Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

A ndéanann an Coimisiún – straitéisí agus beartais

Príomhróil an Choimisiúin ó thaobh straiteisí agus beartas de

Tá páirt ghníomhach ag an gCoimisiún Eorpach i saothrú straitéis ghinearálta an Aontais agus i gceapadh agus cur chun feidhme bheartais an Aontais. Ullmhaíonn sé measúnuithe agus tuarascálacha ar a chuid beartas féin go rialta.

Tosaíochta straitéiseacha a shocrú

I gcomhar le príomhinstitiúidí eile an Aontais, saothraíonn an Coimisiún straitéis ghinearálta agus treo polaitiúil an Aontais.

Thairis sin, gach cúig bliana, i dtosach théarma oifige nua an Choimisiúin, beartaíonn uachtarán an Choimisiúin tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin don téarma oifige sin.

Déanann an Coimisiún bearta nithiúla ar bhonn na dtosaíochtaí sin gach bliain trí bhíthin a chláir oibre bhliantúil, is é sin an clár ina leagtar amach na bearta atá rún ag an gCoimisiún a dhéanamh sa bhliain atá le teacht.

Tuilleadh eolais faoi thosaíochtaí agus spriocanna straitéiseacha an Choimisiúin, faoina straitéisí idirnáisiúnta agus faoina chaidreamh le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme

Déanann an Coimisiún Eorpach beartais an Aontais Eorpach a shaothrú agus a chur chun feidhme tríd na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh
  • cuidiú leis na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme
  • buiséad an Aontais a bhainistiú agus maoiniú a leithdháileadh
  • deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar dlí an Aontais i gcomhar leis an gCúirt Bhreithiúnais
  • ionadaíocht a dhéanamh don Aontas lasmuigh den Eoraip, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, is é sin seirbhís taidhleoireachta an Aontais

Tá beartais an Aontais ceaptha fónamh a dhéanamh do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do ghrúpaí eile san Aontas. Nuair is mian leis an gCoimisiún tionscnamh nua a chur i láthair, is gá é a chomhaontú i dtosach go hinmheánach, de réir an nós imeachta atá leagtha síos lena aghaidh sin.

A bhuí le huirlisí rialála níos fearr cinntítear gur ar fhianaise agus ar an dea-chleachtas is fearr dá bhfuil ann a bhunaítear beartais nua.

Eolas faoin dóigh a ndéanann an Coimisiún Eorpach cinntí beartais.

Tuairisciú

Is de réir timthriall bliantúil ar a dtugtar an timthriall um pleanáil straitéiseach agus cláreagrú a bheartaíonn an Coimisiún Eorpach a chuid oibre agus a thugann sé tuairisc ar a chuid oibre. Déanann an Coimisiún Eorpach tuarascálacha gach timthrialla a fhoilsiú go rialta.

Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí

Tuarascálacha bliantúla bainistíochta agus feidhmíochta

Meastóireacht

Déanann an Coimisiún meastóireacht leanúnach ar bheartais an Aontais féachaint an bhfuil siad ag fónamh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa. Sna meastóireachtaí sin, scrúdaítear na beartais i dtéarmaí éifeachtachta, éifeachtúlachta, ábharthachta, comhleanúnachais agus breisluacha an Aontais. Is le treochláir mheastóireachta a chuirtear meastóireachtaí in iúl don phobal.

Beartais a mheas