Skip to main content
Ard-stiúrthóireachtJRC

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde

Cuireann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) ar fáil eolas agus eolaíocht neamhspleách atá bunaithe ar fhianaise, rud a thacaíonn le beartais an Aontais chun tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí. 

An scéala is déanaí

An nuach go léir ón roinn seo

Freagrachtaí

Taighde agus nuálaíocht

  • eolas a chruthú, a bhainistiú agus ciall a bhaint as chun tacú le beartais Eorpacha le fianaise neamhspleách
  • uirlisí nuálacha a fhorbairt agus iad a chur ar fáil do lucht déanta beartas
  • réamh-mheas a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, ar saincheisteanna iad ar gá aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais agus timpeallachtaí beartas a thuiscint
  • saineolas praiticiúil a roinnt le Ballstáit an Aontais, le pobal na heolaíochta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta
  • cuir le cuspóir foriomlán Fís 2020
  • taighde atá maoinithe ag Euratom a dhéanamh ar shábháilteacht agus slándáil núicléach chun cur leis an aistriú chuig geilleagar saor ó charbón

Ráiteas misin

Pleananna agus tuarascálacha

Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha

An plean straitéiseach – straitéis agus cuspóirí na roinne don tréimhse 2020-2024

An plean bainistíochta – réamhaisnéis i leith aschuir, gníomhaíochtaí agus acmhainní na roinne sa bhliain reatha

An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – an méid atá bainte amach ag an roinn agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe

Clár Oibre JRC 2021--2022 - bróisiúr ina léirítear an méid atá ar bun ag JRC le roinnt samplaí gearra nithiúla de ghníomhaíochtaí nua agus de ghníomhaíochtaí atá ar siúl cheana féin.

Ceannaireacht agus eagrúchán

1 MÁRTA 2023
Joint Research Centre - Organisation chart
English
(957.79 KB - PDF)
Íoslódáil
13 NOLLAIG 2022
Members of the JRC Board of Governors
English
(PDF)
Íoslódáil

Teagmháil

Ainm
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde
Uimhir ghutháin
+32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
Seoladh poist
An tIonad Comhpháirteach Taighde, An Coimisiún Eorpach, Rue du Champ de Mars 21, 1050 An Bhruiséil, An Bheilg