Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch

Is é aidhm an Nóis Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch míchothromaíochtaí díobhálacha féideartha –a d’fhéadfadh droch-iarmhairt a fhágáil ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch i gceann de na Ballstáit, sa limistéar euro nó san Aontas Eorpach trí chéile – a shainaithint, a chosc agus a réiteach.

Má tharlaíonn míchothromaíocht mhaicreacnamaíoch i mBallstát amháin – mar shampla móreasnamh sa chuntas reatha nó boilgeog tithíochta – tig leis sin droch-iarmhairt a fhágáil sna Ballstáit eile. Ba léir sin le linn na géarchéime airgeadais domhanda. Ar an ábhar sin a tugadh isteach, sa bhliain 2011, an Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP). Leis an nós imeachta sin (MIP), is féidir faireachas níos grinne a dhéanamh ar na tíortha sin a sainaithnítear míchrothromaíochtaí iomarcacha leo.