EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1100

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1100 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4719

OJ L 176, 1.7.2022, p. 76–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1100/oj

1.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/76


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1100 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Tá sé le rannchuidiú freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19 sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 5 Feabhra 2022, chuir Poblacht Eacuadór faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú faoin gcóras dar teideal “New development”. Chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development”.

(4)

Chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(5)

An 10 Meitheamh 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht Eacuadór, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development”.

(6)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair, áirítear Comirnaty, Spikevax, Sputnik V, BBIBP-CorV, Nuvaxovid, Soberana 02, Soberana Plus, Convidecia, CoronaVac, Vaxzevria, Abdala agus Jcovden.

(7)

Chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún freisin nach n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha.

(8)

Thairis sin, chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Eacuadór in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú, toradh tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí in Eacuadór, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht Eacuadór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

Chun Poblacht Eacuadór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór i gcomhréir leis an gcóras “New development” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht Eacuadór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).


Top