EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1949

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1949 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú, iad na deimhnithe COVID-19 a eisíonn an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá leis na deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/7423

OJ L 268, 14.10.2022, p. 46–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1949/oj

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/46


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1949 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú, iad na deimhnithe COVID-19 a eisíonn an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá leis na deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, táthar le cur leis an éascú ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe leis na srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go n-eisítear na deimhnithe COVID-19 sin i gcomhréir le caighdeáin ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon torthaí coibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá do shaoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na torthaí coibhéise sin, maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 15 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993 (3) lena leagtar síos i leith na ndeimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Nua-Shéalainn faoin gcóras “My Covid Record” go bhfuil siad coibhéiseach, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú, leis na deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(4)

An 19 Aibreán 2022, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún gur iarr Oileáin Cook, Niue agus Tócalá uirthi leathnú a iarraidh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993 chun na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint in Oileáin Cook, Niue agus Tócalá a chumhdach. Mar a shonraigh an Nua-Shéalainn, is stáit fhéinrialaitheacha atá i gcomhlachas saor leis an Nua-Shéalainn iad Oileáin Cook agus Niue, agus is críoch neamh-fhéinrialaitheach den Nua-Shéalainn í Tócalá. Is ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi leasanna bunúsacha Oileáin Cook, Niue agus Thócalá a chur san áireamh a bhí an Nua-Shéalainn nuair a rinne sí an iarraidh.

(5)

Sa chomhthéacs sin, thug an Nua-Shéalainn faisnéis mhionsonraithe don Choimisiún faoi eisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá faoin gcóras “My Covid Record”, is é sin an córas atá cumhdaithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993. Chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún go measann sí, maidir leis na deimhnithe COVID-19 a eisítear i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá tríd an gcóras “My Covid Record”, go n-eisítear iad i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus gur caighdeán agus córas teicneolaíochta iad sin lenar féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I ndáil leis sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún, maidir leis na deimhnithe COVID-19 a eisítear i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record”, go bhfuil na sonraí iontu a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953.

(6)

Ar a bharr sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún go nglacann Oileáin Cook, Niue agus Tócalá le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(7)

An 25 Iúil 2022, tar éis di iarraidh a fháil ón Nua-Shéalainn thar ceann Oileáin Cook, Niue agus Thócalá, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástála arna n-eisiúint ag an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record” idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, ar córas é lenar féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin maidir leis na deimhnithe COVID-19 a eisíonn an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record” go bhfuil na sonraí riachtanach iontu.

(8)

De bhreis air sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá agus go bhfuil Comirnaty ar cheann de na vacsaíní a bhaineann leis na deimhnithe sin.

(9)

Chomh maith leis sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh agus i ndáil le tástálacha antaiginí arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ar bhonn Mholadh an 21 Eanáir 2021 ón gComhairle (5), i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá.

(10)

Thairis sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá.

(11)

Ina theannta sin, chuir an Nua-Shéalainn in iúl don Choimisiún gur chun vacsaíniú nó torthaí tástála an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, a phróiseálfar na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe nuair a bheidh deimhnithe a bhfíorú ag fíoraitheoirí in Oileáin Cook, Niue agus Tócalá, agus nach gcoinneofar na sonraí dá éis sin.

(12)

Dá bhrí sin, na heilimintí is gá chun a shuí gur cheart na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record”, gur cheart a mheas go bhfuil siad choibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953, tá na heilimintí sin comhlíonta.

(13)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 6(5) agus 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(14)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart nascadh na Nua-Shéalainne leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993 a leathnú chun deimhnithe arna n-eisiúint in Oileáin Cook, Niue agus Tócalá a chumhdach.

(15)

Chun leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(16)

Ós rud é gur gá nascadh na Nua-Shéalainne leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953 a leathnú chun deimhnithe arna n-eisiúint i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá a chumhdach a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil a eisíonn an Nua-Shéalainn i leith Oileáin Cook, Niue agus Thócalá i gcomhréir leis an gcóras “My Covid Record”, measfar go bhfuil siad coibhéiseach leis na deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar nascadh na Nua-Shéalainne leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953 a leathnú chun na deimhnithe a chumhdaítear le hAirteagal 1 a chur san áireamh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Nua-Shéalainn leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 405, 16.11.2021, lch. 20).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(5)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann maidir le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).


Top