Cúlra
Ó bhí 1996 ann, ar na hábhair a bhí faoi chaibidil ag Comhdháil Ollscoileanna-AS na hAteangaireachta tá na forbairtí agus na treochtaí is déanaí san ateangaireacht. Chomh maith leis sin bronntar Gradam na nAteangairí Óga ar a bhuaiteoirí.
In 2023, athainmníodh an chomhdháil mar ‘Comhdháil Interpreting Europe’ chun go gcomhfhreagródh sí ar bhealach níos fearr do raon feidhme leathnaithe an imeachta.
Fáiltíonn an chomhdháil roimh na céadta aíonna ar an láthair agus ar líne ó ollscoileanna comhpháirtíochta i dtíortha an Aontais, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas, agus ó institiúidí éagsúla de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le réimse cleachtóirí agus páirtithe leasmhara.
Eagrán 2023
Eagrán 2022