Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Moltaí a chur i bhfeidhm

Déanann gach rialtas náisiúnta na moltaí a chuimsiú sa phlean um athchóiriú agus sa bhuiséad náisiúnta don bhliain dár gcionn.

Is é bunachar sonraí na moltaí tírshonracha an phríomhuirlis chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh air. Na moltaí tírshonracha uile a glacadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ó bhí 2011 ann, déantar iad a chlárú sa bhunachar sonraí, chomh maith le measúnú an Choimisiúin ar dhul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme le himeacht ama.

I dtaca le tíortha an limistéir Euro, géaraítear san fhómhar ar an monatóireacht bhuiséadach a dhéantar orthu. Ní mór do na rialtais náisiúnta dréachtphleananna buiséadacha na bliana dár gcionn a chur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair.

Déanann an Coimisiún measúnú ar na pleananna sin i gcomparáid leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Eisíonn an Coimisiún tuairim fhoirmiúil i dtaobh gach plean i mí na Samhna ionas gur féidir pé treoir a thabharfaidh sé a chur san áireamh agus na buiséid náisiúnta á mbailchríochnú.

Déanann Airí Airgeadais nó Eacnamaíocha an limistéir Euro an measúnú a rinne an Coimisiún ar na pleananna a phlé sa Ghrúpa Euro.