íosta i gcás longa muirghabhála áirithe i gcalafoirt mhuirí agus i gcás soithí uiscebhealaí intíre. Chomh maith leis sin, leis sna hairteagail sin sainítear a thuilleadh na critéir lena ndíolmhaítear calafoirt áirithe agus lena leagtar síos na ceanglais chun soláthar leictreachais cois cladaigh íosta a áirithiú.

Le hAirteagal 11 ceanglaítear ar na Ballstáit líon iomchuí pointí athbhreoslaithe LNG a áirithiú i gcalafoirt mhuirí TEN-T agus ceanglaítear orthu freisin calafoirt ábhartha a shainaithint trína gcreataí beartais náisiúnta.

Baineann Airteagal 12 le forálacha íosta maidir leis an soláthar leictreachais le haghaidh gach aerárthaigh atá ina stad in aerfoirt chroíghréasán TEN-T agus in aerfoirt an ghréasáin chuimsithigh.

Le hAirteagal 13 athfhoirmítear forálacha maidir le creataí beartais náisiúnta na mBallstát. Déantar foráil ann maidir le próiseas atriallach idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun pleanáil bheacht a fhorbairt i dtaca le bonneagar a imscaradh agus na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán a bhaint amach. Áirítear ann freisin forálacha nua maidir le straitéis a cheapadh chun breoslaí ionadúla a imscaradh i modhanna eile iompair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara earnála agus réigiúnacha/áitiúla. Bheadh feidhm aige sin i gcás nach leagtar síos ceanglais éigeantacha sa Rialachán, ach i gcás inar gá breithniú a dhéanamh ar na riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn, ar riachtanais iad atá nasctha le forbairt teicneolaíochtaí breoslaí ionadúla.

Le hAirteagail 14, 15 agus 16, leagtar amach an cur chuige rialachais. Áirítear leis sin oibleagáidí um thuairisciú a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha i leith na mBallstát maidir le creataí beartais náisiúnta agus tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn i bpróiseas idirghníomhach leis an gCoimisiún. Leagtar síos leis freisin ceanglais ar an gCoimisiún tuairisciú ar chreataí beartais náisiúnta na mBallstát agus ar thuarascálacha ar dhul chun cinn.

Le hAirteagal 17 cumhdaítear ceanglais maidir le faisnéis d’úsáideoirí i bhfoirm lipéad breosla agus cumhdaítear leis freisin ceanglais faisnéise maidir le comparáid praghsanna breosla.

Le hAirteagal 18 bunaítear ceanglais maidir le soláthar sonraí ar oibreoirí nó úinéirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe, a bhfuil rochtain phoiblí orthu, i dtaca le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht cineálacha sonraí statacha agus dinimiciúla áirithe, lena n‑áirítear eagraíocht chlárúcháin sainaitheanta (IDRO) a bhunú chun cóid aitheantais a eisiúint. Leis an Airteagal seo tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh chun gnéithe breise a shonrú de réir mar is gá.

Le hAirteagal 19 sonraítear forálacha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla coiteanna, ar forálacha iad lena gcomhlánaítear na sonraíochtaí teicniúla coiteanna atá ann cheana le sraith de réimsí nua a mbeidh an Coimisiún i dteideal gníomhartha tarmligthe nua a ghlacadh ina leith. Tógfaidh siad sin, de réir mar is gá, ar chaighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

Baineann Airteagal 20 le húsáid na dtoscaireachtaí a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le soláthar sonraí agus sonraíochtaí teicniúla coiteanna.

Baineann Airteagal 21 le leanúint leis an nós imeachta coiste faoin Rialachán nua.

Le hAirteagail 22, 23 agus 24 sonraítear na coinníollacha maidir le hathbhreithniú agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tá na hiarscríbhinní seo a leanas sa togra:

Áirítear in Iarscríbhinn I forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú náisiúnta ag na Ballstáit, lena n‑áirithítear tuairisciú comhsheasmhach inchomparáide chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Baineann Iarscríbhinn II le liostú réimsí ina bhfuil feidhm ag sonraíochtaí teicniúla coiteanna faoin Rialachán seo maidir leis an margadh inmheánach nó ar sonraíochtaí iad is gá a ghlacadh faoin Rialachán seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i réimsí ina bhfuil gá le sonraíochtaí teicniúla coiteanna a shocrú de bharr forbairtí teicneolaíochta nua.

Le hIarscríbhinn III sonraítear na ceanglais a bheidh ar na Ballstáit a aicmeoidh a dtuairisciú ar imscaradh feithiclí leictreacha agus bonneagair athluchtaithe.

Tá an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

2021/0223 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 41 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 42 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 leagadh síos creat le haghaidh himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Treoir 44 sin a chur i bhfeidhm tagraítear don fhorbairt mhíchothrom a rinneadh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais agus don easpa idirinoibritheachta agus soláimhsitheachta atá ann. Luaitear ann gurb é is toradh ar an easpa modheolaíocht choiteann shoiléir chun spriocanna a shocrú agus bearta a ghlacadh faoi na Creataí Beartais Náisiúnta a cheanglaítear le Treoir 2014/94/AE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i measc na mBallstát sa leibhéal uaillmhéine maidir le spriocanna a shocrú agus tacaíocht a thabhairt do bheartais.

(2)Socraíodh spriocanna cheana le haghaidh breoslaí inathnuaite in ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais. Mar shampla, le Treoir 2018/2001/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 socraítear an sprioc go mbeidh sciar 14 % den mhargadh breoslaí iompair ag teacht ó fhoinsí inathnuaite.

(3)Le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 agus le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 , socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua mar aon le caighdeáin le haghaidh feithiclí nua tromshaothair áirithe. Leis na hionstraimí sin ba cheart dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha go háirithe agus ar an gcaoi sin chruthófaí éileamh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

(4)Ba cheart do na tionscnaimh maidir le ReFuelEU - tionscnamh eitlíochta 48 agus FuelEU - tionscnamh muirí 49 borradh a chur faoi bhreoslaí ionadúla inbhuanaithe a tháirgeadh agus a ghlacadh san iompar eitlíochta agus muirí. Cé gur féidir le riachtanais úsáidte breoslaí le haghaidh breoslaí inbhuanaithe eitlíochta brath go mór ar an mbonneagar athbhreoslaithe atá ann cheana, tá gá le hinfheistíochtaí le haghaidh an leictreachais a sholáthraítear d’aerárthaí atá ina stad. Leagtar síos ceanglais i dtionscnamh muirí FuelEU go háirithe maidir le cumhacht ar tír a úsáid, ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin má úsáidtear leibhéal leordhóthanach soláthair cumhachta ar tír i gcalafoirt TEN-T. Mar sin féin, níl aon fhoráil sna tionscnaimh sin maidir leis an mbonneagar breosla is gá, ar bonneagar é atá ina réamhriachtanas ionas gur féidir na spriocanna a bhaint amach.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na modhanna iompair ar fad in aon ionstraim amháin, ionstraim lenar cheart réimse de bhreoslaí ionadúla a chur san áireamh. I dtaca leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha is ag céimeanna aibíochta difriúla atá an úsáid sin i gcás na modhanna iompair difriúla. Tá an líon feithiclí ceallra-leictreacha agus an líon feithiclí hibride inluchtaithe ag méadú go tapa san earnáil bóithre go háirithe. Tá feithiclí bóthair breosla-chille hidrigine ar fáil sna margaí freisin. Ina theannta sin, tá soithí hidrigine agus ceallra-leictreacha níos lú agus traenacha breosla-chille hidrigine á nimscaradh i dtionscadail dhifriúla agus sna chéad oibríochtaí tráchtála faoi láthair, agus tá coinne lena gcur i bhfeidhm tráchtála iomlán sna blianta atá amach romhainn. Os a choinne sin, leanann an earnáil eitlíochta agus uisce-iompair de bheith spleách ar bhreoslaí leachtacha agus ar bhreoslaí gásacha, toisc go meastar nach dtiocfaidh réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha agus réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí ísle ar an margadh go dtí 2030 nó mar sin, agus meastar go mbeidh sé níos deireanaí fós i gcás na hearnála eitlíochta go háirithe, agus go mbeidh cuid mhaith ama i gceist le tráchtálú iomlán a bhaint amach. Ní féidir breoslaí iontaise gásacha nó leachtacha a úsáid ach amháin má leabaítear go soiléir ar chonair dhícharbónaithe iad atá i gcomhréir le cuspóir fadtéarmach aeráidneodrachta an Aontais, cuspóir lena néilítear go méadófar an cumasc le breoslaí inathnuaite nó go gcuirfear breoslaí inathnuaite in ionad breoslaí iontaise, mar shampla, bithmheatán, bithbhreoslaí forbartha nó breoslaí sintéiseacha gásacha nó leachtacha atá inathnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de.

(6)Is féidir bithbhreoslaí agus breoslaí sintéiseacha den sórt sin, a chuirtear in ionad díosail, peitril agus breosla eitlíochta, a tháirgeadh ó amhábhair dhifriúla agus is féidir iad a chumasc le breoslaí iontaise ag cóimheasa cumaisc anard. Is féidir iad a úsáid go teicniúil le teicneolaíocht feithicle atá ann faoi láthair ach roinnt mionathruithe a dhéanamh. Is féidir meatánól inathnuaite a úsáid chomh maith le haghaidh loingseoireacht intíre agus loingseoireacht ghearrthurais. D'fhéadfaí an úsáid a bhaintear as foinsí breosla iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair a laghdú ach breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a úsáid. Is féidir na breoslaí sin ar fad a dháileadh, a stóráil agus a úsáid leis an mbonneagar atá ann cheana nó i gcás inar gá le bonneagar den chineál céanna.

(7)Is dócha go leanfaidh GNL de ról leanúnach a bheith aige san iompar muirí, arb iompar é nach bhfuil aon teicneolaíocht gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de ar fáil ann. Luaitear sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go mbeidh soithí muirghabhála astaíochtaí nialasacha réidh don mhargadh faoi 2030. Ba cheart cabhlaigh a thiontú de réir a chéile mar gheall ar shaolré fhada soithí. Murab ionann agus an tiompar muirí, i gcás uiscebhealaí intíre, a mbíonn soithí níos lú agus achair níos giorra i gceist leo de ghnáth, ba cheart do theicneolaíochtaí gléasra cumhachta, mar shampla, hidrigin agus leictreachas, teacht ar an margadh níos tapúla. Meastar nach mbeidh ról tábhachtach ag GNL san earnáil sin a thuilleadh. Is gá breoslaí iompair, amhail GNL, a dhícharbónú a thuilleadh trí bhithmheatán leachtaithe (bith-GNL) nó leictribhreoslaí sintéisteacha gásacha atá inathnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de (leictreaghás) a chumasc leo nó a úsáid ina nionad. Is féidir na breoslaí dícharbónaithe sin a úsáid sa bhonneagar céanna ina núsáidtear breoslaí iontaise, rud a fhágann gur féidir aistriú de réir a chéile i dtreo breoslaí dícharbónaithe.

(8)San earnáil iompair tromshaothair ar bóthar, is trucailí lánfhorbartha iad trucailí GNL. Ar thaobh amháin, leis na cásanna comhchoiteanna atá mar bhonn leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus leis an bPlean maidir le Sprioc Aeráide mar aon leis na cásanna samhaltaithe athbhreithnithe le haghaidh ‘Oiriúnach do 55’, tugtar le fios go mbeidh ról teoranta san iompar tromshaothair ar bóthar ag breoslaí gásacha a dhícharbónófar de réir a chéile, go háirithe sa deighleog chianaistir. Thairis sin, meastar go gcuirfear gléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha in ionad feithiclí GCP agus CNG a bhfuil gréasán leordhóthanach bonneagair ann cheana lena naghaidh ar fud an Aontais agus dá bhrí sin, ní mheastar go bhfuil gá ach le beartas teoranta spriocdhírithe le haghaidh imscaradh bonneagair GCP lenar féidir breoslaí dícharbónaithe a sholáthar freisin chun na bearnaí atá fós sna príomhghréasáin a dhúnadh.

(9)Imscaradh go míchothrom ar fud an Aontais bonneagar athluchtaithe, atá inrochtana don phobal, le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim. Chuirfeadh leithdháileadh míchothrom leanúnach glacadh feithiclí den sórt sin i mbaol, agus theorannófaí nascacht ar fud an Aontais. Ní chruthófar an chinnteacht fhadtéarmach is gá le haghaidh infheistíocht shubstainteach sa mhargadh má leantar den éagsúlacht sna huaillmhianta agus sna cuir chuige beartais ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do spriocanna íosta sainordaitheacha le haghaidh na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta treoshuíomhanna beartais a sholáthar agus Creataí Beartais Náisiúnta a chomhlánú. Leis an gcur chuige sin ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a thabhairt le chéile le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin trasEorpaigh iompair (TEN-T). Le spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta ba cheart a áirithiú go ndéantar an glacadh feithiclí i ngach Ballstát a chomhoiriúnú le himscaradh bonneagair athluchtaithe leordhóthanaigh atá inrochtana don phobal. Le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin TEN-T ba cheart a áirithiú go gcumhdaítear go hiomlán na pointí athluchtaithe leictreacha feadh phríomhghréasáin bóithre an Aontais agus ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú.

(10)Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar bhonn líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha a cláraíodh sa Bhallstát sin trí mhodheolaíocht choiteann a leanúint lena gcuirtear forbairtí teicneolaíochta san áireamh, forbairtí amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó dul i bhfód na bpointí mearluchtaithe ar an margadh ar pointí iad ar féidir leo líon níos mó feithiclí a athluchtú in aghaidh an phointe athluchtaithe ná gnáthphointe athluchtaithe. Leis an modheolaíocht sin ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin. Maidir le modheolaíocht lena normaítear spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit.

(11)Ba cheart a áirithiú leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit go suiteáiltear líon leordhóthanach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, go háirithe ag stáisiúin iompair phoiblí, mar shampla, críochfoirt paisinéirí i gcalafoirt, in aerfoirt nó i stáisiúin traenach. Ba cheart líon leordhóthanach pointí mearluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus atá inrochtana don phobal a imscaradh chun áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí go háirithe ar fud an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán trasteorann a áirithiú agus chun go mbeidh feithiclí leictreacha in ann gluaiseacht ar fud an Aontais.

(12)Ba cheart d’úinéirí feithiclí leictreacha úsáid a bhaint go príomha as pointí athluchtaithe ag a náitreabh féin nó i gcarrchlóis choiteanna i bhfoirgnimh chónaithe nó neamhchónaithe. Cé go rialaítear imscaradh bonneagair duchtála agus pointí athluchtaithe sna foirgnimh sin le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , ba cheart do na Ballstáit infhaighteacht bonneagair phríobháidigh den sórt sin a chur san áireamh agus imscaradh pointí athluchtaithe a bheidh inrochtana don phobal á phleanáil acu.

(13)Is gá an bonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair a bheith andifriúil leis an mbonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Is ar éigean atá fáil ar bhonneagar atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair aon áit san Aontas. Leis an gcur chuige comhcheangailte de spriocanna acharbhunaithe feadh an ghréasáin TEN-T, spriocanna le haghaidh an bhonneagair athluchtaithe thar oíche agus spriocanna ag nóid uirbeacha, ba cheart a áirithiú go mbunaítear cumhdach leordhóthanach bonneagair atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí tromshaothair ar fud an Aontais chun tacú leis an nglacadh feithiclí tromshaothair cealla-leictreacha sa mhargadh a mheastar a bheidh ann.

(14)Ba cheart líon leordhóthanach pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair agus atá inrochtana don phobal a imscaradh feadh an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart don bhonneagar sin aschur cumhachta leordhóthanach a bheith aige chun gur féidir an fheithicil a athluchtú laistigh d’am sosa dlíthiúil an tiománaí. I dteannta na bpointí mearluchtaithe feadh an ghréasáin, ba cheart d'fheithiclí tromshaothair a bheith in ann bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a úsáid chun luchtú thar oíche feadh an phríomhghréasáin iompair chun tacú go sonrach le leictriú na hearnála cianaistir.

(15)Ba cheart bonneagar athluchtaithe feadh an ghréasáin TEN-T a chomhlánú le bonneagar mearluchtaithe atá inrochtana don phobal ag nóid uirbeacha. Is gá an bonneagar sin a bheith ann go háirithe chun deiseanna luchtaithe a sholáthar le haghaidh trucailí seachadta agus le haghaidh luchtú cinn scríbe i gcás trucailí cianaistir, agus ba cheart don sprioc maidir leis an bhflít náisiúnta pointí athluchtaithe a sholáthar le haghaidh feithiclí saothair éadroim i gceantair uirbeacha freisin.

(16)Tá imscaradh bonneagair athluchtaithe i suíomhanna príobháideacha, amhail in iostaí príobháideacha agus ag lárionaid lóistíochta, chomh tábhachtach céanna, chun luchtú thar oíche agus luchtú cinn scríbe a áirithiú. Ba cheart d’údaráis phoiblí bearta a dhéanamh i gcomhthéacs bhunú a gcreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun a áirithiú go soláthraítear an bonneagar iomchuí le haghaidh an luchtaithe thar oíche agus an luchtaithe cinn scríbe sin.

(17)Mar shampla, áirítear le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe príobháideacha atá inrochtana don phobal agus atá suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, amhail carrchlóis phoiblí nó carrchlóis ollmhargaí. Pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach atá inrochtana don phobal i gcoitinne ba cheart é a mheas mar phointe atá inrochtana don phobal freisin i gcásanna ina dteorannaítear rochtain do ghrúpa ginearálta áirithe úsáideoirí, mar shampla, do chliaint. Níor cheart pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh scéimeanna roinnte gluaisteán a mheas mar phointí atá inrochtana don phobal ach amháin má cheadaítear go sainráite rochtain le haghaidh úsáideoirí tríú páirtí. Maidir le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach, a dteorannaítear rochtain orthu do chiorcal teoranta cinnte daoine, mar shampla carrchlóis i bhfoirgneamh oifige nach bhfuil inrochtana ach d’fhostaithe nó do dhaoine údaraithe, níor cheart iad a mheas mar phointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal.

(18)Is éard is stáisiún athluchtaithe ann suiteáil fhisiceach aonair chun feithiclí leictreacha a athluchtú. Tá aschur uasta cumhachta teoiriciúil ag gach stáisiún, arna shloinneadh in kW. Tá pointe athluchtaithe amháin ar a laghad ag gach stáisiún, ar pointe é nach féidir leis freastal ach ar aon fheithicil amháin ag aon am amháin. Is ar bonn líon na bpointí athluchtaithe atá ag stáisiún athluchtaithe a chinntear líon na bhfeithiclí is féidir a athluchtú ag an stáisiún sin ag aon am ar leith. I gcás ina nathluchtaítear níos mó ná feithicil amháin ag an stáisiún athluchtaithe ag aon am ar leith, dáiltear an taschur uasta cumhachta ar na pointí difriúla athluchtaithe, sa chaoi go mbeidh an chumhacht a sholáthraítear ag gach pointe aonair athluchtaithe níos lú ná aschur cumhachta an stáisiúin sin. Is éard atá i gceist le comhthiomsú athluchtaithe stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó ag suíomh ar leith, lena náirítear, de réir mar a bheidh, na carrchlóis thiomnaithe atá cóngarach dóibh. Maidir leis na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh comhthiomsuithe athluchtaithe, d’fhéadfadh stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó an taschur íosta cumhachta is gá a sholáthar le haghaidh na gcomhthiomsuithe athluchtaithe sin.

(19)An fhéidearthacht a bhaineann le hardseirbhísí digiteacha a fhorbairt, lena náirítear réitigh íocaíochta conradh-bhunaithe, agus le faisnéis thrédhearcach don úsáideoir a áirithiú trí mhodhanna digiteacha, braitheann an fhéidearthacht sin ar phointí athluchtaithe cliste atá nasctha go digiteach a imscaradh, ar pointí iad lena dtacaítear le bonneagar idirinoibritheach atá nasctha go digiteach a chruthú 51 . Ba cheart tacar saintréithe fisiceacha agus sonraíochtaí teicniúla (crua-earraí agus bogearraí) is gá chun sonraí a sheoladh agus a fháil i bhfíoram a bheith sna pointí athluchtaithe cliste sin, lena gcumasófar sreabhadh faisnéise idir na gníomhaithe margaidh atá spleách ar na sonraí sin chun an teispéireas athluchtaithe a fhorbairt ina iomláine, lena náirítear oibreoirí pointí luchtaithe, cuideachtaí líonra iompair, ardáin le haghaidh fánaíocht feithiclí leictreacha, oibreoirí córais dáileacháin, agus, sa deireadh, tomhaltóirí deiridh.

(20)Is le córais mhéadraithe chliste, de réir mar a shainítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 a chumasaítear sonraí fíorama a tháirgeadh, rud a mbeidh gá leis chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú agus chun úsáid réasúnach na seirbhísí athluchtaithe a spreagadh. Trí mhéadrú fuinnimh fíorama agus faisnéis chruinn thrédhearcach faoin gcostas a sholáthar, mar aon le pointí cliste athluchtaithe, spreagtar daoine chun an tathluchtú a dhéanamh ag amanna nuair is íseal an téileamh ginearálta ar leictreachas agus nuair is íseal na praghsanna ar fhuinneamh. Is féidir leis an úsáid a bhaintear as córais mhéadraithe chliste i gcomhar le pointí cliste athluchtaithe an tathluchtú a bharrfheabhsú, agus bíonn buntáistí ann don chóras leictreachais agus don úsáideoir deiridh. Maidir le córais mhéadraithe chliste a úsáid chun feithiclí leictreacha a athluchtú ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de, ba cheart do na Ballstáit an úsáid sin a spreagadh agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/444.

(21)Mar gheall go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthaíonn plódú agus lena mbaintear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais inathnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. Leis an athluchtú cliste go háirithe, is féidir comhtháthú feithiclí leictreacha leis an gcóras leictreachais a éascú a thuilleadh mar gur féidir trína bhíthin freagairt ar an éileamh le comhbhailiúchán agus le freagairt phraghasbhunaithe ar an éileamh. Is féidir comhtháthú córais a éascú a thuilleadh tríd an athluchtú déthreoch (ó fheithicil go heangach) Dá bhrí sin, ba cheart do gach gnáthphointe athluchtaithe a mbíonn feithiclí páirceáilte aige ar feadh tréimhse fhada a bheith comhoiriúnach don athluchtú cliste.

(22)Maidir leis an bhforbairt a dhéantar ar bhonneagar le haghaidh feithiclí leictreacha, idirghníomhú an bhonneagair sin leis an gcóras leictreachais, agus na cearta agus na freagrachtaí a shanntar do na gníomhaithe difriúla sa mhargadh soghluaisteachta leictrí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/944. Ar an gcaoi sin, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin dul i gcomhar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon duine a bhunaíonn nó a oibríonn pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an soláthar leictreachais le haghaidh pointe athluchtaithe a bheith ina ábhar conartha le soláthraí seachas an teintiteas a sholáthraíonn leictreachas don teach nó don áitreabh ina bhfuil an pointe athluchtaithe sin suite. An rochtain atá ag soláthróirí leictreachais an Aontais ar phointí athluchtaithe ba cheart í a bheith gan dochar do na maoluithe faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.

(23)Ba cheart bunú agus oibriú na bpointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a fhorbairt mar mhargadh iomaíoch ina mbeidh rochtain oscailte le haghaidh na páirtithe uile ar spéis leo bonneagar athluchtaithe a fheidhmiú go céimneach nó a oibriú. I bhfianaise a theoranta atá an líon suíomhanna malartacha atá ar mhórbhealaí, is ábhar imní ar leith iad na lamháltais atá ar mhórbhealaí cheana, amhail gnáthstáisiúin athbhreoslaithe nó limistéir scíthe, toisc go mbíonn tréimhsí fada i gceist leo agus nach luaitear dáta deiridh sonraithe leo ar chor ar bith in amanna fiú. A mhéid is féidir agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2014/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , ba cheart do na Ballstáit féachaint le lamháltais nua a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch go sonrach le haghaidh stáisiúin athluchtaithe nua i limistéir scíthe ar mhórbhealaí nó in áit atá cóngarach dóibh chun an costas a bhaineann le himscaradh a theorannú agus chun iontrálaithe nua sa mhargadh a chumasú.

(24)Is rud ríthábhachtach í an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de chun an tathluchtú agus an tathbhreoslú éasca rianúil a áirithiú. Ba cheart faisnéis chruinn faoi phraghsanna a thabhairt d’úsáideoirí breosla ionadúil sula dtosaítear an próiseas athluchtaithe nó athbhreoslaithe. Ba cheart an praghas a chur in iúl ar bhealach atá struchtúrtha go soiléir lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh na comhchodanna difriúla den chostas a shainaithint.

(25)Tagann seirbhísí nua chun cinn, go háirithe chun tacú le feithiclí leictreacha a úsáid. Ba cheart d'eintitis a thairgeann na seirbhísí sin, amhail cuideachtaí líonra iompair, a bheith in ann oibriú faoi dhálaí córa margaidh. Níor cheart d’oibreoirí pointí athluchtaithe cóir fhabhrach mhíchuí a thabhairt d'aon cheann de na soláthraithe seirbhíse sin, mar shampla, trí bhíthin difreáil phraghais nach bhfuil údar maith léi a d’fhéadfadh bac a chur ar iomaíocht agus a mbeadh praghsanna níos airde le haghaidh tomhaltóirí mar thoradh uirthi. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh athluchtaithe. Agus an Rialachán á athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún bearta i gcás inar gá mar gheall ar fhorbairtí sa mhargadh amhail teorannú ar sheirbhísí le haghaidh úsáideoirí deiridh nó cleachtais ghnó a d’fhéadfadh srian a chur ar iomaíocht.

(26)I dtaca le mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine de tá ráta dul i bhfód aníseal sa mhargadh acu. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach bonneagar leordhóthanach athbhreoslaithe hidrigine a chothú chun gur féidir mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine a imscaradh ar mhórscála mar a bheartaítear sa straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach ón gCoimisiún 54 . Faoi láthair, ní imscartar pointí athbhreoslaithe hidrigine ach i roinnt Ballstát agus níl siad oiriúnach den chuid is mó d’fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, ní féidir le feithiclí hidrigine gluaiseacht ar fud an Aontais. Ba cheart a áirithiú le spriocanna sainordaitheacha imscartha le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal go nimscartar gréasán dlúth pointí athbhreoslaithe hidrigine ar fud an chroíghréasáin TEN-T chun gur féidir le feithiclí saothair éadroim agus tromshaothair faoi thiomáint hidrigine taisteal ar fud an Aontais go rianúil.

(27)Ba cheart a bheith in ann feithiclí faoi thiomáint hidrigine a athbhreoslú ag an gceann scríbe nó gar dó, ar gnách gur ceantar uirbeach é. Chun a áirithiú gur féidir athbhreoslú in áit atá inrochtana don phobal ag cinn scríbe sna príomhcheantair uirbeacha ar a laghad, ba cheart do na nóid uirbeacha ar fad mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 stáisiúin athbhreoslaithe den sórt sin a sholáthar. Laistigh de na nóid uirbeacha, ba cheart do na húdaráis áitiúla a machnamh a dhéanamh ar na stáisiúin a imscaradh laistigh de lárionaid lastais ilmhódaigh, nó ní hamháin gurb iad an gnáthcheann scríbe a bhíonn ag feithiclí tromshaothair iad ach d'fhéadfaidís hidrigin a sholáthar le haghaidh modhanna eile iompair freisin, amhail iompar ar iarnród agus loingseoireacht intíre.

(28)Ag céim luath den imscaradh sa mhargadh, bíonn leibhéal áirithe éiginnteachta ann a mhéid a bhaineann leis an gcineál feithiclí a thiocfaidh isteach ar an margadh agus an cineál teicneolaíochtaí a úsáidfear go forleathan. Mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach]’ 56 , sainaithníodh an deighleog thromshaothair mar an deighleog is dóichí ina nimscarfar feithiclí hidrigine go fairsing ar dtús. Dá bhrí sin, leis an mbonneagar athbhreoslaithe hidrigine ba cheart díriú ar an deighleog sin agus ligean d’fheithiclí saothair éadroim athbhreoslú ag stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal freisin. Chun idirinoibritheacht a áirithiú, ba cheart do gach stáisiún hidrigine atá inrochtana don phobal hidrigin ghásach ag 700 bar a sholáthar. Agus an bonneagar á chur i bhfeidhm, ba cheart teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chur san áireamh, mar shampla, hidrigin leachtach, lena dtugtar raon níos mó d’fheithiclí tromshaothair, teicneolaíochtaí arb iad an rogha teicneolaíochta is fearr le monaróirí áirithe feithiclí. Chuige sin, ba cheart do líon íosta stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine hidrigin leachtach a sholáthar mar aon le hidrigin ghásach ag 700 bar.

(29)Bunaíodh roinnt pointí athbhreoslaithe GNL san Aontas, arb iad cnámh droma gluaiseacht feithiclí tromshaothair atá faoi thiomáint GNL ar fud an Aontais cheana iad. Ba cheart don chroíghréasán TEN-T leanúint de bheith ina bhonn le haghaidh bonneagar GNL a imscaradh agus le haghaidh bith-GNL a imscaradh de réir a chéile, toisc go gcumhdaítear na príomhshruthanna tráchta leis agus go gcumasaítear leis nascacht trasteorann ar fud an Aontais. Moltar sa Treoir 2014/94/AE go suiteálfaí pointí athbhreoslaithe den sórt sin gach 400 km feadh an chroíghréasáin TEN-T ach tá bearnaí teoranta áirithe sa ghréasán fós le líonadh sula mbainfear an cuspóir sin amach. Ba cheart do na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach agus na bearnaí sin a líonadh faoi 2025, agus níor cheart feidhm a bheith ag an sprioc sin ina dhiaidh sin.

(30)Ba cheart d'úsáideoirí feithiclí breosla ionadúil a bheith in ann íoc go héasca agus go saoráideach ag gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, gan gá a bheith ann conradh a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe nó le cuideachta líonra iompair. Dá bhrí sin, le haghaidh an athluchtaithe agus an athbhreoslaithe ar bhonn ad hoc, ba cheart do gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ionstraimí íocaíochta a úsáidtear go forleathan ar fud an Aontais a ghlacadh, agus go háirithe íocaíochtaí leictreonacha trí bhíthin teirminéil agus gléasanna a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta. Ba cheart an modh íocaíochta ad hoc sin a bheith ar fáil do thomhaltóirí i gcónaí, fiú amháin nuair a thairgtear íocaíochtaí conradh-bhunaithe ag an bpointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe.

(31)Ba cheart don bhonneagar iompair soghluaisteacht agus inrochtaineacht rianúil a chur ar fáil do gach úsáideoir, lena náirítear daoine atá faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. I bprionsabal, ba cheart suíomh gach stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus na stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe féin a dhearadh ar bhealach lena bhféadfaidh an oiread den phobal agus is féidir úsáid a bhaint astu, go háirithe daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart a áireamh leis sin, mar shampla, spás leordhóthanach sa charrchlós a sholáthar, a áirithiú nach suiteáiltear an stáisiún athluchtaithe ar dhromchla faoi cholbhaí, a áirithiú go bhfuil cnaipí nó scáileán an stáisiúin athluchtaithe ag airde iomchuí agus go bhfuil na cáblaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe éadrom go leor ionas gur féidir le daoine atá ar bheagán brí iad a úsáid gan dua. Ina theannta sin, ba cheart do chomhéadan úsáideora na stáisiún athluchtaithe lena mbaineann a bheith inrochtana. Ar an gcaoi sin, ba cheart na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I agus III a ghabhann le Treoir 2019/882 57 a bheith infheidhme maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

(32)Féadfaidh saoráidí leictreachais cois cladaigh freastal ar an iompar muirí agus ar an iompar ar uiscebhealaí intíre mar sholáthar cumhachta glaine agus féadfaidh siad cabhrú leis an tionchar a bhíonn ag soithí muirghabhála agus soithí uiscebhealaí intíre ar an gcomhshaol a laghdú. Faoi tionscnamh muirí FuelEu, ní mór d’oibreoirí long coimeádán agus long paisinéirí forálacha a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí i mbeart a laghdú. Le spriocanna sainordaitheacha imscartha ba cheart a áirithiú go bhfaighidh an earnáil soláthar leictreachais cois cladaigh leordhóthanach i gcalafoirt mhuirí an chroíghréasáin TEN-T agus an ghréasáin chuimsithigh TEN-T chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Le cur i bhfeidhm na spriocanna sin i gcás na gcalafort muirí ar fad ba cheart cothrom iomaíochta idir na calafoirt a áirithiú.

(33)Ba cheart tosaíocht a thabhairt do sholáthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa coimeádán agus do longa paisinéirí toisc gurb iad na catagóirí long a tháirgeann an líon is mó astaíochtaí i mbeart. Chun tréithe éilithe cumhachta a bhaineann le longa difriúla paisinéirí agus iad i mbeart a chur san áireamh, mar aon le tréithe oibrithe calafoirt, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na ceanglais maidir le longa paisinéirí le haghaidh longa paisinéirí róró agus soithí ardluais paisinéirí, agus na ceanglais le haghaidh longa eile paisinéirí.

(34)Ba cheart do na spriocanna sin na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta féin a chur san áireamh. Ba cheart calafoirt mhuirí ina mbíonn méideanna ísle tráchta de chatagóirí áirithe soithí a dhíolmhú ó na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha soithí bunaithe ar leibhéal íosta méid tráchta, ionas nach suiteálfar acmhainn tearcúsáidte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an téileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh. Is nasc tábhachtach é an tiompar muirí le haghaidh chomhtháthú agus fhorbairt eacnamaíoch na noileán san Aontas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainn táirgthe fuinnimh ar na hoileáin sin leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart oileáin a dhíolmhú ón gceanglas sin ach amháin má dhéantar nasc leictreach leis an mórthír agus go dtí go ndéantar an nasc sin nó má tá acmhainn leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh ghlain.

(35)Ba cheart croíghréasán de phointí athbhreoslaithe GNL a bheith ar fáil ag calafoirt mhuirí faoi 2025. Áirítear le pointí athbhreoslaithe GNL, críochfoirt GNL, umair, coimeádáin shoghluaiste, soithí buncair agus báirsí.

(36)Maidir leis an soláthar leictreachais chuig aerárthaí atá ina stad ag aerfoirt, ba cheart foinse fuinnimh níos glaine trí aonaid cumhachta aerárthaí (Aonad Cumhachta Cúntach a úsáid) nó talamhaonaid chumhachta (GPUnna) a chur in ionad ídiú breosla leachtaigh. Ba cheart go ndéanfadh sin astaíochtaí truailleán agus astaíochtaí torainn a laghdú, caighdeán an aeir a fheabhsú agus an tionchar ar an athrú aeráide a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibríocht iompair tráchtála a bheith in ann úsáid a bhaint as soláthar leictreachais seachtrach agus iad páirceáilte ag geataí nó ag suíomhanna in aerfoirt TEN-T.

(37)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/94/AE, bhunaigh na Ballstáit creataí beartais náisiúnta ina leagtar síos a bpleananna agus a gcuspóirí chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach. Cuireadh i dtábhacht leis an measúnú a rinneadh ar an gcreat beartais náisiúnta agus leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2014/94/AE go bhfuil gá le huaillmhian níos mó agus cur chuige a chomhordaítear ar bhealach níos fearr ar fud na mBallstát i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar ghlacadh feithiclí breosla ionadúil, go háirithe feithiclí leictreacha. Thairis sin, beidh gá le roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise i ngach modh iompair chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh. Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá anmhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. Ba cheart do na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt, ar bhealach cothrom, ar na modhanna iompair ar fad, lena náirítear na modhanna sin nach bhfuil spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena naghaidh.

(38)Ba cheart gníomhaíochtaí tacaíochta a áireamh sna creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun an margadh a fhorbairt a mhéid a bhaineann le breoslaí ionadúla, lena náirítear imscaradh an bhonneagair is gá a chur i bhfeidhm, i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an tionscal lena mbaineann, agus riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na creataí athbhreithnithe tuairisc a thabhairt ar an gcreat náisiúnta foriomlán chun bonneagar den sórt sin a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar, lena náirítear na bacainní arna naithint agus na gníomhaíochtaí chun na bacainní sin a bhaint ionas gur féidir an bonneagar a chur i bhfeidhm ar bhonn níos tapúla.

(39)Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(40)Chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn agus an bonneagar ábhartha a fhorbairt, ba cheart straitéisí mionsonraithe a bheith sna creataí beartais náisiúnta chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn in earnálacha atá deacair a dhícharbónú, amhail earnáil na heitlíochta, an tiompar muirí, an tiompar ar uiscebhealaí intíre mar aon leis an iompar ar iarnród ar chodanna den ghréasán nach féidir a leictriú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí soiléire a fhorbairt, go háirithe chun iompar ar uiscebhealaí intíre feadh an ghréasáin TEN-T a dhícharbónú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart straitéisí fadtéarmacha dícharbónaithe a fhorbairt le haghaidh calafoirt TEN-T agus aerfoirt TEN-T, agus béim a chur go háirithe ar bhonneagar a imscaradh le haghaidh soithí agus aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus le haghaidh línte iarnróid nach ndéanfar a leictriú. Ar bhonn na straitéisí sin, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú d’fhonn níos mó spriocanna sainordaitheacha a shocrú le haghaidh na nearnálacha sin.

(41)Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as réimse leathan dreasachtaí agus beart rialála agus neamhrialála chun na spriocanna sainordaitheacha a bhaint amach agus chun na creataí beartais náisiúnta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar le gníomhaithe na hearnála príobháidí, ar cheart dóibh príomhról a ghlacadh chun tacú le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt.

(42)De bhun Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 , forchoimeádtar íosmhéid scaireanna náisiúnta den soláthar poiblí le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha, i gcás ina núsáideann bus glas breoslaí ionadúla mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (3) den Rialachán seo. Agus méadú ag teacht ar an líon údarás iompair phoiblí agus ar an líon oibreoirí atá ag athrú chuig busanna glana agus chuig busanna astaíochtaí nialasacha chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn agus forbairt spriocdhírithe an bhonneagair bus is gá a áireamh mar phríomhghné ina gCreataí Beartais Náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn freisin, go háirithe le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha ar an leibhéal áitiúil.

(43)I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éagsúlacht ó thaobh chineál na mbreoslaí atá ar fáil le haghaidh mótarfheithiclí mar aon leis an bhfás leanúnach ar shoghluaisteacht saoránach de bhóthar ar fud an Aontais, is gá faisnéis chruinn shothuigthe a sholáthar d'úsáideoirí feithiclí faoi na breoslaí atá ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe agus faoi chomhoiriúnacht a bhfeithicle le breoslaí éagsúla nó pointí athluchtaithe ar mhargadh an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh na bearta faisnéise sin a chur chun feidhme chomh maith maidir le feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 18 Samhain 2016.

(44)Faisnéis shimplí faoi phraghsanna na mbreoslaí éagsúla, faisnéis trínar féidir praghsanna a chur i gcomparáid le chéile go héasca, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an bhfaisnéis sin chun a chur ar a gcumas d'úsáideoirí feithiclí meastóireacht a dhéanamh ar chostas coibhneasta na mbreoslaí aonair atá ar fáil ar an margadh. Dá bhrí sin, comparáid praghsanna aonaid le haghaidh breoslaí ionadúla áirithe agus gnáthbhreoslaí áirithe, arna sloinneadh mar ‘phraghas breosla in aghaidh 100 km’ ba cheart an chomparáid sin a thaispeáint chun críoch faisnéise ag na stáisiúin breosla ábhartha ar fad.

(45)Is gá faisnéis leordhóthanach a sholáthar do thomhaltóirí maidir le suíomh geografach na bpointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh na mbreoslaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar aon le tréithe na bpointí sin agus na seirbhísí a thairgtear iontu. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann oibreoirí nó úinéirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal na sonraí statacha agus dinimiciúla ábhartha a chur ar fáil. Ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le cineálacha sonraí i ndáil le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí ábhartha a bhaineann leis an athluchtú agus leis an athbhreoslú, beart a bheadh ag cur le torthaí na Gníomhaíochta Tacaíochta Cláir maidir le ‘Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta’ (‘IDACS’).

(46)Ba cheart ról bunúsach a bheith ag sonraí i bhfeidhmiú leordhóthanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe. Trí bhíthin na formáide inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana, ba cheart cáilíocht fhoriomlán éiceachórais bonneagair le haghaidh breoslaí ionadúla a chomhlíonann riachtanais an úsáideora a chinneadh. Thairis sin, ba cheart na sonraí sin a bheith inrochtana ar bhealach comhleanúnach sna Ballstáit ar fad. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 le haghaidh pointí rochtana náisiúnta (NAPanna).  

(47)Tá sé ríthábhachtach gur féidir leis na gníomhaithe ar fad san éiceachóras soghluaisteachta leictrí idirghníomhú go héasca trí mheáin dhigiteacha chun an tseirbhís ar an gcáilíocht is fearr a sholáthar don úsáideoir deiridh. Chuige sin teastaíonn aitheantóirí uathúla na ngníomhaithe ábhartha sa luachslabhra. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Eagraíocht um Chlárú Aitheantais (‘IDRO’) a cheapadh chun cóid aitheantais uathúla a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair a shainaithint ar a laghad. Ba cheart do IDRO faisnéis faoi na cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta atá in úsáid cheana sa Bhallstát féin a bhailiú; cóid nua leictrea-shoghluaisteachta a eisiúint, i gcás inar gá, le haghaidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair faoi loighic choiteann chomhaontaithe uile-Aontais lena ndéantar cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta a fhormáidiú; malartú agus fíorú uathúlacht na gcód leictrea-shoghluaisteachta sin a cheadú trí Stóras Clárúcháin Aitheantais coiteann (‘IDRR’) a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a eisiúint maidir le heagraíocht den sórt sin a bhunú, treoir ina dtarraingeofaí ar an nGníomhaíocht Tacaíochta Cláir maidir le ‘Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta’ (IDCAS’).

(48)Tá gá le caighdeáin nua le haghaidh an iompair mhuirí agus na loingseoireachta intíre chun iontráil breoslaí ionadúla isteach sa mhargadh a éascú agus a chomhdhlúthú, ar caighdeáin iad a bhaineann le soláthar leictreachais agus hidrigine, buncaireacht meatánóil agus amóinia, agus tá gá le caighdeáin maidir le malartú cumarsáide idir soithí agus an bonneagar freisin.

(49)Forbraíonn an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil aonfhoirmeacha, a aithnítear go hidirnáisiúnta, le haghaidh iompar muirí. Ba cheart coinbhleachtaí le caighdeáin idirnáisiúnta a sheachaint i bhfianaise chineál domhanda an iompair mhuirí. Dá bhrí sin, i dtaca le haon sonraíocht theicniúil maidir le hiompar muirí arna glacadh de bhun an Rialacháin seo ba cheart don Aontas Eorpach a áirithiú go bhfuil na sonraíochtaí sin comhsheasmhach leis na rialacha idirnáisiúnta arna nglacadh ag IMO.

(50)Ba cheart na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidirinoibritheacht pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe a shonrú i gcaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta. Ba cheart do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (‘ESOnna’) na caighdeáin Eorpacha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 . Ba cheart na caighdeáin sin a bhunú ar chaighdeáin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair nó ar obair idirnáisiúnta leanúnach caighdeánaithe, i gcás inarb infheidhme.

(51)Sonraíochtaí teicniúla mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leanfaidh siad de bheith infheidhme mar a shonraítear sa Treoir sin.

(52)Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe ábhartha, go háirithe an Fóram Iompair Inbhuanaithe (‘STF’) agus Fóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (‘ESSF’). Is rud tábhachtach é comhairliúchán den sórt sin le saineolaithe go háirithe nuair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo.

(53)Is réimse é réimse na mbreoslaí ionadúla atá ag forbairt go tapa. An easpa sonraíocht choiteann theicniúil is bacainn í ar mhargadh aonair a chruthú le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonraíochtaí teicniúla a normú le haghaidh réimsí nár socraíodh sonraíochtaí teicniúla coiteanna ina leith go fóill ach ar gá iad a shocrú. Ba cheart a áireamh leis sin go háirithe an chumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe, an chumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an bhogearra athluchtaithe (cúil); an chumarsáid a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta le haghaidh feithiclí leictreacha agus an chumarsáid leis an eangach leictreachais. Is gá sainiú a dhéanamh ar an gcreat rialachais oiriúnach agus ar róil na ngníomhaithe difriúla a bhfuil baint acu leis an éiceachóras cumarsáide ó fheithicil go heangach. Thairis sin, ní mór forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, mar shampla, córais bóithre leictreacha (‘ERS’) a chur san áireamh. A mhéid a bhaineann le soláthar sonraí, is gá foráil a dhéanamh maidir le cineálacha sonraí breise agus sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an bhformáid inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana.

(54)Tá an margadh le haghaidh breoslaí ionadúla agus breoslaí astaíochtaí nialasacha go háirithe i gcéimeanna luatha na forbartha agus tá an teicneolaíocht ag athrú go tapa. Is dócha go ndéanfaidh sin difear don éileamh ar bhreoslaí ionadúla agus dá bhrí sin, ar bhonneagar breoslaí ionadúla ar fud na modhanna. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an Rialachán seo a athbhreithniú faoi dheireadh 2026 go háirithe a mhéid a bhaineann le spriocanna a shocrú maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair mar aon le spriocanna a shocrú maidir le bonneagar le haghaidh breoslaí ionadúla i gcomhair soithí agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha in earnáil an uisce-iompair agus in earnáil na heitlíochta.

(55)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit aonair cuspóir an Rialacháin seo, is é sin forbairt mhargaidh fhorleathan ar bhreoslaí malartacha a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gurbh fhearr dá ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr an ghá le gníomhaíocht chun an téileamh ar mhais chriticiúil d'fheithiclí breosla ionadúil a chomhlíonadh agus de bharr an ghá le forbairtí costéifeachtúla ag lucht tionscail na hEorpa, agus de bharr an ghá soghluaisteacht feithiclí breosla ionadúil ar fud an Aontais a chumasú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(56)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/94/AE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.Leagtar amach sa Rialachán seo spriocanna náisiúnta éigeantacha maidir le bonneagar leordhóthanach breoslaí ionadúla a imscaradh san Aontas, d’fheithiclí bóthair, soithí agus aerárthaí atá ina stad. Leagtar síos ann sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus ceanglais maidir le faisnéis úsáideora, soláthar sonraí agus ceanglais íocaíochta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla.

2.Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha maidir leis na creataí beartais náisiúnta atá le glacadh ag na Ballstáit, lena náirítear imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla i limistéir nach bhfuil spriocanna éigeantacha uile-Aontais socraithe iontu agus maidir leis an tuairisciú ar imscaradh bonneagair den sórt sin.

3.Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Is éard a bheidh sa sásra próiseas struchtúrtha, trédhearcach, atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun na creataí beartais náisiúnta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus chun críche gnímh chomhfhreagraigh ón gCoimisiún.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘inrochtaineacht sonraí’ féidearthacht sonraí a iarraidh agus a fháil tráth ar bith i bhformáid atá inléite ag meaisín, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún 61 ;

(2)ciallaíonn ‘praghas ad hoc’ an praghas a ghearrann oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar an úsáideoir deiridh as athluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc;

(3)ciallaíonn ‘breoslaí ionadúla’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, ar a laghad go páirteach, in ionad foinsí breosla ola iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh an iompair, agus a d’fhéadfadh cur leis an méid carbóin atá ann a ísliú, agus le feidhmiú comhshaoil na hearnála iompair a fheabhsú, lena náirítear:

(a)‘breoslaí ionadúla le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha’:

leictreachas,

hidrigin,

amóinia,

(b)‘breoslaí inathnuaite’:

breoslaí bithmhaise agus bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (27) agus (33) de Threoir (AE) 2018/2001;

breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, lena n‑áirítear amóinia, a tháirgtear le fuinneamh in‑athnuaite,

(c)‘breoslaí iontaise ionadúla’ le haghaidh idirthréimhse:

gás nádúrtha, i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe) (GNL)),

gás peitriliam leachtaithe (GPL),

breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a tháirgtear le fuinneamh neamh-in‑athnuaite;

(4)ciallaíonn ‘aerfort den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ aerfort mar a liostaítear agus mar a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(5)‘comhlacht bainistithe aerfoirt’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 ; 

(6)ciallaíonn ‘fíordheimhniú uathoibríoch’ fíordheimhniú feithicle ag pointe athluchtaithe tríd an nascóir athluchtaithe nó trí theileamaitic;

(7)ciallaíonn ‘infhaighteacht sonraí’ sonraí a bheith ar fáil i bhformáid dhigiteach atá inléite ag meaisín.

(8)ciallaíonn ‘feithicil cheallra-leictreach’ feithicil leictreach arb é an mótar leictreach an taon chumhacht inti, gan an dara foinse tiomána inti;

(9)ciallaíonn ‘athluchtú déthreoch’ oibríocht chliste athluchtaithe inar féidir an sreabhadh leictreachais a iompú, ionas go sreabhann an leictreachas ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé nasctha;

(10)ciallaíonn ‘nascóir’ an comhéadan fisiceach idir an pointe athluchtaithe agus an fheithicil, trína ndéantar an fuinneamh leictreach a mhalartú;

(11)ciallaíonn ‘aeriompar tráchtála’ aeriompar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (24) de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 ;

(12)ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a cheaptar go heisiach chun coimeádáin a iompar i mbroinnte agus ar deic;

(13)ciallaíonn ‘íocaíocht chonradh-bhunaithe’ íocaíocht as seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe ón úsáideoir deiridh le cuideachta líonra iompair ar bhonn conartha idir an túsáideoir deiridh agus an chuideachta líonra iompair;

(14)ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach’ pointe athluchtaithe ar féidir leis faisnéis a sheoladh agus a fháil i bhfíoram, cumarsáid dhéthreoch a dhéanamh leis an eangach leictreachais agus an fheithicil leictreach, agus ar féidir faireachán agus rialú cianda a dhéanamh air, lena náirítear an seisiún athluchtaithe a thosú agus a stopadh agus sreafaí leictreachais a thomhas;

(15)ciallaíonn oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29) de Threoir (AE) 2019/944;

(16)ciallaíonn ‘sonraí dinimiciúla’ sonraí a athraíonn go minic nó go tráthrialta;

(17)ciallaíonn ‘córas bóithre leictreacha’ suiteáil fhisiceach feadh bóthair lenar féidir leictreachas a aistriú chuig an bhfeithicil leictreach a fhad is atá an fheithicil faoi shiúl;

(18)ciallaíonn ‘feithicil leictreach’ mótarfheithicil atá feistithe le gléasra cumhachta ina bhfuil meaisín leictreach neamh-imeallach amháin ar a laghad mar thiontaire fuinnimh ag a bhfuil córas stórála fuinnimh inathluchtaithe leictreach, is féidir a athluchtú go seachtrach;

(19)ciallaíonn ‘soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad’ leictreachas a sholáthar trí chomhéadan doghluaiste nó soghluaiste caighdeánaithe d'aerárthaí nuair a bhíonn siad ar lonnú ag an ngeata nó ag suíomh amach ón aerfort;

(20)ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn breosla ionadúil lena úsáid go díreach i bhfeithicil;

(21)ciallaíonn ‘ríomhfhánaíocht’ malartú sonraí agus íocaíochtaí idir oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus cuideachta líonra iompair óna gceannaíonn úsáideoir deiridh seirbhís athluchtaithe;

(22)ciallaíonn ‘ardán ríomhfhánaíochta’ ardán lena nasctar gníomhaithe margaidh, go háirithe cuideachtaí líonra iompair agus oibreoirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe, chun seirbhísí eatarthu a chumasú, lena náirítear an ríomhfhánaíocht;

(23)ciallaíonn 'caighdeán Eorpach' caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(24)ciallaíonn ‘críochfort lasta’ críochfort lasta mar a shainmhínítear in Airteagal 3 pointe (s) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(25)ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) olltonnáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e) de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 ;

(26)ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair’ mótarfheithicil de chatagóir M2, M3, N2 nó N3 mar a shainítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE 65 ;

(27)ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe ardchumhachta’ pointe athluchtaithe lenar féidir leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach ar mó ná 22 kW a cumhacht aschurtha;

(28)ciallaíonn ‘árthach paisinéirí ardluais’ árthach mar a shainmhínítear i Rialachán 1 de Chaibidil X de Choinbhinsiún SOLAS 74, agus ina niompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(29)ciallaíonn ‘feithicil saothair éadroim’ mótarfheithicil de chatagóir M1 nó N1 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(30)ciallaíonn ‘cuideachta líonra iompair’ duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoir deiridh ar luach saothair, lena náirítear seirbhís athluchtaithe a dhíol;

(31)ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe lenar féidir leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach a bhfuil a cumhacht aschurtha faoi bhun nó cothrom le 22 kW;

(32)ciallaíonn ‘pointe rochtana náisiúnta’ comhéadan digiteach ina gcuirtear sonraí statacha agus dinimiciúla áirithe ar rochtain úsáideoirí sonraí lena nathúsáid, arna gcur chun feidhme ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún;

(33)ciallaíonn ‘oibreoir pointe athluchtaithe’ an teintiteas atá freagrach as pointe athluchtaithe a bhainistiú agus a oibriú, ar pointe athluchtaithe é lena soláthraítear seirbhís athluchtaithe d'úsáideoirí deiridh, lena náirítear in ainm agus thar ceann cuideachta líonra iompair;

(34)ciallaíonn ‘oibreoir pointe athbhreoslaithe’ an teintiteas atá freagrach as pointe athbhreoslaithe a bhainistiú agus a oibriú, ar pointe athbhreoslaithe é ina soláthraítear seirbhís athbhreoslaithe d'úsáideoirí deiridh, lena náirítear in ainm agus thar ceann cuideachta líonra iompair;

(35)ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long ina niompraítear breis agus 12 phaisinéir, lena náirítear longa cúrsála, árthaí paisinéirí ardluais agus longa ina bhfuil saoráidí chun é a chur ar a gcumas d’fheithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as (‘longa paisinéirí róró’);

(36)ciallaíonn ‘feithicil hibrideach inluchtaithe’ feithicil leictreach a chomhdhéantar de ghnáthinneall dócháin in éineacht le córas tiomána leictreach, is féidir a athluchtú ó fhoinse cumhachta leictrí seachtraí;

(37)ciallaíonn ‘cumhacht aschurtha’ an uaschumhacht theoiriciúil, arna sloinneadh ina kW, is féidir le pointe, stáisiún, nó comhthiomsú athluchtaithe, nó suiteáil soláthair leictreachais cois cladaigh a sholáthar d'fheithicil nó do shoitheach atá nasctha leis an bpointe, an stáisiún, an comhthiomsú nó an tsuiteáil athluchtaithe sin;

(38)ciallaíonn bonneagar breoslaí ionadúla atá ‘inrochtana don phobal’ bonneagar breoslaí ionadúla atá suite ag suíomh nó ag áitreabh atá oscailte don phobal i gcoitinne, gan beann ar an mbonneagar breoslaí ionadúla a bheith suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag teorainneacha nó coinníollacha i dtéarmaí rochtana ar an suíomh nó ar an áitreabh agus gan beann ar choinníollacha úsáide infheidhme an bhonneagair breoslaí ionadúla;

(39)ciallaíonn ‘Cód Mearfhreagartha’ (cód QR) ionchódú agus amharcléiriú sonraí atá comhlíontach de réir ISO 18004;

(40)ciallaíonn ‘athluchtú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athluchtaithe as a níocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála fadtréimhseach a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe amach ón tseirbhís a cheannach;

(41)ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ comhéadan doghluaiste nó soghluaiste lenar féidir leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach, ar comhéadan é nach bhfuil in ann ach feithicil leictreach amháin a athluchtú san aon tráth amháin, bíodh go bhféadfadh nascóir amháin nó níos mó a bheith aige chun freastal ar chineálacha éagsúla nascóirí, agus eisiatar gairis a bhfuil cumhacht aschurtha is lú ná 3.7 kW nó cothrom leis sin acu agus nach bhfuil mar phríomhchuspóir acu feithiclí leictreacha a athluchtú.

(42)ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí saothair éadroim a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(43)ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí tromshaothair a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(44)ciallaíonn ‘comhthiomsú athluchtaithe’ stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó ag suíomh sonrach;

(45)ciallaíonn ‘stáisiún athluchtaithe’ suiteáil fhisiceach aonair ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athluchtaithe amháin nó níos mó;

(46)ciallaíonn ‘seirbhís athluchtaithe’ leictreachas a dhíol nó a sholáthar, lena náirítear seirbhísí gaolmhara, trí phointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(47)ciallaíonn ‘seisiún athluchtaithe’ an próiseas iomlán athluchtaithe feithicle ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(48)ciallaíonn ‘athbhreoslú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athbhreoslaithe as a níocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála fadtréimhseach a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe amach ón tseirbhís a cheannach;

(49)ciallaíonn ‘pointe athbhreoslaithe’ saoráid athbhreoslaithe lena soláthraítear aon bhreosla ionadúil leachtaigh nó gásaigh trí shuiteáil dhoghluaiste nó shoghluaiste, nach bhfuil in ann ach feithicil amháin a athbhreoslú san aon tráth amháin;

(50)ciallaíonn ‘seirbhís athbhreoslaithe’ aon bhreosla ionadúil leachtach nó gásach a dhíol nó a sholáthar trí phointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal;

(51)ciallaíonn ‘seisiún athbhreoslaithe’ an próiseas iomlán athbhreoslaithe feithicle ag pointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(52)ciallaíonn ‘stáisiún athbhreoslaithe’ suiteáil fhisiceach aonair ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athbhreoslaithe amháin nó níos mó;

(53)ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;

(54)ciallaíonn ‘fuinneamh inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite neamhiontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(55)ciallaíonn ‘long paisinéirí róró’ long ina bhfuil saoráidí chun é a chur ar a gcumas d’fheithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as, agus ina niompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(56)ciallaíonn ‘páirceáil shlán shábháilte’ limistéar páirceála agus scíthe dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (1)(b) atá tiomnaithe don pháirceáil thar oíche ag feithiclí tromshaothair;

(57)ciallaíonn ‘long i mbeart’ long i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n) de Rialachán (AE) 2015/757;

(58)ciallaíonn ‘soláthar leictreachais cois cladaigh’ cumhacht leictreach cois cladaigh a sholáthar trí chomhéadan caighdeánaithe do longa farraige nó do shoithí uiscebhealaí intíre agus iad i mbeart;

(59)ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíoram, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(60)ciallaíonn ‘sonraí statacha’ sonraí nach nathraíonn go minic ná go tráthrialta;

(61)ciallaíonn ‘gréasán cuimsitheach TEN-T’ gréasán mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(62)ciallaíonn ‘croíghréasán TEN-T’ gréasán mar a shainmhínítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(63)ciallaíonn ‘calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus calafort uiscebhealaigh intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T nó den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(64)ciallaíonn ‘calafort muirí den chroíghréasán TEN-T agus calafort muirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort muirí den chroíghréasán TEN-T nó calafort muirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(65)ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir córais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2019/944;

(66)ciallaíonn ‘nód uirbeach’ nód uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

Airteagal 3

Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim

1.Áiritheoidh na Ballstáit:

go n‑imscarfar stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal d'fheithiclí saothair éadroim i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim;

go n‑imscarfar ina gcríoch stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim, ar stáisiúin athluchtaithe iad ina soláthrófar cumhacht aschurtha leordhóthanach do na feithiclí sin.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ón mbliain dá dtagraítear in Airteagal 24, go gcomhlíonfar na spriocanna cumhachta aschurtha seo a leanas go carnach:

(a)go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch; agus

(b)go soláthrófar 0.66 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch.

2.Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim ar an ngréasán bóithre ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go nimscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)faoin 31 Nollaig 2025, 300 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;

(ii)faoin 31 Nollaig 2030, 600 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;

(b)go nimscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu, feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)faoin 31 Nollaig 2030, 300 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;

(ii)faoin 31 Nollaig 2035, 600 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad.

3.Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.

Airteagal 4

Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair

1.Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair ar an ngréasán bóithre ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go nimscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)faoin Dé Céadaoin 31 Nollaig 2025, 1400 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;

(ii)faoin 31 Nollaig 2030, 3500 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;

(b)go nimscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 100 km eatarthu feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)faoin 31 Nollaig 2030, 1400 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh aon stáisiún amháin athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;

(ii)faoin 1 Nollaig 2035, 3500 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;

(c)faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála slán sábháilte, suiteálfar stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair ag a mbeidh cumhacht aschurtha 100 kW ar a laghad;

(d)faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 600 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;

(e)faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 1200 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad.

2.Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.

Airteagal 5

Bonneagar athluchtaithe

1.Beidh an tsaoirse ag oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal chun leictreachas a cheannach ó aon soláthróir leictreachais de chuid an Aontais, faoi réir chomhaontú an tsoláthróra.

2.Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, tabharfaidh siad deis d'úsáideoirí deiridh a bhfeithicil leictreach a athluchtú ar bhonn ad hoc ag na pointí athluchtaithe arna noibriú acu, trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin:

(a)ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil cumhacht aschurtha faoi bhun 50 kW, arna nimscaradh ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena náirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(i)léitheoirí cártaí íocaíochta;

(ii)gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad;

(iii)gairis a úsáideann nasc idirlín lenar féidir cód Mearfhreagartha a ghiniúint agus a úsáid go sonrach le haghaidh an idirbhirt íocaíochta, mar shampla;

(b)ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil cumhacht aschurtha atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, arna nimscaradh ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena náirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(i)léitheoirí cártaí íocaíochta;

(ii)gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.

Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfar an ceanglas i bpointe (b) i ngach stáisiún athluchtaithe, ag a bhfuil cumhacht aschurtha atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, agus atá inrochtana don phobal arna oibriú acu.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar iontu táille as an tseirbhís athluchtaithe.  

3.Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe, nuair a thairgfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, a áirithiú go mbeidh an ceart i gcónaí ag úsáideoirí deiridh gan úsáid a bhaint as an bhfíordheimhniú uathoibríoch agus go bhféadfaidh siad a bhfeithicil a athluchtú ar bhonn ad hoc, dá bhforáiltear i mír 3, nó úsáid a bhaint as réiteach athluchtaithe conradh-bhunaithe eile agus a thairgtear ag an bpointe athluchtaithe sin. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe an rogha sin go follasach agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach áisiúil don úsáideoir deiridh í, ag gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus i gcás ina gcuireann siad fíordheimhniú uathoibríoch ar fáil.

4.Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a mhuirearóidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal idirdhealú ar na praghsanna a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh agus na praghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair ná ar phraghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair éagsúla. I gcás inarb ábhartha, is ar bhealach comhréireach, de réir bonn cirt oibiachtúil, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.

5.Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe go soiléir an praghas ad hoc agus a chomhpháirteanna uile ag gach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu ionas go mbeidh sin ar eolas ag úsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe. Taispeánfar go soiléir na comhpháirteanna praghais seo a leanas ar a laghad, más infheidhme ag an stáisiún athluchtaithe:

praghas in aghaidh an tseisiúin,

praghas in aghaidh an nóiméid,

praghas in aghaidh kWh.

6.Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh cuideachtaí líonra iompair an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athluchtaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar idirdhealú soiléir ar na comhpháirteanna praghais a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an chuideachta líonra iompair. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na táillí. Ní ghearrfar aon mhuirear breise as ríomhfhánaíocht trasteorann.

7.Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu gur pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach é.

8.Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe gnáthchumhachta atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, go mbeifear in ann athluchtú cliste a dhéanamh ann.

9.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go núsáidfear comharthaíocht iomchuí laistigh de limistéir pháirceála agus scíthe ar an ngréasán bóithre TEN-T ina bhfuil bonneagar breoslaí ionadúla suiteáilte, ionas go mbeifear in ann suíomh beacht bhonneagar na mbreoslaí ionadúla a shainaithint go héasca.

10.Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal go mbeidh cábla athluchtaithe doghluaiste suiteáilte i ngach pointe athluchtaithe srutha dhírigh (DC) atá inrochtana don phobal arna oibriú acu.

11.I gcás nach é oibreoir an phointe athluchtaithe úinéir an phointe athluchtaithe sin, déanfaidh an túinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointe athluchtaithe a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun é a chur ar a chumas don oibreoir an oibleagáid a leagtar amach i míreanna 1, 3, 7, 8 agus 10 a chomhlíonadh.

Airteagal 6

Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar bun ina gcríoch líon íosta pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal faoin 31 Nollaig 2030.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a bhfuil toilleadh íosta 2 t/lá acu agus atá feistithe le dáileoir 700 bar ar a laghad go n‑imscarfar na stáisiúin sin ar achar uasta 150 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T agus feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. Déanfar hidrigin leachtach a chur ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus achar uasta 450 km eatarthu.

Áiritheoidh siad faoin 31 Nollaig 2030 go ndéanfar stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin ar a laghad atá inrochtana don phobal a imscaradh i ngach nód uirbeach. Déanfar anailís ar an suíomh is fearr do na stáisiúin athbhreoslaithe sin agus breithniú á dhéanamh go háirithe ar imscaradh stáisiún den sórt sin i moil ilmhódacha ina bhféadfaí soláthar a dhéanamh freisin do mhodhanna eile iompair.

2.Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar an tachar uasta dá dtagraítear i mír 1, dara fomhír, maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.

3.Áiritheoidh oibreoir stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcás nach é an toibreoir an túinéir, áiritheoidh úinéir an stáisiúin sin i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, go bhfuil an stáisiún ceaptha chun riar ar fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair. I gcríochfoirt lasta, áiritheoidh oibreoirí nó úinéirí na stáisiún athbhreoslaithe hidrigine sin atá inrochtana don phobal go mbeidh hidrigin leachtach le fáil sna stáisiúin sin freisin.

Airteagal 7

Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine

1.Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, gach oibreoir stáisiún athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal arna noibriú acu tabharfaidh siad deis d'úsáideoirí deiridh athbhreoslú a dhéanamh ar bhonn ad hoc trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, áiritheoidh oibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine go nglacfar i ngach stáisiún athbhreoslaithe hidrigine arna oibriú acu le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena náirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a)léitheoirí cártaí íocaíochta;

(b)gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.

I gcás nach é oibreoir an phointe athbhreoslaithe hidrigine úinéir an phointe sin, déanfaidh an t‑úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointí athluchtaithe hidrigine a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun é a chur ar a chumas don oibreoir an oibleagáid a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh.

2.Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a mhuirearóidh oibreoirí na bpointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal idirdhealú ar na praghsanna a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh agus na praghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair ná ar phraghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair éagsúla. I gcás inarb ábhartha, is ar bhealach comhréireach, de réir bonn cirt oibiachtúil, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.

3.Sna stáisiúin athbhreoslaithe arna noibriú acu, cuirfidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine faisnéis faoi phraghsanna ar fáil roimh thús seisiúin athbhreoslaithe.

4.Maidir le hoibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine, féadfaidh siad seirbhísí athbhreoslaithe hidrigine a sholáthar do chustaiméirí ar bhonn conarthach, lena náirítear in ainm agus thar ceann cuideachtaí eile líonra iompair. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh cuideachtaí líonra iompair an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athluchtaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar idirdhealú soiléir ar na comhpháirteanna praghais a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe hidrigine, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a mhuirearaíonn an chuideachta líonra iompair.

Airteagal 8

Bonneagar gáis nádúrtha leachtaithe le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar

Áiritheoidh na Ballstáit go dtí an 1 Eanáir 2025 go ndéanfar líon iomchuí pointí athbhreoslaithe GNL, a bheidh inrochtana don phobal, a chur ar bun feadh an chroíghréasáin TEN-T ar a laghad, chun é a chur ar a gcumas do mhótarfheithiclí tromshaothair GNL a bheith ag gluaiseacht ar fud an Aontais, má bhíonn éileamh ar a leithéid, ach amháin i gcás ina mbeidh na costais díréireach leis na tairbhí, lena n‑áirítear na tairbhí don chomhshaol.

Airteagal 9

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa farraige coimeádán agus longa farraige paisinéirí i gcalafoirt mhuirí. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú faoin 1 Eanáir 2030:

(a)sna calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, ar mó ná 50 an meánlíon bliantúil cuairteanna ar chalafort arna dtabhairt ag longa farraige coimeádán, a bhfuil os cionn 5000 olltonna orthu, sna 3 bliana roimhe sin, go mbeidh cumhacht aschurtha cois cladaigh leordhóthanach acu chun freastal ar 90 % ar a laghad den éileamh sin;

(b)sna calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, ar mó ná 40 an meánlíon bliantúil cuairteanna ar chalafort arna dtabhairt ag longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais, a bhfuil os cionn 5000 olltonna orthu, sna 3 bliana roimhe sin, go mbeidh cumhacht aschurtha cois cladaigh leordhóthanach acu chun freastal ar 90 % ar a laghad den éileamh sin;

(c)sna calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, ar mó ná 25 an meánlíon bliantúil cuairteanna ar chalafort arna dtabhairt ag longa paisinéirí nach longa paisinéirí róró iad agus árthaí paisinéirí ardluais, a bhfuil os cionn 5000 olltonna orthu, sna 3 bliana roimhe sin, go mbeidh cumhacht aschurtha cois cladaigh leordhóthanach acu chun freastal ar 90 % ar a laghad den éileamh sin;

2.Chun an líon cuairteanna ar chalafort a chinneadh, ní chuirfear na cuairteanna ar chalafort seo a leanas san áireamh:

(a)cuairteanna ar chalafort a mhairfidh níos lú ná dhá uair an chloig i mbeart, arna ríomh ar bhonn uair an chloig imeachta agus teachta a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le hAirteagal 14 den togra le haghaidh Rialachán COM(2021)562;

(b)cuairteanna ar chalafort ag longa a úsáideann teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán COM(2021)562;

(c)cuairteanna ar chalafort neamhsceidealta ar chúiseanna sábháilteachta nó ar chúiseanna a bhaineann le beatha a shábháil ar muir.

3.I gcás ina bhfuil an calafort muirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, suite ar oileán nach bhfuil nasctha go díreach leis an eangach leictreachais, ní bheidh feidhm ag mír 1, go dtí go dtabharfar i gcrích nasc den sórt sin nó go mbeidh toilleadh leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí glana fuinnimh.

Airteagal 10

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go nimscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den chroíghréasán TEN-T faoin 1 Eanáir 2025;

(b)go nimscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T faoin 1 Eanáir 2030;

Airteagal 11

Spriocanna maidir le GNL a sholáthar i gcalafoirt mhuirí

1.Áiritheoidh na Ballstáit, go gcuirfear líon iomchuí pointí athbhreoslaithe GNL ar bun ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T dá dtagraítear i mír 2, chun é a chur ar a gcumas do longa farraige a bheith ag gluaiseacht ar fud an chroíghréasáin TEN-T faoin 1 Eanáir 2025. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, i gcás inar gá, chun cumhdach leormhaith ar an gcroíghréasán TEN-T a áirithiú.

2.Ainmneoidh na Ballstáit, ina gcreataí beartais náisiúnta, calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T ina gcuirfear rochtain ar fáil ar phointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe dá dtagraítear i mír 1, agus riachtanais iarbhír an mhargaidh agus forbairtí iarbhír sa mhargadh á gcur san áireamh.

Airteagal 12

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt i ngach aerfort den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T soláthar leictreachais a áirithiú d'aerárthaí atá ina stad:

(a)ag gach geata a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála, faoin 1 Eanáir 2025;

(b)ag gach post amach ón aerfort a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála, faoin 1 Eanáir 2030.

2.Ón 1 Eanáir 2030 amach ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur ón eangach leictreachais a thiocfaidh an leictreachas arna sholáthar de bhun mhír 1 nó go nginfear ar an láthair mar fhuinneamh inathnuaite é.

Airteagal 13

Creataí beartais náisiúnta

1.Faoin 1 Eanáir 2024, ullmhóidh agus seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún dréachtchreat beartais náisiúnta le haghaidh fhorbairt an mhargaidh maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair agus imscaradh an bhonneagair ábhartha.

Beidh na gnéithe a leanas ar a laghad san áireamh sa chreat beartais náisiúnta sin:

(a)measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí ionadúla agus, i gcás inarb ábhartha, an leanúnachas trasteorann á gcur san áireamh;

(b)spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a leagtar amach spriocanna náisiúnta éigeantacha ina leith sa Rialachán seo;

(c)spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a bhaineann le pointí (l), (m), (n), (o) agus (p) den mhír seo a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar amach aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo;

(d)na beartais agus na bearta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí éigeantacha dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den mhír seo;

(e)bearta chun imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla do fhlíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh athluchtú leictreach agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe leictreacha le haghaidh comhroinnt carranna;

(f)bearta chun imscaradh stáisiún athluchtaithe d'fheithiclí saothair éadroim agus d'fheithiclí tromshaothair a spreagadh agus a éascú ag ionaid phríobháideacha nach bhfuil inrochtana don phobal;

(g)bearta chun bonneagar breoslaí ionadúla a chur chun cinn i nóid uirbeacha, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(h)bearta chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal a chur chun cinn;

(i)bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe, lena náirítear dáileadh geografach na bpointí luchtaithe déthreocha, ag rannchuidiú le solúbthacht an chórais fuinnimh agus ag rannchuidiú le sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas inathnuaite;

(j)bearta chun a áirithiú maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas, bearta nach mór a bheith i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinní I agus III de Threoir 2019/882;

(k)bearta chun deireadh a chur le bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann ar bhonneagar breoslaí ionadúla a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar;

(l)plean imscartha um bonneagar breoslaí ionadúla in aerfoirt seachas le haghaidh soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad, go háirithe le haghaidh athluchtú hidrigine agus leictreachais d'aerárthaí;

(m)plean imscartha um bonneagar breoslaí ionadúla i gcalafoirt mhuirí, go háirithe le haghaidh leictreachais agus hidrigine, le haghaidh seirbhísí calafoirt mar a shainítear i Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 ;

(n)plean imscartha um bonneagar breoslaí ionadúla i gcalafoirt mhuirí seachas le haghaidh GNL agus soláthar leictreachais cois cladaigh lena úsáid ag soithí farraige, go háirithe i gcás hidrigine, amóinia agus leictreachais;

(o)plean imscartha um breoslaí ionadúla san iompar ar uiscebhealaí intíre, go háirithe i gcás hidrigine agus leictreachais araon;

(p)plean imscartha lena náirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, do thraenacha hidrigine nó ceallra-leictreacha ar chodanna den líonra nach nascfar leis an leictreachas.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta riachtanais na modhanna éagsúla iompair atá ar a gcríoch, lena náirítear na modhanna sin a bhfuil líon teoranta roghanna ionadúla ar bhreoslaí iontaise ann.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta, de réir mar is iomchuí, leasanna na núdarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann.

4.I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. Go háirithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhar sna straitéisí chun breoslaí ionadúla a úsáid agus bonneagar comhfhreagrach a imscaradh san iompar ar uisce. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair.

5.Beidh bearta tacaíochta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

6.Cuirfidh gach Ballstát a dhréachtchreat beartais náisiúnta ar fáil don phobal agus áiritheoidh sé go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach sa dréachtchreat beartais náisiúnta a ullmhú.

7.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtchreataí beartais náisiúnta agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig Ballstát tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na dréachtchreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a bheith curtha faoina bhráid. D’fhéadfadh sé go dtabharfar aghaidh sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)leibhéal uaillmhéine na spriocanna agus na gcuspóirí d'fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a chomhlíonadh;

(b)beartais agus bearta a bhaineann le cuspóirí agus spriocanna na mBallstát.

8.Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholadh ón gCoimisiún ina chreat beartais náisiúnta. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar mholadh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin míniú i scríbhinn don Choimisiún.

9.Faoin 1 Eanáir 2025, tabharfaidh gach Ballstát fógra faoina chreat beartais náisiúnta deiridh don Choimisiún.

Airteagal 14

Tuairisciú

1.Déanfaidh gach Ballstát faoin 1 Eanáir 2027 den chéad uair, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil neamhspleách ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a chreata beartais náisiúnta.

2.Cumhdófar sna tuarascálacha an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I agus áireofar iontu, i gcás inarb iomchuí, bonn cirt ábhartha maidir le leibhéal gnóthaithe na spriocanna agus na gcuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13.

3.Déanfaidh údarás rialála Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí, agus go tréimhsiúil gach 3 bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí é a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena náirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais inathnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gach cineál pointe athluchtaithe, bíodh sé poiblí nó príobháideach, agus soláthrófar ann moltaí i dtéarmaí cineáil, teicneolaíocht tacaíochta agus dáileadh geografach chun cur le cumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras. Cuirfear ar fáil go poiblí é. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

4.Ar bhonn ionchur ó oibreoirí córais tarchurtha agus ó oibreoirí córais dáileacháin, déanfaidh údarás rialála Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí agus go tréimhsiúil gach 3 bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar an rannchuidiú féideartha a d'fhéadfadh an luchtú déthreoch a thabhairt chun sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas inathnuaite. Cuirfear an measúnú sin ar fáil go poiblí. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun infhaighteacht agus dáileadh geografach na bpointí athluchtaithe déthreocha a choigeartú, i limistéir phoiblí agus i limistéir phríobháideacha araon agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1.

5.6 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus inneachar na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn atá le cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Féadfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach aon fhorála eile den Rialachán seo a éascú ar fud an Aontais.

Airteagal 15

Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha ar dhul chun cinn

1.Faoin 1 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcreat beartais náisiúnta ar thug na Ballstáit fógra ina leith de bhun Airteagal 13(9) agus cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar na creataí beartais náisiúnta agus maidir le comhleanúnachas na gcreataí beartais náisiúnta ar leibhéal an Aontais, lena náirítear an chéad mheasúnú ar an leibhéal gnóthaithe a mheasfar a bheidh ann maidir leis na spriocanna agus na cuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(1) agus eiseoidh sé moltaí do na Ballstáit de réir mar is iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Tar éis na moltaí sin, eiseoidh na Ballstáit nuashonrú ar a dtuarascáil ar dhul chun cinn laistigh de 6 mhí tar éis na moltaí ón gCoimisiún.

3.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena mheasúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 14(1) bliain amháin tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn a chur isteach. Sa mheasúnú sin measfar:

(a)an dul chun cinn atá déanta ar leibhéal na mBallstát maidir le baint amach na spriocanna agus na gcuspóirí;

(b)comhleanúnachas na forbartha ar leibhéal an Aontais.

4.Ar bhonn creataí beartais náisiúnta agus tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn ó na Ballstáit de bhun Airteagal 13(1) agus Airteagal 14(1), déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoi na spriocanna náisiúnta agus na cuspóirí, faisnéis arna cur isteach ag gach Ballstát, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)an líon pointí agus stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal, agus idirdhealú á dhéanamh ar na pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim agus pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair, agus i gcomhréir leis an gcatagóiriú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III;

(b)an líon pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal;

(c)an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(d)an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(e)an líon pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe i gcalafoirt mhuirí agus intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(f)an líon pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;

(g)an líon pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite le haghaidh mótarfheithiclí atá inrochtana don phobal;

(h)pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh breoslaí ionadúla eile ag calafoirt mhuirí agus intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(i)pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh breoslaí ionadúla ag aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(j)pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh iompar ar iarnród.

Airteagal 16

Dul chun cinn a rianú

1.Faoin 28 Feabhra den bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach bliain ina dhiaidh sin faoin dáta céanna, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an chumhacht aschurtha athluchtaithe iomlán comhiomlánaithe, an líon pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus an líon feithiclí ceallra-leictreacha agus an líon feithiclí hibrideacha inluchtaithe ar imscaradh ar a gcríoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin, i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn III.

2.I gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá le fáil ag an gCoimisiún go bhfuil Ballstát i mbaol gan a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis torthaí an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach. Is éard a bheidh sna bearta ceartaitheacha gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach agus tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún na bearta ceartaitheacha a bheith sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a thuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í.  

Airteagal 17

Faisnéis don úsáideoir

1.Cuirfear faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus shoiléir ar fáil maidir le mótarfheithiclí is féidir a bhreoslú go tráthrialta le breoslaí ar leith a chuirtear ar an margadh, nó is féidir a athluchtú ag pointí athluchtaithe. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i lámhleabhair mhótarfheithicle, ag pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe, ar mhótarfheithiclí agus i gceadanna díoltóireachta mótarfheithiclí ina gcríoch. Bainfidh an ceanglas sin le gach mótarfheithicil, agus leis na lámhleabhair mhótarfheithicle a ghabhann leo, arna gcur ar an margadh tar éis an 18 Samhain 2016.

2.Is i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointí 9.1 agus 9.2 d’Iarscríbhinn II a dhéanfar comhoiriúnacht feithiclí agus bonneagar a shainaithint chomh maith le comhoiriúnacht breoslaí agus feithiclí a shainaithint dá dtagraítear i mír 1. I gcas ina dtagraítear do léiriú grafach sna caighdeáin sin, lena náirítear scéim dathchódaithe, beidh an léiriú grafach simplí sothuigthe, agus cuirfear é ar bhealach a mbeidh sé infheicthe go soiléir:

(a)ar chaidéil chomhfhreagracha agus ar a mbuinní ag na pointí athbhreoslaithe go léir, ón dáta a chuirtear breoslaí ar an margadh; nó

(b)i ngar do chaipíní gach umair breosla i mótarfheithiclí a moltar an breosla sin a úsáid leo agus atá comhoiriúnach leis an mbreosla sin agus i lámhleabhair mhótarfheithicle, nuair a chuirfear mótarfheithiclí den sórt sin ar an margadh tar éis an 18 Samhain 2016.

3.Chun críoch faisnéise, nuair a thaispeánfar praghsanna breosla ag stáisiún breosla, taispeánfar comparáid idir na praghsanna aonaid ábhartha i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás leictreachais agus hidrigine, agus an mhodheolaíocht chomhchoiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí ionadúla dá dtagraítear i bpointe 9.3 d’Iarscríbhinn II á leanúint.

4.Maidir le Caighdeáin Eorpacha lena gceaptar sonraíochtaí teicniúla breosla, i gcás nach náirítear iontu forálacha maidir le lipéadú chun na caighdeáin i gceist a chomhlíonadh, i gcás nach dtagraíonn na forálacha lipéadaithe do léiriú grafach lena náirítear scéimeanna dathchódaithe, nó i gcás nach bhfuil na forálacha maidir le lipéadú oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún, chun míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach:

(a)sainordú a thabhairt d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun sonraíochtaí lipéadaithe comhoiriúnachta a fhorbairt,

(b)gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an léiriú grafach, lena náirítear scéim dathchódaithe, maidir le comhoiriúnacht breoslaí a thabharfar isteach i margadh an Aontais agus a shroichfidh, de réir mheasúnú an Choimisiúin, leibhéal 1 % de mhéid iomlán na ndíolachán i níos mó ná Ballstát amháin.

5.I gcás ina ndéanfar forálacha maidir le lipéadú na gCaighdeán Eorpach a thabhairt cothrom le dáta, nó i gcás ina ndéanfar gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an lipéadú a ghlacadh, nó i gcás ina ndéanfar Caighdeáin Eorpacha nua maidir le breoslaí ionadúla a fhorbairt, de réir mar is gá, beidh feidhm ag na ceanglais chomhfhreagracha maidir le lipéadú 24 mhí tar éis iad a thabhairt cothrom le dáta nó a ghlacadh maidir leis na pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe uile agus maidir leis na mótarfheithiclí uile atá cláraithe ar chríoch na mBallstát.

Airteagal 18

Forálacha maidir le sonraí

1.Ceapfaidh na Ballstáit Eagraíocht Chláraithe Aitheantais. Bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, déanfaidh an Eagraíocht Chláraithe Aitheantais cóid sainaitheantais uathúla a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus cuideachtaí líonra iompair ar a laghad a shainaithint.

2.Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcomhréir leis an socrú eatarthu, maidir le húinéirí na bpointí sin, áiritheoidh siad go mbeidh fáil ar shonraí statacha agus dinimiciúla a bhaineann le bonneagar breoslaí ionadúla arna oibriú acu agus go mbeifear in ann na sonraí sin a rochtain saor in aisce trí na Pointí Rochtana Náisiúnta. Cuirfear na cineálacha sonraí a leanas ar fáil:

(a)sonraí statacha le haghaidh pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal arna noibriú acu:

(i)suíomh geografach an phointe athbhreoslaithe nó athluchtaithe,

(ii)an líon nascóirí,

(iii)an líon spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas,

(iv)faisnéis teagmhála úinéir agus oibreoir an stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

(b)sonraí statacha breise faoi phointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal arna noibriú acu:

(i)cóid sainaitheantais oibreoir an phointe athluchtaithe agus na gcuideachtaí líonra iompair ar a laghad a thairgeann seirbhísí ag an bpointe athluchtaithe sin, dá dtagraítear i mír 1,

(ii)cineál nascóra,

(iii)cineál srutha (AC/DC),

(iv)cumhacht aschurtha (kW),

(c)sonraí statacha faoi na pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe uile arna oibriú acu:

(i)stádas oibríochtúil (i seirbhís/as seirbhís)

(ii)infhaighteacht (in úsáid/gan bheith in úsáid)

(iii)praghas ad hoc.

3.Áiritheoidh na Ballstáit inrochtaineacht sonraí ar bhonn oscailte, neamh-idirdhealaitheach do na páirtithe leasmhara uile trína bPointe Rochtana Náisiúnta agus Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur i bhfeidhm acu 67 .

4.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cineálacha breise sonraí a chur leis na cineálacha a shonraítear i mír 2;

(b)eilimintí a shonrú a bhaineann le formáid, minicíocht agus cáilíocht na sonraí a chuirfear ar fáil;

(c)nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú lena bhféadfar na sonraí a cheanglaítear de bhun mhír 2 a sholáthar agus a mhalartú.

Airteagal 19

Sonraíochtaí teicniúla coiteanna

1.Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn II, ar a laghad, leis na pointí athluchtaithe gnáthchumhachta d'fheithiclí leictreacha, gan aonaid gan sreang ná aonaid ionduchtacha san áireamh, arna nimscaradh nó arna nathnuachan ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

2.Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn II, ar a laghad, leis na pointí athluchtaithe ardchumhachta d'fheithiclí leictreacha, gan aonaid gan sreang ná aonaid ionduchtacha san áireamh, arna nimscaradh nó arna nathnuachan ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

3.Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.2, 3.3, agus 3.4 d’Iarscríbhinn II le pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal arna nimscaradh nó arna nathnuachan ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

4.Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointí 4.1 agus 4.2 d’Iarscríbhinn II le suiteálacha soláthair leictreachais cois cladaigh le haghaidh iompar muirí, arna nimscaradh nó arna nathnuachan ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

5.Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite do mhótarfheithiclí, arna nimscaradh nó arna nathnuachan ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

6.I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú lena saineofar sonraíochtaí teicniúla do na réimsí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ar réimsí iad nach bhfuil aon sonraíocht theicniúil choiteann glactha ag an gCoimisiún ina leith.

7.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)an tAirteagal seo a fhorlíonadh le sonraíochtaí teicniúla coiteanna, ionas go mbeifear in ann idirinoibritheacht theicniúil iomlán an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chumasú i dtéarmaí naisc fhisiceacha agus malartú cumarsáide le haghaidh na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)Iarscríbhinn II a leasú trí na tagairtí do na caighdeáin dá dtagraítear sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19 don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18 agus 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 22

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé isteach togra chun é a leasú.

Airteagal 23

1.Aisghairm Déantar Treoir 2014/94/AE a aisghairm ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24.

2.Déanfar na tagairtí do Threoir 2014/94/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

 

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán            An tUachtarán

(1)    IO L 307, 28.10.2014, lch. 1.
(2)    COM(2019) 640 final.
(3)    COM(2020)563 final.
(4)    COM(2020)562 final.
(5)    COM(2020)789 final.
(6)    COM(2021)103 final
(7)    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2021): Tuarascáil Speisialta 05/2021: Bonneagar lena luchtaítear feithiclí leictreacha: is casta an rud é taisteal ar fud an Aontais toisc líon is mó stáisiún luchtaithe a bheith ann ach gan iad a bheith imscartha go cothrom.
(8)    SWD(2021) 637, ‘Meastóireacht ar Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh’.
(9)    COM(2020) 690 final.
(10)    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála saothair éadroim nua agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(11)    Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle, IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.
(12)    COM (2021) 556. Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 i dtaca leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí nua agus feithiclí tráchtála saothair éadroim nua a neartú i gcomhréir le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an aeráid.
(13)    Treoir (AE) 2018/2001
(14)    COM(2021) 561, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe.
(15)    COM(2021) 562, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar.
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.
(17)    Treoir 2003/87/CE.
(18)    Treoir 2003/96/CE.
(19)    Treoir 2010/31/AE.
(20)    Treoir 1999/62/CE.
(21)    Treoir (AE) 2019/1161.
(22)    COM(2020) 301 final.
(23)    COM/2020/299.
(24)    Rialachán (CE) 715/2007.
(25)    Rialachán (CE) 595/2009.
(26)    Treoir 2010/40/AE.
(27)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962.
(28)    https://ec.europa.eu/info/research-and‑innovation/funding/funding-opportunities/funding-programmes‑and‑open‑calls/horizon‑europe/european‑partnerships‑horizon‑europe_en.
(29)    https://ec.europa.eu/info/research-and‑innovation/funding/funding-opportunities/funding-programmes‑and‑open‑calls/horizon‑europe/missions‑horizon‑europe/climate-neutral-and‑smart‑cities_en.
(30)    SWD(2021) 631, ‘Measúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE’.
(31)    COM/2021/103 final.
(32)    SWD(2021) 637.
(33)    https://ec.europa.eu/info/law/better‑regulation/have-your‑say/initiatives/12251-Revision‑of-Alternative- Fuels‑Infrastructure-Directive.
(34)    I dtaca le hionchur na meastóireachta rinneadh anailís air sa tuarascáil chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara a thacaíonn le tuarascáil deiridh na meastóireachta.
(35)    SWD(2021) 637.
(36)    Tuarascáil deiridh, staidéar tacaíocht le haghaidh measúnú tionchair ‘Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hImscaradh Bonneagair Breoslaí Ionadúla (2014/94/AE)’, 2021.
(37)    Cuireadh torthaí an bhirt seo le chéile i dtuarascáil chuimsitheach ón seisiún iomlánach a bhí ag an bhFóram um Iompar Inbhuanaithe i mí na Samhna 2019: https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/2019-stf-consultation‑analysis.pdf.
(38)    SWD(2021) 614, Measúnú tionchair a ghabhann le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 i dtaca leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí nua agus feithiclí tráchtála saothair éadroim nua a neartú i gcomhréir le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an aeráid.
(39)    Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadaithe an Bhoird an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.
(40)    www.eafo.eu.
(41)    IO C , , lch. .
(42)    IO C , , lch. .
(43)    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(44)    COM(2020) 789 final.
(45)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(46)    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(47)    Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
(48)    COM(2021) 561.
(49)    COM(2021) 562.
(50)    Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(51)    I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos le Straitéis Cur Chun Feidhme an Chreata Eorpaigh Idir‑inoibritheachta, COM/2017/0134 final.
(52)    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(53)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(54)    COM(2020) 301 final.
(55)    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(56)    COM(2020) 301 final
(57)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(58)    Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(59)    Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna iompair eile (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
(60)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(61)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise taistil fíor‑ama ar fud an Aontais (IO L 157, 23.6.2015, lch. 21).
(62)    Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).
(63)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(64)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);
(65)    Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a fhormheas (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(66)    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).
(67)    Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair ( IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 559 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SEC(2021) 560 final} - {SWD(2021) 631 final} - {SWD(2021) 632 final} - {SWD(2021) 637 final} - {SWD(2021) 638 final}


IARSCRÍBHINN I

Tuairisciú

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán:

1.socrú spriocanna

(a)réamh‑mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig le haghaidh na mblianta 2025, 2030 agus 2035:

feithiclí bóthair saothair éadroim agus idirdhealú á dhéanamh idir feithiclí ceallra-leictreacha, feithiclí hibride inluchtaithe agus feithiclí hidrigine;

feithiclí bóthair tromshaothair agus idirdhealú á dhéanamh idir feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hidrigine;

(b)spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig 2025, 2030 agus 2035 maidir leis na nithe seo a leanas:

bonneagar athluchtaithe leictrigh le haghaidh feithiclí saothair éadroim: an líon stáisiún athluchtaithe agus an t‑aschur cumhachta (aicmiú na stáisiún athluchtaithe de réir Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo);

stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim nach bhfuil inrochtana ag an bpobal a fhorbairt;

bonneagar athluchtaithe leictrigh le haghaidh feithiclí tromshaothair: an líon stáisiún athluchtaithe agus an chumhacht aschuir

stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair nach bhfuil inrochtana ag an bpobal a fhorbairt;

stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: an líon stáisiún athbhreoslaithe, acmhainn na stáisiún athbhreoslaithe agus an cónascaire arna sholáthar;

stáisiúin athbhreoslaithe GNL ar bóthar: an líon stáisiún athbhreoslaithe agus acmhainn na stáisiún;

Pointí athbhreoslaithe GNL ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear an suíomh (calafort) agus an acmhainn in aghaidh an chalafoirt;

Soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear suíomh beacht (calafort) agus acmhainn gach suiteála laistigh den chalafort;

soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt uiscebhealaí intíre chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear suíomh (calafort) agus acmhainn;

soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, an líon suiteálacha de chroíghréasán TEN-T agus de ghréasán cuimsitheach TEN-T in aghaidh an aerfoirt;

spriocanna agus cuspóirí náisiúnta eile nach ann do spriocanna náisiúnta éigeantacha ar fud an Aontais ina leith. I gcás bonneagar breoslaí ionadúla i gcalafoirt, in aerfoirt agus i gcás iarnróid, ní mór suíomh agus acmhainn/méid na suiteála a thuairisciú;

2.rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;

3.a mhéid a baineadh amach na cuspóirí náisiúnta a tuairiscíodh chun breoslaí ionadúla a chur in úsáid sna modhanna iompair éagsúla (bóthar, iarnród, uisce agus aer):

a mhéid a baineadh amach na spriocanna maidir le cur in úsáid bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) le haghaidh na modhanna iompair uile, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe leictrigh, córas bóthair leictreach (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre, buncaeireacht GNL ag príomh‑chalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí ionadúla eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, agus le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine agus pointí athluchtaithe leictreacha i gcomhair traenacha freisin;

i gcás pointí athluchtaithe, ba cheart an cóimheas idir an bonneagar poiblí agus an bonneagar príobháideach a shonrú;

bonneagar breoslaí ionadúla a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;

4.bearta dlíthiúla: faisnéis faoi bhearta dlíthiúla, lena bhféadfaí bearta reachtacha, rialála nó riaracháin a chuimsiú chun tacú le bonneagar a fhorbairt le haghaidh breoslaí ionadúla, amhail ceadanna tógála, ceadanna carrchlóis, deimhniú maidir le feidhmíocht gnóthaí ó thaobh an chomhshaoil de agus lamháltais le haghaidh stáisiúin bhreosla;

5.faisnéis faoi bhearta beartais chun tacú le cur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta, lena n‑áirítear:

dreasachtaí díreacha chun modhanna iompair lena n‑úsáidtear breoslaí ionadúla a cheannach nó chun an bonneagar a chur ar bun;

infhaighteacht dreasachtaí cánach chun modhanna iompair lena n‑úsáidtear breoslaí ionadúla a chur chun cinn, mar aon leis an mbonneagar lena mbaineann;

úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le breoslaí ionadúla, lena n‑áirítear comhsholáthar;

dreasachtaí neamhairgeadais de réir an éilimh, mar shampla rochtain fhabhrach ar limistéir theoranta, beartas páirceála agus lánaí tiomnaithe;

6.tacaíocht na hearnála poiblí i dtaca le cur in úsáid agus monarú, lena n‑áirítear:

an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun bonneagar breoslaí ionadúla a chur in úsáid, arna mhiondealú de réir an bhreosla ionadúil agus de réir an mhodha iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer);

an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le monarchana monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí ionadúla, arna mhiondealú de réir an bhreosla ionadúil agus de réir an mhodha iompair;

breithniú ar aon riachtanas ar leith le linn na céime tosaigh de chur in úsáid bonneagar breoslaí ionadúla;

7.taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh: an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh i dtaca le breoslaí ionadúla, arna mhiondealú de réir an bhreosla agus a thionscnaimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir foirmeacha iontaise agus in‑athnuaite, agus arna mhiondealú de réir an mhodha iompair.

IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí teicniúla

1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar de bhóthar

1.1.Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha: pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017.

1.2.Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh mótarfheithiclí:

pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017;

pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir‑inoibritheachta, le nascóirí an chomhchórais luchtaithe ‘Combo 2’, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-3:2014.

1.3.Pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/[.../...] ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí..

1.4.Pointí athluchtaithe le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir L mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

1.5.Pointí athluchtaithe le haghaidh busanna leictreacha mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/[.../...] ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí .

1.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh mótarfheithiclí.

1.7.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an nascóir le n‑athluchtaítear feithiclí tromshaothair (luchtú SD).

1.8.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála saothair éadroim.

1.9.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.10.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim.

1.11.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.12.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.13.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.14.Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas leictreach ar bóthar (ERS) i gcomhair soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí bhíthin pantagraf le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.15.Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas leictreach ar bóthar le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí bhíthin ráillí seoltacha le haghaidh gluaisteáin paisinéirí, feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair.

1.16.Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí de chatagóir L.

1.17.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim.

1.18.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.19.Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe chun rochtain d’úsáideoirí faoi mhíchumas a áirithiú.

2.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an malartú cumarsáide san éiceachóras athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha

2.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe (cumarsáid ó fheithicil go heangach).

2.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an phointe athluchtaithe (cumarsáid chúil).

2.3.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, na soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta agus ardáin ríomhfhánaíochta.

2.4.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe agus na hoibreoirí córais dáilte.

3.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar hidrigine le haghaidh iompar de bhóthar

3.1.Pointí athbhreoslaithe hidrigine allamuigh lena ndáiltear hidrigin gásach a úsáidtear mar bhreosla ar bord mótarfheithiclí, comhlíonfaidh na pointí sin sonraíochtaí teicniúla na sonraíochta um Breoslú le Hidrigin Ghásach ISO/TS 20100.

3.2.Íonacht na hidrigine arna dáileadh ag pointí athbhreoslaithe hidrigine comhlíonfaidh an íonacht sin na sonraíochtaí teicniúla a áirítear i gcaighdeán ISO 14687:2019.

3.3.Bainfidh pointí athbhreoslaithe hidrigine úsáid as algartaim bhreoslaithe atá i gcomhréir leis an tsonraíocht um Breoslú le Hidrigin Ghásach ISO 19880-1:2020.

3.4.Nascóirí mótarfheithiclí lena n‑athbhreoslaítear le hidrigin ghásach, comhlíonfaidh siad caighdeán ISO 17268:2020 maidir le gairis nasctha athbhreoslaithe le haghaidh mótarfheithiclí ina n‑úsáidtear hidrigin ghásach.

3.5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí tromshaothair.

3.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin leachtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair.

4.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

4.1.Soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa muirghabhála, lena n‑áirítear dearadh, suiteáil agus tástáil na gcóras, comhlíonfaidh siad sonraíochtaí teicniúla chaighdeán IEC/IEEE 80005-1:2019 a mhéid a bhaineann le naisc ísealvoltais agus ardvoltais cois cladaigh.

4.2.Soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, comhlíonfaidh sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

4.3.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí muirí, lena n‑áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí muirí.

4.4.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, lena n‑áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

4.5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadan cumarsáide ó chalafoirt go heangach i soláthar cumhachta ar tír uathoibríoch agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí muirí.

4.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadan cumarsáide ó chalafort go heangach i soláthar cumhachta ar tír uathoibríoch agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

4.7.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú agus athluchtú ceallraí ag stáisiúin ar tír le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair hidrigin le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

5.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

5.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

6.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint meatánóil.

6.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól in‑athnuaite le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint meatánóil.

7.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

7.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia in‑athnuaite le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint amóinia.

7.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia in‑athnuaite le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint amóinia.

8.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha

8.1.Pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

8.2.Nascóirí/coimeádáin gáis nádúrtha chomhbhrúite, comhlíonfaidh siad Rialachán CENAE Uimh. 110 (lena dtagraítear do ISO 14469:2017).

8.3.Pointí athbhreoslaithe GNL le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

8.4.Maidir le pointí athbhreoslaithe GNL le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre nó longa muirghabhála, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

9.Sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le lipéadú breoslaí

9.1.An lipéad ‘Breoslaí - Sainaithint comhoiriúnachta feithicle – Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 16942:2016+A1:2021.

9.2.An lipéad ‘Sainaithint comhoiriúnachta feithiclí agus bonneagar – Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí maidir le soláthar cumhachta EV’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 17186.

9.3.An mhodheolaíocht choiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí ionadúla a leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais maidir le tuairisciú i dtaobh cur in úsáid feithiclí leictreacha agus bonneagair athluchtaithe

1.Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar chur in úsáid feithiclí leictreacha a aicmiú mar seo a leanas:

feithiclí ceallra-leictreacha, a ndéantar idirdhealú ina leith idir catagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

feithiclí hibride inluchtaithe, a ndéantar idirdhealú ina leith idir catagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

2.Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar chur in úsáid pointí athluchtaithe a aicmiú mar seo a leanas:

Catagóir

Fochatagóir

Uaschumhacht aschurtha

Sainmhíniú de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo.

Catagóir 1 (SA)

Pointe athluchtaithe mall, SA,
aonchéim

P < 7.4 kW

Pointe athluchtaithe gnáthchumhachta

Pointe athluchtaithe faoi mheánluas, SA,
tríchéim

7.4 kW ≤ P ≤ 22 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SA,
tríchéim

P > 22 kW

Pointe athluchtaithe ardchumhachta

Catagóir 2 (DC)

Pointe athluchtaithe mall, SD,

P < 50 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SD,

50 kW ≤ P < 150 kW

Leibhéal 1 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD,

150 kW ≤ P < 350 kW

Leibhéal 2 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD,

P ≥ 350 kW

3.Ní mór na sonraí seo a leanas a sholáthar ar leithligh le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d‘fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair:

an líon pointí athluchtaithe, líon atá le tuairisciú le haghaidh na gcatagóirí uile atá faoi phointe 2;

an líon stáisiún athluchtaithe arb ionann catagóiriú dó agus an pointe athluchtaithe;

aschur cumhachta comhiomlán na stáisiún athluchtaithe;

an líon stáisiún nach raibh ag feidhmiú ar 50 % de na laethanta atá ar fáil in aon bhliain ar leith.



IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir 2014/94/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

-

Airteagal 3

-

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

-

Airteagal 6

-

Airteagal 7

Airteagal 6(4)

Airteagal 8

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10

Airteagal 6(1)

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagail 14, 15, 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 20

Airteagal 9

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

_

Airteagal 24

Airteagal 12

Airteagal 25

Airteagal 13

Top