Skip to main content

Ról na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha

Ról, comhdhéanamh, raon feidhme agus meastóireacht na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha.

Ról

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha in 2007 chun cúnamh agus saineolas a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus do na Ballstáit nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu.

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle.

Is é an príomhchúram atá ar an ngníomhaireacht eolas agus sonraí atá ábhartha, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a bhailiú agus a fhoilsiú i dtaca le cearta bunúsacha sna Ballstáit uile laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais. Deánann an ghníomhaireacht idirphlé leis an tsochaí shibhialta a chur chun cinn freisin d’fhonn feasacht an phobail a ardú i leith cearta bunúsacha agus a cuid oibre a scaipeadh. 

An Rialachán bunaidh lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

Togra chun Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle a leasú lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

Réimsí oibre agus raon feidhme

Déanann an ghníomhaireacht taighde a phleanáil ar bhonn doiciméid chlársceidealaithe ilbhliantúla agus laistigh de na réimsí téamacha a liostáiltear sna creataí ilbhliantúla.

Cumhdaíonn an ghníomhaireacht na Ballstáit. Tíortha is iarrthóirí iad agus tíortha lenar tugadh i gcrích comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais, is féidir leo páirt a ghlacadh in obair na gníomhaireachta ach mar bhreathnóirí.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh gréasáin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

Areas of work and scope

The agency plans its research on the basis of multiannual programming documents and within the thematic areas listed in its multiannual frameworks.

The agency covers EU countries. Potential EU countries and countries with which a stabilisation and association agreement has been concluded can participate in the work of the agency as observers.

For more information please consult the website of the EU Agency for Fundamental Rights.