Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An tseirbhísOIB

Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil

Tá cóiríocht na mball foirne agus bainistiú an bhonneagair shóisialta (ceaintíní, cúram lae etc.) agus an lóistíocht, chomh maith leis an mbonneagar sóisialta ar shuíomh Ispra na hIodáile, faoi chúram na hOifige um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil.

Freagrachtaí

  • foirgnimh agus troscán a cheannach, a fháil ar cíos agus a bhainistiú
  • athlonnuithe ball foirne a eagrú agus spás oifige a bhainistiú
  • bialanna, caifitéirí, siopaí, ionaid spóirt agus gnólachtaí a reáchtáil
  • seirbhísí sóisialta a chur ar fáil amhail naíolanna agus cúram iarscoile leanaí
  • glacadh agus dáileadh poist, dáileadh inmheánach doiciméad agus cartlanna staire a bhainistiú
  • soláthairtí oifige agus cúraimí priontála a bhainistiú
  • sábháilteacht agus slándáil fhoireann an Choimisiúin a chinntiú

Pleananna agus tuarascálacha

Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha

An plean straitéiseach – straitéis agus cuspóirí na roinne don tréimhse 2020-2024

An plean bainistíochta – réamhaisnéis i leith aschuir, ghníomhaíochtaí agus acmhainní na roinne don bhliain reatha

An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – an méid atá bainte amach ag an roinn agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe

 

Ceannaireacht agus eagrúchán

19 FEABHRA 2024
Infrastructure and Logistics in Brussels - Organisation chart
English
(220.62 KB - PDF)
Íoslódáil

Teagmháil

Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil

Ainm
Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil
Seoladh ríomhphoist
OIB-INFOatec [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
Seoladh poist
An Oifig um Bonneagar agus um Lóistíocht sa Bhruiséil, An Coimisiún Eorpach, 1049 An Bhruiséil, An Bheilg